Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
dallarán
fc. dallán

Féach freisin

dallarán in iontrálacha eile (4)

 
Níl intreacht ar bith ann. Ní fhaca tú dallarán go héag go dtí é
 
B'éigean dom imeacht. Ní fhéadfainn éisteacht lena chuid floscaíocht: a bhfuil de mhóin bainte aige, a bhfuil d'fhataí curtha aige, chomh maith agus atá a chlann ag an scoil. Ní mór dóibh sin muis ar a shon seisean. Ní raibh aon dallarán ba mhó ná é sa scoil nuair a bhí sé ag dul ann
 
"Bhí dallarán an mhadaidh alla ina bhéal agus é dhá dhiúl" (as seanscéal — ó Sheán Ó Beáin — Páirc Gharbh, Baile Chláir)
 
Deir siad nach bhfuil an pataire beag sin ag T. Sh. daorbhasctha chor ar bith ag an scoil. Tá a bhfuil ina chlass buailte amach aige. Dheamhan a fhios agam cé uaidh a dtug sé é muis, arae leithide an athar de dhallarán níor sheas istigh ariamh i scoil. Agamsa atá a fhios sin. Bhíodh an bheirt againn le hais a chéile, agus nuair nach ag gárthaíl a bhíodh sé, bhíodh sé ag diúgaireacht. Sílim nach (nár) thriomaigh a shúile ón lá a ndeachaigh sé isteach sa scoil go dtí an lá ar fhága sé í