Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bain anuas
1.
a.
+
Níor fhága sé snáth éadaigh thuas ar mo chraiceann nár bhain sé anuas díom
Bain díot anuas an cóta sin anois go beo deifreach agus ná bí ag imeacht dhá mhilleadh
TUILLEADH (2) ▼
Bain díot anuas na héadaí fliucha sin go beo nó tolgóidh tú an t-éag astub
Ba ghearr a bhí sé ag baint dhe anuas agus ag cur malrait éadaí air fhéin, deirimse leat
b.
+
Bainfidh mé an ceann anuas ón dúid dhíot — amach ón dúid
Bainfidh mé an chluais anuas de do leiceann mura n-éirí tú as
TUILLEADH (7) ▼
Bain an chluais anuas de mo leiceannsa, mura raibh siúl glan ag imeacht aige! — dar príosta, d'imigh sé go sciobtha
'Dhá bhfaighinnse mé fhéin ar an gcolainn aríst,' adeir an cloigeann, 'leagha na bhFiann ní bhainfeadh anuas mé' (as scéal fiannaíochta — is minic ina sheoraí i scéalta é.)
Bhain sé an láimh anuas ón ngualainn dhe
Baineadh an chois anuas ón nglúin dhe
Tá an fhéasóg bainte anuas aige — bearrtha
Caithfidh mé an chluimhreacht seo a bhaint anuas anocht — lomra féasóige
Ní mór dhom an folt seo a bhaint anuas go gairid — mo chuid gruaige a bhearradh
2.
+
'Sí an obair atá in ann an fheoil a bhaint anuas
Siúlann sé cúig nó sé de mhílte chuile lá agus tá sé ag cinnt air an fheoil a bhaint anuas ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé tite i bhfeoil ar fad, agus é cinnte air í a bhaint anuas

bain anuas in iontrálacha eile (37)

 
fánaí 1
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair ansin ariamh. Murab ea, ní hiad fhéin é. Ní ligfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling sa ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thoistiún thú ó bhaileodh sé Lá Fhéil Mártan. Is deacair a rá nach mba suarach an saol é
 
Baineann sé an lá as chuile shórt, agus dheamhan ceartú a bhíonns aige ar aon scéal ina dhiaidh sin. Tharraingeodh sé anuas míle scéal agat in éindí, agus dheamhan adhmad a bheifeá in ann a bhaint as aon cheann acub.
 
Dheamhan feanc a baineadh as Pádraig a bhí ar cúlóig, ach cuireadh an té a bhí ar béalóg glanoscartha anuas as ascar na diallaite. Níl aon rath ina mharcach leis.
 
buíog
Má bhaineann tú an eochair sin as an mballa, beidh sé anuas ort ina bhuíograchaí.
 
ainm
Nach mór a bhain sé dhuit m'ainm a tharraingt anuas chor ar bith? — níor bhain sé dhuit (.i. ní raibh aon cheart agat) m'ainm a tharraingt isteach sa scéal chor ar bith
+
Ní bheadh a fhios agat ó Dhia anuas cén chaoi ar bhain rud chomh fánach sin a leathoiread cainte amach — go raibh rud fánach ina údar leis an oiread sin cainte
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá go mba éadáil mhór é le ar bhain sé de chaint amach le seachtain anuas.
+
anuas
Níl ceart ar bith le baint den dream anuas nuair a thosaíonns siad (.i. ag troid)
TUILLEADH (3) ▼
Leagadh mé agus fhóbair gur baineadh na fiacla asam anuas faoi lom an bhóthair.
Ó shin anuas, níor imir mé fhéin aon chárta ó bhainfeadh sé an dó dhéag.
Níl a fhios agam ó Dhia anuas, cén dearmad a bhain dom agus é a leagan ansin.
 
'Íoc amach m'ardchíos liom go beo,' adúirt an gaiscíoch, 'nó bainfidh mé an ceann anuas ón dúid díot'
 
ascar
Shíl mé dheamhan deoir a bhí ann agus an crochadh a baineadh as anuas as ascar na diallaite
 
An bhfeiceann tú an gruán mór cloiche atá ar forbhás ansin thuas ar aill Gh. an T? Nach diabhlaí nár bhain aon duine aon chorraí ariamh aisti. Feanc beag ar bith muise, agus chuirfeadh sé anuas ar an mbóithrín í
 
Ní dhéarfaidh sé amach leat é gan frapa gan taca chor ar bith, ach tosóidh sé ag baint fóide ag an scéal. Caithfidh sé an-fhada sul má tharraingeos sé anuas ceart é
 
Bhí sé fhéin agus an bhean in árachaigh a chéile. Craicínteacht phoitín a bhí air. Ar ndóigh bhí sé ina snáth mara ar an mbaile sin an uair sin. Meas tú céard a rinne sé nuair a bhain sé fhéin agus an bhean amach sa ropaireacht? A dhul thuas ar an lota, agus a theacht anuas aríst, agus sin a thomhais ort céard a thug sé anuas as? An fáiméad — fáiméad an bháid — le dhul ag lascadh na mná leis. Theith mé fhéin. Theith an bhean …
+
dairt
Tharraing sé anuas aonach na Gaillimhe. Dúirt sé go raibh an-imeacht ar chaoirigh, agus go mb'fhiú cion a bheith orthu anois. 'Sé an chaoi a raibh sé ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag súil go dtairgfeadh S. na moilt siúd a cheannacht aríst uaidh. Ligfeadh sé uaidh anois iad ar an méid a thairg sé dhó mí ó shin
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh sé ach ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag tabhairt leidí uaidh faoi na portaigh, ag ceapadh go dtarraingeofaí anuas an mhóin. Is beag dá chuid cluanaíochta sin é deirimse leat. Ní bheadh Rí na Méaracán suas leis
Deir tú leis a chaith coraintín istigh anseo inniu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timpeall ar an scéal. 'Leag mé bosca bealadh a bhí le a chur ar an gcarr inniu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor meacan den teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dúirt B. nár chorraigh sí féin é. Agus níor goideadh é, mar 'sé sin an fáth, ní raibh aon duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é.' Tá amhras aige orainn, ach ní abródh sé ina dhiaidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é san oíche amárach. Leagfaidh mé san áit chéanna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt
 
Lá de na laethanta deannachtacha sin i dtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na seanbhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarraí Mh. G. Ar éigean saoil a bhí mé in ann seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shantaigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst nuair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige, go mbaininn scaitheamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé cara chainte orm. 'Cá'il tú ag dul,' adeirim féin. 'Síos ar snámh,' adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach nárbh ea. Ní raibh sé seachtain ón lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighe (sa ngealtlann)
 
Ní bhíonn dream ar bith líofa ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas anseo anuraidh agus bhain sí slám duilisc, agus ní bheadh fí ná feáin uirthi mura ndéantaí deargán di. Diabhal a raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aici siúd. Thug sí a seaneire creathnaigh abhaile léithe. Nár ba é amháin dhá bhfuil suas ann. Chuile bheadaíocht dá mbíonn timpeall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orthu féin. Ní fhaca mé tada ag teacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas anseo ar mhaingín cnónnaí acu, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugat, ach ní fhaca muid aon amharc ar na cnónnaí ó shin
 
deis
Má bhí rún aige a dhul ag troid, ba dona an deis a chuir sé air féin. Breá nár bhain sé anuas an seaicéad, agus na muinchillí a chrapadh mar a rinne a leithide ariamh
 
(Rópa dlaoiníní — rópa tuí cáiteach) "Rópa a dhlaoithfeá de bhroibh. Na broibh a fháil suas ansin sna barra. Broibh mhóra láidre: fiógaí. A dtarraingt as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcnagadán cupla lá nó go dtriomaídís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoíchan ansin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraingt anuas de na broibh. Mura mbeirteá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh sa bhfióig mionbhas. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corrshúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé chomh maith le rópa ruainne — rópa rua. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhíochan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghadrachaí maoil asail ag tarraingt mallaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith ina dhiaidh sin. Dhá mbeifeá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhíochan suas ina chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh lena mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíobh. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shula n-oibrítí iad. Bhruithfeá slata le aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú ansin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé chomh maith leis an rópa dlaoinín broibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbroibh nó na slat i gcluasa an tuirne (dlaoinín nó fiataíl an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsaid, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solas: dhlaoithfidís anuas na fiógaí agus d'fhágaidís stríoc bheag den dlaoinín ar an mbrobh, i gcruth is nach dtitfeadh a mbeadh istigh ann amach ina mhionbhas. Chuiridís bealadh ansin orthu: ola faoitín nó ola ronnaigh, agus a leá ar cham agus a dtumadh ann. Mura bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leáfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faoitíní agus ronnaigh ina snáth mara anseo an uair sin. Na haobha a leá ar an tine, agus nuair a bheadh lochán agat, na broibh a thumadh uileag ann, nuair a bheidís dlaoite: an dlaoinín bainte dhíobh. A gcrochadh suas ar stálú sa simléar nó go mbeidís tirim … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dod
Bhí an capall sin an-tsásta i dtosach, ach bíonn sí ag gabháil le dod le gairid anuas má chloiseann sí torann ar bith. An meaisín buailte a chuir an bhail sin uirthi. Bhain sé geit aisti lá ansin thuas ar an mbóithrín
 
Ar chuala tú céard adeireadh T. Mh. fadó. Ní raibh aige ach prochóg de theach. Dheamhan a bhféadfá casadh istigh ann. Théadh scata againn féin suas chuile oíche ar cuairt ann. Nuair a theagadh muid faoin doras i gcónaí, sé an leathrann a bhíodh ag T. 'Doirtigí anuas a scorachaí. Má tá mé cúng, níl mé doicheallach.' Is minic a chonaic mé an teach sin lán go drad. Ní thoillfeadh duine eile ann. Is iomaí siamsa a bhíodh ann. Ní bhíodh d'fhaitíos ar T. i gcónaí ach go mbainfeadh duine eicínt an maide mullaigh, agus go dtitfeadh an teach anuas orainn. Leagfá do láimh mar sin ar an maide mullaigh. Bhí an teach chomh híseal sin
 
Dhá dtiteadh an drandal aisti anois d'uireasa duilisc thuas ansiúd, dheamhan blas duilisc a gheobhas sí uainne. Má tá sí dúlaí ag duileasc, teagadh sí anuas agus baineadh sí é. Tá dalladh dhó (dhe) thíos ansin thíos. Is beag a bheadh ar a (ár) n-aire go deimhin, a dhul ag baint duilisc dhá drandal sise. A dhul ag fágáilt a (ár) gcuid móna ansin gan tógáil le dhul ag baint duilisc do mhagarlach anuas ó shléibhte
 
driog
D'airigh mé an driog ag dul thríom. An chéad rud eile, tháinig míobhán in mo cheann agus mhothaigh mé mé féin ag titim i meirfean. Murach a fheabhas agus a thapaigh mé é agus a dhul amach, thitfinn istigh. Níl a fhios agam ó Dhia anuas céard a bhain díom chor ar bith. Níor tháinig rud den tsórt sin orm cheana ariamh
 
droim
Bhí an lá ag dul thar droim agus gan é ag tarraingt anuas tada. Nuair ab fhada liom féin faoi dheireadh é, thosaigh mé ag baint spreabannaí ag an scéal, ach ní raibh faice le fáil uaidhsean ach an nathaíocht bheag sin a bhíos aige i gcónaí …
+
Capall droimnochta a bhí againn. Eisean ar béala. Mise ar cúlóig. Bhuel bhí sé ag baint caor thinte as an mbóthar anuas Ard Th. agus é 'na huaire móire orm féin agus gan a fhios agam cén pointe a gcuirfí go talamh mé agus a scoiltfí mo bhaithis in aghaidh an bhóthair
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an S. bailithe soir go fada ag J. an uair sin. Dheamhan easna dhósan nach mbaineann anuas an jaunt anseo amuigh — bhain a mh'anam — agus fáscadh ar an gcapall droimnochta agus as go brách leis soir ina dhiaidh. Chuaigh sé sínte soir an S. agus chuaigh sé fhoisceacht "mbeannaí Dia" dó gasúr le M. Mh. a mharú. Thoir ag bóithrín an tS. a scoith sé é. Thosaigh sé ag glaoch ag dul thairis amach: High for caiple droimnochta adeireadh sé. Cén bhrí ach "caiple droimnochta" go deimhin!
 
Rinne sé dubhní air féin. Chuir sé nimh i gcois leis agus b'éigean a baint dhe anuas ón dúid. B'fhearr leis sin féin ná a dhul amach sa mbriseadh aríst. Nach dalbaí an áit é cogadh go bhfóire Dia orainn!
 
díle 1
Má fhaigheann sé ugach ar bith, tiocfaidh an díle cainte dhó agus sáróidh sé muid go ham suipéir … Ara bíonn chuile shórt seansíomálachaí tarraingthe anuas aige; ag caitheamh agus ag cáineadh ar chuile dhuine agus ag baint fogha is easpa as chuile fhear agus chuile bhean sa tír. Níl caoi ar bith dhuit anois le déanamh ach gan sásamh ar bith a thabhairt dó. Abair "thug tú héitheach" ar an gcéad iarraidh agus feicfidh tú féin gur beag an chaint a fhanfas aige ansin
 
Scaití bíonn sí an-phléascánta: ag caint, agus ag déanamh spraoi, agus chuile shórt tarraingthe anuas aici, agus shílfeá go mba leat ar fad í. Ach ar iontú do bhoise aríst, bíonn sí chomh dúnárasach agus nach mbainfeá focal aisti le meanaí. Luathintinneach mar sin atá sí. Chonaic mé ag dul siar tráthnóna í agus gotha an-diúltach uirthi. Ba bheag le gur bheannaigh sí dom. Sách deacair a bheadh sé í a bhearradh anocht cheapfainn, ach beidh a shliocht uirthi, fanóidh na daoine (an té atá ag caint) glan uirthi
 
Níl aon duine faoi bhéal an aeir nach bhfuil tarraingthe anuas agus liobraithe gearrtha aici. Tá chuile locht ar chuile dhuine eile, ach bainfidh sí a muintir féin as margadh i gcónaí. An lá faoi dheireadh a raibh sí ag ithe agus ag gearradh ar an dílleachta bocht sin thiar tigh Sh., agus a raibh sí ag rá nach bhfágann sí amach an teach ag P. Dh. chor ar bith, tháinig sé go dtí an béal agam a rá léithe go bhfeicfeadh sí an dúradán i súil duine eile go maith, ach nach bhfeicfeadh sí an tsail mhór ina súil féin chor ar bith. 'Sé a bhí agam a rá léithe, ach lig mé tharam í ina dhiaidh sin, leisce clampar a tharraingt
 
Tá dúrúch ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claí amach as an ngarraí inniu. As go brách léithe síos an bóthar agus fhóbair gur mharaigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaí T. Sh. agus chuir sí na beithígh thrína chéile. Dheamhan cónú a rinne sí ansin go ndeachaigh sí sna cosa in airde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar aduaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag iontú soir an bóthar murach go ndeachaigh mé roimpi agus a cur aníos go teach. Shíl mé i dtosach gur dúrúch dárach a bhí uirthi, ach dheamhan glae ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirthi. Fuílleach a thug sé le déanamh dhom coinneáil léithe ar an mbealach anuas, agus murach scorachín le S. Mh. A., bheadh sí bailithe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhíchill. Sin í an diabhlánach agat. Bhí an dúrúch céanna anoir aríst uirthi — ag rith, ag géimneach agus ag gabháil dhá tóin in airde. Ach dar brí an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóidh sí ansin go n-athraí sí béasa. Dheamhan greim le n-ithe a thug mé di ó shin, ná cuid de ghreim. B'fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúrúch di. Mura mbaine, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céanna
 
Nach dúshlánach anois a chuaigh sé ag spealadóireacht agus go raibh an speal nua sníofa aige in am dinnéir. Cén bhrí ach ní raibh thairis sin [...] anuas aige, agus é bainte chomh maolscríobach lena bhfaca tú ariamh
 
Má bhaineann tú maide (crann) ar bhruach na habhann agus a chaitheamh amach, gabhfaidh sé le sruth anuas go dtí an chora bheag agus féadfaidh tú a thógáil go deas ansin