Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuílleach
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra: fuílligh
a.
an méid a d'fhágfaí de rud thar éis cuid a bhaint as.
+
Ar fhága tú fuílleach ar bith nó ar ídigh tú an gaineamh ar fad? — tada in do dhiaidh
Caith fuílleach an dinnéir ansin ar an gciseoig go dtuga mé don asal iad (fataí)
TUILLEADH (3) ▼
Níor mhiste do dhuine agaibh a dhul suas leis an gcarr lá eicínt an tseachtain seo agus an fuílleach móna siúd a thabhairt anuas nó goidfear í
D'ith sé uileag é: 'sé nár fhága an fuílleach
Níor chaith sé uilig é. Tá fuílleach beag ann
·
Is fhearr fuílleach ná easpa — is fhearr an iomarca den rud a bheith agat ná a bheith gann
Caith ann uilig é. Bíodh leis. Is fhearr fuílleach ná easpa
+
An raibh mórán d'fhuílleach (agat, ann, uait, in do dhiaidh) — fágtha
An méid aoil a fhanfas d'fhuílleach, ní ghabhfaidh sé amú. Tá cró ansin amuigh le bualadh
TUILLEADH (8) ▼
Má fhanann aon chosamar den fheamainn sin d'fhuílleach thar éis an garraí a bheith leasaithe, caith le claí í agus fónfaidh sí le aghaidh múirín a dhéanamh
Níor mhór dúinn a raibh againn. Dhá mbeadh agus a oiread eile, ní bheadh deoir ar bith d'fhuílleach
Ar fhan greim ar bith feola d'fhuílleach an bhéilí inniu? … Cheal nár fhan?
Scar mé an cúl siúd uileag le síolta agus tá an méid sin d'fhuílleach
Cheannaigh mé ceathrú puint síl agus ní raibh an ghionnóid fhéin d'fhuílleach
Tá an méid sin d'fhuílleach, théis gur shíl mé nach mbeadh leath mo dhíol agam
An méid a bhí d'fhuílleach ag an mbus, cuireadh mótar beag amach fúthu — an méid a bhí fágtha nuair a bhí an bus líonta agus nárbh fhéidir leis a dtabhairt leis
Meas tú an dtógfadh fear ar bith a fhuílleach seisean? — bean a raibh sé ag dul in éindí léithe agus a bhí cuileáilte aige
b.
sáith, leordhóthain; mórdhóthain, greadadh, an iomarca, do dhíol go maith srl.
+
Dhá chloich eile a chuirfeadh go fuílleach thú — dhá mbeadh dhá chloich eile agat bheadh do dhóthain agat agus tuilleadh agus do dhóthain
Chuireadh boirdín eile feamainne go dtí do dhóthain thú. Chuirfeadh agus go fuílleach
TUILLEADH (4) ▼
Tá móin go fuílleach againn ar chaoi ar bith hé brí cén easpa eile atá orainn — tá neart nó fuílleach móna againn; ár leordhóthain móna
Más cúrsaí talúna é, tá sin go fuílleach aige. Níos mó ná díol a fhreastail
I nDomhnach duit, tá ola go fuílleach againne
Coinnigh fuílleach duit fhéin ar chaoi ar bith — do dhóthain
·
Chleacht sé sin fuílleach — bhí a dhóthain le n-ithe agus le n-ól aige ag baile
'Go bhfóire Dia anseo ar an té a chleacht fuílleach,' adeir fear an Chillín nuair a chuaigh sé ar aimsir go Ros Muc (magadh) — bhí sé i gceist nár chleacht ceachtar acu fuílleach, agus ní bheadh sé ag dul ar aimsir go Ros Muc ar aon chor
·
Rinne sibh cuairt gan fuílleach di — nuair a d'fhanfadh daoine rófhada nó thar an am ar cuairt an áit
Ar ndóigh ní istigh i dteach ar bith atá tú go dtí an tráth seo. M'anam gur tú a rinne an chuairt gan fuílleach di. Diabhal bréag!
+
Tá fuílleach airde inti d'fhear ar bith agus togha gnaitheach de chailín í
Tá fuílleach méid sa teach sin d'fhear tíre ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Tá fuílleach aoise aige le maith a bheith ann dhá mbeadh aon mhaith i ndán dó
M'anam go bhfuil fuílleach slaicht inti mura spéir an gréine ar fad atá tú a iarraidh
D'ith mé fuílleach a mh'anam — mo sháith go maith
+
Fuair sé fuílleach le déanamh agus a theacht abhaile — ar éigean a bhí sé in ann a theacht abhaile
Thug sé fuílleach le déanamh dhom an bord feamainne a choinneáil ar an asal aníos an carracán siúd
TUILLEADH (1) ▼
Dar príosta, tabharfaidh sé fuílleach mór le déanamh dhó a theacht as an tinneas seo — gabhfaidh sé rite leis; 'sé is dóigh gur bás agus nach biseach a gheobhas sé
+
Tá fuílleach agam sa méid seo — mo dhíol go maith
Fuair mé mo sháith agus fuílleach ann
TUILLEADH (1) ▼
Tá fuílleach fataí agam (airgid, óil, talúna, móna, feamainne, srl.) — mo dhóthain go maith

fuílleach in iontrálacha eile (50+)

 
Níl d'fhuílleach an cháca ach an méid sin. Beidh sé siúd ag gabháil le buile. Bíonn sé chomh goineach le carraera ar theacht ó chuairt dó chuile oíche. Is gearr air an fearann sin ar chaoi ar bith. Shílfeá go bhfuinfeadh sibh arán ó tharla nach raibh mé fhéin istigh
+
B'fhurasta a aithinte dhó gurb in é an cleas a dhéanfadh sí agus an cinnire a chuir sé ina ceann — staic de phutach. M'anam go dtabharfadh sí sin fuílleach le déanamh d'fhear mhaith fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá fuílleach agam anois, go méadaí Dia a mháithreach agus a cinnire!
 
Ní fheadfaidh tú a rá chor ar bith go dtáinig an bhochtanas abhaile liomsa, ní hé sin duitse, nach raibh ariamh ach ag iarraidh a bheith ag cur stuaim ar an nganntan. Ach is leitheadaí a labhrófá anois a fhlaisceach, ná an té a chleacht fuílleach.
 
Tabharfaidh an oíche anocht fuílleach le déanamh dhó, agus is suarach an t-ionadh é, arae is fada anois é ag giorrú an bhealaigh — 'sé a dhícheall an oíche anocht a shárú srl.
 
Thosaigh mé ag sméarthacht sa drisiúr gur airigh mé bealaíocht bheag fheola ann a d'fhan d'fhuílleach an dinnéir, agus d'ith mé suas as cúl mo ghlaice í.
 
crinn
Caithigí anuas na cnámha a d'fhan d'fhuílleach an dinnéir chuige, agus má tá aon scioltar orthub, tugaigí cead dó iad a chrinneadh. Má tá is scioltar fánach é, sílim. Crinneadh go maith iad dhá uireasa.
 
bocht 2
Chleacht sé sin fuílleach ceart go leor, ach is buí bocht anois leis lóistín na hoíche a fháil, ní áirím a mhalrait.
 
Thug brachlainn Charraig an Mhatail fuílleach le déanamh dóibh! — is ar éigean a sháraigh an bád í.
 
A bhratainn an ocrais, is teinne a labhródh sibh nó an té a chleacht fuílleach!
 
Murach gur áitigh sé mé gan aireachtáil, thabharfainn fuílleach le déanamh dhó — murach gur ionsaigh sé mé gan aon tsúil agam leis, dhéanfainn seasamh maith ina aghaidh
 
fás 2
An bhliain a bhfásann an féar luath, sin í an bhliain is measa. Bhí fuílleach d'fhéar bó ann i mbliana an chéad lá Mhárta. An bhfeiceann tú céard a rinne an bhliain ina dhiaidh sin?
 
Tá cion iomaire d'fheamainn le cois agam; tá cion iomaire d'fheamainn d'fhuílleach (an dá d anseo deirtear mar g iad) — tá an oiread feamainne fágtha agus a dhéanfadh iomaire a leasú
+
ith
'Sí an chaolchuid a d'ith sé ariamh, ná a bhí aige le n-ithe, agus is leitheadaí a labhródh sé ná an té a chleacht fuílleach — ní raibh mórán le n-ithe aige ariamh, ná seifte ar bith aige, ach tá sé níos postúla ag caint anois ná an té go raibh neart le n-ithe ariamh aige
TUILLEADH (1) ▼
Tá fuílleach le n-ithe ag na gamhna i ngarraí an tobair — neart, cuid mhaith
 
Is olc an áit í an fhuarsceird siúd thíos inniu ag duine dona. Dhá dtapaíodh sibh bhur ngnaithe ar an rabharta deiridh, bheadh fuílleach feamainne agaibh, thar is a bheith ag screamhaireacht ar na clocha siúd inniu, agus nach mbeidh gabháil ascaille dhá mbarr thar éis ár n-anró
 
Leag sí anuas daigéad de cháca ina láthair, agus go deimhin agus go dearfa duit a Mhic Uí Fh., dá n-iteá ceathrú dhe, bheifeá sách go ceann trí lá. Ó dheamhan an oiread is a bhuailfeá ar shúil dreoilín a d'fhan d'fhuílleach uaidh. Agus déarfaidh an craosánach sin ina dhiaidh sin nach bhfuil sé ag caitheamh tada
+
Tá oiread áiméan d'fhuílleach ann. Níl inti ach mionbhas — mionbhas ceart. Déarfainn nach fiú a dhul ina coinne. Fágfaidh muid ag an deachma í
TUILLEADH (2) ▼
Céard a dhéanfar leis an munachar féir a d'fhan d'fhuílleach sa ngarraí sin thiar. Ní thoillfidh sé ar an gcoca, agus níl cion coicín dó féin ann. Teastaíonn rud eicínt ón deachma ar aon chor
Tá chuile thiomsachán anois i dtoll a chéile, ach an méid féir ascaille a d'fhan i ngarraí Sh. Uí E. Ní bhacfaidh muid leis an scaipiúch sin sílim. Teastaíonn sé ón deachma. Bíodh sé aige. Ní éadáil ar bith dhúinn a dhul ag cur dhá aistir eile orainn fhéin, thríd na haistreáin sin siar, i ngeall ar an méid sin. Ach dá mbeadh sé istigh ar chlár na hiothlann, ní léir dhom go mbeidh aon áit lena chur. Cuirfidh a bhfuil againn mullach ar na cocaí. Cuirfidh agus beidh rud eicínt d'fhuílleach freisin
 
Dhá bhféadthá gabháil dearglaoich a fháil, agus gan faice fraoigh a bheith thríd, bheadh sé mín bog aici le luí air. Is gearr suas ansin chor ar bith is call duit a dhul le fuílleach dhó a fháil
 
Chuaigh mé ar mo ghlúine ag ceann an desk, agus théis go raibh fuílleach áite ann, dheamhan duine dhá raibh istigh ann a dheasódh isteach a dhath. Ní raibh an oiread sin de shoilíos iontu
 
de
Tá an méid sin d'fhuílleach — fágtha
 
Anois atá againn a thapú ó tá an deibhil ann. Tabharfaidh sé fuílleach le déanamh dhúinn, ach b'fhéidir go gcuirfeadh muid chun calaidh í mar sin féin. Tá círéabachaí farraige ann
 
Coinníonn an dream atá i Meiriceá corrdheoladh léithe ach má choinníonn féin, tá sí ag fáil fuílleach le déanamh ón saol. M'anam daoine a bhfuil talamh agus deis féin acu anois gur sách rite a théas sé leo, ní áirím ise nach bhfuil ní dhár dhealbh an ghrian aici ach an trifle beag sin a fhaigheas na daill
 
dochar
Níor thug mé isteach aon fhód móna, ach cén dochar. Tá fuílleach istigh
 
domhain 2
Má théann an cailín sin domhain sa gcnáimh aige, gheobhaidh sé fuílleach le déanamh agus a cur as a chrioslaigh
 
donas 1
Tá fuílleach airgid agam. An oiread is nach bhfeicfidh mise caite go deo. Ach cén mhaith sin, agus ceann an tí go ndéana Dia grásta uirthi imithe. Ní bhíonn an sonas gan an donas a bheith ina orlaí thríd
+
Shíl mé go mbeadh ní ba mhó drabhláis in mo ghiota flainín ná a bhí. Ba ghearr le dhul é nuair a bhí drár agus báinín bainte as do Sh. agus do Mh. Ar éigean a bhí díol drár eile d'fhuílleach théis an méid sin
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le táilliúirí an bhaile mhóir. Rud ar bith a chuirfeas tú acu (chucu) sin déanfaidh siad an méid adéarfas tú leo agus ná bac le tada a bheith le cois. Coinneoidh siad féin é. Bíodh drabhlás in do phíosa nó ná bíodh, is aon chás amháin leo siúd é. Dar príosta an táilliúr amach anseo, tabharfaidh sé dhuit a mbeidh d'fhuílleach aige, ní hionann agus na cneámhairí siúd é
 
draoi
An bhfeiceann tú na míola sin a bhíos sa snáth mara. Sin iad na dreancaidí mara. Bhí an draoi breacach acu thíos ansin thíos i mbliana ar an gcunús feamainn tirim a d'fhan d'fhuílleach ormsa
 
Is mise a bhí drithleach an t-am a raibh an chóisir bhainseachaí anseo ar an mbaile againn. D'ól mé ionlaos phocaide. Ní le linn na mbainseachaí féin is mó a d'ól mé é, ach bhíodh searrachaí beaga eile ann nuair a bhíodh na ráigeannaí móra thart. An lá théis bhainis T. Sh. chaith mé féin agus é féin agus M. B. an lá thuas sa teach aige ag críochnú an tsearróigín a d'fhan d'fhuílleach ón oíche roimhe sin. Chuaigh mé síos tráthnóna deireanach le gráinne tobac a fháil. Bhí sé ina oíche dhubh orm ag Airdín an Fh. Diabhal mé gur thosaigh na claíochaí ag teacht amach romham ar an mbóthar, agus go raibh chuile shonda dhá raibh mé a fheiceáil ag baint geit asam. Tabhair fear drithleach orm! Bhí mé tuilleadh agus mí shula bhí mé agam féin ceart
+
droim
Tá an-fhás bliana siar ansiúd ar dhroim na leice, ach bhí fuílleach againn thairti inniu. Beidh a shliocht uirthi: gheobhaidh sí sceanadh an rabharta seo chugainn faoina bheith slán dúinn. Is maith an lear nach mór fós leis an ngarraí seo thuas a leasú ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Th'anam ón docks é ól dhá dhroim é agus ná bí ag fágáil fuílleach ar bith ann. Ní mórán éadála é sin. Tá gasúir na tíre in ann an méid sin a chaitheamh siar
 
Roinn muid an lucht feamainne droimscoilte — leath ag an duine. Dheamhan crann ná crann a cuireadh air. Thug mé breith is dhá roghain do Sh. Rinne sé roghain go díreach ar an leith a thabharfainn féin dó, dhá bhfaighinn breith mo bhéil féin. Níor leasaigh mo chuidse ach an dá chúl thoir de gharraí Dh. Fh. agus an cúl ó dheas. Bhí scaipiúch bheag d'fhuílleach agus chaith mé isteach í ar an bpóicín sin thiar le haghaidh meaingeals. Leasaigh cuid Sh. Garraí na C. dó agus an T. A. Ba mhó an drabhlás a bhí ina chuid seisean ar chuma eicínt, ainneoin go ndearna muid an dá leith droimscoilte di mar atá mé théis a rá leat
 
drámh
Is cuma sa diabhal céard a dhéanfas tusa ar phóilí, ach is ort fhéin a bheas an drámh faoi dheireadh thiar thall. Shílfeá go raibh fuílleach údair ag S. seo thiar don phóilí rua, ach féach nach bhfuair sé comhaireamh na shop sa gcúirt ina dhiaidh sin. Aon mhuintir amháin iad muintir Ard Raithin, adeir siad
 
dréim
Ní théim ag dréim chor ar bith leo anois. Fuair mé fuílleach dóibh (díobh). Nár chuir siad mo cháil faoin tír! — i gcaidreamh, ag cuartaíocht, ag caint srl.
+
déan 1
Shíl mé go bhfaigheadh muid fuílleach le déanamh agus cois a leagan ar thalamh tirim go brách. Bhí sé mór a mhic ó. Ní fhaca mise a mhacasamhail de lá ar farraige ariamh. D'iarr mé míle uair ar Mh. rith cladaigh a thabhairt di, ach sé a dtugadh sé de shásamh dhom i gcónaí: 'Coinnigh ort'
TUILLEADH (2) ▼
Is bean i dteannta anois í. Gheobhaidh sí fuílleach le déanamh agus aon fhear a fháil choíchin ó chaith an "t-ógánach" seo thoir i gcártaí í, ainneoin an fhad is a bhí sé ag tabhairt chomhluadair di. Tá na fiacla curtha go maith anois aici. Ba cheart di a bheith go hard sna déaga is fiche
Ná déan níos mó cainte anois. Tá fuílleach ráite agat
 
Nach mór a bhochtaigh siad sa saol ó shin. Fuílleach le déanamh atá siad a fháil anois agus iad féin a bheathú, ní hé amháin duine ar bith eile
 
Tá an teach thiar ag gob na locha faoi aill. Tá lúbainn bheag isteach ann agus é le hais na lúbainne. Níl tada timpeall air ach eascaíochaí agus cíocraí agus scraith ghlugair, agus seiscealach ann a dtiocfá go hascallaí inti. Nuair a bhíos stolladh ar bith ann, diabhal mé go mbíonn an loch chomh coipthe agus a bhíos an fharraige sin thíos. Áit díbeartha ceart é, ach mhairfeá ina dhiaidh sin ann, dhá mbeadh fuílleach airgid agat
 
díle 1
"Troscadh a rinne mé Dé hAoine; Bhí fuílleach éisc agam i mo dhiaidh ar clár —; Go mba seaniasc lofa é a bhí saillte ón Díle; Agus é faoi shaltpetie ó bhun go barr" (As amhrán: Seán Ó Maonaigh)
+
díol 2
Shíl tú nach raibh mo dhíol siúil fúm. Bhí agus fuílleach. Ceathrú don trí a bhí mé ann
TUILLEADH (4) ▼
Thug sé a dhíol agus fuílleach dó, diabhal bréag nár thug, théis chomh dúlaí agus a bhí sé ag an achrann
Fuair sé a dhíol agus fuílleach den chogadh. Ní thiocfadh sé ann aríst dá naomhtaí é
Chuir mise ina dhíol éisc aréir é ar chaoi ar bith. Bhí mé féin agus an curachóir seo thuas ar meath inné agus bhí suas le dhá chéad faoitín againn. Ar a theacht isteach dó aréir, chuir mé síos sé fhaoitín dó agus pota fataí. Deirimse leatsa go mba bheag é an fuílleach ina dhiaidh sin. D'íosfadh sé siúd an tsáith Mhuimhneach
Cuireadh díol carraera de rán (d'arán) ina mhínis (in a fhianais), ach ní fhaca mé ina dhiaidh sin gur fhága sé aon fhuílleach — bhí sé de cháil ar na carraeraí go raibh siad mórghoileach
 
díon 1
Seileastram a chuireas muide i gcónaí de dhíon ar an arbhar. Tá fuílleach dhe amach ansin sna garrantaí gleannacha agus sna logannaí uisciúla sin siar. Gheofá an oiread i lochán múnlaigh ansin thíos agus a chuirfeadh díon ar arbhar an bhaile fré chéile
 
'Arán cam a ghníos bolg díreach,' adeir an Chailleach Bhéarra. 'Thug tú éitheach a chailleach,' adeir an buachaill, 'ní hea, ach a fháil ar bord go bhfaighe tú fuílleach.' (cuid den aighneas a bhí ag an gCailligh Bhéarra leis an mbuachaill)