Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

rún (50+)

+
Chuaigh sé amach go doras fearacht is dhá mbeadh rún aige a bhualadh ach d'fhill sé aríst
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag tarraingt chloch le seachtain, fearacht is dhá mbeadh rún aige cró eile a dhéanamh ansiúd
+
fios
Ní raibh fios rúin ná soiscéil agam (céard a bhí sé a dhéanamh); ní raibh fios rúin ná broscair agam; ní raibh fios rúin ná broscáin agam; ní raibh fios rúin ná mioscais agam; ní raibh fios brú(n) ná broscáin agam; ní raibh fios ar bith agam — níor chuimhnigh mé amháin srl. Tá na leagain seo ann ar fad
TUILLEADH (5) ▼
Ní raibh fios rúin ná soiscéil agamsa cé a bhí ann, ach gur bhuail sé isteach chugam agus gur dhúirt sé gur thusa a chuir chugam é
Cén chaoi a mbeadh fios rúin ná broscair agamsa faoi t'asal. Ar ndóigh ní mise a bhain dó. Téirigh ar a thuairisc más breá leat
Dhá mbeadh fios rúin ná broscáin aige gur mise an chéad bhall a d'fheicfeadh sé roimhe, is mór m'amhras a dtiocfadh sé isteach
Go gcuire Dia an t-ádh ort agus lig dhom. Níl fios rúin ná mioscais agamsa faoi fhéin ná faoina chuid cúrsaí. Muise nach aisteach an cleite comhrá a tharraing tú chugam i mbrollach an lae?
Ní bhfuair mise fios rúin ná soiscéil ar an troid luath ná mall. Tusa an chéad duine a chaintigh liom uirthi
 
féar
Dar fia muis, d'inis tú do rún don fhear cheart. Ní ligfidh sé sin do mhórán féir fás faoina chosa go gcuire sé seoladh faoi. Ní chasfadh duine ar bith leat is craobhscaoiltí
 
Ní chainteoinn ar thada i láthair Sh. Tá sé róbhéalráiteach. M'anam más leat do rún a ligean le duine nach mór dhó caomhúint eicínt a bheith ann, agus sin rud muise nach bhfuil i Seán.
 
Dhá mbeadh a fhios agam go gcoireodh sí orm mar sin, ní chuirfinn chuici ná uaithi, ach dheamhan fios rúin ná soiscéil a bhí agam gur duine den tsórt sin í.
 
Is cosúil go bhfuil rún aige pósadh mar sin.
 
Is beag an cuntanós atá le fáil uaidh siúd, deirimse leat. Shílfeá gur mó an rún a bheadh aige duine a ionsaí go mór, dhá gceapadh sé go bhfaigheadh sé an ceann is fhearr air.
 
Ba tútach an rud dó thú a thabhairt síos mura raibh sé de rún aige thú a thabhairt aníos aríst. Marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile, mar adeir an ceann eile.
 
baile
An bhfuil sé de rún ag duine ar bith fanacht ag baile inniu?
+
bannaí 1
Más é a bhí i mbannaí ar Mhícheáilín, caithfidh sé díol a dhéanamh anois agus sin é fhéin an drochdhíolaí. Dheamhan níos measa sa tír. Ní bheadh aon rún aige scaradh le pínn ar bith dhá bhféadadh a chroí é.
TUILLEADH (1) ▼
Más scéal rúin é, ná fág i gcleithiúnas bannaí béil é. B'fhearr dhuit gan trácht beag ná mór air, le aon duine, arae an té a shílfeá an chaomhúint fhéin a bheith ann, ní bhíonn.
+
beo 1
D'éirigh sé suas beo drochmhúinte agus rún aige a raibh sa teach a chaitheamh amach.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí rún aige gan aon iall bheo a fhágáil i Seáinín murach an chaoi ar éirigh le M. T. G. é a tharrtháil air.
 
bocht 2
Is mairg a ligfeadh a rún le bocht ná nocht. Ar chuala tú ariamh é: is mairg a ligfeadh a rún le bun an chlaí go seasadh sé ar a bharr.
 
Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis an seanbhollaire sin thíos ag gleo agus ag glaomaireacht thiar sa seomra. Séard a bhí le déanamh leis, an tsráid amach a thabhairt dó agus a smut a bhriseadh, dhá mbeadh rún aige fanacht den bhuíochas.
 
ainm
Céard atá de rún agaibh a dhéanamh anois in ainm Dé.
 
Mura bhfuil sé de rún agat aireachas a dhéanamh orthub (ar na beithígh) éirigh astub agus déanfaidh duine eicínt eile é
 
fearg
Bhí rún aige a dhul ag íoc (ag ídiú) a chuid feirge ormsa agus gan mé ag cur chuige ná uaidh
 
fiolla
Shílfeá gur rún atá agaibh fiolla a dhéanamh dhíomsa anois mar a rinne sibh den fhear ar ball. Mo choinsias is dar m'anam muis, go mbeidh a leath fúibh fhéin mura lige sibh domsa
 
flaisc
Má tá an méid sin fuisce i bhfocal acu, tá sé de rún acu an-fhlaisc den tsaol a dhéanamh. Beidh sí ina Bainis Pheige Ní Eara
 
fonn
'Sé an rún a bhí ag N. stave foinn a rá murach gur bacadh é. An bhfaca tú tórramh ar bith ariamh nach mbeadh sé ag iarraidh a dhul ar na hamhráin? Má chonaic muis, ba tórramh ghortach í
 
Tuilleadh diabhail aige. Breá nach raibh foscadh ann agus a bhéal a choinneáil ar a chéile. Ní scéal rúin é ó bheidh a fhios ag triúr é. Má bhíonn aon chás ag duine ina scéal, ná ligeadh sé lena dheasláimh é. Is fada le daoine go bhfaighe siad slí chainte
 
Ní raibh rún ar bith aige ach achrann a fhuagairt orm
 
fás 2
Dhá phunt! An rún atá agat a bheith ag magadh fúm? Ag ceapadh go scarfainn leis ar dhá phunt! Nach bog a d'fhás an craiceann orm más fíor dhuit fhéin!
 
imigh
Níl aon rún imeachta aige
 
Cén neart a bhí aige air. Chuaigh an fhoighid ó stuaim air agus bhuail sé snaidhm ar an seanfhear. Ní raibh rún ar bith aige é a mharú, ach mharaigh ina dhiaidh sin
 
Deir sí gur bhain sé as a hainm í. M'anam go sílim go bhfuil rún aici fáscadh air, agus airgead a bhaint dó
 
Chonaic mise forchosán ariamh ansin ag muintir an leathbhaile thoir nuair a bheidís ag feamnú as a gcuid fhéin den chladach. Bhíodh cead acu an bhearna sin atá le Garraí an Chladaigh aige a leagan amach ar an duirling. Is cosúil go bhfuil rún aige seo a gcoinneáil as, má fhéadann sé. Is groí an scéal é má fhéadann agus iad ag dul ariamh ann
 
dairt
T. Sh. a bhí bonn ar aon leis, a bhuail de dhairt é. Bhí mé féin ag cinnireacht an chapaill ina ndiaidh aniar. Fios rúin ná soiscéil ní raibh agam féin, go raibh sé i ngreim muiníl ionam. An faitíos is mó a bhí orm go scéinfeadh an capall. Murach sin, dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh sé ag míoladóireacht go maidin liom. Bhí foghairt ina shúil a mhic ó mo chroí thú. Is maith an scéal gur beag é a dhícheall. Ná bac le go gcreidfeadh sé nach mise a chaith an dairt. Ba bheag an baol air
 
danra
Séard a bhí agat a dhéanamh, má tá rún agat bualadh faoin riasc siúd, na cliamhaineachaí móra atá ansin thiar agat a thabhairt aniar go ceann seachtaine agus neart mairteola a thabhairt dóibh. Tá an talamh siúd chomh danra agus nach gcuirfidh duine ar bith é ach fir urrúnta a bhfuil smior iontu. Maidir le duine dona mar thusa a dhul ag plé leis, is beag é t'fhoghail air
 
daor 1
Nach daor a lean sé thú faoin gcarr. Dhá phunt as seo go G. Rún a bhí aige thú a bhánú — sea sin
+
Ní raibh aon dea-rún agat ariamh, ní áirím anois − fonn mísce a bhí ort ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Ní le dea-rún ar bith a casadh an l. sin aniar inniu. Cuirfidh sé cloch báiteach sa mbaithis ag duine eicínt roimh thráthnóna. Is air nach bhfuil an mhoill
Tá rún aige rud eicínt a dhéanamh agus ní hé an dea-rún é nó d'athraigh sé. Tá an diabhal croite air sin
+
Chuala mé caint orthu — na deachmaí atá tú ag rá. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nár híocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Don teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a sheanathair go raibh siad dhá gcruinneáil thiar anseo uair ar Dhúiche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún acu a mbaint amach den bhuíochas. Chruinnigh tír is talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce acu. Chuala an sagart a bhí anseo thiar é. Níl a fhios agam cén sagart a bhí ann san am. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaigh sé chun cainte lena póilíos agus lena báillí. Murach go ndearna sé eadarascán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na háite líofa ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóibh nó nár mhaith, ach níor tógadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tógadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tógadh nó is nár tógadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad lena chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó bhí seanathair Sh. Mh. A. ina mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis
TUILLEADH (1) ▼
Tá an scéal sin Mac Rí na nDeachman ag S. Ó B. Bhí sé dhá inseacht an oíche cheana thíos tigh na S. ach thosaigh P. ag sáraíocht air sula raibh mórán bail aige air, agus i ndar liom féin, gur mó an rún a bhí acu as a dheireadh a dhul ag bualadh cnigíní ar a chéile. Níl cuibhiúlacht ar bith in P. má bhíonn duine ar bith ann a mbeith a fhios aige dadaí, bíonn sé ar an mbrúisciúlacht sin. Measann sé gurb aige féin atá gach údar. Más leat an scéal a chloisteáil buail soir ag an teach ag S. féin, agus inseoidh sé duit é
 
Mura ndealaí tú leat anois a ghrabairín, beidh scéal agat air. Is deas iad do bhéasa. Ag iarraidh bior dearg a chur síos le mo dhroim. Rún atá agat mo bhruith agus mo loscadh. Chonaic mise gasúir ábhailleacha go minic ach ag an diabhal go raibh sibhse — crosaim aríst sibh! — sháraigh sibh a bhfaca mé ariamh
 
dealg
Ó tá an dealg sáite acu inti anois, níl aon rún acu an Gearmánach a ligean uathu gan céir a fhágáil air. Déanfaidh siad é freisin, feicfidh tú féin. Go lá speirthe na gcat aríst, ní bheidh aon smeámh ann. Is mór an feall muis. Murach a raibh ina aghaidh thabharfadh sé siúd cnáimh le crinneadh dóibh. D'fhága sé cnead iontu mar a bhí sé
+
Deasaigh amach uaim a bhleitheach mhóir, nó an rún atá agat suí orm uileag
TUILLEADH (1) ▼
Deasaigh suas sa leaba. An rún atá agat mise a chur ar an talamh?
 
Breá ar chuir sé caoi ar an teach agus ar chuir sé foireann nua isteach murach go raibh rún pósta aige. B'fhurasta a aithinte é. Ní bhíonn deatach ar bith gan tine bíodh a fhios agat. Is beag an mhaith dhó a bheith dhá shéanadh anois. Ní phósfadh aon bhean é: sin é a bhí air
+
Bhí sé ag imeacht ag mungailt faoina fhiacail, agus ag gearán go neamhaí, agus hob ann agus hob as aige. D'éirigh mé féin faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Mura bhfuil rún agat a thabhairt uait,' arsa mise, 'coinnigh é,' agus amach liom an doras
TUILLEADH (1) ▼
Tá rún pósta aige faoi dheireadh thiar! M'anam nach miste dhó sin ach oiread! Is fadó an lá ó dúradh gur mhac é
 
deis
Ní mórán de dheis a d'éirigh liom air, ach an méid sin féin, d'inis mé dhó é. Is dona a thaitnigh sé leis ach oiread. Rún a bhí aige shílfeá, rá liom aire a thabhairt do mo ghnaithe féin: gur beag a bhain a ghnaithe seisean dom