Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Aithmhéala
Tá chúig bhealach ann le rádh go bhfuil aithmhéala ort nó go dtagann sé ort. 1. Tháinic aithmhéala air. 2. Bhuail aithmhéala é 3. Tá sé faoi aithmhéala 4. Tá sé in aithmhéala 5. Bhain aithmhéala dó
doilgheas; carghaos faoi eagcóir, nó faoi rud a rádh nó a dhéanamh nar cheart do dhuine.
a.
+
Tá aithmhéala orm faoi = tá carghaos orm, faoi rud eicínt adubhairt mé nó a rinne mé.
Is mairg (dh)uit aithmhéala a bheith ort faoi'n méidín sin.
TUILLEADH (13) ▼
Bhí a dhóthain (a sháith, a dhíol, lán a chruite, lán a' chraicinn etc) aithmhéala air aríst, nuair a chuimhnigh sé air féin.
Níl an oiread aithmhéala air, a's ba cheart dó.
Is beag an dochar dhuit aithmhéala a bheith ort agus an rud adubhairt tú léithe.
Ní raibh an oiread aithmhéala ariamh orm, a's bhí orm an uair chéadna, faoi shiléig a leigean in mo ghnaithí.
Dheamhan aithmhéala ná cuid dhá aithmhéala air siúd.
Aithmhéala orm nó dhíom, dhéanfainn aríst é.
Níl a dhath (pioc etc) aithmhéala orm, go ndeacha mé go 'Meiriocá. Is mó go mór an t-aithmhéala a bheadh orm dhá bhfanainn as.
Ná h-abair drúcht ná báisteach leo(b) ar fhaitchíos go mbeadh aithmhéala ort = ná h-abair a dhath leo(b) ar fhaitchíos do bhuailte.
Ná bac le aithmhéala air siúd! = is beag an baoghal air aithmhéala a bheith air.
Is fada uaidh sin aithmhéala a bheith air = níl baoghal ar bith air aithmhéala a bheith air.
Bhí sé a' leigean aithmhéala air fhéin, ach ní ó'n a chroidhe é.
Dheamhan aithmhéala a bheadh ar siúd, dá mbriseadh sé a raibh de ghréithí in do theach, ní áirmhighim muigín.
Aon chás amháin duit aithmhéala ort nó dhíot, ó tá an míllteanas déanta.
+
Tháinic aithmhéala orm aríst faoi na rádh léithe.
Is beag aithmhéala a tháinic air.
TUILLEADH (2) ▼
Tháinic lán a chraicinn d'aithmhéala air, faoi chaithe(amh) na gcloch.
Tá sé luath go leor dhuit aithmhéala a theacht ort nuair a gheobhas tú 'ughdar
+
Bhuail aithmhéala aríst é, nuair ba léar (dh)ó, céard a rinne sé. ("Bhuail" an focal is coitchiannta faoi Chonamara nuair a tráchtar ar aithmhéala, olc, fearg, faitchíos etc, ach go dtagann sé i gceist ann go dtáinic an rud roinnt tobann)
'Bhuail aithmhéala mo chéad-searc agus d'éaluigh sí uaim abhaile' (sliocht as 'Cuaichín Ghleanntáin Éifinn')
TUILLEADH (3) ▼
Léar (de réir) mar bhuail an t-aithmhéala é, tháinic sé in a fhaitchíos air.
Bhuail daol aithmhéala é ar an dá luath agus a raibh an marbhú déanta aige.
Cé'n t-ughdar go mbuailfeadh aithmhéala thú (go dtiocfadh aithmhéala ort etc) mara raibh aon-láimh agad ann = cé'n fáth go mbeadh aithmhéala a' teacht ort, mara raibh tú páirteach 'sa rud.
+
Bhain aithmhéala dó aríst = tháinig aithmhéala air aríst
Bhain aithmhéala dom, nuair a chonnaic mé an bhail a bhí air.
TUILLEADH (4) ▼
Thuíll sé uaim é, ach má thuíll a's gur thuíll (má thuíll fhéin), bhain aithmhéala dom aríst faoi na bhualadh = bhí an bualadh tuíllte aige uaim, ach mar sin fhéin tháinig aithmhéala orm faoi na bhualadh.
Ná baineadh aithmhéala 'bith dhuit. Ní bhfuair sé ach an méid a thuíll sé uait.
Bhain aithmhéala dó, nuair a chuala sé gur chuir sé asna as áit ann.
Ná baineadh aithmhéala 'bith duit, mar níl 'ughdar agad.
·
Dhá mbeadh coinsias a' bith ann, chuirfeadh sé aithmhéala air, ach níl ná a leithide.
Dheamhan lá aithmhéala a chuirfeadh sé air, dá ndéanadh sé ciseach (cis ar easair, béal in áirde etc) de do chuid, fré chéile.
+
Leig de do chuid aithmhéala. Níl aon-mhaith sa seanchus nuair a bhío(nn)s an anachain déanta.
Is suarach an cúitiú dhomsa do chuid aithmhéala = adéarfadh duine leat a gcuirfeá rud as dó, agus a gcásóchthá leis é.
TUILLEADH (6) ▼
Is beag an tsamhaoine (an éadáil, an áirge, an mhaith etc.) domsa do chuid aithmhéala = déarfadh duine é seo, agus duine a raibh míllteanas déanta aige air dhá chású leis.
Tá mé in' aimhreas nach gcuirfe do chuid aithmhéala aon-aithne ort an chéad uair eile (adéarfá le duine adéarfadh go raibh aithmhéala air faoi rud eicínt a rinne sé (aithne = bacainn, guaim) agus go raibh sé chomh dóichide dhó a dhéanamh aríst).
Níl do chuid aithmhéala ach in a tús = greamócha an aithmhéala dhuit faoi rud eicínt a rinne tú, nó adubhairt tú, agus go mb'fhearr leat gan a dhéanamh ina dhiaidh sin.
Ní bhodhrócha do chuid aithmhéala mo phian = adubhairt duine leis an té a bhuail criogaide air.
Ní fhuarócha mo phian le do chuid-sa aithmhéala — (in Iar-Chonnacht agus in Iarthair Chonamara déarfaidhe mo chuid-sa talmhan etc ach igCois-Fhairrge mo chuid talmhan-sa.)
Is beag an mhaith do chuid aithmhéala anois. Ba bheag an luath (lúth?) dhuit leigean dom nuair adubhairt mé leat é = duine a ghortuigh duine eile le ealadhain, agus a bhí in aithmhéala faoi. (Níl aon mhaith san aithmhéala agus mé gortuighthe. Dá leigteá dhom, nuair adubhairt mé leat e, bheadh maltraid scéil ann.)
+
D'imthigh an t-aithmhéala dhe aríst
Níor fhága an t-aithmhéala smid aige = ní raibh smid aige le aithmhéala
TUILLEADH (13) ▼
Caith thart í mar aithmhéala. Ní leigheasfa sí a bhfuil déanta anois.
Ó tá sé déanta a's go bhfuil, ní leigheasfa aithmhéala é.
An rud atá déanta, tá sé déanta, agus níl aon-mhaith aithmhéala a bheith faoi.
Má bhuail sé fhéin níor mharbhuigh aithmhéala é ina dhiaidh (indiaidh an bhuailte).
Ní cúrsaí aithmhéala, ach cúrsaí cúitiú anois é (adéarfadh duine leat a bheadh ag iarraidh cúitighthe ort faoi rud eicínt a chuir tú as dó, agus a chásuigh tú leis).
Is mó aithmhéala mé féin ná thusa faoi.
Dhá mbeadh aon-truaighe istigh in a chroidhe do chréatúr ba mhór í 'aithmhéala fúm, ach níl.
Dhá mhéid aithmhéala é, má b'fhíor dó féin, is maith nar thairg sé roth nuadh a cheannacht dhuit = duine a bhris roth rothair ar dhuine eile.
B'fhada amach ó na chroidhe an aithmhéala sin = ní ó'n gcroidhe a tháinig a chuid aithmhéala; ní aithmhéala dháiríre a bhí air.
Cé'n chall aithmhéala atá dhuit?; cé'n chruadhóg aithmhéala sin ort (atá dhuit) = cé'n fáth go mbeadh aithmhéala ort mar níl 'ughdar agad.
Cé'n t-ughdar (cé'n t-adhbhar, cé'n fáth) aithmhéala atá agad.
'Sé fáth m'aithmhéala, nach bhféadfainn a dhul chomh fada leat agus thú idteannta.
Marach do chuid stainnce fhéin, ní bheadh aon-chall aithmhéala dhuit.
+
Tá sé faoi aithmhéala as ucht a dhéanamh = in aithmhéala; aithmhéala air.
Beidh tú faoi aithmhéala, má thugann tú an tuairt sin ort fhéin a leithide d'oidhche.
TUILLEADH (7) ▼
Seachain a mbeitheá faoi aithmhéala aríst = chuirfí an aithne seo ar dhuine, agus é ar thob rud eicínt a dhéanamh, nach rabh fhios go barainneach céard a thiocfadh dhá bhárr.
Má tá tú faoi aithmhéala anois, ní ceart duit milleán a thabhairt do dhuine ar bith, ach dhuit fhéin (ní cóir dhuit a bheith sa mullach ar dhuine ar bith etc; ní cóir dhuit a bheith anuas ar dhuine ar bith etc)
Bhí 'fhios agamsa go mbeitheá faoi aithmhéala ach ba é an mhaith amháin é pearbhúl (aithne, fainic, comhairle etc) a chuir ort, nó gan a chur.
Tá tú faoi aithmhéala anois, agus ní hé a mhaltruid a bhí tú 'thuaradh dhuit féin
Má bhíonn tú faoi aithmhéala (in aithmhéala) bí buidheach do bhéal do mhúinte = má theigheann an cúrsa seo in t'aghaidh, cuir a mhilleán ar an té atá dhá chur suas leat (atá a' moladh dhuit cur chuige)
Faoi aithmhéala atá tú, agus faoi aithmhéala a bheidheas tú, mara leige tú de'n ól.
Má dhéanann tú an pósadh seo, beidh tú faoi aithmhéala le do ló (is fear in aithmhéala le do ló a bheidheas ionnad) = má phósann tú an bhean atá fút a phósadh anois, beidh aithmhéala ort dhá lá do shaoghail.
+
Beidh tú in aithmhéala mara dtuga tú aire dhuit féin (adéarfaí le duine a bheadh ag déanamh ealadhaine, ámhuilltighe, mioscais nó faillighe eicínt, agus go mbeadh sé in áithrid a bhuailte, nó a bhriseadh as a phosta)
Mara leige tú de do chuid ealadhain, beidh tú in aithmhéala (tiocfa sé in aithmhéala dhuit) = gheobha tú luach do chuid ealadhaine.
TUILLEADH (16) ▼
Is fear in aithmhéala a bheidheas ionnad, má bhíonn tú a' míoladóireacht liomsa = tiubhra mé luach do chuid míoladóireachta dhuit
'Sé a d'ól a dhóthain go breagh aréir, ach tá mé 'ceapadh gur fear in aithmhéala é indiu.
Is maith nach mór (dh)uit a bheith 'san áirdeall, nó's fear in aithmhéala thú.
Nar b'fhearr dhuit a theacht le beagán aréir, ná bheith in aithmhéala (faoi aithmhéala) ar feadh an lae indiu = nárbh fhearr (dh)uit déanamh le roinnt nó riar óil aréir, ná póit a bheith ort igcaitheamh an lae indiu, agus aithmhéala ort gur ól tú an oiread aréir.
Ní raibh breith búnn (bonn) báis agad ar bhean a fhaghail, agus anois ó tá sí agad, tá tú in aithmhéala = b'fhada leat go mbeitheá pósta, agus anois thárla pósta thú, is mó an dúil a bheadh agad a bheith scaoilte aríst.
Má phósann sé chomh h-óg seo, pósadh in aithmhéala (faoi aithmhéala) a bheidheas ann dó = beidh aithmhéala air go ndearna sé an pósadh.
Beidh tú amuigh san oidhche go mbí tú in aithmhéala as a dheire
Ná déan iomarca teanntáis air, nó's in aithmhéala a bheidheas tú as a dheire.
Ceannuigh an droch-bhróig agus bí in aithmhéala!
Díol do chuid talmhana agus bí in aithmhéala!
Ná h-abair drúcht ná báisteach leo(b) ar fhaitchíos go mbeitheá in aithmhéala = ná h-abair tada leo(b) ar fhaitchíos nar mhaith leat arís é.
Ní chuirfe mé (ch)ucab na uatha(b) faitchíos go mbeinn in aithmhéala arís.
Ná déan tada san oidhche 'mbeidh tú in aithmhéala faoi ar maidin (sórt sean-chomhairle; tá sé ar cheann de na comhairleachaí i sean-scéal — "Na Trí Chomhairle Mhaith".)
Is mairg a dhéanfadh tada 'san oidhche 'mbeadh duine in aithmhéala faoi ar maidin.
Is ar maidin a bhío(nn)s duine in aithmhéala faoi chionnta na h-oidhche.
Beidh mé in aithmhéala faoi sin, go dteighe na h-ordógaí orm
+
Fágfa a chuid antláis in aithmhéala é, ó fhada go dtí é = tiubharfa a chuid ampla nó a chuid sainnte giorrachain saoghail nó mhío-slainte dhó, aindeoin gur fada atá sé a' rith leis (déarfaidhe seo, le duine a mbeadh súnás air an droch-lá, nó a bheadh amuigh deireannach indiaidh feamuinne nó a shamhail)
Fágfa na mná in aithmhéala é, mar d'fhága siad 'chuile fhear ariamh.
TUILLEADH (4) ▼
Is iomdha fear leis a d'fhága an cladach (an criathrach etc) in aithmhéala.
Teánn leis an ól, agus fágfa an t-ól in aithmhéala thú = teánn leis an ól agus teánnfa an t-ól leat (go h-iondamhail i ráidhtí de'n tsamhail seo, i leaba an fhor-ainm (sé) a chur isteach, an dara h-uair, sé'n t-ainm fhéin, a aithdheirtear i.e. ól sa sompla réamh-ráidhte.)
Níl aon-duine ariamh dhá raibh tórtha ar an dlighe céadna, nár fhága sé in aithmhéala.
Ní hé an chéad duine é a bhí dúlaidhe sa bpoitín, a d'fhága an poitín in aithmhéala.
+
Tiocfa sé in aithmhéala dhuit mara n-eirighe tú as do chuid gnaithí anois = gheobha tú luach do chuid gnaithí (ámhailltighe nó ealadhaine); is duine thú atá in áithrid do bhuailte.
Nár theighe sé in aithmhéala dhuit! = déarfaidhe le duine a bheadh ar thob rud eicínt a dhéanamh agus gan-fhios cé'n chaoi a rachadh sé dhó.
TUILLEADH (7) ▼
Tiocfa sé in aithmhéala dhuit mara mbí tú san áirdeall.
Tiocfa sé in aithmhéala dhuit = beidh aithmhéala ort dhá bharr; ídeochthar ort é, nó tiubharfar cor in aghaidh an chaim duit, agus b'fhearr dhuit go leigfeá dhó ar fad ó thús.
Eirigh as an ealadhain nó tiocfa sí in aithmhéala dhuit = buailfidhear thú dhá bárr.
Is fada mé dhá ghealladh dhuit, ach tiocfa sé in aithmhéala dhuit as a dheire = is fada mé ag mionnú go mbuailfinn thú, ach déanfa mé é as deire na cúise.
Mara bhfuil ag dia, tiocfa a chuid troda in aithmhéala dhó.
Beidh tú a' spochadh le na tinncéirí, nó go dteighe na tinncéirí in aithmhéala dhuit = fágfa na tinncéirí éagcaoine ort, mara leige tú dóib fhéineacht (dóip adeirtear annseo)
Beidh tú 'siocadh liomsa nó go dteighe do chuid sioctha ina aithmhéala duit (siocadh = spochadh; ag ealadhain; liom)
+
Tiocfa sé in aithmhéala ort = buailfe aithmhéala thú faoi rud a rádh nó a dhéanamh, a mb'fhearr leat gan a dhéanamh ina dhiaidh sin.
Má tá indán's go ndéanfa tú sin anois, tiocfa sé in aithmhéala ort fós = beidh aithmhéala ort de bharr a dhéanta fós.
TUILLEADH (7) ▼
Mharbhóchadh sé thú faoi láthair (an tráth a mbeadh an t-olc nó'n cuthach air), ach thiocfadh sé in aithmhéala air in a dhiaidh.
Tháinic sé in aithmhéala orm, nuair a chonnaic mé an bhail a bhí agam air. (Deirtear freisin "bhuail sé in a aithmhéala mé".)
Ná bíodh láimh a' bith agad ann agus ní thiocfa sé in 'aithmhéala ort amach annseo = ná bac leis (na cuir araoid a' bith air) agus ní bheidh aithmhéala ort fós faoi.
'Tiocfa a bhás in aithmhéala ort' adeirim fhéin 'dhá laghad é' = 'beidh aithmhéala ort faoi na mharbhú, dhá laghad téagair é' adeirim féin (duine a bhí ag (dh)ul a 'marbhú oiread na frighde d'fhirín)
Dhá ghangaidighe sa diabhal é, thiocfadh sé in aithmhéala ar dhuine, dhá mbaineadh sé leis (dá gcuireadh sé araoid air; dá mbuaileadh sé é).
Dhéanfainn cuailín cnámh dhe, marach go dtiocfadh sé in aithmhéala aríst orm.
Is feasach mé gur h-olc an éadáil é, ach thiocfadh sé in aithmhéala orm, dhá dtóiginn mo láimh (ch)uige.
·
Dhá choipthe dhá raibh mé, bhí fhios agam go mbeadh sé in aithmhéala orm choidhchinn dhá dteighinn ag (dh)ul a' fiachadh ar an rud salach (bradach) = dhá oibrighthe (dhá chorruighthe, dhá fheargaighe etc) dhá raibh mé, thuig mé go mbeadh aithmhéala orm igcomhnuidhe dhá mbaininn leis an duinín gan mhaith. (ní chialluigheann salach brocamus annseo, ach donacht, easba téagair, nó laigeacht)
+
Tada dhá aithmhéala (a dhath dhá aithmhéala, pioc dhá aithmhéala ceo dhá aithmhéala etc) = gan aon-aithmhéala faoi
Chuaidh mé go 'Meiriocá idtús m'óige, agus níl tada dhá aithmhéala orm = níl aon-aithmhéala orm go ndeachas.
TUILLEADH (5) ▼
Níl tada dhá aithmhéala orm gur thug mé dual na druinne dhó = níl aon-aithmhéala orm gur bhuaileas go breagh é.
'Tuige a mbeadh tada dhá aithmhéala ort. Nar dhubhairt tú an ceart leis.
Níl pioc dhá aithmhéala orm, faoi'n ionnsuighe.
Ní leigfeadh sé in a ghoire chor a' bith, go raibh tada dhá aithmhéala air = ní amhdóchadh sé chor a' bith go raibh aon-aithmhéala air.
Bhí mé 'ceapadh faoi láthair gur dhíol mé faoi na luach iad, ach níl tada dhá aithmhéala orm anois, arae dhá gcoinnighinn ó shoin iad, is beag a bheadh dhá mbarr agam anois.
+
Is beag dhá aithmhéala atá air = níl mórán aithmhéala air.
Má scrios sé fhéin iad, is beag dhá aithmhéala atá air.
TUILLEADH (4) ▼
Máire: Ná goilleadh an scéal an oiread sin ort; Cáit: Is lugha ná sin dhá aithmhéala atá orm = níl an oiread aithmhéala orm a's a shílea(nn)s tusa.
Is lugha ná sin dhá aithmhéala atá orm, dhá mbeadh 'fhios agad é!
Is mór dhá aithmhéala atá orm, ach cé'n neart atá air anois
Is mór dhá aithmhéala atá orm, agus ní cheideonainn ar chuid mhaith é (ní cheideonainn ar a dtug tonn ar tráigh é) = tá an-aithmhéala orm faoi, agus b'fhearr liom ná cuid mhaith nach mbeadh an scéal amhla.
b.
+
Dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam, ní chuirfinn araoid ar bith air = tá aithmhéala anois orm, gur chuir mé chuige ná uaidh.
Dhá mbeadh breith ar 'aithmhéala aige anois, is fada amach as (an teach, cumann etc) a d'fhuireochadh sé.
TUILLEADH (11) ▼
'Baistfe mé do leanbh dhuit le congnamh Dé; agus dá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam, badh leat mé fhéin' (Sliocht as amhrán — "Is deas an sagairtín é stór mo chroidhe")
Níl gar dhuit a' cainnt anois, nuair nach bhfuil breith ar t'aithmhéala agad.
Breagh nach raibh breith ar t'aithmhéala agad, nuair a rinne tú é = déarfaí seo le duine adéarfadh é féin, nach ndéanfadh sé rud áithrid eicínt, dá mbeadh breith ar 'aithmhéala aige.
Tá breith ar t'aithmhéala agad, anois agus ná déan aríst é = déarfaidhe é le duine, adéarfadh nach ndéanfadh sé rud eicínt a bhí sé th'éis a dheanamh, dhá mbeadh breith ar 'aithmhéala aige.
Is mairg nach mbíonn breith ar aithmhéala aige
Dhá mbeadh breith ar a n-aithmhéala ag na daoine, is beag a dhéanfaidís (a dhéanfaidhe) as a' mbealach.
Seomh (seo) é (cuirtear an fhuaim v isteach annseo idir an dá ghuth) an scéal (an leathrann) i gcomhnuidhe — 'dá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam!' — breagh nach gcuimhnigheann sibh ar sin agus sib a' déanamh an rud as an mbealach
Dá mbeadh breith ar m'aithmhéala agamsa, ba bheag an luath agam an tuairt sin a thabhairt orm fhéin = dá mbeadh 'fhios agam gur mar 'bhí 'bhí, ní bheadh baol orm a dhul ar an aistir sin.
'In a dhiaidh feicthear do'n Éireannach a leas'. Dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam anois, ní ionnsóchainn siar faoi Chonamara beag ná mór = ní rachainn go Conamara chor ar bith, dhá mbeadh 'fhios agam gur mar 'bhí a bhí.
Dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam, ní thiocfainn do mo mheath fhéin leis an obair sin dubh bán ná dubh buidhe = ní chuirfinn an trioblóid orm fhéin, ná ní chuirfinn mo chuid aimsir' amugha léithe.
Dhá mbeadh breith ar aithmhéala aige anois, dheamhan a chos a thaobhóchadh teach an cheoil ariamh

Aithmhéala in iontrálacha eile (46)

 
Nach bhféadfá do bhealach fhéin a dhéanamh anois, a's gan a bheith a' saimhseoireacht liomsa? Beidh aithmhéala ort as a dheire.
 
cuach
Chuach sé suas M. seo amuigh, le fuisce a's bladaireacht, a's dheamhan a chos nach ndeacha in éindigh leis. Dhá mbeadh breith ar 'aithmhéala aige, b'fhada uaidh a d'fhanfad sé, ach caithfe an dithcéille féin a bheith ann, arsa tusa.
 
cuntas
Lá an chunntais a chuirfeas aithmhéala ar do bholg. = beidh aithmhéala ort an lá sin, gur ith tú nó gur "thóig" tú an oiread.
 
beo 1
Mara 'ndán's go n-imthighe, tú anois go beo deifreach, imtheocha tú ar ball, a's thú in aithmhéala.
 
Mara n-eirighe tú as do chuid bollaireachta anois, eireocha tú aisti a's aithmhéala ort!
 
Is beag a' mheas a bhí aige ar mo chuid buadáin-sa, ach dhá mbeadh breith ar 'aithmhéala aige, ní thiocfadh sé fhéin amach dá bh'uireasbha, a's ar baineadh de threascairt as ar a' leic oidhre.
 
Má bhuaileann tú faoi siúd, beidh aithmhéala ort = má theigheann tú a' troid leis; má thagann tú salach air.
+
aire
Is fhearr dhuit aire mhaith a thabhairt duit fhéin, ar mhuínntir íochtar a' bhaile ná bheith in aithmhéala arís.
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbeadh breith ar aithmhéala aige anois, thiubhradh sé aire dhó fhéin ó thús = d'fhanfadh sé amach as an anachain nó as a' gcontabhairt etc.
Dhá mbeadh breith ar 'aithmhéala aige, thiubhradh sé aire dhó fhéin in am.
Níl sé 'tabhairt aon-aire dhó fhéin, agus tá faitchíos orm go dtiocfa sé in aithmhéala dó, mara bhfuil ag Dia.
Mara dtuga sé aire dhó fhéin, ar thuaradh na maidne, beidh sé in aithmhéala = is olc an rud dó, mochóirighe.
 
amach
Fan leat go dtí amach annseo, agus feicfe tú féin, go mbeidh aithmhéala ort, nar thug áird ormsa.
 
Fágfa tú amach an teach seo go beo, nó beidh aithmhéala ort.
 
anam
M'anam ná raibh ag a' Diabhal, mara n-eirighe tú as go n-eireocha tú as agus aithmhéala ort!
 
Ná tarraing ort a chuid anglántais siúd, nó beidh tú in aithmhéala.
 
Mura dtapuighe tú do ghnaithe d'aon-iarra anois, beidh aithmhéala ort = mura gcuire tú crudh in a thosach agus do chuid oibre a dheanamh ar an toirt anois, ní bheidh tú buidheach dhuit féin aríst.
+
imigh
D'imtheochainn roimhe sin, dá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam = dá mbeadh fhios agam an mar' bhí a bhí is fadó roimhe sin a d'imtheochainn.
TUILLEADH (1) ▼
Ní imtheocha tú go mbí aithmhéala ort.
 
Má chuireann tú isteach fúmsa, beidh tú in aithmhéala.
 
danra
Tabhair cead a comhairle féin di. Maran buil léithe a phósadh bíodh aice. B'fhéidir go bpósfadh sí ar ball é dhá mbeadh breith ar a h-aithmhéala aice. A chomhairle féin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
 
Oibrigh leat anois. Beidh aithmhéala ort 'san deireadh = ach a mbeidh 'chuile shórt déanta agad
+
deis
An uair a d'eirigh an deis leat níor thapuigh tú í. Is fadó an lá a bheitheá igcrích dhá dtugtá áird ar do mhuintir. B'fhéidir dhá mbeadh breith ar t'aithmhéala anois agad go dtiubharfá
TUILLEADH (1) ▼
Is dona an deis a chuir sí uirre féin, agus a bhfuair sí d'fhoghluim: a dhul agus an sean-liúdramán gránna sin a phósadh. Beidh a shliocht uirre: beidh aithmhéala uirre fós
 
deo
"Dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam, ní leigfinn uaim í go deó deó", adeir sé faoi'n inghin
 
Is diachta dóib maoin ná bráigill a bheith orra agus cho caithmheach drabhlásach agus atá siad. Dá mbeadh dúithche an Ch. aca, ní fhágfaidís luach bonn bán uirre, nach istigh ag mná ósta a bheadh. Is mór an seasamh aca é. Ach ní mhaireann an rith maith do'n each i gcomhnuí. Mo choinsias ní mhaireann. Tiocfaidh an lá fós agus dá mbeadh breith ar a n-aithmhéala aca, dhéanfaidís tíoghbhus in am
+
diaidh
Sásuigh thú féin go maith anois agus ná bí in aithmhéala aríst. Má ghníonn tú an pósadh uair amháin, níl aon-scaoileadh indán duit mara scaoilidh an bás thú, 'sábhálaidh Dia sinn. Mar sin, breathnuigh romhat go maith. Deir siad gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh, agus go dtugann an duine dona dubh-léim. Má cheapann tú nach bhfeileann an bhean duit, fág 'do dhiaidh í. Sin é a bhfuil in a thimcheall
TUILLEADH (1) ▼
Fainic anois a dtiocfá indiaidh do mhullaigh ann. Tabhair ionbhadh dhuit féin, agus ná bí in aithmhéala aríst. In a dhiaidh a fheicthear do'n Éireannach a leas. Níl aon-mhaith insan obair sin. Do leas romhat agus go mbeiridh tú air, mar adeireadh M. Ph. Mh. fadó
 
Diúltaigheamuid do na h-aidhbheirseoirí sin ar fad, agus mo chomhairle dhuitse diúltú dóib freisin, shul á bhéas aithmhéala ort!
 
Nach diabhaltaí dórainneach anois a bhí sé faoi'n spré — th'éis gurb í a inghean féin í — nach leigfeadh sé an laogh leis an mbó: laogh óg. "Dubhairt mé" adeir sé "go dtiubharfainn bó bhainne dhaoib, ach níor dhubhairt mé go bhfuigheadh sib bó bhainne agus laogh, agus ní bhfuighidh ach oiread. Dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam ní bhfuigheadh sib an méid sin féin. Tá mé de dhruim tighe agaibh"
+
Dar fiadh muise má tá tú ag brath ar dhul siar annsin is ag brughadh ar an doicheall a bhéas tú deirimse leat. Meastú an bhfuil meas annsin ar fhear do bhaile. Diabhal an oiread agus a bheadh ar shalachar do bhróige. Is fhearr an aithne atá agamsa orra ná agadsa. Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Tá an dream siúd cho suimeamhail agus nach bhfuil áird ar bith aca ar a (ar) leithidí se'againne … Oibrigh ort a mhic ó. Déan do chomhairle féin, ach cuimhnigh go bhfuil mise dhá rádh leat: beidh aithmhéala ort.
TUILLEADH (1) ▼
Is fada síos a ghabhfainn agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair! Bhí mé cheana thíos ann ar bhainis Ph. N. agus dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam ní thiubharfainn an tabhairt orm fhéin. Agus ba mhór liom a bheadh amhlaidh. Ba ag brughadh ar an doicheall ceart dúinn a dhul ann. Níor fiafruigheadh cá dtáiniceamar, go raibh muid cupla uair ann, agus an uair sin féin ba suarach a caitheadh linn. Aon-ghloine amháin fuisce a fuair mé ar feadh na h-oíche. Dar lán an leabhair sin é an méid, agus ní mé an t-aon-duine a bhí amhlaidh: dá bhfaghadh T. Ph. cead a chomhairle féin, bhí sé ag dul ag déanamh brosna do'n teach. Badh é a dhéanamh leis é. Ní raibh an teine féin ann.
 
Is beag an ghéilleadh a bhí agamsa do Sh. Ó. Ch, th'éis gurb aige a bhí comhairle an duine doscudhach. Chuaidh sé go bog agus go cruadh orm ag iarraidh cur faoi deara dhom gan a dhul i bpáirt le m'uncail, nó dhá dteighinn go mbeadh aithmhéala orm. Agus m'anam go mb'fhíor dhó. Bhí na seacht n-aithne aige sin air. Nar chaith sé féin tamall i gcomhar leis, ach bhrath sé é féin in am]
 
driog
Tá driog eicínt in mo chois annsin le cupla lá. Shíl mé gur iasc beo a bhí ann i dtosach, ach is gearr go raibh a fhios agam nach h-eadh. Níl neart agam an chois sin a chur treasna ar an gcois eile chor ar bith nach mbuaileann sé mé. Shílfeá gur ag dul 'un donacht atá sé. B'fhearr do dhuine rud a thapú in am ná a bheith in aithmhéala aríst
 
Ní raibh comhairleachan in a chionn. Phós sé í. Phós ar na drochóirí dhó féin. Níor fhága sí bonn bán air. 'Sé an chaoi a mbíodh na páistí a bhí aca amuigh is 'chuile theach ar an mbaile ag forcabhás — na créatúir — go réidhtighthí blogam tae. Iad leath-chaillte ins an mbaile. Dhá mbeadh breith ar a aithmhéala aige ní phósfadh sé an uair sin í ach in a dhiaidh a feicthear do'n Éireannach a leas
 
Bhí mé mór léithe, ach má bhí agus go raibh, ní fheadfainn déanamh sáthach mór léithe, len a pósadh — an uair sin go h-áirid. Bhí mo dhóthain aithmhéala orm aríst faoi, ach bhí mé aisti annsin. Níl a fhios, adeir siad, cé's fhearr an luathas nó an mhoill
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé sídheamhail. Deir 'chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceál ann. Ach ní raibh géilleamhaint ar bith aige-san do chúrsaí de'n tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé in a cheann teach nuadh a dhéanamh. Ní bheadh aon-shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, th'éis go raibh 'chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Má's é an t-Athair M. féin é — 'sé a bhí annseo an uair sin — chuala mé gur dhubhairt sé leis go mbeadh sé in aithmhéala, mara bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann len a n-anshógh féin. Ach ní raibh aon-chomhairleachan in a chíonn. Ó a chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé cho dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon-nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar falamh annsin ó shoin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chomhnuigh ariamh ann sílim. Marbhuigheadh an mac shul má bhí sé déanta. Sáthach fánach a marbhuigheadh é freisin. Ord a thuit de'n scafall air. Buaileadh síos an inghean agus chaill sé an domhnuidheacht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon-mhaith ariamh. Thuit binn an tighe go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mbadh shin é a dhóthain de theasbánadh, ach chuaidh sé in a éadan as dubhshlán in ath-uair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh creafóige. Ó'n lá ar thosuigh sé ag ordluigheacht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nar tháinig an díleághadh air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go cruadh — d'imigh sé in a ghlaedh ghlas. B'éigin do'n bhean agus do'n chuid eile de'n chlainn lascadh leo as ar fad ins an deire. Bhí an díleághadh ar a gcuid as comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread aca agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht indiu; i gcruthamhnas nach ceart d'aonduine a dhul ag cur araoid ar an sluagh sidhe — diúltaigheamuide dhóibh agus fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra!
 
díol 2
Marab é do dhíol é cuir ar ais é ar an bpuínte boise. Is fhearr athchur ná aithmhéala
 
díth
Tá díth na céille ort má phósann tú fós. Tá sé luath go leor agad. B'fhéidir gur aithmhéala a bheadh ort nuair a bheadh sé deireannach agad. In a dhiaidh a fheicthear do'n Éireannach a leas
+
dóigh 1
Is gránna an dóigh do dhuine a leithide de chleas thúatach a dhéanamh, ach an uair nach raibh ionnta féin ach an túataighil, nach gcaithfinn cam in aghaidh an chaim a thabhairt dóib. Dá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam aríst ní dhéanfainn é, ach ní raibh
TUILLEADH (1) ▼
Ní maith an dóigh d'aonduine araoid a chur ar shagart. Bíonn sé in aithmhéala faoi dheireadh thiar thall. Dream iad sagairt nach bhfuil agad a bheith mór ná beag leo ach a gcuid a chaitheamh aca, agus gan thairis sin de chaidéis a chur orra. Breathnuigh ar bhean D.
 
Níl de leigheas ar an dubhradán sin anois ach a dhul go dtí bean eicínt a bhfuil bainne cíche aice agus blighfidh sí cuid de'n bhainne isteach faoi an tsúil agad, agus is beag an dubhradán a fhágfas sin innte deirimse leat. Is minic a chonnaic mé daoine dhá dhéanamh fadó, agus le goirid féin an uair a bheadh súil bhocht aca … Náire. Cé'n sórt náire. Ní minic fear náireach éadálach ar chuala tú ariamh é … Mara dteighidh, fág mar sin í, agus feicfidh tú féin air go dtiocfá ann ar ball dá mbeadh breith ar t'aithmhéala agad
 
Ní dheachaidh aon-aithmhéala air ariamh nó go bhfacaidh sé mise dhá h-árdú liom. Annsin a bhí sé líomhtha ceart ag a dhul in éindigh léithe
 
Rachainnse faoi dhuit dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agamsa gur fada ó'n áit sin a d'fhanfainn. Ach in a dhiaidh a fheicthear do'n Éireannach a leas. Bhí mise sáthach caillteach len a dhul ann ar aon-chor.
 
Tá na gasúir sin dubh-ámhuilleach le gairid. Meastú céard a rinne siad indé ag teacht ó'n scoil dóib, ach an ceaintín a raibh a chuid tae ann ag S. Ph. a chrochadh leo anoir go dtí Áirdín an Fh. agus an tae agus a raibh ann a dhóirteadh. Anois b'fhéidir! Ar an dá luath agus a dtiocfaidh siad isteach, gheobhaidh mise an tslat agus tóigfidh mé ar mo ghlúine iad. 'Sé a thuar siad dóib féin. Is fhearr a dhul rompa anois, ná a bheith in aithmhéala aríst = nuair a bhéas cuid is mó ná sin déanta aca
 
téigh
Chuaidh mé na breaclachaí, ach dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam ní rachainn, arae níor fágadh snáth éadaigh orm gan stróiceadh