Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daoradh
ainmfhocal, baineann
scríbeanna reatha nó bases atá sa gcluiche corr nó sa gcluiche deis nó sa gcluiche daoraí. Tá trí cinn acu ann: an daoradh bualadh, an daoradh reatha agus an daoradh teacht abhaile. Bíonn daoradh eile in áiteachaí: an daoradh clis. Ní mar a chéile baileach an dlí atá air i ngach uile áit ar fud na Gaillimhe. Is déine na rialacha in áiteachaí thar a chéile. Buailtear freisin é i gceantrachaí an Bhéarla agus rounders a tugtar air. Bhíodh sé acu sna príosúin agus sna campaí géibhinn a bhí sa tír seo le linn na gcogaí a bhí ann, tá seal ó shin, ach cuirtí athrú mór air thar is mar atá sé sa nGaeltacht. Féach cur síos air Obair agus Luadhainn (Ó Gaora) lch 215-217, agus an Béal Beo (Ó Máille) lch 134-135, fc. freisin cluiche corr sa gcnuasach seo
a.
+
Bhí mé i dteannta ar an daoradh reatha agus gan neart agam corraí, mar bheinn dóite aige ar an toirt leis an liathróid
Bhuail sé mé ar an daoradh teacht abhaile, ach bhí mé sa mbaile mar sin féin. Ba mhian leo a shárú siar in mo bhéal go raibh mé dóite, ach dheamhan dó ná dó. Bhí mé istigh ar an daoradh shular theangmhaigh sí liom
TUILLEADH (4) ▼
Ní chuirfidh siad ó dheis muid an trip seo. Tá boc dalba ag an gcaiptín s'againne. Beidh muid ar fad ar an daoradh teacht abhaile shula bheas aon duine acu fhoisceacht mbeannaí Dia dhi
Ní hin é an chaoi a bhfuil sé in áiteachaí eile chor ar bith. Má chuireann siad an liathróid ar chúla an daoradh féin, ní bhíonn tada dhá gcaillteamas leis. Ach sílim gur deise é mar atá sé againne
Bhí sé cuibhrithe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinniúint air corraí di. Chuile uair dhá ligeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóite ar áit na mbonn. Ba in é an deasú air. Níl aon ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhainn a bheith aige le deis féin
Tá boc thar cionn aige, ach mar sin féin, is corruair a theagas sé abhaile glanoscartha ón daoradh bualadh. Tá sé rófhaiteach, agus iad seo eile ró-imeartha
b.
·
Choinnigh sé ansin ar an daoradh é gan gair aige corraí — choinnigh sé beophianta nó i dteannta, nó sáinnithe é (samhail as an gcluiche corr). Deirtear é corruair le duine a mbeadh faitíos air rud áirid a dhéanamh, mar go mbeadh fios aige chomh luath agus a dhéanfadh, go saibhseodh nó go sáinneodh an té údan eile é
Is fadó an lá a bheadh sé caite amach ag S. ach go bhfuil sé ar an daoradh aige. Tá a fhios aige chomh luath agus a chaithfeas, go bhfáiscfidh sé dlí air faoin airgead. Tá sé idir ord agus inneoin ceart. Tuilleadh ghéar choscartha den mhí-ádh aige

daoradh in iontrálacha eile (17)

+
daor 2
Daoradh é, agus teilgeadh chun báis é. Maitheadh dhó ina dhiaidh sin é. An seanL. a thug ón gcroich é. 'Sé a bhí deas air!
TUILLEADH (6) ▼
Daoradh é, ach dúirt siad go raibh saochan céille air agus cuibhríodh é. Dheamhan steamar eile a d'éirigh dhó, théis go ndearna sé spólaí dhá mháthair. Dá mbeinnse i gcathaoir an bhreithimh, bheadh scéal aige air. D'fhéadfá a rá nach mórán scrupall a bheadh orm faoina dhaoradh. D'ordóinn tua an bhéil mhóir a fháil — an tua a ndearna sé féin an choir léithe — agus é a cheangal béal faoi ar bhord, agus gan mion mullóg dhó (dhe) a fhágáil i ndiaidh a chéile leis an tua … Dar a shon go n-agródh Dia orm é ach an oiread is a d'agraigh sé airsean é.
Sin í a gceird: iad féin ag daoradh a chéile. Ná bac le gasúir! An té a thabharfas aird orthu is measa é ná iad féin
Baol air siúd é a dhaoradh. Dheamhan daoradh muis, ná dhá mbeadh marú duine air. Nach ndearna sé coir a chrochta cheana, agus dheamhan faocha a rinneadh air
Níl aon tsásamh aige ann le cupla lá nuair nár daoradh fear Chiarraí. Chaith sé an tseachtain ag guí lena bhás. Thapaíodh sé an t-am a dteagadh an nuaíocht chuile thráthnóna (an páipéar). 'An bhfuil sé daortha fós,' adeireadh sé. Bhí sé dhá bheophianadh ceart nuair nach raibh siad dhá theilgean de ghorta gharta
D'imigh an tubaiste ar an teach sin thíos. Níl aon duine sa tír nach bhfuil daortha ann. Dhá bhfaighidís cead a gcomhairle féin, dheamhan mórán a bheadh sa gcomhaireamh ceann. Bheadh an tír crochta acu.
Ná bac leis an dlí sin! Nach raibh an díthreabhach bocht sin daortha shula tugadh isteach sa gcúirt ariamh é. Dheamhan blas fios acu sin ar dhlí ach an oiread is atá agamsa nach raibh i gcúirt ná i gcaibidil ariamh. Ba ghnaíúla go mór dhóibh breith ar an bhfear sin agus a chrochadh as láimh, ná cúirt mhuga magadh mar sin a chur air
+
deis
Diabhal mórán a d'fheicfeá iad ag bualadh deise sa ruta seo anois. Ní bhíodh Domhnach ná dálach fadó nach í a bhíodh uileag thíos ansin thíos ar an mbóthar, ach ní fhaca mé ann anois í le na cianta. 'Sé an áit a mbíodh an daoradh bualadh againn, ar an leic sin ó thuaidh de bhóthar, ar aghaidh gheata Mh.
TUILLEADH (6) ▼
Fan thusa ar an daoradh bualadh le deis a thabhairt dúinne
An dó ar chúl daoradh a chuir ó dheis muide trí huaire. Tá boc ag S. Mh. chomh cam le cois deiridh cait
Níl sé in ann deis a bhualadh achar ar bith. Ní raibh aon duine ar an daoradh reatha aon uair dhár bhuail sé í ó mhaidin. Tá muid cuibhrithe ar an daoradh clis ó mhaidin
Is gearr an t-achar atá sé in ann an ball a chur leis an deis chor ar bith. Fágann sé daoine ar an daoradh clis i gcónaí
Ag fanacht le deis atá siad le baint as. Chomh luath agus a gheobhas siad deis, déanfaidh siad ar an daoradh teacht abhaile
'Sé T. a chaith deis chuige an uair sin ar thug sé an boc dalba don bhall. Thug sé abhaile uileag muid an uair sin. 'Sé a bhí deas air. Nár chuir sé siar sa gcrígh dhriseachaí í. Dhá mbeadh an daoradh teacht abhaile thoir ag an D. Mh., ba bheag an stró orainn a bheith ann. Dheamhan stró muis
 
díol 2
Agus chroch siad an fear sin! Ba in é an díol trócaire ba mhó acu uile go léir. Agus gan a fhios an ndearna sé ariamh é. Agus níl siad ag daoradh cuid mhaith eile, ainneoin gur furasta a aithinte gurb iad a dhéanas an choir. Fear Chiarraí sin cuirim i gcás …
 
Chuir sé ceangal na naoi ndaor go daortha agus go dochrach orthu (fc. daor)
 
dóigh 3
Tá an comlán s'againne ar fad ó dheis. Dódh T. shul má bhí sé ar an daoradh teacht abhaile