Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dífhascadh
droch-fhascadh; áit a mbeadh droch-fhascadh ann, ach go mb'fhearr é ná gan tada.
+
Ní raibh againn ach dífhascadh
Áit ar bith suas ar na portaigh, níl ann ach dífhascadh, má theagann an lá mór chor ar bith
TUILLEADH (5) ▼
Dífhascadh ar fad é bóthar an tsléibhe sin. Tá sé an-righte, agus gan claidhe na fál leis, le múr a leigean thart faoi
Ní raibh againn ach dífhascadh istigh imbruach chois an bhóthair, ach b'fhearr sin féin chreidim ná lorg na bó ar an gcreangaire, mar adeir an ceann eile
Tá dífhascadh ann faoi'n sean-mhóta siúd, ach ní bheadh deoir as aer nach mbuailfí ort ann in a dheidh sin.
Bhí sórt dífhascadh agam faoin tuimín, ach diabhal mórán cúise a bhí leis. Fábhall ar bith a d'fhághainn bhínn rithte amach
Ní raibh ann ach dífhascadh

Féach freisin

dí-