Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

curtha (50+)

 
féar
An bhfuil mórán síol fhéir curtha agat i mbliana
 
Tá cupla caolóid choirce curtha ansin thuas aige agus sin é an méid.
 
Deile céard a dhéanfadh sí an chloigis, ach na fataí a bhí curtha de leithrigh le aghaidh an tsuipéir agam a thabhairt do na laonta! Dheamhan meabhair ar bith fanta inti sin le gairid.
 
cora
Tá cara chainte curtha ag an gceann céanna ar chuile dhuine.
 
Théis gur thoir ar an mbaile sin a rugadh agus a tógadh mé, i nDomhnach chreidim go mbeinn cuideáin ann dá gcastaí soir ann anois mé. Chuile dhuine dá raibh ann le mo linnse, tá siad curtha nó imithe.
 
bannaí 2
Dheamhan an miste leis sin bannaí orthub (.i. ar na scoilb) ná dhíobh, ach na strácaí a bheith curtha aige agus a pháí a fháil.
 
Is dhó is fusa chuile thuairisc a bheith aige. Tá sé i mbéal an bhealaigh agus forra chainte curtha aige ar chuile dhuine.
 
beann
Tá sí curtha go binn aige (tuí)
+
Tá sí curtha ó chrích go brách aige anois, an scabhaitéara.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sí curtha ó chrích anois ar chuma ar bith. I nDomhnach chuaigh cuileann gan dó léithe, ní dhá roinnt léithe é!
 
beo 1
Ní bhíodh bliain beo roimhe seo nach mbíodh ceapach oinniún curtha againn, ach tá an dream óg ag éirí astub ar fad. An iomarca leisce is dóigh!
 
Dhá mbioraíteá an claí céanna chuile lá a d'éireodh ort, 'sé an cás céanna é. Bheadh sé curtha in aer aríst ag daoine atá ag gabháil thart an bóthar.
 
breá
Deir tú go mba cheart dom iad a bheith curtha agam. Is breá é do scéal.
 
bruach
Amach ar bhruach na Bealtaine a bhí ann. Cuimhním go raibh an coirce curtha ar chuma ar bith.
 
Tá bualadh ar iasc glas ansin amuigh má tá aon líon curtha ann. An bhfeiceann tú an stadhan éan atá ann!
 
buille
Níl gair agaibh aon bhuille marbh a ligean ionaibh fhéin aríst go mbí an t-earrach curtha.
+
amach
Tá na potaí gliomach curtha acub amach go maith ar an stopóig.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an suaimhneas dom an t-ualach sin a bheith curtha amach de mo chroí — is mór an sólás dom an méid sin sciolladóireacht a bheith déanta agam, nó an méid sin cainte a bheith ráite.
+
amuigh
Is beag atá istigh ná amuigh aige anois nach bhfuil an drochbhail curtha aige air.
TUILLEADH (1) ▼
Beidh a lúth amuigh shula bheas an garraí siúd thuas curtha aige.
 
anam
M'anam ag Dia muran hóg an mhaise fós di é agus beirt fhear curtha aici.
 
Deir siad gur fathachaí (fathaigh) atá curtha san anlacan atá ann — deirtear (is iondúil deir siad i leaba deirtear i gCois Fharraige agus an fheidhm cheannann chéanna leis)
+
anuas
Ní bheidh aon deoir anuas ormsa feicfidh tú fhéin, feadh is an tuí seo a bheith curtha agam.
TUILLEADH (1) ▼
Níl sé an scór curtha fós, ach tá sé suas is anuas leis.
 
Reilig fhiannach í sin. Níl áireamh ar bith ar a bhfuil curtha inti
 
furú
Ní chuireann sé cuma curtha ar bith orthu (fataí) le furú. Bhí sé chomh maith dhuit muic a ligean sa ngarraí leis. Scrábálaí salach, ós sin é a ainm
+
fás 2
Is faide a bhíos ciall ag fás ná fiacla. Diabhal breág! Murach gur faide, bheadh ciall ag S. feasta arae tá na fiacla curtha go maith aige
TUILLEADH (1) ▼
Tá siad curtha anois agus cead fáis acu — fataí
 
Bhí seanbhean ansin thiar agus bhí fíniú maith uirthi san uaigh san am ar tógadh í. Diabhal mé go sílim go raibh sí mí nó leathráithe curtha. Chuaigh cuisle (inquest) uirthi aríst. Bhí le rá gur maraíodh í
+
Tá dhá lá curtha isteach ar an ól anois aige — tá dhá lá caite as éadan ag ól aige
TUILLEADH (1) ▼
Tá seachtain mhór fhada curtha isteach ina chónaí anois aige — ní raibh sé ag obair ar feadh seachtaine nó hocht lá nó mar sin
 
imní
B'fhearr do dhuine caillte curtha ná i gcónaí faoi imní.
 
Tá cupla iomaire phlandaí (oinniúin, mheacan, chóilis, ghabáiste srl.) curtha agam
 
istigh
Tá sé istigh ansiúd (sna flaithis) agus coc achrainn curtha aige ar an Naomh Peadar (fc. coc) — duine a bhí ar shlí an fírinne
 
Is beag a bhíos de bharr na n-íochtar céanna. Ní túisce curtha ná sceite iad go minic — ní bhíonn mórán bairr dá mbarr; tagann tuile na farraige, na locha, na habhann srl. orthu agus cuireann sí an barr ó rath
 
feadh
Scoirfidh mé ar feadh an ghitín (iomaire) seo a bheith curtha agam
 
fiach 1
Tá an fiach dúisithe agam i ngarraí Sh. Uí E. faoi dheireadh thiar thall agus tá sé in am sin aige. Shíl mé nach mbeinn amuigh as inniu. Dhá mbeadh an garraí láir siúd thuas curtha agam anois, bheinn díreach leo (sin é a gcuirfinn d'fhataí)
 
B'éigean dom imeacht. Ní fhéadfainn éisteacht lena chuid floscaíocht: a bhfuil de mhóin bainte aige, a bhfuil d'fhataí curtha aige, chomh maith agus atá a chlann ag an scoil. Ní mór dóibh sin muis ar a shon seisean. Ní raibh aon dallarán ba mhó ná é sa scoil nuair a bhí sé ag dul ann
 
Níor mhór dhuit an seanleasú sin anois a fholach le ceobáinín beag aoiligh. Dhéanfadh sin thú! Nuair a bhí an garraí sin curtha faoi dheireadh bhí a dhá dhóthain leasaithe air
 
fuath
Cá bhfaighinnse fios fuath ná feannóige air. Níor chorraigh mise amach as na breaclachaí seo a fheiceas tú ariamh. Ní bheadh a fhios rud den tsórt sin ach ag an té a shiúlfadh. Fiafraigh den Phoncán mhór seo thíos é. Tá cuid mhaith curtha dhá chosa aige
 
Tá sé curtha againn ó fhad go dtí é. Níl fágtha anois ach an leathfhód le claí — ceannfhearainn, nó stiall i ngarraí timpeall le claí. Ní bhíonn ann ach stual chaol i dtalamh ar bith a shaothraítear le láí
 
feire
Tá feire curtha timpeall an umar baistí sa séipéal aige — ráille beag
+
Tá na fiacla curtha aici (capall, bó srl.)
TUILLEADH (2) ▼
Tá na fiacla curtha go maith ag an gcailín sin — tá sí bunaosta
Ná bíodh imní ar bith air nach bhfuil na fiacla curtha go maith aici ar chaoi ar bith. Nuair a bhínnse ag dul siar ar an gC. fadó ar cuairt, bhí sí ina seanchailín óg an uair sin
 
Tá an reilig sin as compás ar fad. Níl a fhios ag aon duine cá'il a dhuine fhéin curtha inti anois. Tá mapa aige ach is mapa bréagach é. Tá sé sin ar nós an fhear fadó a chuaigh ag roinnt na talúna. Rinne sé fudar fadar dhó as a dheireadh.
 
Is diabhlaí an fáiméad de gharraí fataí é sin atá curtha ag C. ansin thiar. A Dhia dhá tharrtháil! Céard a d'éirigh dó i mbliana? Ní fhaca mé díol dhá chearc ag an bhfear céanna ariamh cheana
 
daba
Dhéanfadh sé dúchan an tsaoil, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páí agam sa ngarraí sin thiar anuraidh, agus b'éigean dom a bheith ag fuagairt air chuile mhionóid, na dabaí móra righne siúd atá sa gcúl láir a mhionú. Dheamhan an láí fhéin a chuirfeadh sé thríob
 
Is damanta an lear oibre atá déanta aige le seachtain. Má mhaireann dó ar an dúchan siúd, beidh siad curtha aige Lá Fhéile Pádraig
 
Tá an garraí curtha anois go dtí an cúinnín sin. Ara fágfaidh muid ag an deachma é sin. Ní fiú dúinn a dhul dár mearú féin leis, scáth a mbeidh de shochar air — fágtar cúinní beaga scaití i ngarrantaí cuir, i ngeall ar a bheith ró-aistreánach, nó iad a bheith ionann is dochurtha de bharr cloch nó a leithéid. Nó d'fhágfaí cúilíní i ngarrantaí cheal leasaithe scaití agus déarfaí an rud céanna leo