dalba, dalbaí
—aidiacht
—focal an-choitianta i gcaint. Tugtar "dalba" agus "dalbaí" air
1.
doscúch; mío-fhortúnach; míonósach; ciotach.
a.
+–
Fear dalbaí é. Bhí sé thoir annsin thoir lá an aonaigh, agus d'iarr sé amach fear ar bith a bhí istigh tigh Mh. ar "fair play". Bhí cho maith le fiche fear istigh, agus dheamhan thiomanta duine aca nachar chlaon uaidh
Is dalbaí an puicéara sagairt é le theacht in a líon beag ná mór. Go bhfoiridh Dia ar an té a chaithfeas a dhul isteach chuige ag iarraidh tada. Chuirfeadh sé an Naomh Peadar thar barr a chéille
TUILLEADH (3) ▼
Nach hé an "druncaera" dalba é agus gur ól sé 'chuile phighinn amháin de luach na muc shul a d'fhága sé amach an t-aonach. Is maith an fear tighe agus urláir é sin!
Nach dalba an cheird atá oraibh? Breagh nach leigfeadh sib dó uair eicínt agus gan a bheith ag siocadh leis i gcomhnaí, i gcomhnaí
Nach dalba an bealach atá leis: ag imeacht mar sin ag biadán agus ag coireamhaint ar a chomharsa, agus i gcomhnaí ag ollúchan achrainn. Dheamhan sástuigheacht aige ann mara bhfeicidh sé daoine i mbroinnleachaí a chéile, agus ag troid agus ag achrann. Sin é a bhuac
·
Garrdha dalba é sin. Bhí sé cho maith dhuit a dhul amach i lár easca shléibhe agus tosuighe dhá saothrú le bualadh faoi'n ngarrdha sin. Th'éis ar chaith mé de dhúthracht leis dhá leasú, agus dhá shocrú agus dhá thriomú, chinn orm aon-bharr slachtar a bhaint ariamh dó (de). Bheadh sé fliuch de do sheacht míle buidheachas. Tá máithreach an uisce faoi
b.
gártha; scréachánta.
·
Ba dalba an oíche í sin. Bhí na scaltrachaí ag breith ar a chéile agus mé ag teacht aniar an bóthar. Shíl mé dheamhan fata a changlóchainn le mo ló aríst
Is dalba an aimsir í, agus gan cosamhlacht claochmhú ar bith air. Má mhaireann an sneachta seo i bhfad eile, beidh beithidhigh criogtha, an uair nach féidir a leigean amach. Ach diabhal mé go bhfuil na daoine féin in an-chaoi freisin
·
Thug sí aghaidh air go dalba feargach = go fraochmhar feargach
D'ionnsaigh sé mé go dalba taghdach, ach níor thug mé toradh ar bith air, pé aca sin é
2.
diabhaltaí; iongantach; cumasach; áidhbhéil; mór, millteach, uathbhásach; damanta, dubh-; dearg-.
+–
Is dalba an aoirde atá ins an reanglachán siúd. Bhuailfeadh sé a chloigeann go réidh socair thuas ar an áiléar sin. Níl aoirde ar bith in P. S. len a ais. Dhéanfadh sé siúd beirt mar é
Bhí cogadh dalbaí annsin. Dheamhan fear dhá raibh ann nachar fhága sé a shéala air. Breathnuigh ar Ch. Bh. S. Tá scéin ann
TUILLEADH (2) ▼
Is dalba an obair a rinneadh annsin. Ach b'orra nach raibh an mhoill. Is beag a aireochas daoine obair a dhéanamh, 'nuair a bhéas 'chuile shórt ar a mian aca
Tabhair ithe dalba air! Má d'ith sé a bhfaca mise, tá collach goile air
Féach freisin
→
dalbaí
dalba in iontrálacha eile (13)
→
daibéad
Is dalba an daibéad de bhean atá aige d'fhear cho h-éidtreorach leis. Dhá dtosuigheadh sí siúd ag broimseálacht, bhí sé fánach aige aon-cheart a bhaint di
→
daoradh
Ní chuirfidh siad ó dheis muid an "trip" seo. Tá boc dalba ag an gcaiptín se'againne. Beidh muid ar fad ar an daoradh teacht abhaile shul a bhéas aonduine aca 'fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhi.
→
deargán
B'fhurasta aithinte Tom. Bhí deargán de gheansaí air a d'fheicfeá míle ó láthair. Bhrath mé a ionnsuidhe indiu faoi, ach leig mé tharm é in a dheidh sin. Ní fhágann sin nar thug mé len innseacht dó gur aithin mé é … Is dalba an rud a dhul ag caitheamh cith cloch le duine ar an gcaoi sin. Ní greann ar bith fear a dhonú.
→
déidín
Is diabhaltaí nach dtuitfeadh déidín ag lucht na bacsála sin agus na h-iarrantaí dalba a fhaghas siad ar na géill. Chonnaic mise fear dhá bhualadh i Sasana, agus dar brigh an leabhair duit thiocfadh sí thrídh ghiall chruaidhe. Shín sé ar shlatrachaí a dhroma é agus shílfeá dheamhan a bhéal a bhí sé i riocht a oscal. "Tá do phasóid agad a bhuachaill" adeirimse liom féin, "mara bhfuil déidín tuithte agadsa, ní chreidfidh mise go deo go raibh sé tuithte ag C. an uair a bhuail asal an tincéara é".
→
deimheas
Shílfeá go mbíonn deimheas air ag iarraidh 'chuile mhíle rud a thógáil, agus diabhal mórán prae len a chuid Gaedhilge in a dheidh sin. Ní bheadh sé daor-bhasctha marach an chanamhaint dhalba atá air. Ní thuigimse 'chaon deichmheadh focal uaidh scaithtí
+
→
deis
Nach dalba an deis atá ar an saoghal: ríoghachta an domhain fré chéile in adhar an chochaill. 'Sé deireadh an domhain é mara bhfuil ag Dia. Ní hé a mhalrait de chosamhlacht atá air
TUILLEADH (1) ▼
'Sé T. a chaith deis chuige an uair sin ar thug sé an boc dalba do'n "bhall". Thug sé abhaile uiliog muid an uair sin. 'Sé a bhí deas air. Nachar chuir sé siar ins an gcrích dhriseachaí í. Dhá mbeadh an daoradh teacht abhaile thoir ag an D. Mh. ba bheag an stró orainn a bheith ann. Dheamhan stró muis
→
diabhlaí
Is diabhlaí dalba (is diabhlaí damanta, is diabhlaí mór, agus rl.) an cur atá déanta agaibh bail ó Dhia oraibh ó mhaidin!
Is dalba an peaca é sin i láthair Dé: droch-chor a thabhairt duit fhéin. An té a ghníos é sin deir siad nach mbíonn slánú in a chionn, nar ba lúidire an trócaire ar Dhia!
→
dustaí
Tháinic trí galúin déag poitín ann l'aghaidh cleamhnais agus bainse, agus nach dalba an dustaí a fuair sé agus nach raibh sdriog ann ag an dó dhéag an oíche sin. B'éigin do thriúr a dhul 'un tiomána go S. an A. gur chíor siad é in ath-uair. Trí galúin adeirigh leo.
→
téigh le
Nach dalba an mhaise dhó é. Bhí M. Ph. Mh. dhá iarraidh cupla lá leis an móin agus thairg sé seacht agus sé pighne ins an ló dhó, ach dheamhan a chos ná a chnáimh a ghabhfadh lá ná leiceann leis, mara bhfaghadh sé deich scilleacha ins an lá. "Is túisce a thiubharfadh an Diabhal leis thú ná a thiubharfainnse deich scilleacha dhuit" adeir M.