Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bólaí
limistéar, lorgán, ruta, ceantair, áit.
+
Ní as na bólaí seo mo dhuine — ní as an áit seo é.
'Sé an fear is fhearr sna bólaí seo anois é.
TUILLEADH (9) ▼
Thóraigh sé na bólaí seo fré chéile agus chinn air aon bhean a fháil iontub.
D'aithin mé ar a chuid cainte nach as na bólaí seo é.
Tá neart féir le díol acub sna bólaí sin siar.
Bíonn damhsaíochaí go minic sna bólaí seo soir.
Ní dhéanann siad aon rath cuir chor ar bith sna bólaí sin síos faoi Ghaillimh. Ag díol bhainne bhíonns siad i gcónaí.
Níl aon deoir phoitín beag ná mór anois sna bólaí seo ó chuir na misinéaraí cúl air.
Bíonn an-bheithígh bhainne sna bólaí sin síos faoi bharr na Gaillimhe.
Fainic an bhfuil fíodóir ar bith sna bólaí sin anois ó cailleadh L. G. — sílim nach bhfuil fíodóir ar bith sa gceantar sin anois ó cailleadh L. G.
Ní fhaca tú fear as na bólaí sin ariamh gan bríste cord

bólaí in iontrálacha eile (34)

 
Bhí feadhnach mór meaingeals sa gcarr ag teacht aniar aige, hé brí cá bhfuair sé iad. Tá meaingeals sna bólaí sin siar chreidim. Ní bhíonn siad dhá bhfuireasa aon uair
 
Sin é an fear fobhairne atá ag de Valera sna bólaí seo. Tá sé chomh dílis dó sin anois, agus diabhal aithne air nach íocaíocht a fhaigheas sé ar a shon. Do dhúshlán aon cheo a rá faoi de Valera os a chomhair. Spréachfadh sé a dheartháir mo chroí. Spréachfadh a mh'anam, agus thabharfadh sé fút garbh é
 
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bheas de bharr do shaoil agat má lonnaíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dtéann tú abhaile má tá aon bhaile agat?
 
Chloisfeá daoine ag clamhsán nach bhfuil cinneadh ar bith lena bhfuil sna bólaí sin. Well, tá mise ag gabháil an bhealach sin, go hacht is go háirid, le cheithre bliana agus dheamhan caidéis a cuireadh ariamh orm.
 
An té atá ag plé le carraeireacht sna bólaí seo, beidh sé amuigh moch is deireanach.
 
Ní fhaca tú aon ghamhain cuideáin thart sna bólaí seo le cupla lá, a dhuine chóir. Fuair mé tuairisc i S. Ú. gur facthas ag teacht aniar é.
 
Níl sí ó chrích fós, ainneoin go bhfuil sí amach go maith sna déaga is fiche. Gheobhaidh sí crannfhear mór Achréidh; gan aon choisméig siúil, a gcinnfidh air aon bhean a fháil sna bólaí s'aige fhéin.
 
beo 1
Ní théann Críostaí an bhéil bheo amach sna bólaí siúd mura dtéadh lucht caorach go díreach, agus tá mé ag ceapadh gur annamh a théanns siad sin fhéin chomh domhain sin faoi shliabh.
 
bunús
Níl aon bhunús a rath aige agus tiocfaidh sé rite leis aon bhean fháil sna bólaí seo.
 
ainm
I bhfad ó chéile a chloisfeá Maoileachlainn sna bólaí seo, ach is ainm mór é faoi Ghnó Mhór — tá sé ar chuid mhaith faoi Ghnó Mhór (ó Mhaigh Cuilinn ó thuaidh)
 
Ó thug tú do shláinte leat as, b'fhéidir go gcuirfeadh sin ar t'aireachas thú aríst faoi na bólaí sin — ó tháinig tú slán as, b'fhéidir go gcomhairleodh sin aríst thú faoin áit sin.
 
airigh
Airíonn siad ollmhaitheasa eicín aniar faoi na bólaí seo agus chomh minic agus atá siad ann le scaitheamh.
+
anam
Ó thug mé m'anam liom den gheábh sin, is fada aríst go bhfeictear mise sna bólaí siúd.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí tamall ann agus ní ligfí a anam leis chomh réidh sin as na bólaí sin.
 
Bhíodh fiannóirí maithe anseo roimhe seo, ach ba bheag an ghair a bhí acu ar na fiannóirí a bhíodh sna bólaí sin siar faoi Iorras Aithneach
 
Ní raibh d'fháiteall ariamh sna bólaí seo ach a raibh den fharraige agus an braoinín poitín sin. Ach tá chaon cheann acu anois de dhroim seoil. Níl aon tairbhe ar an "stil" ach an oiread is atá ar an iascach
 
fiach 1
Rinne sé teach nua d'aon uaim amháin le aghaidh lóistéaraí agus fámairí a choinneáil ach nuair a fhaightear an chú ní fhaightear an fiach. Dheamhan fámaire ná Gaeilgeoir ag taithiú sna bólaí seo anois.
 
fáth
Níor tháinig sé agus a fháth aige. B'fheasach é dhá mbeirtí sna bólaí seo air go bhfaigheadh sé tuirne Mháire
 
Ná bac le fáilte a bheith roimh dhuine soir sna bólaí sin! Dheamhan fáilte muis ach an fhuarfháilte
 
Ara choinnigh muintir an Ch. sin thiar ar neamhchodladh mé ar feadh na hoíche aréir lena gcuid glaomaireachta. Tá a shliocht orm: tá mé in mo dhall dúda inniu. Airíonn siad na daoine go dona. Bhí lá den tsaol muis, agus ba bheag an ghlaomaireacht a bheadh acu sna bólaí seo, ach airíonn siad a raibh ar fónamh ann imithe anois
 
Ní hí an dea-aithne atá ag muintir na háite seo ar an gcneámhaire sin. Shlad sé iad cheana: imeacht le luach a gcuid beathach agus gan comhaireamh na sop a thabhairt dóibh ariamh. Muran sonnta é, go dtabharfadh sé é féin le taispeáint sna bólaí seo go brách aríst! Ach níl náire ar bith ann
 
Ab in é a chonaic mé ag dealú leis suas an t-ard. Bailíodh leis anois. Ní fearr timpeall na mbólaí seo é sin. Ceo ar bith mura mbeadh sé te nó trom, bheadh sé ardaithe leis aige. Tá sé sin buille luathlámhach a mhic ó mo chroí
 
deis
Níl duine ar bith thart sna bólaí sin nach bhfuil láidir i ndeis. Is dóibh is fusa. Déanann siad iarmhais mhóra ar bhainne. An fear is lú beithígh ansin, bheadh suas is anuas le cúig nó sé de cheanna aige
 
Deir tú leis atá ag cur rópa dlaoiníní ar an gcoca. Is fadó ariamh an lá nach bhfaca mé duine ar bith sna bólaí seo dhá dhéanamh sin cheana, ach is daor an spóilín é rópa rua anois, chreidim. Ina aici sin, tá neart na bhfiógaí buailte air ansiúd
 
donán
Tá brat clann mhac aige agus gan iontu ar fad ach donáin dhona. Má shíolraíonn siad siúd, cuirfidh siad na bólaí seo chun meatachais agus an bhratainn atá acu ann
 
Bhí intinn mhór acu agus bhí siad an-doriartha go deo. Beannacht Dé dhuit! Ní bhíodh comharsanacht ar bith sna bólaí sin roimhe seo ach chlaon siad roinnt le gairid. Is cosúil nach bhfuil an aos óg atá éirithe suas ann anois chomh hamscaí agus a bhí an tseanmhuintir. Ní fearr dóibh fhéin a bheith
 
dosán
Ní bheidh aon dosán fraoigh ar an droim siúd go ceann achair aríst de bharr an loscadh sléibhe sin an oíche cheana. Nár dhiabhaltaí mí-ásach an dream a chuaigh dhá chur sin thrí lasadh, agus a fhiosacht dóibh go mba é an bhráid fhraoigh ab fhearr sna bólaí seo é. Beidh na daoine in anchaoi anois
 
droim
Níl aon chapall sna bólaí seo in ann an oiread sin a iompar faoina droim. Is iomaí capall a tharraingeodh i gcarr é
 
Díogha na ndíogha atá timpeall na mbólaí sin … Níl aon duine acu le baint as margadh ach an oiread le chéile. Cuid den mhuic an drioball
 
Bhí a dhóthain mhór glaomaireachta aige ar chaoi ar bith. Is minic a chonaic mise fear agus gan leath an oiread aige agus ghabhfadh sé abhaile agus a smut briste. Airíonn cuid ar a chéile acu an dream atá sna bólaí seo rómhacánta. Murach sin ba bheag é a gcuid glaomaireachta
 
Ag dúrúch leo mar sin a bhíos an dream sin ar fad anois. Airíonn siad go bhfuil M. i Sasana. Dá mbeadh sé sin sna bólaí seo is beag an dúrúch a bheadh ar chlann J. Chuirfeadh sé siúd dúrúch ar an ngoile acu, agus cuirfidh fós, má sheolann Dia ar ais slán é. 'Sé atá siad a thuaradh dóibh féin.
 
An uair deiridh a raibh sé anseo chuaigh faitíos air. Fuagraíodh air dá gcloistí ag glaomaireacht sna bólaí seo aríst é, go mbeadh scéal aige air
 
Meas tú dhá dtéadh an bheirt againn faoi mheaisín buailte nach ndéanfadh muid dalladh airgid ag buailteoireacht sna bólaí seo nuair nach bhfuil aon cheann eile ann
 
Ní rachaidh leis muis, nó is cinniúint ormsa é. Tá cupla gíománach agamsa sna bólaí sin, agus níl agam ach an scéal a mheabhrú dhóibh agus ní chuideoidh siad tada leis ach a dtosaí siad