aiféala
—tá chúig bhealach ann le rá go bhfuil aiféala ort nó go dtagann sé ort: 1. Tháinig aiféala air; 2. Bhuail aiféala é; 3. Tá sé faoi aiféala; 4. Tá sé in aiféala; 5. Bhain aiféala dó
—
doilíos; carghas faoi éagóir, nó faoi rud a rá nó a dhéanamh nár cheart do dhuine.
a.
+–
Tá aiféala orm faoi — tá carghas orm faoi rud eicínt adúirt mé nó a rinne mé
Is mairg dhuit aiféala a bheith ort faoin méidín sin.
TUILLEADH (13) ▼
Bhí a dhóthain (a sháith, a dhíol, lán a chruite, lán a chraicinn srl.) aiféala air aríst, nuair a chuimhnigh sé air féin.
Níl an oiread aiféala air agus ba cheart dó
Is beag an dochar dhuit aiféala a bheith ort agus an rud adúirt tú léithe.
Ní raibh an oiread aiféala ariamh orm agus a bhí orm an uair chéanna faoi shiléig a ligean in mo ghnaithí.
Dheamhan aiféala ná cuid dhá aiféala air siúd.
Aiféala orm nó dhíom, dhéanfainn aríst é.
Níl a dhath (pioc srl.) aiféala orm go ndeachaigh mé go Meiriceá. Is mó go mór an t-aiféala a bheadh orm dhá bhfanainn as.
Ná habair drúcht ná báisteach leob ar fhaitíos go mbeadh aiféala ort — ná habair a dhath leob ar fhaitíos do bhuailte.
Ná bac le aiféala air siúd! — is beag an baol air aiféala a bheith air
Is fada uaidh sin aiféala a bheith air — níl baol ar bith air aiféala a bheith air.
Bhí sé ag ligean aiféala air fhéin, ach ní óna chroí é.
Dheamhan aiféala a bheadh ar siúd dá mbriseadh sé a raibh de ghréithe in do theach, ní áirím muigín.
Aon chás amháin duit aiféala ort nó dhíot ó tá an millteanas déanta
+–
Tháinig aiféala orm aríst faoina rá léithe.
Is beag aiféala a tháinig air.
TUILLEADH (2) ▼
Tháinig lán a chraicinn d'aiféala air faoi chaitheamh na gcloch.
Tá sé luath go leor dhuit aiféala a theacht ort nuair a gheobhas tú a údar
+–
Bhuail aiféala aríst é nuair ba léir dhó céard a rinne sé. (bhuail an focal is coitianta faoi Chonamara nuair a tráchtar ar aiféala, olc, fearg, faitíos srl., ach go dtagann sé i gceist ann go dtáinig an rud roinnt tobann)
"Bhuail aiféala mo chéad searc agus d'éalaigh sí uaim abhaile" (sliocht as Cuaichín Ghleanntáin Éifinn)
TUILLEADH (3) ▼
Léar (de réir) mar bhuail an t-aiféala é, tháinig sé ina fhaitíos air.
Bhuail daol aiféala é ar an dá luath is a raibh an marú déanta aige.
Cén t-údar go mbuailfeadh aiféala thú (go dtiocfadh aiféala ort srl.) mura raibh aon láimh agat ann — cén fáth go mbeadh aiféala ag teacht ort mura raibh tú páirteach sa rud
+–
Bhain aiféala dó aríst — tháinig aiféala air aríst
Bhain aiféala dom nuair a chonaic mé an bhail a bhí air.
TUILLEADH (4) ▼
Thuill sé uaim é, ach má thuill agus gur thuill (má thuill fhéin), bhain aiféala dom aríst faoina bhualadh — bhí an bualadh tuillte aige uaim, ach mar sin fhéin tháinig aiféala orm faoina bhualadh.
Ná baineadh aiféala ar bith dhuit. Ní bhfuair sé ach an méid a thuill sé uait.
Bhain aiféala dó nuair a chuala sé gur chuir sé easna as áit ann
Ná baineadh aiféala ar bith duit mar níl a údar agat.
·
Dhá mbeadh coinsias ar bith ann, chuirfeadh sé aiféala air, ach níl ná a leithide.
Dheamhan lá aiféala a chuirfeadh sé air dá ndéanadh sé ciseach (cis ar easair, béal in airde srl.) de do chuid fré chéile
+–
Lig de do chuid aiféala. Níl aon mhaith sa seanchas nuair a bhíonns an anachain déanta.
Is suarach an cúiteamh dhomsa do chuid aiféala — adéarfadh duine leat a gcuirfeá rud as dó, agus a gcásófá leis é
TUILLEADH (6) ▼
Is beag an tsomhaoine (an éadáil, an áirge, an mhaith srl.) domsa do chuid aiféala — déarfadh duine é seo agus duine a raibh millteanas déanta aige air dhá chásamh leis
Tá mé in amhras nach gcuirfidh do chuid aiféala aon aithne ort an chéad uair eile (adéarfá le duine adéarfadh go raibh aiféala air faoi rud eicínt a rinne sé (aithne = bacainn, guaim) agus go raibh sé chomh dóichíde dhó a dhéanamh aríst)
Níl do chuid aiféala ach ina tús — greamóidh an aiféala dhuit faoi rud eicínt a rinne tú, nó adúirt tú, agus go mb'fhearr leat gan a dhéanamh ina dhiaidh sin
Ní bhodhróidh do chuid aiféala mo phian — adúirt duine leis an té a bhuail cniogaide air
Ní fhuaróidh mo phian le do chuidse aiféala — in Iar Chonnacht agus in iarthar Chonamara déarfaí mo chuidse talún srl. ach i gCois Fharraige mo chuid talúnsa.
Is beag an mhaith do chuid aiféala anois. Ba bheag an lua dhuit ligean dom nuair adúirt mé leat é — duine a ghortaigh duine eile le ealaín agus a bhí in aiféala faoi. Níl aon mhaith san aiféala agus mé gortaithe. Dá ligteá dhom nuair adúirt mé leat e, bheadh malrait scéil ann
+–
D'imigh an t-aiféala dhe aríst
Níor fhága an t-aiféala smid aige — ní raibh smid aige le aiféala
TUILLEADH (13) ▼
Caith thart í mar aiféala. Ní leigheasfaidh sí a bhfuil déanta anois.
Ó tá sé déanta agus go bhfuil, ní leigheasfaidh aiféala é.
An rud atá déanta, tá sé déanta, agus níl aon mhaith aiféala a bheith faoi.
Má bhuail sé fhéin níor mharaigh aiféala é ina dhiaidh (i ndiaidh an bhuailte)
Ní cúrsaí aiféala ach cúrsaí cúiteamh anois é (adéarfadh duine leat a bheadh ag iarraidh cúitithe ort faoi rud eicínt a chuir tú as dó agus a chásaigh tú leis)
Is mó aiféala mé féin ná thusa faoi.
Dhá mbeadh aon trua istigh ina chroí do chréatúr, ba mhór í a aiféala fúm, ach níl
Dhá mhéid aiféala é, má b'fhíor dó féin, is maith nár thairg sé roth nua a cheannacht dhuit — duine a bhris roth rothair ar dhuine eile
B'fhada amach óna chroí an aiféala sin — ní ón gcroí a tháinig a chuid aiféala; ní aiféala dháiríre a bhí air
Cén chall aiféala atá dhuit?; cén chruóg aiféala sin ort (atá dhuit) — cén fáth go mbeadh aiféala ort mar níl a údar agat
Cén t-údar (cén t-ábhar, cén fáth) aiféala atá agat.
'Sé fáth m'aiféala, nach bhféadfainn a dhul chomh fada leat agus thú i dteannta
Murach do chuid staince fhéin, ní bheadh aon chall aiféala dhuit
+–
Tá sé faoi aiféala as ucht a dhéanamh — in aiféala; aiféala air
Beidh tú faoi aiféala má thugann tú an tuairt sin ort fhéin a leithide d'oíche
TUILLEADH (7) ▼
Seachain a mbeifeá faoi aiféala aríst — chuirfí an aithne seo ar dhuine agus é ar hob rud eicínt a dhéanamh nach raibh a fhios go barainneach céard a thiocfadh dhá bharr
Má tá tú faoi aiféala anois, ní ceart duit milleán a thabhairt do dhuine ar bith ach dhuit fhéin (ní cóir dhuit a bheith sa mullach ar dhuine ar bith srl.; ní cóir dhuit a bheith anuas ar dhuine ar bith srl.)
Bhí a fhios agamsa go mbeifeá faoi aiféala ach ba é an mhaith amháin é pearúl (aithne, fainic, comhairle srl.) a chur ort nó gan a chur.
Tá tú faoi aiféala anois, agus ní hé a mhalrait a bhí tú a thuaradh dhuit féin
Má bhíonn tú faoi aiféala (in aiféala) bí buíoch do bhéal do mhúinte — má théann an cúrsa seo in t'aghaidh, cuir a mhilleán ar an té atá dhá chur suas leat (atá ag moladh dhuit cur chuige)
Faoi aiféala atá tú, agus faoi aiféala a bheas tú, mura lige tú den ól.
Má dhéanann tú an pósadh seo, beidh tú faoi aiféala le do ló (is fear in aiféala le do ló a bheas ionat) — má phósann tú an bhean atá fút a phósadh anois, beidh aiféala ort dhá lá do shaoil
+–
Beidh tú in aiféala mura dtuga tú aire dhuit féin (adéarfaí le duine a bheadh ag déanamh ealaíne, ábhailltí, mioscais nó faillí eicínt, agus go mbeadh sé in áirid a bhuailte nó a bhriseadh as a phosta)
Mura lige tú de do chuid ealaín, beidh tú in aiféala (tiocfaidh sé in aiféala dhuit) — gheobhaidh tú luach do chuid ealaíne.
TUILLEADH (16) ▼
Is fear in aiféala a bheas ionat má bhíonn tú ag míoladóireacht liomsa — tabharfaidh mé luach do chuid míoladóireachta dhuit
'Sé a d'ól a dhóthain go breá aréir, ach tá mé ag ceapadh gur fear in aiféala é inniu.
Is maith nach mór dhuit a bheith san airdeall nó is fear in aiféala thú.
Nárbh fhearr dhuit a theacht le beagán aréir ná bheith in aiféala (faoi aiféala) ar feadh an lae inniu — nárbh fhearr dhuit déanamh le roinnt nó riar óil aréir ná póit a bheith ort i gcaitheamh an lae inniu agus aiféala ort gur ól tú an oiread aréir
Ní raibh breith bonn báis agat ar bhean a fháil, agus anois ó tá sí agat, tá tú in aiféala — b'fhada leat go mbeifeá pósta, agus anois tharla pósta thú, is mó an dúil a bheadh agat a bheith scaoilte aríst
Má phósann sé chomh hóg seo, pósadh in aiféala (faoi aiféala) a bheas ann dó — beidh aiféala air go ndearna sé an pósadh
Beidh tú amuigh san oíche go mbí tú in aiféala as a dheireadh
Ná déan iomarca teanntáis air nó is in aiféala a bheas tú as a dheireadh.
Ceannaigh an drochbhróig agus bí in aiféala!
Díol do chuid talúna agus bí in aiféala!
Ná habair drúcht ná báisteach leob ar fhaitíos go mbeifeá in aiféala — ná habair tada leob ar fhaitíos nár mhaith leat arís é
Ní chuirfidh mé chucab na uathub faitíos go mbeinn in aiféala arís.
Ná déan tada san oíche a mbeidh tú in aiféala faoi ar maidin (sórt seanchomhairle; tá sé ar cheann de na comhairleachaí i seanscéal — "Na Trí Chomhairle Mhaith".)
Is mairg a dhéanfadh tada san oíche a mbeadh duine in aiféala faoi ar maidin.
Is ar maidin a bhíonns duine in aiféala faoi chionta na hoíche.
Beidh mé in aiféala faoi sin go dté na hordógaí orm
+–
Fágfaidh a chuid antláis in aiféala é, ó fhada go dtí é — tabharfaidh a chuid ampla nó a chuid sainte giorrachain saoil nó mhísláinte dhó, ainneoin gur fada atá sé ag rith leis (déarfaí seo le duine a mbeadh súnás air an drochlá nó a bheadh amuigh deireanach i ndiaidh feamainne, nó a shamhail)
Fágfaidh na mná in aiféala é mar a d'fhága siad chuile fhear ariamh.
TUILLEADH (4) ▼
Is iomaí fear leis a d'fhága an cladach (an criathrach srl.) in aiféala.
Teann leis an ól agus fágfaidh an t-ól in aiféala thú — "teann leis an ól agus teannfaidh an t-ól leat" (go hiondúil i ráití den tsamhail seo, i leaba an fhorainm (sé) a chur isteach an dara huair, 'sé an t-ainm fhéin a athdheirtear .i. ól sa sampla réamhráite.)
Níl aon duine ariamh dhá raibh tórtha ar an dlí céanna nár fhága sé in aiféala.
Ní hé an chéad duine é a bhí dúlaí sa bpoitín a d'fhága an poitín in aiféala.
+–
Tiocfaidh sé in aiféala dhuit mura n-éirí tú as do chuid gnaithí anois — gheobhaidh tú luach do chuid gnaithí (ábhailltí nó ealaíne); is duine thú atá in áirid do bhuailte.
Nár thé sé in aiféala dhuit! — déarfaí le duine a bheadh ar hob rud eicínt a dhéanamh agus gan a fhios cén chaoi a rachadh sé dhó
TUILLEADH (7) ▼
Tiocfaidh sé in aiféala dhuit mura mbí tú san airdeall
Tiocfaidh sé in aiféala dhuit — beidh aiféala ort dhá bharr; ídeofar ort é, nó tabharfar cor in aghaidh an chaim duit, agus b'fhearr dhuit go ligfeá dhó ar fad ó thús
Éirigh as an ealaín nó tiocfaidh sí in aiféala dhuit — buailfear thú dhá barr
Is fada mé dhá ghealladh dhuit, ach tiocfaidh sé in aiféala dhuit as a dheireadh — is fada mé ag mionnú go mbuailfinn thú, ach déanfaidh mé é as deireadh na cúise
Mura bhfuil ag Dia, tiocfaidh a chuid troda in aiféala dhó.
Beidh tú ag spochadh le na tincéirí nó go dté na tincéirí in aiféala dhuit — fágfaidh na tincéirí éagaoineadh ort mura lige tú dóibh fhéineacht (dóip adeirtear anseo)
Beidh tú ag siocadh liomsa nó go dté do chuid sioctha in aiféala duit (siocadh = spochadh; ag ealaín liom)
+–
Tiocfaidh sé in aiféala ort — buailfidh aiféala thú faoi rud a rá nó a dhéanamh a mb'fhearr leat gan a dhéanamh ina dhiaidh sin
Má tá i ndán is go ndéanfaidh tú sin anois, tiocfaidh sé in aiféala ort fós — beidh aiféala ort de bharr a dhéanta fós
TUILLEADH (7) ▼
Mharódh sé thú faoi láthair (an tráth a mbeadh an t-olc nó an cuthach air), ach thiocfadh sé in aiféala air ina dhiaidh.
Tháinig sé in aiféala orm, nuair a chonaic mé an bhail a bhí agam air. (Deirtear freisin "bhuail sé in aiféala mé".)
Ná bíodh láimh ar bith agat ann agus ní thiocfaidh sé in aiféala ort amach anseo — ná bac leis (na cuir araoid ar bith air) agus ní bheidh aiféala ort fós faoi.
'Tiocfaidh a bhás in aiféala ort,' adeirim fhéin, 'dhá laghad é' — 'beidh aiféala ort faoina mharú, dhá laghad téagair é,' adeirim féin (duine a bhí ag dhul ag marú oiread na fríde d'fhirín)
Dhá ghangaidí sa diabhal é, thiocfadh sé in aiféala ar dhuine dhá mbaineadh sé leis (dá gcuireadh sé araoid air; dá mbuaileadh sé é)
Dhéanfainn cuailín cnámh dhe murach go dtiocfadh sé in aiféala aríst orm.
Is feasach mé gur holc an éadáil é, ach thiocfadh sé in aiféala orm, dhá dtógainn mo láimh chuige.
·
Dhá choipthe dhá raibh mé, bhí a fhios agam go mbeadh sé in aiféala orm choíchin dhá dtéinn ag dhul ag fiachadh ar an rud salach (bradach) — dhá oibrithe (dhá chorraithe, dhá fheargaí srl.) dhá raibh mé, thuig mé go mbeadh aiféala orm i gcónaí dhá mbaininn leis an duinín gan mhaith. Ní chiallaíonn salach brocamas anseo, ach donacht, easpa téagair, nó laigeacht
+–
Tada dhá aiféala — (a dhath dhá aiféala, pioc dhá aiféala ceo dhá aiféala srl.) — gan aon aiféala faoi
Chuaigh mé go Meiriceá i dtús m'óige agus níl tada dhá aiféala orm — níl aon aiféala orm go ndeachas
TUILLEADH (5) ▼
Níl tada dhá aiféala orm gur thug mé dual na droinne dhó — níl aon aiféala orm gur bhuaileas go breá é.
Tuige a mbeadh tada dhá aiféala ort. Nár dhúirt tú an ceart leis.
Níl pioc dhá aiféala orm faoin ionsaí
Ní ligfeadh sé ina ghaire chor ar bith go raibh tada dhá aiféala air — ní amhdódh sé chor ar bith go raibh aon aiféala air.
Bhí mé ag ceapadh faoi láthair gur dhíol mé faoina luach iad, ach níl tada dhá aiféala orm anois, arae dhá gcoinnínn ó shin iad, is beag a bheadh dhá mbarr agam anois.
+–
Is beag dhá aiféala atá air — níl mórán aiféala air.
Má scrios sé fhéin iad, is beag dhá aiféala atá air.
TUILLEADH (4) ▼
Máire: Ná goilleadh an scéal an oiread sin ort; Cáit: Is lú ná sin dhá aiféala atá orm — níl an oiread aiféala orm agus a shíleanns tusa.
Is lú ná sin dhá aiféala atá orm dhá mbeadh a fhios agat é!
Is mór dhá aiféala atá orm, ach cén neart atá air anois
Is mór dhá aiféala atá orm agus ní cheideonainn ar chuid mhaith é (ní cheideonainn ar a dtug tonn ar trá é) — tá an-aiféala orm faoi agus b'fhearr liom ná cuid mhaith nach mbeadh an scéal amhlaidh
b.
breith ar m'aiféala (breith ar aiféala srl.)
+–
Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní chuirfinn araoid ar bith air — tá aiféala anois orm gur chuir mé chuige ná uaidh
Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige anois, is fada amach as (an teach, cumann srl.) a d'fhuireodh sé.
TUILLEADH (11) ▼
"Baistfidh mé do leanbh dhuit le cúnamh Dé; agus dá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ba leat mé fhéin" (Sliocht as amhrán Is deas an sagairtín é stór mo chroí)
Níl gar dhuit an caint anois nuair nach bhfuil breith ar t'aiféala agat.
Breá nach raibh breith ar t'aiféala agat nuair a rinne tú é — déarfaí seo le duine adéarfadh é féin nach ndéanfadh sé rud áirid eicínt dá mbeadh breith ar a aiféala aige.
Tá breith ar t'aiféala agat anois agus ná déan aríst é — déarfaí é le duine adéarfadh nach ndéanfadh sé rud eicínt a bhí sé théis a dhéanamh dhá mbeadh breith ar a aiféala aige
Is mairg nach mbíonn breith ar a aiféala aige
Dhá mbeadh breith ar a n-aiféala ag na daoine, is beag a dhéanfaidís (a dhéanfaí) as an mbealach.
Seomh (seo) é (cuirtear an fhuaim v isteach anseo idir an dá ghuth) an scéal (an leathrann) i gcónaí — dá mbeadh breith ar m'aiféala agam!' — breá nach gcuimhníonn sibh ar sin agus sibh ag déanamh an rud as an mbealach
Dá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa, ba bheag an lua agam an tuairt sin a thabhairt orm fhéin — dá mbeadh a fhios agam gur mar a bhí a bhí, ní bheadh baol orm a dhul ar an aistir sin.
Ina dhiaidh feictear don Éireannach a leas. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam anois, ní ionsóinn siar faoi Chonamara beag ná mór — ní rachainn go Conamara chor ar bith dhá mbeadh a fhios agam gur mar a bhí a bhí
Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní thiocfainn do mo mheath fhéin leis an obair sin dubh bán ná dubh buí — ní chuirfinn an trioblóid orm fhéin, ná ní chuirfinn mo chuid aimsire amú léithe
Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige anois, dheamhan a chos a thaobhódh teach an cheoil ariamh
aiféala in iontrálacha eile (49)
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. 'Buailfidh mé fhéin faoi,' adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith.' Ach m'anam má rinne nárbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneoinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghártha ann agus an sruth i m'aghaidh
→
bealach
Nach bhféadfá do bhealach fhéin a dhéanamh anois agus gan a bheith ag saibhseoireacht liomsa? Beidh aiféala ort as a dheireadh.
→
cuach
Chuach sé suas M. seo amuigh le fuisce agus bladaireacht agus dheamhan a chos nach ndeachaigh in éindí leis. Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige, b'fhada uaidh a d'fhanfadh sé, ach caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa.
→
cuntas
Lá an chuntais a chuirfeas aiféala ar do bholg — beidh aiféala ort an lá sin gur ith tú nó gur thóg tú an oiread
→
buadán
Is beag an mheas a bhí aige ar mo chuid buadáinse, ach dhá mbeadh breith ar a aiféala aige, ní thiocfadh sé fhéin amach dá bhfuireasa, agus ar baineadh de threascairt as ar an leic oighre.
Má bhuaileann tú faoi siúd, beidh aiféala ort — má théann tú ag troid leis; má thagann tú salach air
+
→
aire
Is fhearr dhuit aire mhaith a thabhairt duit fhéin ar mhuintir íochtar an bhaile ná bheith in aiféala arís.
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige anois, thabharfadh sé aire dhó fhéin ó thús — d'fhanfadh sé amach as an anachain nó as an gcontúirt srl.
Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige, thabharfadh sé aire dhó fhéin in am.
Níl sé ag tabhairt aon aire dhó fhéin agus tá faitíos orm go dtiocfaidh sé in aiféala dó, mura bhfuil ag Dia.
Mura dtuga sé aire dhó fhéin ar thuaradh na maidne, beidh sé in aiféala — is olc an rud dó mochóirí.
→
amach
Fan leat go dtí amach anseo agus feicfidh tú féin go mbeidh aiféala ort nár thug aird ormsa.
→
fuagra
Fuair sé a dhóthain d'fhuagra nuair a tháinig an phian ghártha sin ina thaobh. Ach bhí an iomarca sainte aige sa saol le luí. Tá aiféala anois air — fuair sé le n-inseacht go raibh an tinneas ag teacht
→
iarraidh
Mura dtapaí tú do ghnaithe d'aon iarraidh anois, beidh aiféala ort — mura gcuire tú crú ina thosach agus do chuid oibre a dhéanamh ar an toirt anois, ní bheidh tú buíoch dhuit féin aríst
+
→
imigh
D'imeoinn roimhe sin dá mbeadh breith ar m'aiféala agam — dá mbeadh a fhios agam an mar a bhí a bhí, is fadó roimhe sin a d'imeoinn
TUILLEADH (1) ▼
Ní imeoidh tú go mbí aiféala ort
→
danra
Tabhair cead a comhairle féin di. Muran buil léithe a phósadh bíodh aici. B'fhéidir go bpósfadh sí ar ball é dhá mbeadh breith ar a haiféala aici. A chomhairle féin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
Oibrigh leat anois. Beidh aiféala ort sa deireadh — ach a mbeidh chuile shórt déanta agat
+
→
deis
Nuair a d'éirigh an deis leat, níor thapaigh tú í. Is fadó an lá a bheifeá i gcrích dhá dtugtá aird ar do mhuintir. B'fhéidir dhá mbeadh breith ar t'aiféala anois agat go dtabharfá
TUILLEADH (1) ▼
Is dona an deis a chuir sí uirthi féin agus a bhfuair sí d'fhoghlaim: a dhul agus an seanliúdramán gránna sin a phósadh. Beidh a shliocht uirthi: beidh aiféala uirthi fós
→
diachta
Is diachta dóibh maoin ná brá gill a bheith orthu agus chomh caifeach drabhlásach agus atá siad. Dá mbeadh dúiche an Ch. acu, ní fhágfaidís luach bonn bán uirthi, nach istigh ag mná ósta a bheadh. Is mór an seasamh acu é. Ach ní mhaireann an rith maith don each i gcónaí. Mo choinsias ní mhaireann. Tiocfaidh an lá fós agus dá mbeadh breith ar a n-aiféala acu, dhéanfaidís tíobhas in am
+
→
diaidh
Sásaigh thú féin go maith anois agus ná bí in aiféala aríst. Má ghníonn tú an pósadh uair amháin, níl aon scaoileadh i ndán duit mura scaoile an bás thú, go sábhála Dia sinn. Mar sin, breathnaigh romhat go maith. Deir siad gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh, agus go dtugann an duine dona dubhléim. Má cheapann tú nach bhfeileann an bhean duit, fág i do dhiaidh í. Sin é a bhfuil ina thimpeall
TUILLEADH (1) ▼
Fainic anois a dtiocfá i ndiaidh do mhullaigh ann. Tabhair ionú dhuit féin, agus ná bí in aiféala aríst. Ina dhiaidh a fheictear don Éireannach a leas. Níl aon mhaith san obair sin. Do leas romhat agus go mbeire tú air mar adeireadh M. Ph. Mh. fadó
Diúltaímid do na háibhirseoirí sin ar fad, agus mo chomhairle dhuitse diúltú dóibh freisin, shula bheas aiféala ort!
Nach diabhaltaí doghrainneach anois a bhí sé faoin spré — théis gurb í a iníon féin í — nach ligfeadh sé an lao leis an mbó: lao óg. 'Dúirt mé,' adeir sé 'go dtabharfainn bó bhainne dhaoibh, ach níor dhúirt mé go bhfaigheadh sibh bó bhainne agus lao, agus ní bhfaighidh ach oiread. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní bhfaigheadh sibh an méid sin féin. Tá mé de dhroim tí agaibh'
+
Dar fia muise má tá tú ag brath ar dhul siar ansin is ag brú ar an doicheall a bheas tú deirimse leat. Meas tú an bhfuil meas ansin ar fhear do bhaile. Diabhal an oiread is a bheadh ar shalachar do bhróige. Is fhearr an aithne atá agamsa orthu ná agatsa. Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Tá an dream siúd chomh suimiúil agus nach bhfuil aird ar bith acu ar a (ár) leithidí s'againne … Oibrigh ort a mhic ó. Déan do chomhairle féin, ach cuimhnigh go bhfuil mise dhá rá leat: beidh aiféala ort
TUILLEADH (1) ▼
Is fada síos a ghabhfainn agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair! Bhí mé cheana thíos ann ar bhainis Ph. N. agus dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní thabharfainn an tabhairt orm fhéin. Agus ba mhór liom a bheadh amhlaidh. Ba ag brú ar an doicheall ceart dúinn a dhul ann. Níor fiafraíodh cá dtáinigeamar, go raibh muid cupla uair ann, agus an uair sin féin ba suarach a caitheadh linn. Aon ghloine amháin fuisce a fuair mé ar feadh na hoíche. Dar lán an leabhair sin é an méid, agus ní mé an t-aon duine a bhí amhlaidh: dá bhfaigheadh T. Ph. cead a chomhairle féin, bhí sé ag dul ag déanamh brosna don teach. Ba é a dhéanamh leis é. Ní raibh an tine féin ann.
→
doscúch
Is beag an ghéilleadh a bhí agamsa do Sh. Ó Ch, théis gurb aige a bhí comhairle an duine doscúch. Chuaigh sé go bog agus go crua orm ag iarraidh cur faoi deara dhom gan a dhul i bpáirt le m'uncail, nó dhá dtéinn go mbeadh aiféala orm. Agus m'anam go mb'fhíor dhó. Bhí na seacht n-aithne aige sin air. Nár chaith sé féin tamall i gcomhar leis ach bhraith sé é féin in am
→
driog
Tá driog eicínt in mo chois ansin le cupla lá. Shíl mé gur éasc beo a bhí ann i dtosach, ach is gearr go raibh a fhios agam nach ea. Níl neart agam an chois sin a chur trasna ar an gcois eile chor ar bith nach mbuaileann sé mé. Shílfeá gur ag dul chun donacht atá sé. B'fhearr do dhuine rud a thapú in am ná a bheith in aiféala aríst
Ní raibh comhairleachan ina chionn. Phós sé í. Phós ar na drochóirí dhó féin. Níor fhága sí bonn bán air. 'Sé an chaoi a mbíodh na páistí a bhí acu amuigh i chuile theach ar an mbaile ag forcamhás — na créatúir — go réitítí blogam tae. Iad leathchaillte sa mbaile. Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige ní phósfadh sé an uair sin í, ach ina dhiaidh a feictear don Éireannach a leas
→
déan le
Bhí mé mór léithe, ach má bhí agus go raibh, ní fheadfainn déanamh sách mór léithe, lena pósadh — an uair sin go háirid. Bhí mo dhóthain aiféala orm aríst faoi, ach bhí mé aisti ansin. Níl a fhios, adeir siad, cé is fhearr an luas nó an mhoill
→
díleá
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
→
díth
Tá díth na céille ort má phósann tú fós. Tá sé luath go leor agat. B'fhéidir gur aiféala a bheadh ort nuair a bheadh sé deireanach agat. ina dhiaidh a fheictear don Éireannach a leas
+
→
dóigh 1
Is gránna an dóigh do dhuine a leithide de chleas thútach a dhéanamh, ach nuair nach raibh iontu féin ach an tútaíl, nach gcaithfinn cam in aghaidh an chaim a thabhairt dóibh. Dá mbeadh breith ar m'aiféala agam aríst ní dhéanfainn é, ach ní raibh
TUILLEADH (1) ▼
Ní maith an dóigh d'aon duine araoid a chur ar shagart. Bíonn sé in aiféala faoi dheireadh thiar thall. Dream iad sagairt nach bhfuil agat a bheith mór ná beag leo ach a gcuid a chaitheamh acu, agus gan thairis sin de chaidéis a chur orthu. Breathnaigh ar bhean D.
→
dúradán
Níl de leigheas ar an dúradán sin anois ach a dhul go dtí bean eicínt a bhfuil bainne cíche aici agus blífidh sí cuid den bhainne isteach faoin tsúil agat, agus is beag an dúradán a fhágfas sin inti deirimse leat. Is minic a chonaic mé daoine dhá dhéanamh fadó, agus le gairid féin nuair a bheadh súil bhocht acu … Náire. Cén sórt náire. Ní minic fear náireach éadálach ar chuala tú ariamh é … Mura dté, fág mar sin í, agus feicfidh tú féin air go dtiocfá ann ar ball dá mbeadh breith ar t'aiféala agat
→
téigh ar
Ní dheachaigh aon aiféala air ariamh nó go bhfaca sé mise dhá hardú liom. Ansin a bhí sé líofa ceart ag a dhul in éindí léithe
Rachainnse faoi dhuit, dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa, gur fada ón áit sin a d'fhanfainn. Ach ina dhiaidh a fheictear don Éireannach a leas. Bhí mise sách caillteach lena dhul ann ar aon chor
Tá na gasúir sin dubhábhailleach le gairid. Meas tú céard a rinne siad inné ag teacht ón scoil dóibh, ach an ceaintín a raibh a chuid tae ann ag S. Ph. a chrochadh leo anoir go dtí Airdín an Fh. agus an tae agus a raibh ann a dhóirteadh. Anois b'fhéidir! Ar an dá luath is a dtiocfaidh siad isteach, gheobhaidh mise an tslat agus tógfaidh mé ar mo ghlúine iad. 'Sé a thuar siad dóibh féin. Is fhearr a dhul rompu anois ná a bheith in aiféala aríst — nuair a bheas cuid is mó ná sin déanta acu
→
téigh
Chuaigh mé na breaclachaí, ach dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam ní rachainn, arae níor fágadh snáth éadaigh orm gan stróiceadh