Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daoradh
ainm-fhocal, buineann
iolraidh = daoraidheachaí, daoraí.
scríbeanna reatha nó "bases" atá ins an gcluiche cor nó ins an gcluiche "deis" nó ins an gcluiche daoraí. Tá trí cinn aca ann: an daoradh bualadh, an daoradh reatha agus an daoradh teacht abhaile. Bíonn daoradh eile in áiteachaí: an daoradh clis. Ní mara chéile baileach an dlí atá air is gach uile áit ar fud na Gaillimhe. Is déine na rialacha in áiteachaí thar a chéile. Buailtear freisin é i gceanntarachaí an Bhéarla agus "rounders" a tugtar air. Bhíodh sé aca ins na príosúin agus ins na campaí géibhinn a bhí ins an tír seo le linn na gcogaí a bhí ann, tá seal ó shoin, ach cuirtí athrú mór air thar agus mar atá sé ins an nGaedhealtacht. Féach cur síos air "Obair agus Luadhainn" (Ó Gaora) lc. 215-217, agus an "Béal Beo" (Ó Máille) lc. 134-135, fc. freisin cluiche cor ins an gcnuasach seo
a.
+
Bhí mé idteannta ar an daoradh reatha agus gan neart agam corruighe, mar bheinn dóighte aige ar an toirt leis an liathróid.
Bhuail sé mé ar an daoradh teacht abhaile, ach bhí mé "ins an mbaile" mar sin féin. Ba mhian leo a shárú siar in mo bhéal go raibh mé dóighte, ach dheamhan dóghadh ná dóghadh. Bhí mé istigh ar an daoradh shul ár theangmhuigh sí liom
TUILLEADH (4) ▼
Ní chuirfidh siad ó dheis muid an "trip" seo. Tá boc dalba ag an gcaiptín se'againne. Beidh muid ar fad ar an daoradh teacht abhaile shul a bhéas aonduine aca 'fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhi.
Ní shin é an chaoi a bhfuil sé in áiteachaí eile chor ar bith. Má chuireann siad an liathróid ar chúla an daoradh féin ní bhíonn tada dhá gcaillteamas leis. Ach sílim gur deise é mar atá sé againne
Bhí sé cuibhrighthe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinneamhaint air corruighe di. 'Chuile uair dhá leigeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóighte ar áit na mbonn. Ba shin é an deasú air. Níl aon-ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhuinn a bheith aige le "deis" féin
Tá boc thar cíonn aige ach mar sin féin is corr-uair a theagas sé abhaile glan-eascartha ó'n daoradh bualadh. Tá sé ro-fhaiteach agus iad seo eile ro-imeartha.
b.
·
Choinnigh sé annsin ar an daoradh é gan goir aige corruighe = choinnigh sé beo-phianta nó idteannta, nó sáinnighthe é (samhail as an gcluiche corr. Deirtear é corr-uair le duine a mbeadh faitíos air rud áirid a dhéanamh, mar go mbeadh fios aige cho luath agus a dhéanfadh, go saimhseochadh nó go sáinneochadh an té údan eile é.)
Is fadó an lá a bheadh sé caithte amach ag S. ach go bhfuil sé ar an daoradh aige. Tá a fhios aige cho luath agus a chaithfeas, go bhfáiscfidh sé dlí air faoi'n airgead. Tá sé idir ord agus inneoin ceart. Tuilleadh ghéar chascartha do'n mhíádh aige

daoradh in iontrálacha eile (16)

+
daor 2
Daoradh é, agus tligeadh 'un báis é. Maitheadh dhó ina dheidh sin é. An sean-L. a thug ó'n gcroich é. 'Sé a bhí deas air!
TUILLEADH (4) ▼
Daoradh é ach dubhairt siad go raibh saobhchan céille air, agus cuibhrigheadh é. Dheamhan steamar eile ad'eirigh dhó, th'éis go ndearna sé spólaí dhá mháthair. Dá mbeinnse i gcathaoir an bhréith(imh), bheadh scéal aige air. D'fhéadfá a rádh nach mórán scruball a bheadh orm faoin a dhaoradh. D'ordóchainn tuagh an bhéil mhóir a fháil — an tuagh a ndearna sé féin an choir léithe — agus é a cheangal béal faoi ar bhord, agus gan mion-mullóg dhó (dhe) a fhágáil indiaidh a chéile leis an tuaigh … Dar a shon go n-agróchadh Dia orm é ach an oiread agus a d'ágruigh Sé airsean é.
Sin í a gceird: iad féin ag daoradh a chéile. Ná bac le gasúir! An té a thiubharfas áird orra is measa é ná iad féin
Baoghal air siúd é a dhaoradh. Dheamhan daoradh muis ná dhá mbeadh marbhú duine air. Nach ndearna sé coir a chrochta cheana, agus dheamhan faocha a rinneadh air
Níl aon-tsásamh aige ann le cupla lá an uair nachar daoradh fear Chiarraidhe. Chaith sé an tseachtain ag guidhe len a bhás. Thapuigheadh sé an t-am a dteagadh an "nuaidheacht" 'chuile thráthnóna (an páipéar). "'Bhfuil sé daorta fós" adeireadh sé. Bhí sé dhá bheo-phianadh ceart 'nuair nach raibh siad dhá thligean de ghort an gharta
+
deis
Diabhal mórán a d'fheicfeá iad ag bualadh deise ins an ruta seo anois. Ní bhíodh domhnach ná Dálach fadó nach h-í a bhíodh uiliog thíos annsin thíos ar an mbóthar, ach ní fhaca mé ann anois í le na cianta. 'Sé an áit a mbíodh an daoradh bualadh againn ar an leic sin ó thuaidh de bhóthar, ar aghaidh gheata Mh.
TUILLEADH (6) ▼
Fan thusa ar an daoradh bualadh le deis a thabhairt duinne
An dóghadh ar chúl daoradh a chuir ó dheis muide trí h-uaire. Tá boc ag S. Mh. cho cam le cois deireadh cuit
Níl sé indon deis a bhualadh achar ar bith. Ní raibh aon-duine ar an daoradh reatha aon-uair dhár bhuail sé í ó mhaidin. Tá muid cuibhrighthe ar an daora clis ó mhaidin
Is gearr an t-achar atá sé indon an "ball" a chur leis an deis chor ar bith. Fágann sé daoine ar an daoradh clis i gcomhnaí
Ag fanacht le deis atá siad le baint as. Cho luath agus a gheobhas siad deis, déanfaidh siad ar an daoradh teacht abhaile
'Sé T. a chaith deis chuige an uair sin ar thug sé an boc dalba do'n "bhall". Thug sé abhaile uiliog muid an uair sin. 'Sé a bhí deas air. Nachar chuir sé siar ins an gcrích dhriseachaí í. Dhá mbeadh an daoradh teacht abhaile thoir ag an D. Mh. ba bheag an stró orainn a bheith ann. Dheamhan stró muis
 
díol 2
Agus chroch siad an fear sin! Ba shin é an díol trócaire ba mhó aca uile go léir. Agus gan a fhios an ndearna sé ariamh é. Agus níl siad ag daoradh cuid mhaith eile, aindeoin gur furasta a aithinte gurb iad a dhéanas an choir. Fear Chiarruidhe sin cuirim igcás …
 
Chuir sé ceangal na naoi ndaor go daortha agus go docharach orra (fc. daor)
+
dóigh 3
Tá tú dóighte {{= a lán cleis agus cluichí, bíonn "dóghadh" ionnta: sé sin duine a ghabhail, nó a fhastú, nó lámh a leagan air, agus cuirtear pionús ar an té sin annsin, nó caithfidh sé a dhul in áit an duine eile a dhóghas é, nó comhairtear puintí ins an gcluiche in a aghaidh. Cuirim i gcás "'bhFalach Bhíodhg". Is cluiche simplí é. Teigheann duine A. ar chúla leachta nó cloiche nó a leithide agus cromann sé síos agus a shúile clúduighthe aige, agus imigheann an chuid eile amach ar fud an ghiodáin, go dteighidh siad i bhfalach. Cho luath agus a fhuagróchas duine aca ar A. go bhfuil siad i bhfalach, nó a dhéanfas siad comhartha dhó, eireochaidh sé agus fágfaidh sé an daoradh (an áit a raibh A. cromta nó cloch in aice leis) dhá dtóruigheacht. De réir mar a bhéas sé ag dúiseacht an dreama eile as a n-áit faluighthe, leanfaidh sé iad le breith orra, nó láimh a leagan ar dhuine aca. Féachfaidh siadsan leis an daoradh a shroicheamhaint gan a ngabhail nó a "ndóghadh". An té a n-eireochaidh le A. lámh a leagan air nó a ghabhail, beidh an té sin "dóighte", agus caithfidh sé a dhul isteach agus cromadh ag an daoradh, mar a rinne A. an geábh roimhe sin, agus beidh cead a choise ag A. féin a dhul i bhfalach anois. Déantar geábh eile de'n chluiche ar an gcóir chéadna. Tá dóghadh in a lán cluichí agus siamsaí eile freisin. Leis an liathróid a déantar "an dóghadh" ins an gcluiche corr. Buailtear an té a bhíos in a rithte-reathach, leis an liathróid, agus bíonn sé dóighte. Tá dóghadh i bpúicín, i gclocha péire agus i gcluichí eile freisin
TUILLEADH (1) ▼
Tá an comlán se'againne ar fad ó dheis. Dóigheadh T. shul má bhí sé ar an daoradh teacht abhaile