dalba, dalbaí
—aidiacht
—focal an-choitianta i gcaint. Tugtar dalba agus dalbaí air
1.
doscúch; mífhortúnach; mínósach; ciotach.
a.
+–
Fear dalbaí é. Bhí sé thoir ansin thoir lá an aonaigh agus d'iarr sé amach fear ar bith a bhí istigh tigh Mh. ar fair play. Bhí chomh maith le fiche fear istigh, agus dheamhan thiomanta duine acu nár chlaon uaidh
Is dalbaí an puicéara sagairt é le theacht ina líon beag ná mór. Go bhfóire Dia ar an té a chaithfeas a dhul isteach chuige ag iarraidh tada. Chuirfeadh sé an Naomh Peadar thar barr a chéille
TUILLEADH (3) ▼
Nach é an druncaera dalba é agus gur ól sé chuile phínn amháin de luach na muc shula d'fhága sé amach an t-aonach. Is maith an fear tí agus urláir é sin!
Nach dalba an cheird atá oraibh? Breá nach ligfeadh sibh dó uair eicínt agus gan a bheith ag siocadh leis i gcónaí i gcónaí
Nach dalba an bealach atá leis: ag imeacht mar sin ag béadán agus ag coiriúint ar a chomharsa, agus i gcónaí ag ullmhúchan achrainn. Dheamhan sástaíocht aige ann mura bhfeice sé daoine i mbroinnleachaí a chéile, agus ag troid agus ag achrann. Sin é a bhuac
·
Garraí dalba é sin. Bhí sé chomh maith dhuit a dhul amach i lár easca shléibhe agus tosaí dhá saothrú le bualadh faoin ngarraí sin. Théis ar chaith mé de dhúthracht leis dhá leasú, agus dhá shocrú agus dhá thriomú, chinn orm aon bharr slachtmhar a bhaint ariamh dó (de). Bheadh sé fliuch de do sheacht míle buíochas. Tá máithreach an uisce faoi
b.
gártha; scréachanta.
·
Ba dalba an oíche í sin. Bhí na scaltrachaí ag breith ar a chéile agus mé ag teacht aniar an bóthar. Shíl mé dheamhan fata a changlóinn le mo ló aríst
Is dalba an aimsir í, agus gan cosúlacht claochmú ar bith air. Má mhaireann an sneachta seo i bhfad eile, beidh beithígh cniogtha, nuair nach féidir a ligean amach. Ach diabhal mé go bhfuil na daoine féin in anchaoi freisin
·
Thug sí aghaidh air go dalba feargach — go fraochmhar feargach
D'ionsaigh sé mé go dalba taghdach, ach níor thug mé toradh ar bith air, pé acu sin é
2.
diabhaltaí; iontach; cumasach; áibhéil; mór, millteach, uafásach; damanta, dubh-; dearg-.
+–
Is dalba an airde atá sa reanglachán siúd. Bhuailfeadh sé a chloigeann go réidh socair thuas ar an áiléar sin. Níl airde ar bith in P. S. lena ais. Dhéanfadh sé siúd beirt mar é
Bhí cogadh dalbaí ansin. Dheamhan fear dhá raibh ann nár fhága sé a shéala air. Breathnaigh ar Ch. Bh. S. Tá scéin ann
TUILLEADH (2) ▼
Is dalba an obair a rinneadh ansin. Ach ba orthu nach raibh an mhoill. Is beag a aireos daoine obair a dhéanamh, nuair a bheas chuile shórt ar a mian acu
Tabhair ithe dalba air! Má d'ith sé a bhfaca mise, tá collach goile air
Féach freisin
→
dalbaí
dalba in iontrálacha eile (13)
→
daibéad
Is dalba an daibéad de bhean atá aige d'fhear chomh héidreorach leis. Dhá dtosaíodh sí siúd ag broimseálacht, bhí sé fánach aige aon cheart a bhaint di
→
daoradh
Ní chuirfidh siad ó dheis muid an trip seo. Tá boc dalba ag an gcaiptín s'againne. Beidh muid ar fad ar an daoradh teacht abhaile shula bheas aon duine acu fhoisceacht mbeannaí Dia dhi
→
deargán
B'fhurasta a aithinte Tom. Bhí deargán de gheansaí air a d'fheicfeá míle ó láthair. Bhraith mé a ionsaí inniu faoi, ach lig mé tharam é ina dhiaidh sin. Ní fhágann sin nár thug mé le n-inseacht dó gur aithin mé é … Is dalba an rud a dhul ag caitheamh cith cloch le duine ar an gcaoi sin. Ní greann ar bith fear a dhonú
→
déidín
Is diabhaltaí nach dtitfeadh déidín ag lucht na bocsála sin agus na hiarrantaí dalba a fhaigheas siad ar na géill. Chonaic mise fear dhá bhualadh i Sasana, agus dar brí an leabhair duit, thiocfadh sí thrí ghiall chruaiche. Shín sé ar shlatrachaí a dhroma é agus shílfeá dheamhan a bhéal a bhí sé i riocht a oscal. 'Tá do phosóid agat a bhuachaill,' adeirimse liom féin, 'Mura bhfuil déidín tite agatsa, ní chreidfidh mise go deo go raibh sé tite ag C. nuair a bhuail asal an tincéara é'
→
deimheas
Shílfeá go mbíonn deimheas air ag iarraidh chuile mhíle rud a thógáil, agus diabhal mórán prae lena chuid Gaeilge ina dhiaidh sin. Ní bheadh sé daorbhasctha murach an chanúint dhalba atá air. Ní thuigimse chaon deichiú focal uaidh scaití
+
→
deis
Nach dalba an deis atá ar an saol: ríochta an domhain fré chéile in oighear an chochaill. 'Sé deireadh an domhain é mura bhfuil ag Dia. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá air
TUILLEADH (1) ▼
'Sé T. a chaith deis chuige an uair sin ar thug sé an boc dalba don bhall. Thug sé abhaile uileag muid an uair sin. 'Sé a bhí deas air. Nár chuir sé siar sa gcrígh dhriseachaí í. Dhá mbeadh an daoradh teacht abhaile thoir ag an D. Mh., ba bheag an stró orainn a bheith ann. Dheamhan stró muis
→
diabhlaí
Is diabhlaí dalba (is diabhlaí damanta, is diabhlaí mór, srl.) an cur atá déanta agaibh bail ó Dhia oraibh, ó mhaidin!
Is dalba an peaca é sin i láthair Dé: droch-chor a thabhairt duit fhéin. An té a ghníos é sin, deir siad nach mbíonn slánú ina chionn, nár ba lúidire an trócaire ar Dhia!
→
dustaí
Tháinig trí galúin déag poitín ann le aghaidh cleamhnais agus bainse, agus nach dalba an dustaí a fuair sé agus nach raibh striog ann ag an dó dhéag an oíche sin. B'éigean do thriúr a dhul chun tiomána go S. an A. gur chíor siad é in athuair. Trí galúin a d'éirigh leo
→
téigh le
Nach dalba an mhaise dhó é. Bhí M. Ph. Mh. dhá iarraidh cupla lá leis an móin agus thairg sé seacht is sé pínne sa ló dhó, ach dheamhan a chos ná a chnáimh a ghabhfadh lá ná leiceann leis mura bhfaigheadh sé deich scilleacha sa lá. 'Is túisce a thabharfadh an Diabhal leis thú ná a thabharfainnse deich scilleacha dhuit,' adeir M.