Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
tar isteach
1.
dhá shaothrú; slí nó seifte.
a.
+
Níl pínn rua ag teacht isteach sa teach sin — níl siad ag saothrú tada; níl slí nó seifte ó Dhia anuas acub
Tá chúig phunt ag teacht isteach chuici chuile sheachtain dhá n-éiríonn uirthi
TUILLEADH (9) ▼
Is beag atá ag teacht isteach anois ann (i dteach) thar mar a bhíodh — le hais a mbíodh; ar ghualainn a mbíodh
Is beag an bhrí a dtáinig isteach acub (chucub) le bliain, le hais bliain eile
Is beag a tháinig isteach ar an oileán seo ó ligeadh as an bpoitín — níor shroich mórán airgid é ó héiríodh as an bpoitín a dhéanamh ná a dhíol
'Sé an saol a d'imigh ó thagadh punt sa tseachtain isteach chugainn — is mór a d'athraigh an saol ón uair a shaothraíodh muid punt, nó a d'fhaigheadh muid é ar chaoi eicínt
Cén chaoi a bhféadfadh tada a theacht isteach chuige agus gan aon tslí ó neamh aige (ó Dhia anuas, ó neamh ná néal, dhá bhfaca tá ariamh srl.)
Dhá mhéad dhá dtagann isteach, téann a dhá oiread amach — tá an tslí nó an saothrú mór, ach is mó faoi dhó an dola
Beidh muid ar anchaoi mura sroiche aon cheo isteach chugainn an tseachtain seo chugainn — mura saothraí muid nó mura bhfaighe muid slí airgid eicín an tseachtain seo chugainn, beidh muid buailte
Níl ag teacht isteach sa teach seo ach corrphuintín gágach, agus is fada ó chéile é sin féin — ní fhaigheann muid ach punt anois agus aríst, agus ní go minic a fhaigheanns muid an punt fhéin
Dhá mbeadh corrphínn ag teacht isteach, chuirfeadh sé an geimhreadh tharainn — bheadh muid in ann cúis a dhéanamh le beagán airgid anois agus aríst go gcaití an geimhreadh
b.
saothrú, tuarastal, páí; slí nó seifte.
+
Cén teacht isteach atá agat in éadan na bliana, muran miste dhom a fhiafraí dhíot? — cé mhéad a saothraíonns tú chuile bhliain.
An bhfuil an oiread sin de theacht isteach agat sa tseachtain, bail ó Dhia ort?
TUILLEADH (17) ▼
Tá teacht isteach mór aige sa tseachtain — páí
Ní fiú cnaipe gan chos dhom (deich triuf; mo sheacht mallacht srl.) a bhfuil de theacht isteach dom (nó agam) mar ní túisce istigh é ná amuigh (caite) arís
Cén teacht isteach atá dhom? — ní fiú trácht ar mo pháí nó luach mo shláinte
Cén ghair a bheadh agamsa airgead a leagan tharam scáth a bhfuil de theacht isteach agam — chinnfeadh orm airgead a shábháil mar tá mo thuarastal róbheag
Is gearr air a bhfuil de theacht isteach aige (an teacht isteach atá aige) ná an oiread eile agus bíodh sé aige — ní mhaireann a pháí aon achar dó ná ní mhairfeadh ná an oiread eile páí
Dhá mbeadh céad sa tseachtain de theacht isteach aici, 'sé an bhail chéanna a chuirfeadh sí air — chaithfeadh sí ar fad é; rithfeadh sí thríd
Ní théann teacht isteach a fir i bhfad ná i ngearr uirthi, mar níl barainn ná tíobhas inti thar aon bhean dhá bhfaca tú ariamh
Dhéanfadh sí plaicín gabhair de theacht isteach an easpaig. 'Sí atá deas air — chaithfeadh sí le rabairne agus le frasaíl tuarastal an easpaig nó tuarastal dhá mhéid
Is mairg a bheadh ag iarraidh tíobhais uirthi agus go gcaitheann sí chuile sciúrtóg dá teacht isteach — ní gar a bheith ag tnúthán go mbeadh sí barainneach i mbun tí mar caitheann sí a páí fhéin fré chéile
'Sé cuid an bheagáin de theacht isteach atá aige — is beag tuarastal nó páí atá dhó
Is gearr a théanns sé mar theacht isteach — is furasta a chaitheamh
Is gearr ar a dhúdán (ar a scornaigh, ar a scóig) a bhfuil de theacht isteach aige — ólann sé é, agus tuilleadh lena chois
Is gearr ar a bholg (ar a phutóig) a bhfuil de theacht isteach aige — caitheann sé ar fad ar bhia agus ar bheadaíocht é
Is gearr ar an teach an teacht isteach — caitear ar an teach é agus is gearr a mhaireann sé le a mbíonn ag glaoch air de bharr cúrsaí tí
Thug sé gaoth don teacht isteach a bhí aige — chaith sé go fial frasach fiúntach é
Tá teacht isteach réasúnta (maith go leor, cothrom) aige; níl aon chailleadh ar a theacht isteach
Ní gaisce ar bith a theacht isteach — is beag teacht isteach atá aige
2.
+
Tháinig a chapall isteach grúiteach (gnóiteach) — bhuach a chapall an rása
Cén capall a tháinig isteach gnóiteach, ar chuala tú
TUILLEADH (2) ▼
Go díreach agus í ag teacht isteach gnóiteach, ar an gcúrsa deiridh, scoith capall eile í
Is ait a chruthaigh sí agus a theacht isteach gnóiteach, is ait sin
3.
·
Tá sé ag teacht isteach as a bharr (cnoc, clogás teampaill srl.) — tá sé géar nó biorach ina bharr
Ní cheapfá dhó go raibh sé teacht isteach chomh mór sin, go mbeifeá lena ais
4.
tarlú nó teacht sa saol.
+
Níl aon cheo dhár dhúirt na seandaoine nár tháinig isteach — nár tharlaigh; nár tháinig sa saol
Tiocfaidh an tairngreacht isteach fíor fós, feicfidh tú féin — tarlóidh na rudaí a tugadh síos sa tairngreacht (targaireacht — Conamara; targín — Achréidh)
TUILLEADH (3) ▼
Is iomaí rud a bhí tairngirithe nár tháinig isteach chor ar bith — nár tharlaigh
Sin scéal a thiocfas isteach fíor fós
Is iomaí rud adúradh a tháinig isteach fíor cheana, ach is mór nár tháinig isteach fós
5.
teacht i gcleachtadh ruda nó ceirde.
+
Tiocfaidh tú isteach ar an rothar leis an aimsir — éireoidh tú cleachtach fós ar an rothar
Tiocfaidh tú isteach ar Bhaile Átha Cliath nuair a chaithfeas tú tamall ann — nuair a thaitheos tú é tamall, ní bheidh suim ar bith agat ann; bheadh tú ionann is dá mbeirtí agus dá dtógtaí ann thú
TUILLEADH (15) ▼
Is deacair d'aineolaí a theacht isteach ar an gcladach — duine nach mbeadh aon eolas aige ar an gcladach, nó duine nach bhfuinfí agus nach bhfáiscfí as an gcladach, ba dhoiligh dhó a theacht ina chleachtadh nó é féin a chur i bhfeiliúint dó
Ní le leiciméireacht a thiocfas tú isteach ar ghluaisteán a thiomáilt (thiomáint: déantar l de n go minic: tiomáil leat = fire away) — más hob ann agus hob as a bheas agat, ní fhoghlaimeoidh tú go deo leis an ngluaisteán a thiomáint. Caithfidh tú cur chuige mar is ceart lena fhoghlaim
Ní thiocfaidh duine isteach ar aon cheird gan caitheamh léithe — mura bhféacha duine le ceird a fhoghlaim go dúthrachtach, agus a bheith ina héadan go minic, ní fhoghlaimeoidh sé í
Níl tú ag iarraidh a theacht isteach air — níl tú ag iarraidh éirí cleachtach air nó é a fhoghlaim
Thiocfainn isteach ar an áit ceart go leor ach ní raibh sí ag teacht liom — d'éireoinn cleachtach ar an áit, ach ní raibh mé ag fáil mo shláinte ann
Tá sé in am agat a theacht isteach air feasta choíchin, muran leat dhá lá do shaoil a chaitheamh leis (duine a bheadh ag iarraidh rud eicínt a fhoghlaim)
Is gearr a bhí mé ag teacht isteach ar Meiriceá chor ar bith
Bhí mé ar aimsir roimhe sin i nGaillimh agus bhí a shliocht orm, is gearr a bhí mé ag teacht isteach ar Bhaile Átha Cliath
Nach deacair leis an ngamhain sin a theacht isteach ar an sliabh
Is deacair le na capaill a thógtar siar a theacht isteach ar obair na háite seo
Is fada taithithe san áit sin é, agus níl sé ag teacht isteach air ina dhiaidh sin — níl sé cleachtach nó gafach leis an áit fós, cé gur fada ina chónaí ann é
Is gearr an mhoill ormsa a theacht isteach ar an áit seo. Cuirfidh mé mo rogha geall leat go mbeidh mé chomh luiteach air libh fhéin a rugadh agus a tógadh ann faoi cheann bliain ó inniu
Thiocfaidís isteach ar an gcéachta ceart go leor dhá mbeadh aon duine acu i dtús aimsire a 'speáinfeadh dóibh le treabhadh
Is gearr a bheifeá ag teacht isteach ar cheird na gadaíochta, arae tá láimh i ndiaidh na cleachtaidh agat cheana — is gearr go mba fíor-ghadaí thú dhá dtéiteá le gadaíocht, arae tá cleachtadh agat cheana féin ar ghoid a dhéanamh
Ní fhaca mé aon duine ariamh a bhí a laghad achair ag teacht isteach ar an gceird leis
6.
a gheobhas; a fágfar.
+
'Sé thiocfas isteach ar airgead a uncail — is aige a fhágfas a uncail a chuid airgid
'Sé a tháinig isteach ar an talamh — is leis a d'éirigh an talamh; is aige a fágadh é
TUILLEADH (6) ▼
Tháinig sé isteach ar a cheart cheana agus gan é a bheith ag tnúthán le tuilleadh — d'éirigh a sháith leis (airgead, talamh agus eile) agus gan é a bheith ag súil le tuilleadh anois
Níl aon slacht ag an gcuid eile den mhuirín air mar síleann siad gurb é a thiocfas isteach ar an áit — níl aon ghean ag an gcuid eile den chlainn air mar ceapann siad gur aige a fágfar an teach, an talamh, srl.
Pé ar bith ce thiocfas isteach ar airgead na caillí, beidh leis
Dheamhan thiomanta pínn de a dtiocfaidh sé isteach air ach an oiread liomsa, nach bhfuil gaol ná dáimh agam leo
Ní hé leathchóir Dé é má thagann sé isteach ar an bhfeilm fré chéile, agus a liachtaí créatúr atá taobhmhar le sé nó seacht d'acraí — is éagóir mhór é má fhágtar an fheilm mhór sin aige fré chéile agus cuid mhaith daoine agus gan acub thar sé nó seacht d'acraí (taobhmhar = taobh; mar sin adeirtear ar an Achréidh)
Tiocfaidh tú isteach ar do chion de, ach dheamhan thiomanta troigh thairis

tar isteach in iontrálacha eile (50+)

 
An gcuimhníonn tú ar an Lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos sa mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos (le) sparán a raibh ceangal air! D'iontaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar sa sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbarr a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? — chuaigh sé ar cúlráid i riocht is go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
 
Nuair a scaoil mé an feadhnach (feadhnóg; feadhnac; cleitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas droim ar ais. B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindí
+
Bhí sé ag fearúint ar a theacht isteach dom. B'ait liom an chith a ligint tharam. Meireach sin ní thiocfainn isteach chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig an rosamh sin isteach den fharraige scaithín ó shin. Tá sé ag fearúint sa taobh amach anois. Tá caipín ar na Beanna Beola
 
fiar
Ní mór dóibh fiar a thabhairt dóibh fhéin inniu (báid). Ní thiocfaidís isteach díreach i súil na gaoithe. Tá sé ina lom gaoithe aduaidh anois — a theacht isteach ar tír ag tornáil
 
fios
Dhá mbeadh fios rúin ná broscáin aige gur mise an chéad bhall a d'fheicfeadh sé roimhe, is mór m'amhras a dtiocfadh sé isteach
 
Thiomáil muid an dá chaora aniar romhainn agus muid ag stríocáil na maidí ar an mbóthar le neart lagair. Ag teacht aniar ag tí Ph. Ph. ní raibh a sheasamh againn ní b'fhaide. 'Gabhfaidh mise isteach anseo ag iarraidh canta aráin,' adeir S. Ní raibh mise in ann a dhul isteach ann. Bhí titim feoir ionam leis an ocras.
 
Tá stoiricín ag freagairt amuigh i lár na locha agus choinnigh sé greim uirthi sin nó gur tháinig cúnamh a thug isteach é
 
Ach cén sórt froigisí atá sé (seo) thíos a chur ar an teach? … Rud le aghaidh solais a thabhairt isteach ann! An n-éistfidh tú liom! Solas mar atá sna tithe i nGaillimh, nach bhfuil ort ach cnaipe a chasadh agus beidh sé lasta! Muise muise! Sa saol a tháinig sé! Agus nach raibh aige go dtí an bhliain cheana ach fáideogaí agus cam! Tá na caisleáin ag titim agus na carn aoilíochaí ag éirí i nDomhnach!
 
Tháinig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam tráthnóna agus thosaigh sé ag bualadh na mbeathach orm. Dheamhan a leithide d'fhudairnéis a chonaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ann. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
 
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach pointe ar bith, agus dheamhan is móide, ina leaba sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
 
fána
Bhí muid ag dórtadh le fána. Chuir muid cúrsaí isteach agus barróg ar an seol ach má chuir fhéin, bhí sé ina fhaitíos orainn, mar bhí sé ag teacht ina chreatlach
 
Is furasta dhó a bheith imithe as a chranna cumhachta le ábhailleacht agus scabhaitéireacht. Dhá dtagadh sé isteach théis duine a mharú, dheamhan caidéis a chuirfeadh an t-athair ná an mháthair air. 'Sé an chaoi a bhfuil siad ag borradh leis.
 
Tháinig fear isteach anseo fadó, agus chaith sé oíche ann — oíche dheannachtach freisin! — fear a bhí ar a chaomhúint. Tiarna nó stíobhard a mharaigh sé thart síos agus b'éigean dó greadadh leis ar an toirt, nó dhá bhfaightí greim air, bhí a chosa nite. Soir i mbarr an chriathraigh go dtí L. a bhris sé as seo.
 
ceal 1
Is le bheith cheal leasaithe do dhuine a bheith ag faire ar an gcladach sin. Dheamhan sop feamainne a tháinig isteach ó Lá Samhna seo ghabh thart.
 
Dheamhan táirm ar bith a bhuail é ag clabaireacht go dtáinig sé sin isteach.
 
clóic
Ní fhéadfadh clóic ar bith a bheith ar Sh. anois agus a bheirt mhac ag saothrú dólúm. Is iomaí duine nach bhfuil pínn ná bonn ag teacht isteach aige agus a chaithfeas maireachtáil ina dhiaidh sin — uireasa; ceal slí.
 
Nach air a bhí an coimhthíos nach dtáinig isteach! — scáth agus cúthaileadas (tá an scáth i gceist ann, chomh maith leis an gcúthaileadas agus an dúnáras)
 
Tháinig sé isteach chomh colgach lena bhfaca tú go hiomaí, agus thosaigh sé ag ullmhúchan achrainn ar an toirt.
 
colg
Bhí sé istigh ansiúd i súil na háfaí agus colg air; féint a dtiocfadh aon ghadhar isteach chomh fada leis. Dheamhan bealach le é sin (broc in áfach) a chur amach, ach neart deataigh a chur faoin tsrón aige. Chaithfeadh sé treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh ansin.
 
Ba cosúil le póilí a chonaic mé ag teacht anoir an bóthar inniu agus ag gabháil isteach tigh Mh.
 
I nDomhnach, chaithfeadh sé a bheith cuideáin agus chomh gallda agus chomh galánta agus tá a chuid cainte. Thar contae isteach é ar chuma ar bith, agus thiocfadh dhó gur thar tír isteach é. Is maith an Béarlóir é M. Ph. Sh. Mh. agus corrfhocal a bhí sé a thuiscint uaidh.
 
Is beag an cuntanós atá ag an bplíoma de shiopadóir sin d'aon duine a bhfuil leithphínn rua glite air ann (glite = dlite). Ach mise i mbannaí, má thagann aon duine isteach a bhfuil bruithshléacht ar bith air, gur aige a bheas an fháilte agus an chroitheadh lámha roimhe.
 
Dheamhan stopadh a tháinig uirthi ó chuaigh sí isteach chuig an aifreann go dtáinig sí amach aríst, ach ag céithireacht chasachta mar sin. Ach dheamhan is móide neart a bhí aici air.
 
Is mór an chóisir bicycles atá anseo. Chaithfeadh sé go bhfuil daoine thar bhaile isteach ag an time(céilí, spóirt)
+
Má chastar an bealach thú, tiocfaidh mé isteach chuige.
TUILLEADH (4) ▼
Má theagann tú an bealach, fainic nach dtiocfá isteach.
Má thiteann dom a theacht an bealach, níl baol ar bith nach dtiocfaidh mé isteach — má éiríonn liom; má tharlaíonn dom.
Is iomaí punt a tháinig isteach sa teach ó thús bliana, ach ní léithe bealach 'na coille ná chun a fágála.
Tá sé seo ina theach leath bealaigh aige ag teacht ó chuairt dó chuile oíche. Tagann sé isteach scaithín i gcónaí. (Bíonn clocha agus tithe leath bealaigh i gcónaí ar bhóithrí, ní hiad na tithe ná na clocha céanna a bheadh leath bealaigh ag chuile áit, dar ndóigh. Is iomaí cloch agus teach ar shúil bóithrí a dtugtar cloch leath bealaigh nó teach leath bealaigh orthu.)
 
Is beag an toradh a thabharfaidís sin ar an bPápa fhéin agus tagadh sé ag caint leo, arae tá an bhradaíl agus an leiciméireacht chomh bealtaithe isteach iontub anois agus nach scarfaidh sí leob go n-imí an ball dubh den fheadóig.
 
beanna
Thug sé a bheanna leis ar éigean. Murach go raibh sé imithe nuair a tháinig Peaits isteach ullmhaithe, gheobhadh sé faoi na foraí é, agus dhá bhfaigheadh fhéin, ní bheinnse ina dhiaidh air.
 
beann
Bhris gabháil éadain na binne thoir agus tháinig an teach isteach in aon bhrúisc amháin.
+
beart
Sin é an chaoi a raibh sé dhá thógáil fhéin — ag teacht isteach sna tithe san oíche agus ag ól an uachtair ar na hancaird. Ach b'fhurasta a theacht isteach sna tithe an uair sin. Ní bheadh ní dhár dhealbh an ghrian le do bhacadh cé is moite de na bearta a bhíodh sna doirse.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ina bheart Mh. Bh. agat fadó, a raibh a leath ag dul isteach san iothlainn agus an leath eile ag teacht ag an mB. L.
 
Dhá dtagadh an lá an-mhór, ba mheasa do bhádóir coigéil mar sin ná lom na farraige. Bíonn iomghaothachaí gártha iontub, agus chaithfidís isteach ar an gcladach thú shula bhféadfá seol a stríocadh.
 
Dheamhan isteach an doras sin a thiocfadh sé anois, tá sé ina chráisiléad chomh mór sin.
 
Chaith sé amach baintreach ansin thiar a bhí taobh le páiste amháin. Bhí sagart óg ar an gC. an t-am céanna, agus dúirt sé go bhfeicfí na B. fós agus gan ina gcuid tithe móra ach na carógaí. Tháinig an tairngreacht ansin isteach fíor. Dheamhan teach mór dá raibh ag gabháil leob nach bhfuil bánaithe anois, agus tá leá chúr na habhann orthub fhéin. Ba bheag an scéal iad. Is iomaí créatúlacht a rinne siad ar dhílleachtaí agus ar dhaoine bochta.
 
beo 1
Chomh luath agus a tháinig siad isteach ó shnámh, tháinig siad aníos i mbun na duirlinge agus thosaigh dhá n-únfairt fhéin sa ngaineamh beo. Dheamhan snáth a bhí orthub ach an oiread leis an oíche a (ar) rugadh iad.
+
beo 2
Ó tháinig bean an mhic isteach faoi chaolachaí an tí aici, ní beo léithe a beo chor ar bith. Tá sí reicthe chuile phointe sa ló aici, an tseanbhean bhocht.
TUILLEADH (1) ▼
Ní beo liom mo bheo ó tháinig mé isteach sa mbaile céanna an chéad lá ariamh. Chuile mhíle duine ann in oighear an chochaill ina chéile ó mhaidin go faoithin.
+
biorach 1
Bhí Seán ag teacht isteach biorach (bearach adeirtear in áiteachaí) — bhí a chárta gan bualadh. Bhí a chárta buaiteach nó gnoiteach ag teacht isteach faoin bhfear imeartha.
TUILLEADH (2) ▼
Má tá an ceathair ag teacht isteach biorach, is leis uaimse.
Ní thiocfaidh mise i mbarr do chúig ort ó lig chuile dhuine eile isteach biorach thú — ní bhuailfidh mise thú, ó thug do chárta an eang leis go dtí seo
 
bior
An té a thiocfadh i gcleithiúnas tútaíola den tsórt sin, ní raibh le déanamh leis go díreach glan ach bior dearg a shá isteach thrína shúil.
 
Cáid ó tháinig an bhoigréis ann le go bhfuil sé ag tabhairt rudaí isteach do dhaoine? — siopadóir a thabharfadh riar earra dhuit in aisce.
 
Tháinig sé ina dhórtadh an lá a raibh muid ag cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaitheamh anuas agus a ligean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téamh ná breo a rinne sí ina dhiaidh sin.
 
bruach
D'aithin mise go maith air, ón nóiméad a dtáinig sé isteach, go raibh bruach air, ach níor bheo é an ceann eile ina dhiaidh sin gan a bheith ag siocadh leis.
 
aer
Uair sna naoi n-aird a castaí isteach é roimhe seo, ach dheamhan Domhnach san aer nach dtagann sé anois.
 
Tháinig brúisc dhaoine as na cartúir isteach in éindí agus líonadar an teach.