Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

droichid (11)

 
de
Bhí an mhuintir taobh thiar d'abhainn ina ngamal an uair sin d'uireasa droichid. Ní raibh acu ach a dhul an chora
 
deamhan 1
Dheamhan go dtí ceann an bhóithrín ansin thíos ann. Tá a fhios agat coirnéal an Droichid Mhóir. Casadh ar thaobh do chiotóige ansin, agus beidh tú ann faoi cheann cúig nóiméad
 
Téirigh trasna an droichid agus feicfidh tú é ar thaobh do dheasóige. Níl aon ghair agat a dhul amú air. Má théann tú trasna an droichid agus do dhá shúil a choinneáil feannta, buailfidh tú isteach ar an smaois é (siúlfaidh tú suas díreach chuige)
 
Dhírigh an póilí a chána uaidh síos ar dhream a bhí ligthe isteach ar shúil an droichid. Dar liom féin go raibh amhras aige gurb iad a rinne an bualadh. Ach níorbh iad, arae 'sé sin an fáth, bhí mise ar bhall na háite
 
Chuaigh siad siar oíche ag dolaíocht ar abhainn Ch. Bhí eangach an-mhór go deo acu. Níl a fhios cén dol a thug siad leo an oíche sin. Deir siad nach taobh le chúig nó sé de chéadta a bhí siad … Ar ndóigh dhá mbeirtí orthu gheobhaidís fruisín, ach níor rugthas. Mo ghrá iad. Bheadh ciall ina leithidí seachas an dream atá thart anseo nach ligfeadh an faitíos dóibh breathnú síos thar shlat an droichid aimsir síolraithe
+
Beairic an Droichid Bhig (bhí beairic ag seanphóilíos Shasana in aice an Droichid Bhig in Gaillimh. Doiminick St. Barracks a thugtaí air i mBéarla sílim)
TUILLEADH (4) ▼
An Droichead nó Baile an Droichid a thugtar go minic ar shráidbhaile an Spidéil
Bhí sé istigh faoi shúil an droichid
Ina sheasamh faoi shúil bheag an droichid a bhí sé
Bhí a uillinn ligthe isteach ar shlat an droichid aige
 
Leagadh é ar an droichidín dromannach atá thuas ag tigh T. B. Tá a fhios agat an droichidín siúd. Is maith a chuaigh sé nár buaileadh faoi shlat an droichid é. Dhá mbuailtí, ní bheadh sé chomh saor aige, ná baol air (droichead dromannach: droichead a mbeadh alt nó airdín ina lár)