Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

rún (42)

 
Dháiríre píre an bhfuil rún agad a dhul ann. Dar mo chúis (cubhais) gabhfaidh mé in éindigh leat maran ag magadh atá tú
 
dairt
T. Sh. a bhí bonn ar aon leis, a bhuail de dhairt é. Bhí mé féin ag cinnireacht an chapaill in a ndiaidh aniar. Fios rúin ná soiscéil, ní raibh agham féin, go raibh sé ingreim muiníl ionnam. An faitíos is mó a bhí orm go scéinfeadh an capall. Marach sin dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh sé ag míoladóireacht go maidin liom. Bhí fabhairt in a shúil a mhic ó mo chroidhe thú. Is maith an scéal gur beag é a dhicheall. Ná bac le go gcreidfeadh sé nach mise a chaith an dairt. Ba bheag an baoghal air
 
danra
Séard a bhí agad a dhéanamh má tá rún agad bualadh faoi'n riasc siúd na cliamhanachaí móra atá annsin thiar agad a thabhairt aniar go ceann seachtaine agus neart mairtfheola a thabhairt dóibh. Tá an talamh siúd cho dan(d)ra agus nach gcuirfidh duine ar bith é ach fir urradhanta a bhfuil smior ionnta. Maidir le duine dona mar thusa a dhul ag plé leis, is beag é t'fhoghail air
 
daor 1
Nach daor a lean sé thú faoi'n gcarr. Dhá phunt as seo go G. Rún a bhí aige thú a bhánú — 'seadh sin
+
Chuala mé caint orra — na deachmaí atá tú ag rádh. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nar h-íocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Do'n teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a shean-athair go raibh siad ghá gcruinneál thiar annseo uair ar Dhúithche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún aca a mbaint amach de'n bhuidheachas. Chruinnigh tír agus talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce aca. Chuala an sagart a bhí annseo thiar é. Níl fhios agam cé'n sagart a bhí ann ins an ám. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaidh sé 'un cainte lena póilíos agus lena báillí. Marach go ndearna sé eadarscán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na h-áite líomhtha ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóib, nó nar mhaith, ach níor tóigeadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tóigeadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tóigeadh nó's nar tóigeadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad len a chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó a bhí sean-athair Sh. Mh. A. in a mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis
TUILLEADH (1) ▼
Tá an scéal sin Mac Rí na nDeachmann ag S. Ó. B. Bhí sé dhá innseacht an oíche cheana thíos tigh na S. ach thoisigh P. ag sáruigheacht air sul a raibh mórán bail aige air, agus indar liom féin gur mó an rún a bhí aca as a dheireadh, a dhul ag bualadh crigíní ar a chéile. Níl cuí(bh)eamhlacht ar bith in P. má bhíonn duine ar bith ann a mbeith a fhios aige dadaí, bíonn sé ar an mbrúisceamhlacht sin. Measann sé gurb aige féin atá gach údar. Má's leat an scéal a chloisteáil buail soir ag an teach ag S. féin, agus innseochaidh sé duit é
 
Mara ndealuighidh tú leat anois a ghrabairín, beidh scéal agad air. Is deas iad do bhéasa. Ag iarraidh bior dearg a chur síos le mo dhruím. Rún atá agad mo bhruith agus mo loscadh. Chonnaic mise gasúir ámhuilleacha go minic ach ag an Diabhal go raibh sibse — croisim aríst sib! — sháruigh sib a bhfaca mé ariamh
 
dealg
Ó tá an dealg sáithte aca innte anois, níl aon-rún aca an Gearmánach a leigean uatha gan céir a fhágáil air. Déanfaidh siad é freisin, feicfidh tú féin. Go lá speirthe na gcut aríst, ní bheidh aon-smeámh ann. Is mór an feall muis. Marach a raibh in a aghaidh thiubharfadh sé siúd cnáimh le creinneadh dóibh. D'fhága sé cnead ionnta mar a bhí sé
 
Tá rún siúbhlóide aige seo amach anocht agus an déanamh suas atá air. Feicim an aos óg anois cho gléasta trathnóna de'n tseachtain agus a bheidís Dé Domhnaigh
 
Tá rún aige rud eicínt a dhéanamh agus ní hé an deárún é nó d'athraigh sé. Tá an diabhal craithte air sin
+
Deasuigh amach uaim a bhleitheach mhóir, nó an rún atá agad suidhe orm uiliog
TUILLEADH (1) ▼
Deasuigh suas ins an leabaidh. An rún atá agad mise a chur ar an talamh?
 
Breagh ar chuir sé caoi ar an teach agus ar chuir sé fuireann nuadh isteach marach go raibh rún pósta aige. B'fhurasta aithinte é. Ní bhíonn deatach ar bith gan teine, bíodh a fhios agad. Is beag an mhaith dhó a bheith dhá shéanadh anois. Ní phósfadh aon-bhean é: sin é a bhí air
+
Bhí sé ag imeacht ag mungailt faoin a fhiacail, agus ag giorán (gearán) go neámhaí, agus thob ann agus thob as aige. D'eirigh mé féin faoi dheireadh agus faoi dhó. "Mara bhfuil rún agad a thabhairt uait" arsa mise, "coinnigh é," agus amach liom an dorus
TUILLEADH (1) ▼
Tá rún pósta aige faoi dheireadh thiar! M'anam nach miste dhó sin ach oiread! Is fadó an lá ó dubhradh gur mhac é
+
deis
Ní mórán de dheis ad'eirigh liom air, ach an méid sin féin, d'innis mé dhó é. Is dona a thaithnigh sé leis ach oiread. Rún a bhí aige shílfeá, rádh liom aire a thabhairt do mo ghna féin: gur beag a bhain a ghna-seisean dom
TUILLEADH (1) ▼
Má bhí rún aige a dhul ag troid ba dona an deis a chuir sé air féin. Breagh nachar bhain sé anuas an "seaicéad", agus na muinchillí a chrapadh mar a rinne a leithide ariamh
 
deo
Meastú nach bhfuil rún aige a choinneál go deo? 'Sé' a chosamhlacht go bhfuil
+
diaidh
Bhuail faitíos mé leis an gcaoi a raibh sé dhá chur indiaidh a chúil, gur rún a bhí aige é a leagan ar shlatrachaí a dhroma ins an teine
TUILLEADH (2) ▼
Chuir sé tuiric ionnam, agus caitheadh indiaidh mo mhullaigh mé isteach i dtom neanntóg atá ar cholbh an bhóthair ann. Bruitheadh agus loisceadh mé ceart críochnuighthe. Bhí sé ag faire ariamh, nó gur tháinic sé fúm gan aireachtáil, agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Beidh a shliocht air: ní ghabhfaidh leis. Tiubharfaidh mise an buille feill dó-san, agus gan cuimne ar bith aige air
Breathnuigh in a dhiaidh sin, nó mara bhfuil mise ag dul amú go mór, is fear é a bhfuil rún aige droch-chor a thabhairt dhó féin = tabhair aire dhó; bí ins an áirdeall air
 
Diabhal a cos siúd a fhillfeas chuige nó go ndéanaidh Dia Diarmuid dó. Tá baoghal uirre go deimhin! Dhá mbeadh rún aice a theacht ar ais, ní imeochadh sí ariamh
 
Tá rún aige díoghaltas a bhaint amach nó is cinneamhaint air [é]. Siúd é an diabhlánach céadna nach leigfidh tada le aonduine. Is mian leis an buille deireadh a bheith aige féin i gcomhnuí
 
Ní féidir gur sa díomhaontas atá tú aríst. Cheal nach dtóróchthá obair? Tá neart oibre ar fud na tíre má tá rún agad a déanamh
 
Thosuigh sé ag díriú orm. D'aithin mé ar an bpuínte air go raibh rún aige mé a dhonú (Díriú orm = i gcásanna den tsórt seo cialluigheann sé gur chuir duine gothadh achrainn air féin le duine eile)
 
Tá dlighteanas mór amuigh ag Ameriocá ar Shasana ach measaim nach bhfuil aon-rún ag Sasana a íoc. Tá siad ag dul anonn agus anall leis an scéal ó bhí an cogadh ann (cogadh 1914) agus dhá chur ar an méir fhada i gcomhnuí. Sin páirt de ghleacuidheacht Shasana. Tá na fir is "smeartáilte" (smart) faoi'n domhan innte agus níl aon-mhaith d'aonduine a athrú a rádh
 
dlús
Tá rún agam dlús a chur le cuid mhaith den rud sin fhéin a dhéanamh amach annseo. Beidh mé ag stócáil, agus ag cur na leacrachaí sin soir ar an mbealach i leabaidh a chéile. Is mór an úais iad annsin
 
dlúth 1
Bhí sé sin de dhlúth agus d'inneach ionnta go tóin. B'uathbhás é a sean-athair M. M. Fuair sé gamhainín le M. G., baintreach a bhí 'sa teach a bhfuil T. Ó. C. anois ann, fuair sé é istigh i ngarrdha fataí leis thuas imbárr an bhaile uair. Ba bheag a bhí foghluighthe ag an ngamhainín. D'fhága sé annsin é agus tháinic sé anuas go teach de mhaol a mhainge go bhfuair sé láighe agus píce agus téad. Chreidim gur rún a bhí aige a chrochadh leis an téid, dhá gcinneadh sé air leis an láighe agus leis an bpíce. Cé'n bhrigh ach chuaidh sé suas agus anuas thar teach na baintrighe gan caidéis ar bith a chur uirre. Ghiorruigh sé leis an ngamhainín ar aon-chor agus d'fheann sé é, agus d'arduigh sé leis anuas an craiceann. Ag teacht anuas thar teach na baintrighe dhó d'fhuagair sé uirre: "Gabh suas agus cuir do ghamhain" adeir sé. "Thug mise an craiceann liom in omós foghla".
 
dochar
Má tá rún aige aon-dochar a dhéanamh, ní racha leis
 
Má fheiceann tú aon-rún aice a dhul ar dhodaighil, ceangail scóthach a driobaill dá h-ioscaid, agus feicfidh tú féin air go bhfuighidh tú bainne uaithe mar sin. Sin é a ghníos muid féin léithe ach ní bhfuair muid anró ar bith uaithe le fada
 
dóigh 1
An rún atá agaibh dóigh a dhéanamh dhíom = díol magaidh
 
Is gearr an t-achar é as seo go B. Chuaidh mé síos leis an gcarr ann. Cheannuigh mé trí folaigh coirce le' aghaidh síl. Thiubharfá an leabhar go mbadh é an chéad-scoth é, agus badh é freisin. Ach lá dubh-fhliuch a bhí ann agus mé ag teacht abhaile leis 'sa gcarr. Faoi cheann trí nó ceathair de laetheantaí, bhreathnuigh mé air agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Nár fhágaidh mé seo mara raibh sé 'tosuighe ag dreoghchan. Fhobair go gcaillfí mé leis an gcantal
 
droim
Tá an lá ag dul thar druim agus gan an mhaith dhá déanamh. Nach breagh nach meabhrochthá dhó cé'n mheanmna a chas anoir muid. Nó an bhfuil fút é a fhágáil mar sin. Mara gcuiridh muid bealadh faoi na h-ioscadaí, beidh an dubh ar an oíche shul a bhéas muid ins an mbaile, agus cuímnigh go gcaithfidh mise freastal do bheithidhigh fós anocht. Mar sin má tá rún agad an scéal a thionnscailt, déan as láimh é gan níos mó deireannais a leigean ort féin
 
Chloisinn T. ag cur caoi fadó ar fhear a marbhuigheadh annsin. Fear a bhí ag déanamh aithgiorra thrí na páirceanna, a bhí ann. Bhí uaisle eicínt amuigh le caiple rása timcheall an tighe mhóir annsiúd. Dhá múineadh le h-aghaidh rástaí a bhí siad chreidim. Rinne duine aca anonn caol díreach ar an bhfear bocht a bhí ag dul treasna. Dheamhan fios rúin ná soiscéil a bhí ag mo dhuine bocht. Ná raibh ann nach gcuireann an duine uasal an capall in a mhullach agus choinnigh sé an capall ag talltú air nó gur mharbhuigh sí é. Tabhair thusa marbhú druimnochttha ar sin. 'Sé a bhí druimnochttha. Amuigh ar lom na páirce. "Murder" a bhí ann — ní tada eile. Bhí an dlí ar fad aca fhéin an uair sin. Cho uain agus a mhair an sean-Bh. dhá bhfeiceadh sé duine ar a chuid talmhana nach scaoileadh sé faoi leis an ngunna.
 
M'anam muis má tá rún aige dubh ní a dhéanamh air féin go bhfuighidh sé cuid mhaith ar an mbaile sin a bhealós an rópa dó (le é féin a chrochadh) mar nach fearr leo ina measg é
 
dúd
Bhí sé seo thíos líomhtha a dhul ag cur an fhás fuinseoige in a dhúd, faoi nach dtóigfeadh sé an beitheach. Diabhal ceo de'n cheart nach mbeadh aige leis freisin. Breagh ar shaluigh sé í, mara raibh rún aige a coinneál
 
Rug sé ingreim dúdáin orm agus bhí rún aige mé a choigilt faoi ar an mbord, marach Seán a strachail dhíom é. Sin é a fhaisean i gcomhnaí: a dhul ins an bpíobán ag duine
 
duine
Dubhairt duine eicínt liom go raibh rún agad imeacht
 
dún
'Sé'n rún a bhí aige, meireach gur fuagruigheadh dlí air, an chlaise srotha a dhúnadh, agus gan bealach amach ar bith a fhágáil ag uisce na talmhana se'againne. Sin é an buachaill báire
 
Is diabhaltaí má tá sí cho dúnárusach sin gur innis sí do Bh. go raibh sí ag dul ag pósadh. 'Sí B. a d'innis domsa é, agus do chuid mhaith liom. Ar an dá luath agus a bhfuair sí sin leide air, is uirre nach raibh an mhoill dhá scaipeadh. Bhí sé ibhfad agus ingearr aice trathnóna. Sé an biadán sin a buac. Cheapfá go mbeadh an ceann eile níos aigeanta ná a dhul ag leigint a rúin len a leithide sin, má bhí cás ar bith aice faoi. Agus bhí, mar bhí sí ag cur a craicinn di dhá shéanadh le 'chuile dhuine faoi cheann cupla lá. Bhí an cleamhnas de dhruim seoil an uair sin. 'Ar ndú níor neartuigh an ceann eile ar a maidí chor ar bith go bhfuair sí léireachan ar an méid sin
 
Ní raibh rún ar bith aige a dhul 'nan aonaigh, marach gur mheall an ceann eile ann é. Ba dona a chuaidh an t-aonach dó. Fuair sé lascadh cho mór sin agus nachar ól sé aon-deor bhainne sláinte ó shoin. Níl a fhios ag duine cá mbíonn a leas ná a aimhleas
 
Chuaidh mé go h-aonach agus gan rún ar bith agam a dhul ann