tar isteach
1.
dhá shaothrú; slighe nó seifte.
a.
+–
Níl pighinn ruadh a' teacht isteach sa teach sin = níl siad a' saothrú tada; níl slighe nó seifte ó Dhia anuas aca(b)
Tá chúig phunt a' teacht isteach chuice chuile sheachtmhain dhá n-eirigheann uirre.
TUILLEADH (9) ▼
Is beag atá a' teacht isteach anois ann (idteach) thar mar bhíodh = le h-ais a mbíodh; ar ghualainn a mbíodh.
Is beag an bhrigh a dtáinic isteach acab (chucab) le bliaidhain, le h-ais bliadhain eile.
Is beag a tháinig isteach ar an oileán seo ó leigeadh as an bpoitín = níor shroich mórán airgid é, ó h-eirigheadh as an bpoitín a dhéanamh ná a dhíol.
Sé'n saoghal a d'imthigh ó thagadh punt sa tseachtmhain isteach (ch)ugainn = is mór a d'athruigh an saoghal ó'n uair a' shaothruigheadh muid punt, nó a d'fhaghadh muid é ar chaoi eicínt.
Cé'n chaoi 'bhféadfadh tada a theacht isteach (ch)uige agus gan aon-tslighe ó neamh aige (ó Dhia anuas, ó neamh ná néal, dhá bhfaca tá ariamh etc).
Dhá mhéad dhá dtagann isteach teigheann a dhá oiread amach = tá'n tslighe nó'n saothrú mór, ach is mó faoi dhó an dula.
Beidh muid ar an-chaoi mara sroiche aon-cheo isteach (ch)ugainn an tseachtmhain seo (ch)ugainn = mara saothruigheamuid nó mara bhfaghamuid slighe airgid eicín an tseachtmhain seo chugainn, beidh muid buailte.
Níl a' teacht isteach sa teach seo, ach corr-phuintín gágach, agus is fada ó chéile é sin féin = ní fhaghann muid ach punt anois agus aríst, agus ní go minic a fhagha(nn)s muid an punt fhéin.
Dhá mbeadh corr-phinginn 'a teacht isteach, chuirfeadh s[é] an geimhreadh tharainn = bheadh muid indon cúis a dhéanamh le beagán airgid anois agus aríst, go gcaithtí an geimhreadh.
b.
saothrú, tuarastal, páighe, slighe nó seifte.
+–
Cé'n teacht isteach atá agad in éadan na bliadhna, maran miste dhom a fhiafruighe dhíot? = cé mhéad a saothruighea(nn)s tú 'chuile bhliadhain.
Bhfuil an oiread sin de theacht isteach agad sa tseachtmhain bail ó (Dh)ia ort?
TUILLEADH (17) ▼
Tá teacht isteach mór aige sa tseachtmhain = páighe.
Ní fiú cnaipe gan chos dhom (deich triuf, mo sheacht mallacht etc) a bhfuil de theacht isteach dom (nó agam), mar ní túisce istigh é ná amuigh (caithte) arís.
Cé'n teacht isteach atá dhom? = ní fiú trácht ar mo pháighe, nó luach mo shláinte.
Cé'n ghoir a bheadh agamsa airgead a leagan tharm scáth a bhfuil de theacht isteach agam = chinnfeadh orm airgead a shábháil, mar tá mo thuarastal ro-bheag.
Is gearr air a bhfuil de theacht isteach aige (an teacht isteach atá aige) ná'n oiread eile á's bíodh sé aige = ní mhaireann a pháighe aon-achar dó, ná ní mhairfeadh ná'n oiread eile páighe.
Dhá mbeadh céad sa tseachtmhain de theacht isteach aice, sé'n bhail chéadna a chuirfeadh sí air = chaithfeadh sí ar fad é; rithfeadh sí thríd.
Ní theigheann teacht isteach a fir, i bhfad ná ingearr uirre, mar níl barainn ná tíoghbhus innte thar aon-bhean dhá bhfaca tú ariamh.
Dhéanfadh sí plaicín gabhair de theacht isteach an easbuig. Sí atá deas air = chaithfeadh sí le rabairne agus le frasaighil tuarastal an easbuig, nó tuarastal dhá mhéid.
Is mairg a bheadh ag iarraidh tíoghbhuis uirre, agus go gcaitheann sí chuile sgiúrtóg dá teacht isteach = ní gar a bheith a' tnuthán go mbeadh sí barainneach imbun tighe mar caitheann sí a páighe fhéin fré chéile.
'Sé cuid a' bheagáin de theacht isteach atá aige = is beag tuarastal nó páighe atá dhó.
Is gearr a theighea(nn)s sé mar theacht isteach = is furasta a chaitheamh.
Is gearr ar a dhúdán (ar a scórnaigh, ar a scóig) a bhfuil de theacht isteach aige = ólann sé é, agus tuille le na chois.
Is gearr ar a bholg (ar a phutóig) a bhfuil de theacht isteach aige = caitheann sé ar fad ar bhiadh agus ar bheaduidheacht é.
Is gearr ar a' teach an teacht isteach = caithtear ar an teach é, agus is gearr a mhaireann sé le a mbíonn a' glaodhach air, de bharr cúrsaí tighe.
Thug sé gaoth do'n teacht isteach a bhí aige = chaith sé go fial, frasach, fiuntach é.
Tá teacht isteach réasúnta (maith go leor, cothrom) aige; níl aon-chailleadh ar a theacht isteach.
Ní gaisce ar bith a theacht isteach = is beag teacht isteach atá aige.
2.
+–
Tháinic a chapall isteach grúithteach (gnóithteach) = bhuach a chapall an rása.
Cé'n capall a tháinig isteach gnóithteach, ar chuala tú.
TUILLEADH (2) ▼
Go díreach agus í 'teacht isteach gnoithteach, ar a' gcúrsa deire, scoth capall eile í.
Is ait a chruthaigh sí agus a theacht isteach gnoithteach, is ait sin
3.
·
Tá sé 'teacht isteach as a bharr (cnoc, clogás teampuill etc) = tá sé géar nó biorach in a bhárr.
Ní cheapfá dhó go raibh sé teacht isteach chomh mór sin, go mbeitheá le'n ais.
4.
tárlú nó teacht sa saoghal.
+–
Níl aon-cheo dhár dhubhairt na sean-daoine nár tháinig isteach = nar thárluigh, nar tháinic sa saoghal.
Tiocfa an tar(n)gaireacht isteach fíor fós, feicfe tú féin = tárlóchaidh na rudaí a tugadh síos sa tar(n)gaireacht (targaireacht — Conamara. targín = Achréidh).
TUILLEADH (3) ▼
Is iomdha rud a bhí tar(n)gairthe nar tháinig isteach chor ar bith = nar thárluigh.
Sin scéal a thiocfas isteach fíor fós.
Is iomdha rud a dubhradh a tháinig isteach fíor cheana, ach is mór nar tháinig isteach fós.
5.
teacht i gcleachta ruda nó ceirde.
+–
Tiocfa tú isteach ar an róthar leis an aimsir = eireocha tú cleachtach fós ar an róthar.
Tiocfa tú isteach ar Bhaile Átha Cliath, nuair a chaithfeas tú tamall ann = nuair a thaitheochas tú é, tamall, ní bheidh suim ar bith agad ann; bheadh tú ionann's a's dá mbeirtí agus dá dtóigtí ann thú.
TUILLEADH (15) ▼
Is deacair d'aineoluidhe a theacht isteach ar an gcladach = duine nach mbeadh aon-eolus aige ar an gcladach, nó duine nach bhfuinfí agus nach bhfáiscfí as an gcladach, ba dhoiligh dhó a theacht in a chleachta, nó é féin a chur i bhfeileamhaint dó.
Ní le leiciméaracht a thiocfas tú isteach ar ghluaisteán a thiomáilt (thiomáint: deantar l de n go minic: tiomáil leat = "fire away") = má's thob ann agus thob as a bheidheas agad, ní fhoghluimeocha tú go deo, leis an ngluaisteán a thiomáint. Caithfe tú cur chuige mar is ceart le na fhoghluim.
Ní thiocfa duine isteach ar aon-cheird, gan caith(eamh) léithi = mura bhféacha duine le ceird a fhoghluim go dúthrachtach agus a bheith in a h-éadan go minic, ní fhoghluimeocha sé í.
Níl tú ag iarraidh a theacht isteach air = níl tú ag iarraidh eirghe cleachtach air, nó é a fhoghluim.
Thiocfainn isteach ar an áit ceart go leor, ach ní raibh sí teacht liom = d'eireochainn cleachtach ar an áit, ach ní raibh mé a' faghail mo shlainte ann.
Tá sé in am agad a theacht isteach air, feasta choidhchinn, maran leat dhá lá do shaoghail a chaitheamh leis (duine a bheadh ag iarraidh rud eicínt a fhoghluim)
Is gearr a bhí mé a' teacht isteach ar Ameriocá chor ar bith.
Bhí mé ar aimsir roimhe sin inGaillimh, agus bhí a shliocht orm, is gearr a bhí mé 'teacht isteach ar Bhaile Átha Cliath.
Nach deacair leis an ngamhain sin a theacht isteach ar an sliabh.
Is deacair le na capaill a thóigtear siar a theacht isteach ar obair na h-áite seo
Is fada taithighthe 'san áit sin [é], agus níl sé a' teacht isteach air, in a dhiaidh sin = níl sé cleachtach nó gabhthach leis an áit fós, cé gur fada in a chomhnuidhe ann é.
Is gearr an mhoill ormsa a theacht isteach ar an áit seo. Cuirfe mé mo rogha geall leat, go mbeidh mé chomh luighteach air, libh fhéin a rugadh 'sa tóigeadh ann, faoi cheann bliadhain ó indiu.
Thiocfaidís isteach ar an gcéachta ceart go leor, dhá mbeadh aon-duine acu idtús aimsire, a 'sbáinfeadh dóibh le treabhadh.
Is gearr a bheitheá a' teacht isteach ar cheird na gaduidheachta, arae tá láimh indiaidh na cleachta agad cheana = is gearr go mbadh fíor-ghaduidhe thú dhá dteightheá le gaduidheacht, arae tá cleachta agad cheana féin ar ghoid a dheanamh.
Ní fhaca mé aon-duine ariamh a bhí a laghad achair a' teacht isteach ar an gceird leis.
6.
a gheobhfas; a fágfaidhear.
+–
'Sé thiocfas isteach ar airgead a uncail = is aige a fhágfas a uncail a chuid airgid.
Sé tháinig isteach ar an talamh = is leis a d'eirigh an talamh; is aige a fágadh é.
TUILLEADH (6) ▼
Tháinig sé isteach ar a cheart cheana, agus gan é' bheith tnuthán le tuille = d'eirigh a sháith leis (airgead, talamh agus eile) agus gan é a bheith a' súil le tuille anois.
Níl aon-slacht ag an gcuid eile de'n mhuirghín air, mar síleann siad gurab é a thiocfas isteach ar an áit = níl aon-ghean ag an gcuid eile de'n chloinn air, mar ceapann siad gur aige a fágfaidhear an teach, an talamh, etc.
Pé'r bith ce thiocfas isteach ar airgead na caillighe, beidh leis.
Dheamhan thumanta pighinn de a dtiocfa sé isteach air, ach an oiread liomsa, nach bhfuil gaol ná dáimh agam leo.
Ní hé leath-chóir Dé é, má thagann sé isteach ar an bhfeilm fré chéile, agus a liachtaí créatúr atá taobhmhar le sé nó seacht d'acraí = is éagcóir mhór é, má fhágtar an fheilm mhór sin aige fré chéile, agus cuid mhaith daoine agus gan aca(b) thar sé nó seacht d'acraí (taobhmhar = taobh; mar sin adeirtear ar an Achréidh).
Tiocfa tú isteach ar do chion de, ach dheamhan thumanta troigh thairis.
tar isteach in iontrálacha eile (50+)
An gcuimhníonn tú ar an lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos san mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos [le] sparán a raibh ceangal air! D'ionntaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as, agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar san sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbár a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? = chuaigh sé ar cúlráid i riocht agus go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
→
feadhnóg
Nuair a scaoil mé an feánach (feánóg; feánac; cléitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas druim ar ais. B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindigh
+
→
fearúint
Bhí sé ag fearúint ar a thiacht isteach dom. B'ait liom an chith a leigint tharm. Meireach sin ní thiocfainn isteach chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig an rosamh sin isteach den fhairrge scaithín ó shoin. Tá sé ag fearúint san taobh amach anois. Tá caipín ar na Beanna Beóla
→
fiar
Ní mór dóibh fiar a thabhairt dóibh fhéin inniu (báid). Ní thiocfaidís isteach díreach i súil na gaoithe. Tá sé in a lom gaoithe adtuaidh anois = a theacht isteach ar tír ag tornáil
→
fios
Dhá mbeadh fios rúin ná broscáin aige gur mise an chéad-bhall a d'fheicfeadh sé roimhe, is mór m'aimhreas a dtiocfadh sé isteach
→
fothair
Thiomáil muid an dá chaora aniar romhainn, agus muid ag stríocáil na maidí ar an mbóthar le neart lagair. Ag teacht aniar ag tí Ph. Ph. ní raibh a sheasamh againn ní b'fhuide. "Gabhfaidh mise isteach annseo ag iarraidh cannda aráin", adeir S. Ní raibh mise indon a dhul isteach ann. Bhí tuitim feóir ionam leis an ocras.
→
freagair
Tá stoiricín ag freagairt amuigh i lár na locha, agus choinnigh sé greim uirri sin nó gur tháinig cúnamh a thug isteach é
→
froigisí
Ach cén sórt fruigisí atá sé [seo] thíos a chur ar an teach? … Rud l'aghaidh solais a thabhairt isteach ann! An n-éistfidh tú liom! Solas mar atá sna tithe i nGaillimh, nach bhfuil ort ach cnaipe a chasadh agus beidh sé lasta! Muise muise! San saol a tháinig sé! Agus nach raibh aige go dtí an bhliain cheana ach fáideógaí agus cam! Tá na caisleáin ag tuitim agus na carnaoilíochaí ag eirí inDomhnach!
→
fálach
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach puinte ar bith, agus dheamhan agus móide, in a leabaidh sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
→
fána
Bhí muid ag dórtadh le fánaidh. Chuir muid cúrsaí isteach agus barróg ar an seól ach má chuir fhéin bhí sé in a fhaitíos orainn, mar bhí sé ag teacht in a chreatalach
→
caidéis
Is furasta dhó a bheith imthighthe as a chranna cumhachta le ámhuilleacht a's 'scaibhtéaracht'. Dhá dtagadh sé isteach th'éis duine a mharbhú dheamhan caidéis a chuirfeadh a' t-athair ná'n mháthair air. Sé'n chaoi 'bhfuil siad a' borradh leis.
→
clóic
Ní fhéadfadh clóic a' bith a bheith ar Sh. anois, a's a bheirt mhac a' saothrú dólúm (dolom). Is iomdha duine nach bhfuil pighinn ná bonn a' teacht isteach aige, a's a chaithfeas maireachtáil 'na dheidh sin = uireasbha; ceal slighe.
→
colg
Bhí sé istigh annsiúd i súil na h-áfaighe a's colg air; fé'int a dtiocfadh aon-ghadhar isteach chomh fada leis. Dheamhan bealach le é sin (broc in áfach) a chur amach, ach neart deataighe a chuir faoi'n tsrón aige. Chaithfeadh sé treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh annsin.
→
cosúil
Ba cosamhail le póilidhe a chonnaic mé a' teacht anoir an bóthar indiu, a's a' gabhail isteach tigh Mh.
→
cuideáin
InDomhnach chaithfeadh sé a bheith coideáin a's chomh gallda a's chomh galánta a's tá a chuid cainnte. Thar conndae isteach é ar chuma ar bith, a's thiocfadh dhó gur thar tír isteach é. Is maith an Béarlóir é M. Ph. Sh. Mh. a's corr-fhocal a bhí sé a thuiscint uaidh.
→
cuntanós
Is beag a' contanás atá ag an bplíoma de shiopadóir sin d'aonduine a bhfuil leithphighinn ruadh glighte air (glighte = dlighte) ann. Ach mise imbannaí má thagann aon-duine isteach a bhfuil bruigh-shléacht a' bith air, gur aige a bheidheas an fháilte a's an chraitheadh lámha roimhe.
→
cóisir
Is mór a' chóisir 'bicycles' atá annseo. Chaithfeadh sé go bhfuil daoine thar bhaile isteach ag a' 'time' ('time' = céilidhe, spóirt)
+
→
bealach
Má theagann tú an bealach, fainic nach dtiocfá isteach.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé seo in a theach leath-bealaigh aige, a' teacht ó chuairt dó chuil' oidhche. Tagann sé isteach scaithín i gcomhnuidhe. (Bíonn clocha a's tighthe leath-bealaigh i gcomhnuidhe ar bhóithrí, ní h-iad na tighthe ná na clocha céadna a bheadh leath-bealaigh ag chuile áit, dar ndóigh. Is iomdha cloch a's teach ar shúil bóithrí a dtugtar cloch leath-bealaigh nó teach leath-bealaigh orra.)
→
bealaigh
Is beag an toradh a thiubhraidís sin ar a' bPápa fhéin, a's tagadh sé a' cainnt leo, arae tá'n bhradghail a's an leiciméaracht chomh bealtuighthe isteach ionnta(b) anois, a's nach scarfa sí leo(b) go n-imthighe an ball dubh de'n fheadóig.
+
→
beart
Sin é an chaoi a raibh sé dhá thógáil fhéin — a' teacht isteach 'sna tighthe 'san oidhche, a's ag ól an uachtair ar na h-ancoird. Ach b'fhurasta a theacht isteach 'sna tighthe an uair sin. Ní bheadh nídh dhár dhealbh a' ghrian le do bhacadh, cé's moite de na bearta a bhíodh 'sna dorsa (doirse).
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé in a bheart Mh. Bh. agad fadó, a raibh a leath ag dul isteach 'san iothlainn a's an leath eile a' teacht ag an mB. L.
→
coigéal
Dhá dtagadh an lá an-mhór, ba mheasa do bhádóir coigéil mar sin ná lom na fairrge. Bíonn iomghaothachaí gártha ionnta(b), a's chaithfidís isteach ar a' gcladach thú, shul a bhféadfá seol a stríocadh.
+
Bhí Seán a' teacht isteach biorach (bearach adeirtear in áiteachaí) = bhí a chárta gan bualadh. Bhí a chárta buaidhteach, nó gnoithteach, a' teacht isteach faoi'n bhfear imeartha.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá an ceathair a' teacht isteach biorach, is leis uaimse.
→
bior
An té a thiocfadh i gcleitheamhnas tútaighle de'n tsórt sin, ní raibh le déanamh leis, go díreach glan, ach bior dearg a sháthadh isteach thrídh na shúil.
→
aer
Uair 'sna naoi n-áird a castaí isteach é, roimhe seo, ach dheamhan Domhnach 'san aer nach dtagann sé anois.
→
buadán
Teastuigheann buadán uait anois! Tuilleadh diabhail agad — croisim aríst tú! — dubhairt mé leat fanacht amach ó'n gcrích dhriseachaí sin, a's sin é bhfuil dhá bharr agad anois. Má chuirimse aithne aríst ort, tiubhra tú áird orm, feicfe tú fhéin! = gasúr a chuaidh isteach igcrích dhriseachaí thar aithne a mháthar, a's bhí a chosa roistí (roiste) ag na driseachaí.
→
buail
'Teacht isteach ag C. Th. a bhuail an sliabh-gortach mé, a's níor fhan eirghe 'mo sheasamh ionnam ar a' toirt boise. Marach gur eirigh Dia liom lún (lón) a bheith ar iomchur agam, bhí mo chnaipe déanta.
→
airde 1
Corr-bhean a d'fhágfadh a teach béal in áirde mar sin, a's gan fhios aice, cé thiocfadh isteach a's í imthighthe.
→
aire
Tabhair aire do'n pháiste go dtaga mé isteach = fan i gcíonn an pháiste, agus cumhdaigh é, go dtaga mé ar ais.
Tá sé ina ridire ó leigeadh amach an 'dole' seo. Tá as cionn coróin a's punt sa tseachtmhain a' teacht isteach aige.
+
→
anam
Bhí m'anam in mo chluais agam faitchios a dtiocfadh sé isteach.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí m'anam ag (d)ul amach thar mo bhéal, go dtáinic mé isteach abhaile.
Nach beag a' luath agad a bheith chomh h-anshóighteach sin 'chuile uair eile. Ní thiocfa táirm a' bith ort go dtaga duine isteach = is beag a' baoghal a bheith ar an amhlóireacht sin nuair a bhío(nn)s a' teach fúinn féin againn. Ní thoiseocha tú i gceart go dteaga duine eicínt isteach.
→
faon-
Tá fíonn-oscal san doras = siunta a dtiocfadh an solas isteach thríd, nó cláirín a bheith imithe as (tabhair faoi deara gur "san" atá san leagan seo agus nach "ar". "Fíonn" adeirtear i gcomhnaí san gcás seo, agus ní "faon")
M'anam muise go bhfuil fiannaíocht ar an lá sin anois: an lá ar tháinig sé isteach annseo ag iarraidh an chléibhín. Nach ag iarraidh cléibhíní a fheicimse chuile lá é! Má chuirtear faoi mo mhionna mise san gcúirt, déarfaidh mé nach gcuimním air — agus ní chuímním
→
fidh
Rud é atá ag dul isteach agus amach thar a chéile mar a bheadh fidh criathar ann. Dheamhan iongás mar é a chonnaic mise ariamh. Ach marach go raibh foghaint eicínt ann, ní bheadh sé dhá dhíol cho leitheadach san siopa siúd
"Tháinig mé isteach go dtí Fionnbheara Mheádha; A ghunna in a láimh agus é i gcíonn (ag traenáil) a chuid airm; Bhí fuisce ar an mbórd aige, agus muicfheóil dhá róstadh aige; Agus fiche fíodóir igclúid chois an teallaigh ann" (as giota filíochta: An Bheirt Shíogaí)
→
foireann
Tháinig sé isteach annsiúd san gcearta, agus d'iarr sé fuireann a chur suas dó = cheithre chrú ar chapall, asal agus rl.
→
foscadh
Nuair a cuireadh isteach san bpríosún é an uair sin faoi dhíol an phlúir, baineadh an pinsean dó. Ba chuma dhó aige ná uaidh é scáth chúig phunt san mbliain, agus in a dheidh sin féin dhá bhfágadh duine bliain gan tarraint é, thiocfadh sé 'un suime. Ní airíonn duine fascadh na tuime nó go mbaintear í
→
fostú
Bhí fastú agam ar an gconcar ar bhord na curaí, agus diabhal mé gur réab sí an dubhán agus gur imigh sí uaim in a dheidh sin. Bhí mo leas ar Dhia nach isteach san gcurach a tháinig sí!
→
fraigh
Bhí an dóiteán déanta suas le na fraghachaí nuair a tháinig siad isteach, ach ní raibh sé san díon
→
fuadar
Tá cailín Bh. ag dul isteach agus fudar fúithi. É fhéin a chonnaic sí ag teacht = deifir: forú