Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuighleach
Ainmfhocal, Fireann
Uimhir Iolraidh fuighligh.
a.
an méid a d'fhágfaí de rud tharéis cuid a bhaint as.
+
Ar fhága tú fuighleach ar bith, nó ar ídigh tú an gainimh ar fad? = tada in do dhiaidh
Caith fuighleach an dinnéir annsin ar an gciseoig go dtuga mé don asal iad (fataí)
TUILLEADH (3) ▼
Níor mhiste do dhuine agaibh a dhul suas leis an gcarr lá eicínt an tseachtain seo agus an fuighleach móna siúd a thabhairt anuas, nó goidfear í
D'ith sé uiliog é: sé nar fhága an fuighleach
Níor chaith sé uilig é. Tá fuighleach beag ann
·
Is fhearr fuighleach ná easbaidh = is fhearr an iomarca den rud a bheith agad ná a bheith gann
Caith ann uilig é. Bíodh leis. Is fhearr fuighleach ná easbaidh
+
An raibh mórán d'fhuighleach (agad, ann, uait, in do dhiaidh) = fágha
An méid aoil a fhanfas d'fhuighleach ní ghabhfaidh sé amú. Tá cró annsin amuigh le bualadh
TUILLEADH (8) ▼
Má fhanann aon-chosamar den fheamainn sin d'fhuighleach thar éis an garraí a bheith leasuithe, caith le claidhe í, agus fónfaidh sí l'aghaidh múirín a dhéanamh
Níor mhór duinn a raibh againn. Dhá mbeadh agus a oiread eile, ní bheadh deóir ar bith d'fhuighleach
Ar fhan greim ar bith feóla d'fhuighleach an bhéilí inniu? … Cheal nar fhan?
Scar mé an cúl siúd uiliog le síolta, agus tá an méid sin d'fhuighleach
Cheannaigh mé ceathrú puint síl, agus ní raibh an ghionnóid fhéin d'fhuighleach
Tá an méid sin d'fhuighleach, théis gur shíl mé nach mbeadh leath mo dhíol agam
An méid a bhí d'fhuighleach ag an mbus, cuireadh mótar beag amach fútha = an méid a bhí fágha nuair a bhí an bus líonta, agus narbh fhéidir leis a dtabhairt leis
Meastú an dtóigfeadh fear ar bith a fhuighleach seisean? = bean a raibh sé ag dul in éindigh léithe agus a bhí cuileáilte aige
b.
sáith, leór-dhóthain; mór-dhóthain, greadadh, an iomarca, do dhíol go maith agus rl.
+
Dhá chloich eile a chuirfeadh go fuighleach thú = dhá mbeadh dhá chloich eile agad bheadh do dhóthain agad agus tuilleadh agus do dhóthain
Chuireadh boirdín eile feamainne go dtí do dhóthain thú. Chuirfeadh agus go fuighleach
TUILLEADH (4) ▼
Tá móin go fuighleach againn ar chaoi ar bith hébrí cén easbaidh eile atá orainn = tá neart nó fuighleach móna againn; ar leór dhóthain móna
Más cúrsaí talúna é, tá sin go fuighleach aige. Níos mó ná díol a fhreastail
I ndomhnach duit tá ola go fuighleach againne
Coinnigh fuighleach duit fhéin ar chaoi ar bith = do dhóthain
·
Chleacht sé sin fuighleach = bhí a dhóthain le n-ithe agus len ól aige ag baile
"Go bhfóire Dia annseo ar an té a chleacht fuighleach" adeir fear an Chillín nuair a chuaigh sé ar aimsir go Rosmuc (magadh) = bhí sé igceist nár chleacht ceachtar aca fuighleach, agus ní bheadh sé ag dul ar aimsir go Rosmuc ar aon-chor
·
Rinne sib cuairt gan fuighleach di = nuair a d'fhanfadh daoine ro-fhada nó thar an am ar cuairt an áit
'Ar ndú' ní istigh i dteach ar bith atá tú go dtí an tráth seo. M'anam gur tú a rinne an chuairt gan fuighleach di. Diabhal bréag!
+
Tá fuighleach airde inte d'fhear ar bith, agus togha gnaitheach de chailín í
Tá fuighleach méid san teach sin d'fhear tíre ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Tá fuighleach aoise aige le maith a bheith ann, dhá mbeadh aon-mhaith indán dó
M'anam go bhfuil fuighleach slaicht inte mara spéir an gréine ar fad atá tú a iarraidh
D'ith mé fuighleach a mh'anam = mo sháith go maith
+
Fuair sé fuighleach le déanamh agus a theacht abhaile = ar éigin a bhí sé indon a theacht abhaile
Thug sé fuighleach le déanamh dhom, an bord feamainne a choinneál ar an asal, aníos an caracán siúd
TUILLEADH (1) ▼
Dar príosta tiúrfaidh sé fuighleach mór le déanamh dhó a theacht as an tinneas seo = gabhfaidh sé rite leis; sé is dóigh gur bás agus nach biseach a gheobhas sé
+
Tá fuighleach agam san méid seo = mo dhíol go maith
Fuair mé mo sháith agus fuighleach ann
TUILLEADH (1) ▼
Tá fuighleach fataí agam (airgid, óil, talúna, móna, feamainne, etc.) = mo dhóthain go maith

Fuighleach in iontrálacha eile (33)

+
B'fhurast 'aithinte dhó gurab shin é an cleas a dhéanfadh sí, a's an cinnire a chuir sé in a ceann — staic de phutach. M'anam go dtiubhradh sí sin fuighleach le déanamh d'fhear mhaith fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá fuighleach agham anois, go méaduighe Dia a mháithreach a's a cinnire!
 
Ní fheadfa tú a rádh chor a' bith go dtáinic a' bhoichteanas abhaile liomsa, ní hé sin duitse, nach raibh ariamh, ach ag iarraidh a bheith 'cur stuaim ar a' nganntan. Ach is leitheadaighe a labhr(ochth)á anois a fhlaisceach, ná'n té a chleacht fuighleach.
 
Tiubhra an oidhche anocht fuighleach le déanamh dhó, agus is suarach a' t-iongnadh é, arae is fada anois é a' giorrú an bhealaigh = 'sé a dhicheall an oidhche anocht a shárú etc.
 
bocht 2
Chleacht sé sin fuighleach ceart go leor, ach is buidhe bocht anois leis, lóistín na h-oidhche a fhaghail, ní áirmhighim a mhaltraid (mhalrait).
 
Thug brachlainn Charraig a' Mhatail fuighleach le déanamh dóibh! = is ar éigin a sháruigh an bád í.
 
A bhrothtuinn an ocrais, is teinne labhróchadh sib, nó an té 'chleacht fuighleach!
 
Marach gur áitigh sé mé gan aireachtáil, thabharfainn fuighleach le déanamh dhó = marach gur ionnsuigh sé mé gan aon-tsúil agam leis, dhéanfainn seasamh maith in aghaidh.
+
ith
Sí'n chaol-chuid a d'ith sé ariamh, ná bhí aige le n-ithe, agus is leitheadaighe a labhróchadh sé ná an té a chleacht fuighleach = ní raibh mórán le n-ithe aige ariamh ná seifte ar bith aige, ach tá sé níos postamhla ag cainnt anois ná'n té go raibh neart le n-ithe ariamh aige.
TUILLEADH (1) ▼
Tá fuighleach le n-ithe ag na gamhna ingarraidhe an tobair = neart, cuid mhaith.
 
Dhá bhféadthá gabhail dearg-laoigh a fháil, agus gan faice fraoigh a bheith thríd, bheadh sé mín bog aice le luighe air. Is gearr suas annsin chor ar bith is call duit a dhul le fuighleach dhó a fháil
 
Chuaidh mé ar mo ghlúine ag ceann an "desk", agus th'éis go raibh fuighleach áit' ann, dheamhan duine dhá raibh istigh ann a dheasóchadh isteach a dhath. Ní raibh an oiread sin de shoilgheas ionnta
 
Anois atá againn a thapú ó tá an deibhil ann. Tiubharfaidh sé fuighleach le déanamh dhúinn, ach b'fhéidir go gcuirfeadh muid 'un caladh í mar sin féin. Tá ciothréabachaí fairrge ann
 
Coinnigheann an dream atá i Meiriocá corr-dheoladh léithe ach má choinnigheann féin, tá sí ag fáil fuighleach le déanamh ó'n saoghal. M'anam daoine a bhfuil talamh agus deis féin aca anois, gur sáthach righte a theigheas sé leo, ní áirighim ise nach bhfuil nidh dhár dhealbh an ghrian aice, ach an "trifle" beag sin a fhaghas na daill
 
dochar
Níor thug mé isteach aon-fhód móna, ach cé'n dochar. Tá fuighleach istigh
 
domhain 2
Má theigheann an cailín sin domhainn 'sa gcnáimh aige, gheobhaidh sé fuighleach le déanamh agus a cur as a chrioslaigh
+
droim
Tá an-fhás bliana siar annsiúd ar dhruím na leice, ach bhí fuighleach againn thairti indiu. Beidh a shliocht uirre: gheobhaidh sí sceanadh an rabharta seo chugainn faoin a bheith slán duinn. Is maith an lear nach mór fós leis an ngarrdha seo thuas a leasú ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Th'anam ó'n "docks" é ól dhá dhruim é agus ná bí ag fágáil fuighleach ar bith ann. Ní mórán éadála é sin. Tá gasúir na tíre indon an méid sin a chaitheamh siar
 
drámh
Is cuma sa diabhal céard a dhéanfas tusa ar phóilí, ach is ort fhéin a bhéas an drámh faoi dheireadh thiar thall. Shílfeá go raibh fuighleach údair ag S. seo thiar do'n phóilí ruadh, ach féach nach bhfuair sé comhaireamh na shop sa gcúirt in a dheidh sin. Aon-mhuintir amháin iad muintir Árd-Raithin, adeir siad
 
dréim
Ní theighim ag dréim chor ar bith leo anois. Fuair mé fuighleach dóib (díob). Nachar chuir siad mo cháil faoi'n tír! = i gcoidreamh, ag cuartaidheacht, ag caint agus rl.
+
déan 1
Shíl mé go bhfuigheadh muid fuighleach le déanamh agus cois a leagan ar thalamh tirm go bráth. Bhí sé mór a mhic ó. Ní fhaca mise a mhacsamhail de lá ar fairrge ariamh. D'iarr mé míle uair ar Mh. rith cladaigh a thabhairt di, ach sé a dtugadh sé de shásamh dhom i gcomhnaí: "Coinnigh ort"
TUILLEADH (2) ▼
Is bean i dteannta anois í. Gheobhaidh sí fuighleach le déanamh agus aon-fhear a fháil choidhchin ó 'chaith an "t-ógánach" seo thoir i gcártaí í, aindeoin an fhad agus a bhí sé ag tabhairt chomhluadair di. Tá na fiacla curtha go maith anois aice. Ba cheart di a bheith go h-árd ins na déaga agus fiche
Ná déan níos mó cainte anois. Tá fuighleach ráidhte agad
 
Nach mór a bhochtuigh siad ins an saoghal ó shoin. Fuighleach le déanamh atá siad a fháil anois agus iad féin a bheathú, ní hé amháin duine ar bith eile
 
Tá an teach thiar ag gob na locha faoi aill. Tá lúibinn bheag isteach ann agus é le h-ais na lúibinne. Níl tada timcheall air ach eascaidheachaí agus cíocraí agus scrath-ghlugair, agus seisceallach ann a dtiocfá go h-ascallaí innte. An uair a bhíos stolladh ar bith ann, diabhal mé go mbíonn an loch cho coipthe agus a bhíos an fhairrge sin thíos. Áit díbeartha ceart é, ach mhairfeá in a dheidh sin ann, dhá mbeadh fuighleach airgid agad
 
díle 1
"Troscadh a rinne mé Dé h-Aoine; Bhí fuighleach éisc agham 'mo dhiaidh ar clár —; Go mbadh sean-iasc lobhtha é a bhí saillte ó'n Díle; Agus é faoi shaltpetie ó bhun go barr" (As amhrán: "Seán Ó Maonaigh")
+
díol 2
Shíl tú nach raibh mo dhíol siubhail fúm. Bhí agus fuighleach. Ceathramhadh do'n trí a bhí mé ann
TUILLEADH (3) ▼
Thug sé a dhíol agus fuighleach dó, diabhal bréag nar thug, th'éis cho dúlaidhe agus a bhí sé ag an achrann.
Fuair sé a dhíol agus fuighleach de'n chogadh. Ní thiocfadh sé ann aríst dá naomhtaí é
Chuir mise in a dhíol éisc aréir é ar chaoi ar bith. Bhí mé féin agus an currachthóir seo thuas ar meath indé, agus bhí suas le dhá chéad faidhtín againn. Ar a theacht isteach dó aréir chuir mé síos sé fhaidhtín dó, agus pota fataí. Deirimse leatsa go mba bheag é an fuighleach in a dheidh sin. D'íosfadh sé siúd an tsáith Mhuimhneach
 
díon 1
Seileastrom a chuireas muide i gcomhnuí de dhíon ar an arbhar. Tá fuighleach dhe amach annsin ins na garrantaí gleannacha agus ins na lagannaí uisceamhla sin siar. Gheobhthá an oiread i lochán múnlaigh annsin thíos, agus a chuirfeadh díon ar arbhar an bhaile fré chéile
 
"Arán cam a ghníos bolg díreach" adeir an Chailleach Bhéara. "Thug tú éitheach a chailleach" adeir an buachaill "Ní h-eadh, ach a fháil ar bord go bhfaghaidh tú fuighleach" (cuid de'n aighneas a bhí ag an gCailligh Bhéara leis an mbuachaill)
 
Tá dúthruach ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claidhe amach as an ngarrdha indiu. As go bráth léithe síos an bóthar agus fhobair gur mharbhuigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaidhe T. Sh. agus chuir sí na beithidhigh thrín a chéile. Dheamhan comhnú a rinne sí annsin go ndeachaidh sí ins na cosa in áirde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar adtuaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag ionntú soir an bóthar marach go ndeachaidh mé roimpe agus a cur aníos go teach. Shíl mé idtosach gur dúthrúach dárach a bhí uirre ach dheamhan glaedh ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirre. Fuighleach a thug sé le déanamh dhom coinneál léithe ar an mbealach anuas, agus marach scuraichín le S. Mh. A., bheadh sí bailighthe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhichill. Sin í an diabhlánach agad. Bhí an dúthruach céadna anoir aríst uirre — ag rith, ag géimneach agus ag gabhail dhá tóin in áirde. Ach dar brigh an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóchaidh sí annsin go n-athruighidh sí béasa. [Dheamhan] greim le n-ithe a thug mé di ó shoin, ná cuid de ghreim. B'fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúthruach di. Mara mbainidh, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céadna