cas isteach
—
+–
Casadh isteach i dteach aréir mé agus níor shlachtmhar an comhrá a bhí ann
'Sé Dia a chas isteach tú — is tráthúil a tháinig tú isteach sa teach
TUILLEADH (2) ▼
Céard a chas isteach chomh deireanach seo thú — céard a sheol chugainn tú an tráth seo d'oíche
Cén mheanmna a chas isteach í — céard a chur faoi ndeara dhi a theacht chugainn
cas isteach in iontrálacha eile (50)
→
froigisí
Ach cén sórt froigisí atá sé (seo) thíos a chur ar an teach? … Rud le aghaidh solais a thabhairt isteach ann! An n-éistfidh tú liom! Solas mar atá sna tithe i nGaillimh, nach bhfuil ort ach cnaipe a chasadh agus beidh sé lasta! Muise muise! Sa saol a tháinig sé! Agus nach raibh aige go dtí an bhliain cheana ach fáideogaí agus cam! Tá na caisleáin ag titim agus na carn aoilíochaí ag éirí i nDomhnach!
Murach gur casadh isteach thusa chugainn ní bheadh an fhudairnéis seo sa teach. Don riabhach dhuit nach áit eicínt eile a thug ort fhéin. Tá an breathas ort i gcónaí
San am ar casadh mise isteach, dheamhan cló stiúrtha ar bith a bhí ar an teach. Bhí chuile fhear ina chraiceann ar an urlár ag iarraidh achrainn. Ba mhór an chontúirt a bheith abuil siad chor ar bith.
Dhá gcastaí isteach sna coillte coimhthíocha sin thú, ba mhaith a bheifeá ar do mhaidí agus a theacht astub beo. Tá siad lomlán le beithígh éigcéille.
→
comaoin
Is maith mar a tharla! Ó casadh isteach anois thú, ní fhágfaidh tú ball na háite go gcuire mé comaoin eicínt ort. B'fhiú dhom freisin!
→
baile
Ba bheag an ollóid an baile seo dhá chéile gur casadh an stalcáinín sin isteach ann. Anois, tá an baile in árachaigh a chéile chuile ré solais.
+
→
bealach
Má chastar an bealach thú, tiocfaidh mé isteach chuige.
TUILLEADH (1) ▼
Nach mé a casadh i mbealach mo bhasctha agus a theacht isteach anseo!
→
crinn
Mise a bhí casadh (na mbord) agus eisean ag cur isteach na claise, agus dar príosta, thug sé cnáimh le crinneadh dhom coinneáil leis.
→
cuach
Oibríodh sé leis anois ar a rogha caoi. Tá mo theanga caite agam ag cur chomhairle air, agus ag iarraidh air fanacht as sin, agus is aon chás amháin dom é. Ar an dá luath agus a gcasfaidh duine acub leis aríst, cuachfaidh sin suas é agus meallfaidh siad isteach é.
→
beo 1
Is olc an éadáil do dhuine ar bith atá beo drochmhúinte é a chasadh isteach ar an mbaile sin, áit a bhfuil seala amhas cheana.
→
bior
Ní dhéanfainn an cleas a rinne sé go díreach glan go gcuirinn bior faoi mo shúil i dtosach; b'fhearr liom bior a chur faoi mo shúil ná go mbeadh sé le casadh liom go ndearna mé a leithide de chleas; chuirfinn bior isteach thrí mo shúil shula ndéanfainn an cleas a rinne sé.
→
aer
Uair sna naoi n-aird a castaí isteach é roimhe seo, ach dheamhan Domhnach san aer nach dtagann sé anois.
→
buinne 1
D'ól sé trí slaidhbhear as cosa i dtaca, agus ceann acub lán go buinne bruach. Isteach leis ansin, agus murar chuir sé fuaim le 'Bádóirín Thír an Fhia', castar leis é.
Nach deacair a bheith ag iarraidh maitheasa ar na gasúir sin anois? Sin a thomhais ort cén cheird a bhí orthu ar a theacht isteach dom: ag fiodrince ar mo chóta nua. Má chuaigh leo, castar liomsa é muis
+
→
isteach
Céard a chas an fear isteach anseo
TUILLEADH (1) ▼
Is fada isteach ormsa a thug tú aghaidh, ach má théann leis, castar leis é — níor cheart duit cur isteach fúmsa, ach buailfidh mé é
→
dallán
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diomar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
→
damba
Chonaic mé na dambaí móra a rinneadh ar an tSionainn. Nach raibh mé dhá ndéanamh. I nDomhnach bhíos. Chaith mé cheithre mhí ann. Tá dambaí áibhéalta ann in aghaidh an uisce. Tá mé ag ceapadh go stopann siad na mílte tonna uisce … Casann siad an t-uisce isteach i sórt caológaí a chuir siad ar an abhainn, agus nuair a théas sé thríd na turbines, oibríonn sé an solas. Sin é a thugas solas don tír
Déarfadh sé go maith anseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh sé in mo láthairse é. Ní abróidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtógfainn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé chomh práinneach as sin agus a bheadh cat as póca. Ní bheidh sé ag aon duine eile nó is cinniúint air é. Sin é an fear daoithiúil i gcónaí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéanna le M. Ní abródh sé píosa Fiannaíochta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtógfadh M. é. Mheabhraigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rá, agus sheas sé féin sa doras dúnta ag éisteacht. Chuaigh sé isteach de mhaoil a mhainge an oíche dhár gcionn agus dúirt sé chuile mhíle focal di do L. Nuair a chuala L. é, bhí sé i ndiaidh sásaimh ar chuma eicínt. 'Tá trí ceathrúnaí nár chuir mé ann,' arsa seisean. 'Bhí a fhios agam go raibh tú sa doras iata.' Bhraith sé é … Dheamhan ceathrú ná cuid de cheathrú a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
→
daor 1
Casadh S. Th. istigh liom ag an mbearbóir, agus b'éigean dom deoch a thabhairt dó. Cé a thiocfadh isteach ina (ár) mullach ach M. Th. agus S. F. Ní raibh a dhul anonn ná anall agam, ach seasamh don bheirt sin freisin. Bhris mé mo ghloine agus b'éigean dom íoc uirthi. Idir chaon tsórt, ba daor an bearradh orm é sa deireadh
→
dealbh 2
Níl aon lá dhár dhealbh an ghrian nach dteagann sé againn uair eicínt. B'fhéidir gurb é an uair a bheadh muid ag dul a chodladh san oíche a casfaí isteach ar a chuairt é — níl aon lá dá n-éiríonn air srl.; níl aon lá dá n-éiríonn ar a shúil srl.; níl aon lá san aer (aon lá beo, aon lá dá dteagann) srl.
Tá sé deaslámhach ar chuile chaoi. Ghléasfadh sé béilí chomh maith le bean ar bith, agus 'sé a bhlíos na beithígh chuile lá sa mbliain. Casadh isteach ann mé oíche san airneán seo caite agus meas tú cén cheird a bhí air? Ag cur an iarann ar a léine!
Céard a chas an deidearún mór sin an bealach? Isteach againne a ghabhfas sé sin agus caithfidh sé an lá ag codaíocht againn mura bhféada muid siliúr a chur ann
→
deis
Chaith mé lá ag casadh fóidín baice in aghaidh mo dheise do J. ansin thíos. Mura gcasainn mar sin é, chaithfeadh seisean an chlaise a chur isteach in aghaidh deise, agus ó bhí sé ina sheanfhear, ba mhór liom a dhul ag fiachadh air
→
diaidh
Thug tú fúithi garbh é, agus ar ndóigh mo léan, má tá mise ina dhiaidh uirthi, castar liom é. Is fada an méid sin ag teastáil uaithi; ag teacht isteach ansin chuile oíche dhá n-éiríonn ar a súil, agus an oiread gláiféisce agus galamaisíocht aici agus a bhodhródh na daoine dhá dtugaidís aon chluais di
Má fheicimse ar an dilleoireacht sin aríst sibh agus aon duine istigh, beidh mé ag gabháil oraibh chomhuain is a gheobhas mé teas ina (bhur) gcraiceann. Bheadh ciall dilleoireacht, ach níl uair ar bith is mó a dteagann táirm oraibh ná an uair a gcasfar duine eicínt isteach. Dhá mba é an té is measa le duine beo a bheadh ann, náireodh sibh é lena (bhur) gcuid dilleoireachta
Ó anocht amach le cúnamh Dé, diúltóidh mise an chuartaíocht. Séard a dhéanfas mé feasta, síneadh siar ó chluais go rioball ar an teallach, na bróga a bhaint díom, na boinn a chur le tine, mo dhíol tobac a chaitheamh, agus neart cabaireachta a thabhairt do dhuine ar bith a chasfar isteach
Casadh isteach tigh T. Mh. mé agus an bhfuil a fhios agat cén cheird a bhí air: ag dlaoitheachan bhroibh. Má bhí féin, ní raibh sé ag fágáil bunchleite isteach ná barr chleite amach ina ghnaithí
→
dlúth 1
"'Sé an dlúth a dheilbhítear ar an gcrann deilbh. Cuirtear an dlúth ina uige chuig an bhfíodóir. Téann an t-inneach ina cheirtlín aige (chuige). Cuirfidh sé an dlúth isteach sa seol ansin. Cuireann sé an dlúth ar fhad an bhréidín sa bhfíochán. Caitear é a chur thríd an tslinn agus thrí na huamachaí. Bíonn an dlúth ansin leis an éadach ar a fhad ag dul ó gharmain go dtí an gharmain eile. Casann sé suas an dlúth ar gharmain an tsnátha. Nuair a bheas sé ag fíochán ansin, déanfaidh sé próistí beaga den inneach. 'Sé an t-ainm atá orthu eiteáin, agus beidh sé ag caitheamh na n-eiteáin thríd an dlúth léar (de réir) mar a bheas sé ag fíochán. Nár chuala tú M. Mh. Ph. ag caint ar chaitheamh an smóil. Sin é é. Bíonn sé ag cur tointí air, nó ag tointeáil. Ní mór an t-inneach a chaitheamh i chuile áit ar an dlúth i gcruth is go bhféadfaidh an tslinn é a fháscadh isteach. Tá clár ar an seol — an lámhchlár — agus bíonn a láimh ag an bhfíodóir air, dhá dhoirtim isteach is amach leis an inneach a chur ar an dlúth agus lena chruadhú. Istigh sa gclár sin atá an tslinn. Rudaí iarainn atá sa tslinn. Fáisceann sí an t-inneach isteach ar an dlúth. Bíonn cláirín ar chiumhais an éadaigh, agus teannann sé isteach é sa tslinn. Is éascaíocht dó é sin freisin leis an inneach a chur ar an dlúth. Tá sé ag tarraingt an tointe, adéarfas sé, nó chaith sé an toint: sin é léar (de réir) mar a bheas sé dhá fhíochán, beidh sé dhá tharraingt air den gharmna. Tá an dhá gharmna ann: garmna an tsnátha agus garmna an abhrais. Is mó an t-inneach nach foláir don dlúth caol ná de dhlúth atá sníofa ramhar. Bíonn cuid den bhréidín a mbíonn leithead ann thar a chéile léar (de réir) mar a bheas an tslinn … Sa deilbh a bhíos na clannaí. Sin an dá snáth a chur le chéile — dhá snáth dlútha — nuair a bheas tú dhá dheilbh. Bíonn easnamh agus lán stéige ann scaití freisin." (Sliocht as cuntas faoi éadach a fuair mé ó m'athair)
Tá sé chomh doghrainneach le aon Chríostaí dhá bhfaca mise ariamh. Má théann beithíoch thar claí isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam anseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aici ag dul i mbradaíl. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dtéadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheachaigh sí airsean ach lá amháin. Bhí maolbhearna leagtha i gclaí Gharraí an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tógáil a thug siad uirthi. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillí é ar ndóigh. Isteach léithe ar an gcoinleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann nuair a rug sé uirthi. Rinne sé a sheacht míle dícheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sách aigeanta. Anuas leis anseo ina thine bhruite ag fuagairt foghlach agus dlí orm féin de ghorta gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. Ar ndóigh, mar adeir an fear fadó, bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a ligean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon nós, ach a bhfaighinn an té a thógfadh uaim í. Ach tá sé chomh doghrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tangaíodh (teangmhaíodh) chor ar bith leis féin
+
Sin é an lá ar casadh ar leac an doichill mise. B'éigean dom a dhul isteach ag iarraidh deis deasaithe bicycle ar Th. É. Dhá bhfeictheá an grúscán a chuir sé as. 'A,' 'A,' 'A,' adeireadh sé agus a mhéir faoina chluais aige. 'Ag an diabhal go raibh tú,' adeirim féin
TUILLEADH (2) ▼
M'anamsa má thaobhaíonn an duine uasal sin an teach seo feasta gurb í fáilte an doichill a bheas roimhe, agus ní thuilleann sé a malrait. Is beag an dochar dhó náire féin a bheith air: ag teacht isteach i dteach ar bith leis an méid a chloiseas sé ann a tharraingt go dtí an chéad duine eile agus a dhá oiread a chur air. Sin í a cheird muise. Nach gránna an béas é ag buachaill óg. Fhóbair mise an oíche cheana muise — murach gur casadh S. isteach — an bhróig a thabhairt dó. Ach bhí cás agam a dhul ag tosaí siúite ar bith agus S. istigh
Ba in é féin a dhul ag brú ar an doicheall, a dhul isteach go dtí iad sin. Tá mé ag ceapadh nár fhéad aon fhear ariamh a rá go bhfuair sé cupán tae ann. Dhá gcastaí ann thú faoi chéad agus iad ag ithe, ní thairgfeadh siad a dhath dhuit. Ba iad an dream ba ghortaí iad a shiúil ariamh talamh ná féar. Bhí a shliocht orthu: d'fhága siad cistí airgid ina ndiaidh
Tá an domhnaíocht saighdiúir siar faoi Chonamara ag baint mhóna, adeir fear aniar liom a casadh liom i nGaillimh inniu. Thar tír isteach uileag iad. Deir sé freisin nach bhfuil an chuid is mó acu ag tabhairt cuma bainte ar bith uirthi, ach ar ndóigh déanfaidh sí má shásaíonn sí a gcuid comhairleachaí fhéin, agus sásóidh, mar 'sé cuid an bheagáin atá a fhios acu sin faoi mhóin ach an oiread
→
donaigh
Donóidh sé sin duine eicínt sula n-éirí sé as. Is furasta a aithinte nach í bara a leasa a bhí faoi an lá ar thosaigh sé ag tabhairt chomhluadair don bhithiúnach seo thoir. An bhfuil a fhios agat céard a rinne siad an oíche cheana: a dhul isteach go dtí seanN. bhocht agus an cúpla tosaigh dhá phlioncadh eatarthu. Murach T. Sh. a casadh isteach, dheamhan deoir a d'fhágfaidís ann
→
dreolán
Ab é an dreolán teaspaigh sin thoir ag P. Dh. Is deas é mo bhuachaill muis! Is túisce a thabharfainn an diabhal ina bhuachaill isteach in mo theach ná é. Dhá gcuirinn 'na phortaigh é, ní bheadh sé as go tráthnóna nó go mbeadh eadarshuth cainte déanta aige le gach a gcasfadh leis ar an mbóthar; agus b'fhéidir gurb é an uair a bheadh sé anuas ag A. an Bh. a chuimhneodh sé ar an gcarr móna a cheangal!
Is maith driopásach a d'ól sé a phionta. Shílfeá gurb í an taoille a bhí ag teacht air leis an deifir a bhí amach aríst air. Faitíos a bhí air go gcasfaí aon duine isteach agus go mbeadh air seasamh
→
dris
Dá mbeadh sí chomh cantalach le dris, bainfear ceart di ansiúd deirimse leat. Tá an phrioc de mháthair atá ansiúd in ann coc achrainn a choinneáil lena rogha duine. Agus deir siad nach gcoinneodh sí coinneal don inín. Caile cheart í sin. Agus ar ndóigh an spliota de mhac siúd ann, chuirfeadh sé dhá chrígh Mhuire thrína chéile. Meas tusa nár mhór do bhean a chasfaí isteach ina lár sin a bheith ina hamhas críochnaithe leis an gceann is fhearr a fháil orthu sin
→
déan 1
Ní dhéanfadh tada na gnaithí anois, ach dhá mbeadh an bhís atá ag an ngabha againn go bhféadfadh muid a chur isteach inti, agus chasfadh sin gan bhuíochas é
→
déantús
Scread chasta air agat! Ní ligfinn isteach in mo gharraí chor ar bith é. Níl aon déantús maitheasa ann, seachas aon duine a chonaic mé ariamh
→
déirce
Níl léamh ar bith uirthi — níl sin. Deir tú léithe an oíche faoi dheireadh a chuir fios ar cháca, ar uibheachaí agus ar shiúcra anoir chugainn, an áit ar casadh clann J. L. 'na tí aici. Chuaigh mé fhéin soir ann ar cuairt d'uireasa mo chuid tae, arae d'ardaigh sí léithe an t-aon cháca a bhí fuinte sa teach. Ara a mhic ó, ar a theacht faoin doras dom, bhí na mílte fáilte romham, agus ní maith a bhí mé istigh ar lom an urláir nó gur cuireadh isteach ag ól tae mé. Siúd é an áit a raibh bia gan chuntas ag feara Fáil. Déirce dhá chuid féin don bhacach arsa tusa
Bhíodh T. Ó M. ag guairdeall ar fud na sléibhte ag déanamh dícheannadh ar mhná agus ar pháistí. Bhí sé ag imeacht ina rógaire reatha. An áit a bhfaigheadh sé an fear as baile, ní bhíodh scrupall ar bith aige an bhean nó na páistí a chur dhá gcois, nó spídiúlacht ar bith a gcuimhneodh sé air a thabhairt dóibh. Deir siad gur casadh isteach i dteach in aice an L. é. Bhí an teach bán cé is moite de sheanbhean dona a bhí ann. Rug sé ar ghrideall a bhí ann, agus chuir sé ar an tine é, agus rug sé ar an tseanbhean agus chuir sé síos dhá róstadh air í. Bhí an cine sin uileag go dona …
→
dúlaí
Nach dúlaí anois a bhí sé ag an bpíopa agus lá anseo an t-am nach raibh aon tobac le fáil in áit ar bith, gur bhuail sé suas trasna na heasca go B. Chuala sé ag duine eicínt — duine eicínt a bhí ag séideadh faoi ar ndóigh — go bhfuair J. Ph. punt tobac as Sasana. Dheamhan méir a bhain sé dhá shrón gur bhuail sé isteach aige idir chlár is chuinneoig. Is suarach an blas déarfainn a fuair J. Ph. air nuair a chuala sé céard a chas an bealach é, agus é féin ag imeacht agus an dúrúch céanna air cheal tobac
→
dúnáras
Is beag an dúnáras a bheas air deirimse leat ag leagan a bhurla nótaí isteach thíos sa mbainc. 'Sé an cainteoir é ansin. Agus mura bhfuil teanga bhlasta Bhéarla aige castar leis é. Bhí mé ag éisteacht leis lá a raibh mé ag íoc cíosa ann. Is fada go raibh a fhios agam gurb é a bhí ann chor ar bith. Uair annamh a chloisfeá a ghlór anseo
→
dúrúch
Tá dúrúch ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claí amach as an ngarraí inniu. As go brách léithe síos an bóthar agus fhóbair gur mharaigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaí T. Sh. agus chuir sí na beithígh thrína chéile. Dheamhan cónú a rinne sí ansin go ndeachaigh sí sna cosa in airde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar aduaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag iontú soir an bóthar murach go ndeachaigh mé roimpi agus a cur aníos go teach. Shíl mé i dtosach gur dúrúch dárach a bhí uirthi, ach dheamhan glae ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirthi. Fuílleach a thug sé le déanamh dhom coinneáil léithe ar an mbealach anuas, agus murach scorachín le S. Mh. A., bheadh sí bailithe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhíchill. Sin í an diabhlánach agat. Bhí an dúrúch céanna anoir aríst uirthi — ag rith, ag géimneach agus ag gabháil dhá tóin in airde. Ach dar brí an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóidh sí ansin go n-athraí sí béasa. Dheamhan greim le n-ithe a thug mé di ó shin, ná cuid de ghreim. B'fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúrúch di. Mura mbaine, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céanna
→
téigh ar
Chuaigh dubhchomaoin air i gC. inné. Casadh isteach tigh Dh. na hA é agus fuair sé bia agus deoch gan cuntas ann.