Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

drabhláis (15)

 
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
+
díol 2
Dhá mbeadh cupla cruib eile mhóna agam, chuirfeadh sí go dtí mo dhíol mé. Bhí ní ba mhó drabhláis in mo chuid féin ná a shíl mé
TUILLEADH (1) ▼
Ní leasóidh mé é, mar níl díol a leasaithe agam. Shíl mé go raibh níos mó drabhláis ná sin sa lucht feamainne
 
Shíl mé go raibh ní ba mhó drabhláis ná sin sa ngiota éadaigh sin, agus níor thug mé diomalú ar bith air. An-airdeallach féin a bhí mé dhá ghearradh. Gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh díol an dá ghúna a bheith ann
 
domlas
Ara ná bac leis sin! Chuir sé é féin chun domlais le mná, le ól, le spóirt agus chuile chineál drabhláis as tús a óige, agus níl sé a iarraidh anois ach suaimhneas
+
'Ara muise a ghiolla an drabhláis,' adeireadh an bhean leis, 'dhá mbeadh an teach taobh leatsa is fadó an lá a bheadh an spéir isteach thríd.' Ní thugadh sí sásamh ar bith dhó, ach iarraidh, dhá gcuireadh sé aici ná uaithi. Agus bhíodh airgead óil aige ina dhiaidh sin. Ghoideadh sé beithígh uaithi i ngan fhios agus dhíoladh sé iad
TUILLEADH (5) ▼
Mura n-éirí sé as a chuid drabhláis is gearr gur fear réidh é. Ar ndóigh ní sheasfadh Dúiche na mBl. dó, tá sé chomh caifeach sin. Tá an cheird sin ceart go leor ag an té a bhfeileann sí dhó nach (ach) m'anam nach é a leithide seisean é
Chruinnigh an t-athair go crua críonna é ach caithfidh drabhláis an chliamhain anois é: díol duine uasail de chultachaí éadaigh, ól agus ragairne, isteach is amach Gaillimh chuile phointe. Tá mac Sh. ag baint bearaíochaí maithe dhó (dhe) lena mhótar
Shíl mé go mbeadh ní ba mhó drabhláis in mo ghiota flainín ná a bhí. Ba ghearr le dhul é nuair a bhí drár agus báinín bainte as do Sh. agus do Mh. Ar éigean a bhí díol drár eile d'fhuílleach théis an méid sin
Diabhal mórán drabhláis muise sa tobac ach an oiread leo sin atá tusa a chaitheamh. Meas tú an dtáinig mé leis an dá stoipéad (plug) an tseachtain seo a ghabh thart. Dé hAoine a cheannaigh mé ag an bpinsean iad. Sách sportha a bhí siad san oíche Dé Céadaoin a bhí chugat. I nDomhnach, b'éigean dom "an gaimbín" a fháil théis am dinnéir Déardaoin le mé a thabhairt go hAoine aríst. Níl an drabhlás sa tobac anois mar a bhíodh fadó. Sin nó tá mise ag déanamh éagóir orm féin
Bhí a dhóthain drabhláis sa gcoca murach go ndearnadh plaicín ghabhair i dtosach dó (de). Ar ndóigh ní sheasfadh féar na hairí libhse. Agus a rá ansin mar dhóigh dhe nach raibh aon drabhlás sa gcoca. Chuirfeadh sibh duine thar bharr a chéille, le aird a thabhairt oraibh. 'Sibh a chuirfeadh
+
Ba bheag an bheann a bheadh acu sin ar an saol murach chomh drabhlásach agus a bhí siad fhéin. Bhí siopa ansin thoir ag a n-athair agus níl ní dhár dhealbh an ghrian nach bhfaightheá istigh faoina chaolachaí. Thug sé scoil agus foghlaim dóibh. Bhánaigh sé é féin dhá gcur ag coláistí agus ag ardscoileannaí. Chuaigh siad chun drabhláis: ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin, agus ar aer an tsaoil ó mhaidin go faoithin. Chuimil siad sop na geire dhó, agus chaith siad chuile sciúrtóg dhá raibh ar a fhaltanas. Ach bhí rud ar shon a gcuid drabhláis acu. Nuair a bhí a n-athair de dhroim tí acu, b'éigean an áit a dhíol, agus bhí siadsan ina gcleith uaidh sin amach. Ar chuala tú ariamh é, nuair a stopas an síol stopann an fuirseadh. Bhí siadsan gan pínn gan bonn uaidh sin amach. Ba ghearr gur ag imeacht ag súdaireacht ar fud na G. a bhí siad: duine ar bith a thabharfadh luach pionta dóibh. Bhí sipín beag ag M. thíos i bP. an Ch., ach ba ghearr a bhain sé as. Ní raibh a fhios cé acu den bheirt — é féin nó a bhean – ba dhrabhlásaí a bhí. Ar ndóigh mo léan chuaigh sé i gcuingir leis an gceann ceart — iníon L. Uí C.
TUILLEADH (2) ▼
Nár chuala tú an sagart ag cur síos ar an mac drabhlásach siúd a bhí ann fadó nach ngéillfeadh do chomhairle athar ná máthar gur ghread leis. Nuair a bhí a chuid caite aige, bhí sé in ainriocht. Bhí sé ag tabhairt aire do mhuca, agus bhíodh an oiread sin ocrais air agus go gcaitheadh sé cromadh síos ar a dhá ghlúin agus a dhul ag smailceadh cosamar na muc. Dheamhan leath an chirt a bhí leis nár fhan san áit a raibh sé i mbun a sháithe. Tháinig sé abhaile aríst ina bhromachán bliana, ach dá mba mise an t-athair, is fada uaim amach a choinneodh sé. Meas tú an ligfinn isteach in mo theach é? Dheamhan é muis dá gcuireadh sé a bhundún amach … Ach níor éiligh sé imeacht aríst. Fuair sé luach a chuid drabhláis. Múineann an saol duine
Lig sí a clann fré chéile chun drabhláis, ach d'éireodh di. Ní raibh aon cheann ar an bhfeadhain acu ba drabhlásaí ná í féin
 
Gabhfaidh sé chun drabhláis ar fad má ghníonn tú sin leis. Nach mb'fhearr dhuit cead a chinn a ligean leis faoi láthair go bhfeice tú leat