Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deascán
ainmfhocal, fireann
ginideach: deascáin
seala, plód, glac, scata, roinnt, ceanna, riar, bulc, baiscín.
+
Bhí deascán maith daoine ann, pé ar bith cérb as a dtáinig siad
Chonaic mé deascán beithíoch ag dul suas bóithrín an bhaile s'agaibhse aréir. Cé leis iad?
TUILLEADH (8) ▼
Shílfeá go bhfuil deascán breá caorach aige anois. Diabhal mé go bhfuil. Is fear é a bhfuil an saol ag féithiú leis go maith le fada, chonách sin air
D'éirigh deascán maith de na ronnachaí leo inné, bail ó Dhia orthu! Bhí an-mharú orthu chuala mé. Ní raibh ort ach caitheamh amach agus bheadh plíoma agat ar ala na huaire.
Tá deascán maith sicíní aici más léithe féin ar fad iad, ach b'fhéidir gur leo thrína chéile iad. Dheamhan a fhios agam
Cé mhéad a chuaigh an deascán uan siúd a bhí thoir aige lá an aonaigh. Ba bhreá na luáin iad. Is mór an t-airgead a ghabhfaidís bliain go ham seo
Rinne deascán bulláin le S. Ph. Mh. foghail air anseo an bhliain cheana. Ba bheag acu a bhí ann déarfainn, ach má ba bheag mór é, soir leis de mhaoil a mhainge gur fhuagair sé do na póilíos é. Sin é an fear atá géar faoi fhoghail. Agus cuid chuile dhuine foghlaithe aige féin. Ach bíonn daoine ann mar sin
Thug sé deascán mór éisc as Gaillimh leis. Diabhal bréag nach dtug. Bhí tóir ar an anlann ariamh féin aige. Ní bheidh an turaíocht aige nó is cinniúint air é
Dhíol sé deascán mór turkeys i mbliana, agus má dhíol féin, dheamhan mórán a bhí dhá mbarr aige déarfainn. Bhí an-dola air dhá mbeathú
Ba bheag an deascáinín a bhí ar a shochraide, ainneoin gur dhligh chuile dhuine sa tír sochraide dhó. Ach sin é an chaoi
+
Fear as an deascán atá in ann an rud sin a dhéanamh — fear sa gcéad; duine sé nó seachráin
Ná bac le bean cheart a fháil anois! Bean as an deascán atá ceart. Feiceann tú féin a gcuid cóirí catha agus a gcuid cluanaíochta chomh maith liomsa. Meas tú nach deacair a mbarraíocht
TUILLEADH (8) ▼
Duine as an deascán a bhfuil a fhios aici céard a bhaineas do thuirne anois. Dheamhan triúr ban óg in do thír a rug ar charla ariamh, ná a bhfuil a fhios agamsa a n-aithneoidís carla dá síntí chucu é
Póilí as an deascán a bhfeicfidh tusa aon mhaith leis. Bíonn siad fhéin ag faire ar a chéile, agus an té acu a ligfeadh thairis thú ní ligfeadh an faitíos dó, mar b'fhéidir gurb é an chaoi a mbeadh ceann eile ag faire air fhéin
Sagart as an deascán anois a bhfuil aon laethúlacht ann mar a bhíodh sna sagairt fadó. Tá an saol rómhór ar a gcomhairle féin acu agus fuíoll na bhfuíoll acu anois. Fadó bhídís bocht agus croíúil, ach tá imní faoina gcuid saibhris orthu ar an saol seo
Saighdiúr as an deascán nach mbíonn ina scabhaitéara. Agamsa atá a fhios é, mar bhí mé iontu. Bíonn an iomarca meirse orthu le bheith ar a mhalrait
Duine as an deascán a bhfuil sé mór leis, ach an té a bhfuil, dhéanfadh sé soilíos ar bith faoin ngréin ghil dhó. Ach ar an gcóir céanna an té nach dtaitníonn leis, is beag a chuntanós a bheas aige leis. D'ionsódh sé é ar iontú an tsoip
Ní fiú biorán duine as an deascán, mura bhfuil ann ach sin. Ach chuala mé go raibh díchreideamh ar na hÉireannaigh uileag atá i Sasana. Deir cuid den dream a theagas nach mbíonn siad mí ann nuair nach dtaobhaíonn siad aifreann ná ord
Ní bhfaightheá duine as an deascán anois atá in ann mata a dhéanamh, théis a liachtaí ceann agus a d'fheicfeá fadó. Go ndéana Dia grásta ar Mh. Bh! B'ait uaidh a ndéanamh. 'Dual beag agus dual mór,' adeireadh sé. Níor luar leis an sioc ná duine ar bith a bheith ag míoladóireacht timpeall air nuair a bheadh sé leis (leis an mata)
Is gearr ó nach raibh duine as an deascán in ann siúl chomh fada leis an ngort, ach tá siad bainte as a gcleachta le cupla bliain — tá sin. Má fhaigheann siad cupla bliain eile de, diabhal mé go mbeidh na cosa sách aclaí acu aríst

Féach freisin

deascán in iontrálacha eile (2)

 
droim
Is diabhlaí nach bhfuil deoir phoitín ar bith sa tír anois. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid póilíos! Bhí sé fánach ag na póilíos an ceann is fhearr a fháil air, ach 'siad na misinéaraí a chuir droim díbeartha air. 'Siad a bhí deas air. Nuair a thosaigh sé siúd ag scamhailéireacht agus ag loscadh mionnaí mhóra, níor lig an faitíos d'aon duine gan a chomhairle a dhéanamh mura mbeadh bairillín bréan — poll fataí d'fhear — mar é sin thíos ann go díreach. Ach duine ar an deascán é sin … Tá a fhios ag an lá gur imigh an tsuáilce as an tír an lá ar imigh an poitín. Ba é "Bainne Dubh na Féile" é dháiríre
 
duine
Duine as an deascán a bhfuil ceann acu sin aige (fc. deascán)