Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bain anuas
1.
a.
+
Níor fhága sé snáth éadaigh thuas ar mo chraiceann, nar bhain sé anuas díom
Bain díot anuas an cóta sin anois go beo deifreach, agus ná bí ag imtheacht dhá mhilleadh.
TUILLEADH (2) ▼
Bain díot anuas na h-éadaighe fliucha sin go beo, nó tolgó(cha) tú an t-éag asta(b).
Ba ghearr a bhí sé 'baint dhe anuas, agus a' cur maltraid éadaighe air fhéin, deirimse leat.
b.
+
Bainfe mé an ceann anuas ó'n dúid dhíot = amach ó'n dúid.
Bainfe mé an chluais anuas de do leiceann, mara n-eirighe tú as.
TUILLEADH (7) ▼
Bain an chluais anuas de mo leiceann-sa, mara raibh siubhal glan ag imtheacht aige! = dar príosta d'imthigh sé go sciobtha.
'Dhá bhfaghainnse mé fhéin ar a' gcolainn aríst' adeir a' cloigeann 'leagha na bhFiann, ní bhainfeadh anuas mé' (as scéal fiannuidheachta — is minic 'na 'sheoraidhe' i scéalta é.)
Bhain sé an láimh anuas ó'n ngualainn dhe.
Baineadh an chois anuas ó'n nglúin dhe.
Tá'n fhéasóg bainte anuas aige = bearrtha.
Caithfe mé an chlaidhmhreacht seo 'bhaint anuas anocht = lomra féasóige.
Ní mór dhom a' folt seo bhaint anuas go goirid = mo chuid gruaige a bhearradh.
2.
+
Sí'n obair atá indon an fheoil a bhaint anuas.
Siubhlann sé cúig nó sé de mhílte 'chuile lá, agus tá sé 'cínnt air, an fheoil a bhaint anuas ina dheidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé tuithte i bhfeoil ar fad, agus é cínnte air í 'bhaint anuas

bain anuas in iontrálacha eile (37)

 
fánaí 1
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair annsin ariamh. Mara b'ea ní hiad fhéin é. Ní leigfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling san ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thistiún thú ó bhaileódh sé lá Fheil Mártan. Is deacair a rádh nach mba suarach an saol é
 
Baineann sé an lá as 'chuile shórt, a's dheamhan ceartú a bhío(nn)s aige ar aon-scéal 'na dheidh sin. Tharraingeochad sé anuas míle scéal agad in éindigh, a's dheamhan adhmad a bheitheá indon a bhaint as aon-cheann aca(b).
 
Dheamhan feannc a baineadh as Pádraig a bhí ar cúlóig, ach cuireadh an té a bhí ar béalóg, glan-eascartha anuas as ascar na diallaide. Níl aon-rath in a mharcach leis.
 
buíog
Má bhaineann tú an eochair sin as a' mballa, beidh sé anuas ort in a bhuidheagrachaí.
 
ainm
Nach mór a' bhain sé dhuit m'ainm a tharraingt anuas chor a' bith? = níor bhain sé dhuit (i.e. ní raibh aon-cheart agad) m'ainm a tharraingt isteach sa scéal chor ar bith.
+
Ní bheadh fhios agad ó Dhia anuas, cé'n chaoi ar bhain rud chomh fánach sin a leath-oiread cainnte amach = go raibh rud fánach in a ughdar leis an oiread sin cainnte.
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá go mbadh éadáil mhór é, le'r bhain sé de chainnt amach le seachtmhain anuas.
+
anuas
Níl ceart a' bith le baint de'n dream anuas, nuair a thosuighea(nn)s siad (i.e a' troid).
TUILLEADH (3) ▼
Leagadh mé agus fhobair gur baineadh na fiacla asam, anuas faoi lom a' bhóthair.
Ó shoin anuas, níor imir mé fhéin aon-chárta, ó bhainfeadh sé an dó dhéag.
Níl fhios agam ó Dhia anuas, cé'n dearmad a bhain dom agus é leagan annsin.
 
ascar
Shíl mé, dheamhan deor a bhí ann, agus a' crochadh a baineadh as anuas as ascar na diallaide
 
An bhfeiceann tú an gruadhán mór cloiche atá ar formhás annsin thuas ar aill Gh. an T? Nach diabhlaí nachar bhain aonduine aon-chorraí ariamh aisti. Feanc beag ar bith muise, agus chuirfeadh sé anuas ar an mbóithrín í
 
Fuilinn an cliabh móna seo dhom nó go leaga mé dhíom é = duine a dhul taobh thiar san gcliabh an fhad agus a bheadh an té a mbeadh sé air ag baint a chloiginn as an iris, agus dhá leigean anuas
 
Ní dhéarfaidh sé amach leat é gan frapa gan taca chor ar bith, ach tosóidh sé ag baint fóide ag an scéal. Caithfidh sé an-fhada sul má tharraingeós sé anuas ceart é
 
Bhí sé fhéin agus an bhean in árachaí a chéile. Craicínteacht phoitín a bhí air. 'Ar ndó' bhí sé in a snáth mara ar an mbaile sin an uair sin. Meastú céard a rinne sé nuair a bhain sé fhéin agus an bhean amach san ropaireacht? A dhul thuas ar an lota, agus a theacht anuas aríst, agus sin a thomhais ort céard a thug sé anuas as? An fáiméad — fáiméad an bháid — le dhul ag lascadh na mná leis. Théich mé fhéin. Théich an bhean …
+
dairt
Tharraing sé anuas aonach na Gaillimhe. Dubhairt sé go raibh an-imeacht ar chaoirigh, agus go mb'fhiú cion a bheith orra anois. 'Sé an chaoi a raibh sé ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag súil go dtairgfeadh S. na moilt siúd a cheannacht aríst uaidh. Leigfeadh sé uaidh anois iad ar an méid a thairg sé dhó mí ó shoin.
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh sé ach ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag tabhairt leidí uaidh faoi na portaigh, ag ceapadh go dtarraing(eochth)aidhe anuas an mhóin. Is beag dá chuid cluanuidheacht' sin é deirim-se leat. Ní bheadh Rí na Méaracán suas leis
Deir tú leis a chaith curraintín istigh annseo indiu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timcheall ar an scéal. "Leag mé bosca bealadh a bhí le 'chur ar an gcarr indiu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor-meacan de'n teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dubhairt B. nachar chorruigh sí féin é. Agus níor goideadh é mar 'sé sin an fáth ní raibh aon-duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é." Tá aimhreas aige orainn, ach ní abróchadh sé in a dheidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é ins an oíche ambáireach. Leagfaidh mé ins an áit chéadna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt.
 
Lá de na laetheanta deannachtacha sin idtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na sean-bhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarrdha Mh. G. Ar éigin saoghail a bhí mé indon seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shanntuigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst an uair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige go mbaininn scathamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé carra chainte orm. "Cá'il tú ag dul" adeirim féin. "Síos ar snámh" adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach narbh eadh. Ní raibh sé seachtain ó'n lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighthe (ins an ngealtlann)
 
Ní bhíonn dream ar bith líomhtha ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas annseo anuiridh agus bhain sí slam duilisc agus ní bheadh fíth ná feáin uirre mara ndéantaí deargán di. Diabhal an raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon-deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aice siúd. Thug sí a sean-eire creathnaigh abhaile léithe. Nar ba hé amháin dhá bhfuil suas ann. 'Chuile bheaduidheacht dá mbíonn timcheall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orra féin. Ní fhaca mé tada ag toidheacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas annseo ar mhaingín cnothannaí aca, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugad, ach ní fhaca muid aon-amharc ar na cnothannaí ó shoin
 
deis
Má bhí rún aige a dhul ag troid ba dona an deis a chuir sé air féin. Breagh nachar bhain sé anuas an "seaicéad", agus na muinchillí a chrapadh mar a rinne a leithide ariamh
 
(Rópa dlaoiníní = rópa tuighe cáithteach) "rópa a dhlaoidhfeá de bhruibh. Na bruibh a fháil suas annsin isna bárra. Bruibh mhóra láidre: fidheogaí. A dtarraint as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcragadán cupla lá nó go dtriomuighidís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoigheachan annsin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraint anuas de na bruibh. Mara mbeirtheá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh 'sa bhfidheoig mionús. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corr-shúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé cho maith le rópa rúinne (róinne) — rópa ruadh. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhigheachan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghádrachaí maoil asail ag tarraint malaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith in a dheidh sin. Dhá mbeitheá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhigheachan suas in a chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh len a mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíob. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shul a n-oibrighthí iad. Bhruithfeá slata l'aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú annsin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé cho maith leis an rópa dlaoinín bruibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbruibh nó na slat igcluasa an túirne (dlaoinín nó fiadhtaighil an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsad, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solus: dhlaoidhfidís anuas na fidheogaí agus d'fhágaidís stríoc bheag de'n dlaoinín ar an mbrobh, igcruth agus nach dtuitfeadh a mbeadh istigh ann amach in a mhionús. Chuiridís bealadh annsin orra: ola faidhtín nó ola runnaigh, agus a leaghadh ar cham agus a dtumadh ann. Mara bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leaghfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faidhtíní agus runnaigh in a snáth mara annseo an uair sin. Na h-aobha a leaghadh ar an teine, agus nuair a bheadh lochán agad na bruibh a thumadh uiliog ann, nuair a bheidís dlaoithte: an dlaoinín bainte dhíob. A gcrochadh suas ar stálú 'sa simléar nó go mbeidís tirm … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dod
Bhí an capall sin an-tsásta i dtosach ach bíonn sí ag gabhail le dod le goirid anuas, má chloiseann sí torann ar bith. An meaisín buailte a chuir an bhail sin uirre. Bhain sé geit aisti lá annsin thuas ar an mbóithrín
 
Ar chuala tú céard adeireadh T. Mh. fadó. Ní raibh aige ach pruchóg de theach. Dheamhan a bhféadfá casadh istigh ann. Theigheadh scata againn féin suas chuile oíche ar cuairt ann. An uair a theagadh muid faoi'n dorus i gcomhnuí, sé'n leathrann a bhíodh ag T. "Doirtigidh anuas a scurachaí. Má tá mé cumhang níl mé doicheallach." Is minic a chonnaic mé an teach sin lán go drad. Ní thuillfeadh duine eile ann. Is iomdha siamsa a bhíodh ann. Ní bhíodh d'fhaitíos ar T. i gcomhnuí ach go mbainfeadh duine eicínt an maide mullaigh, agus go dtuitfeadh an teach anuas orainn. Leagfá do láimh mar sin ar an maide mullaigh. Bhí an teach cho h-íseal sin
 
Dhá dtuiteadh an dranndal aisti anois d'fhuireasbhaidh duilisc thuas annsiúd, dheamhan blas duilisc a gheobhas sí uainne. Má tá sí dúlaidhe ag duileasc teagadh sí anuas agus baineadh sí é. Tá dalladh dhó (dhe) thíos annsin thíos. Is beag a bheadh ar a' (ar) n-aire go deimhin, a dhul ag baint duilisc dhá dranndal-sise. A dhul ag fágáilt a' (ar) gcuid móna annsin gan tógáil le dhul ag baint duilisc do mhagarlach anuas ó shléibhte
 
driog
D'airigh mé an driog ag dul thríom. An chéad rud eile, tháinic miabhán in mo cheann agus mhothuigh mé mé féin ag tuitim i meirbhthean. Marach a fheabhas agus a thapuigh mé é agus a dhul amach thuitfinn istigh. Níl a fhios agam ó Dhia anuas céard a bhain díom chor ar bith. Níor tháinig rud de'n tsórt sin orm cheana ariamh
 
droim
Bhí an lá ag dul thar druim agus gan é ag tarraint anuas tada. 'Nuair ab fhada liom féin faoi dheireadh é, thosuigh mé ag baint spreabannaí ag an scéal, ach ní raibh faice le fáil uaidhsean, ach an nathaidheacht bheag sin a bhíos aige i gcomhnaí …
+
Capall druimnochttha a bhí againn. Eisean ar béala(ibh). Mise ar cúlóig. Bhuel bhí sé ag baint caor-theínte as an mbóthar anuas Árd Th. agus é 'na h-uaire móire orm féin agus gan a fhios agam cé'n puinnte a gcuirfí go talamh mé agus a scoiltfí mo bhaithis in aghaidh an bhóthair
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an S. bailighthe soir go fada ag J. an uair sin. Dheamhan easna dhó-san nach mbaineann anuas an jaunt annseo amuigh — Bhain a mh'anam — agus fáscadh ar an gcapall druimnochttha agus as go bráth leis soir in a dhiaidh. Chuaí sé sínte soir an S. agus chuaidh sé fhoisceacht "mbeannuighidh Dia" dó gasúr le M. Mh. a mharbhú. Thoir ag bóithrín an tS. a scoth sé é. Thosuigh sé ag glaodhach ag dul thairis amach: "High for" caiple druimnochttha adeireadh sé. Cé'n bhrígh ach "caiple druimnochttha" go deimhin!
 
Rinne sé dubh ní air féin. Chuir sé nimh i gcois leis agus b'éigin a baint dhe anuas ón dúid. B'fhearr leis sin féin ná a dhul amach san mbriseadh aríst. Nach dalbaí an áit é cogadh go bhfoire Dia orainn!
 
díle 1
Má fhaghann sé ugach ar bith tiocfaidh an díle cainte dhó, agus sáróchaidh sé muid go h-am suipéir … Ara bíonn 'chuile shórt sean-síothmalachaí tarraingthe anuas aige; ag caitheamh agus ag cáineadh ar 'chuile dhuine agus ag baint fogha agus easbaidh as 'chuile fhear agus 'chuile bhean ins an tír. Níl caoi ar bith dhuit anois le déanamh, ach gan sásamh ar bith a thabhairt dó. Abair "thug tú h-éitheach" ar an gcéad iarraidh, agus feicfidh tú féin gur beag an chaint a fhanfas aige annsin
 
Scaithtí bíonn sí an-phléascánta: ag caint, agus ag déanamh spraoi, agus 'chuile shórt tarraingthe anuas aice, agus shílfeá go mbadh leat ar fad í. Ach ar ionntú do bhoise aríst, bíonn sí cho dúnárusach agus nach mbainfeá focal aisti le meanaí. Luath-intinneach mar sin atá sí. Chonnaic mé ag dul siar trathnóna í, agus gothadh an-diúltach uirre. Ba bheag le gur bheannuigh sí dom. Sáthach deacair a bheadh sé í a bhearradh anocht cheapfainn, ach béidh a shliocht uirre, fanóchaidh na daoine (an té atá ag caint) glan uirre.
 
Níl aon-duine faoi bhéal an aeir nach bhfuil tarraingthe anuas agus liobruighthe gearrtha aice. Tá 'chuile locht ar 'chuile dhuine eile, ach bainfidh sí a muintir féin as margadh igcomhnuí. An lá faoi dheire a raibh sí ag ithe agus ag gearradh ar an dílleachta bocht sin thiar tigh Sh., agus a raibh sí ag rádh nach bhfágann sí amach an teach ag P. Dh. chor ar bith, tháinig sé go dtí an béal agam a rádh léithe go bhfeicfeadh sí an dubhradán i súil duine eile go maith, ach nach bhfeicfeadh sí an tsail mhór in a súil féin chor ar bith. 'Sé a bhí agam a rádh léithe, ach leig mé tharm í in a dheidh sin, leisce clampar a tharraint
 
Tá dúthruach ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claidhe amach as an ngarrdha indiu. As go bráth léithe síos an bóthar agus fhobair gur mharbhuigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaidhe T. Sh. agus chuir sí na beithidhigh thrín a chéile. Dheamhan comhnú a rinne sí annsin go ndeachaidh sí ins na cosa in áirde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar adtuaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag ionntú soir an bóthar marach go ndeachaidh mé roimpe agus a cur aníos go teach. Shíl mé idtosach gur dúthrúach dárach a bhí uirre ach dheamhan glaedh ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirre. Fuighleach a thug sé le déanamh dhom coinneál léithe ar an mbealach anuas, agus marach scuraichín le S. Mh. A., bheadh sí bailighthe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhichill. Sin í an diabhlánach agad. Bhí an dúthruach céadna anoir aríst uirre — ag rith, ag géimneach agus ag gabhail dhá tóin in áirde. Ach dar brigh an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóchaidh sí annsin go n-athruighidh sí béasa. [Dheamhan] greim le n-ithe a thug mé di ó shoin, ná cuid de ghreim. B'fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúthruach di. Mara mbainidh, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céadna
 
Nach dubhshlánach anois a chuaidh sé ag spealadóireacht agus go raibh an sp[eal] nua sníomhtha aige in am dinnéir. Cé'n bhrigh ach ní raibh thairis sin [...] anuas aige, agus é bainte cho maoilscríobach len a bhfaca tú aria[mh]
 
Má bhaineann tú maide (crann) ar bhruach na h-abhann, agus a chaith amach, gabhfaidh sé le sruth anuas go dtí an chara bheag agus féadfaidh tú a thógáil go deas annsin