Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dearglaoch
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an dearglaoich //
rud beag mín ar nós an fhraoigh, agus thríd an bhfraoch a bhíos sé ag fás. Sórt caonaigh é agus dath glédhearg nó glas air. I locháin nó in áiteacha sa bportach a mbíonn cónaí an uisce iontu a fhásas sé. Ní theagann bláth ar bith air. I bportaigh boga nó uisciúla a bhíos sé, ach d'fheicfeá ar riasca freisin é agus ar thalamh a saothraíodh ón gcriathrach.
+
Tá go leor dearglaoich ansin. Chaithfeadh sé go mbeadh an portach sin éasca — comhairtear go mbíonn an mhóin éasca ar a baint san áit a mbíonn an dearglaoch
Tá an áit faoi chaonach liath agus roille bhuí agus dearglaoch fré chéile
TUILLEADH (6) ▼
An-leaba beithíoch é an dearglaoch sin, ach an fraoch a bheith thríd. Is minic a chuir mé easair dhe isteach faoi bheithígh
Sin é anois an dearglaoch. Ní fhásfaidh sé thairis sin. Is beag an baol go bhfásfadh sé chomh hard leis an bhfraoch. Ní mórán den inchinn shléibhe atá ar na portaigh s'againne chor ar bith
Tá mé ag réabadh dearglaoich ar an aimsir seo (ag baint phortaigh dearglaoch). Má tá féin, is furasta í a mhúnláil, ní hé fearacht portach na bliana anuraidh é. Mise i mbannaí gur beag a leacógaí a dhéanfas an mhóin seo nuair a chaithfeas tú suas í, ach bhí na portaigh eile dubhdhomhain
Dar leat fhéin nár cheart don dearglaoch sin a bheith deacair. Ní fhaca mé mórán portach ar bith dhá mbeadh sé deacair ná dobhainte ariamh. Ach ní bheadh a fhios ag duine cén sórt móin atá aníos sna criathraigh domhaine seo
Talamh samhadh chaorach agus talamh dearglaoich atá suas ansin ar fad. Bheadh sé réasúnta murach an lobhadh bán, ach speireann sé sin na fataí i gcónaí ann. Lagphoill saothraithe is mó é ar ndóigh! Sea talamh M. Ph. as éadan a chéile
Dhá bhféadthá gabháil dearglaoich a fháil, agus gan faice fraoigh a bheith thríd, bheadh sé mín bog aici le luí air. Is gearr suas ansin chor ar bith is call duit a dhul le fuílleach dhó a fháil

Féach freisin

dearglaoch in iontrálacha eile (4)

 
danra
Diabhal bréag nach drochphortaigh atá againn: dheamhan níos measa. Dearglaoch agus feoil chapaill ar fad. Móin dhanra le baint í. Chuir mé mo bhundún amach anuraidh le portach nua a d'oscail mé ar an roinn. Murach leisce an mhagaidh, d'fhágfainn ansin sa mí-ádh é théis a oscal
 
deacair 2
Ní portach deacair é an portach dearglaoch siúd againn. Diabhal mé go bhfuil mé ag baint ceart maith dhó
 
Ní bhainfidh muid an portachín ó thuaidh chor ar bith i mbliana. Tá sé lomlán le dearglaoch agus an charcair bhán sin, agus sháródh sé duine ag iarraidh ceart a bhaint dó (de). Fanadh sé ansin. Ní mór don deachma rud eicínt, mar adeireadh S. Dh. fadó. Bhaineadh S. Dh. a mbíodh de phortaigh ag gabháil leis chuile bhliain, ach dheamhan fód ar bith a thriomaíodh dó mar nach dtugadh sé aon ghiollaíocht di. Ní dhéanadh sé ach a baint agus cead aici fanacht ansin agus triomú uaithi féin. Nuair a bhíodh sí uileag ina scaradh ar an bportach aige i ndeireadh bliana, agus chuile fhód eile ar phortaigh craptha, dá gcásaíodh duine an mhóin le S. Dh. 'sé an leathfhocal a bhíodh aige i gcónaí: 'ní mór don deachma rud eicínt.' Ba ghroí an duine é S. Dh.
 
Ach a mbeire sé siar ar an áit dheacair agus ar an dearglaoch, rachaidh mise faoi dhuit go mbainfidh sin an díocas dó (de). Tá sé réidh go leor ag sleádóir cora mhóna a chur aníos in áit éasca, ach is é an dearglaoch agus an fheoil chapaill atá in ann fear a chur ar a mhiotal. Chonaic mise sa bportach s'againn féin anuraidh é