Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

diallaite (5)

 
Sin í an tsrathar in áit na diallaite — sop in áit na scuaibe
 
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a mbíodh sé ag imeacht leis an m. beag. Chlis an jaunt agus b'éigean dó imeacht le capall diallaite. Sa samhradh a bhí ann agus thóg an diallait ar fad é, agus b'éigean dó imeacht ansin droimnochta uirthi. Tháinig sé aníos an bóithrín tráthnóna amháin agus é cróilithe uileag. 'Faigh diallait ard,' adeir M. B. leis, 'agus ní ghoillfidh sé chomh mór ort. Sin nó gheobhaidh mé snáth leoin duit ó Mh. Mh. Ph.' D'imigh sé mar a bhuailfeá ar an gcluais é agus níor labhair sé linn aríst go ceann leathbhliana
 
drámh
Go bhféacha Mac Dé ort fhéin agus ar do chapall diallaite anois. Tá siad faoi dhrámh amach is amach ó d'fhairsingigh na busannaí. Ní fhaca mé aon fhear ag éirí i ndiallait le mo chuimhne ach P. Mh. Mh., agus shílfeá go bhfuil sé caite in aer aige sin féin anois
 
B'fhearr liom a dhul ar chapall droimnochta uair ar bith ná a dhul i dtuilleamaí diallaite. Má théann scéin ar bith inti (sa gcapall), is mór an chontúirt í an diallait. Is maith nach mór duit a bheith in do mharcach le fanacht i ndiallait má thugann an capall léim leataoibhe. Tá a fhios agam é a mh'anam. Ach ar aon chor is mó go mór a thógfas an diallait duine ná an capall droimnochta. Is beag is ionann iad
 
dúil
Dá dteagadh dúil ag duine sa bpíopa aon uair amháin, ní dhéanfadh na fags sin maith ar bith dhó. Corruair má bhímse d'uireasa tobac, tugann siad ceann acu dhom. Bhainfinn mo ghaisneas as, ach mo chreach mhaidne, 'sé an tsrathar in áit na diallaite é. B'fhearr liom aon ghail amháin den phíopa ná a bhfuil faoi thalamh an domhain acu