Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dearg-laoch
ainm-fhocal; fireann
geineamhnach uathaidh: an dearg-laoich (//)
rud beag mín ar nós an fhraoigh, agus thríd an bhfraoch a bhíos sé ag fás. Sórt caonaigh é agus dath glé-dhearg nó glas air. I locháin nó in áiteacha 'sa bportach a mbíonn comhnaí an uisce ionnta a fhásas sé. Ní theagann bláth ar bith air. I bportaigh boga nó uisceamhla a bhíos sé, ach d'fheicfeá ar riasca freisin é agus ar thalamh a saothruigheadh ó'n gcriathrach.
+
Tá go leor dearg-laoich (laoigh) annsin. Chaithfeadh sé go mbeadh an portach sin éascaidh = comhairtear go mbíonn an mhóin éascaidh ar a baint 'san áit a mbíonn an dearg-laoch
Tá an áit faoi chaonach liath agus ruille bhuidhe agus dearg-laoch fré chéile
TUILLEADH (6) ▼
An-leabaidh beithidheach é an dearg-laoch sin, ach an fraoch a bheith thríd. Is minic a chuir mé easair dhe isteach faoi bheithidhigh
Sin é anois an dearg-laoch. Ní fhásfaidh sé thairis sin. Is beag an baoghal go bhfásfadh sé cho h-árd leis an bhfraoch. Ní mórán de'n inchinn shléibhe atá ar na portaigh se'againne chor ar bith
Tá mé ag réabadh dearg-laoigh ar an aimsir seo (ag baint phortaigh dearg-laoch). Má tá féin, is furasta í a mhunláil, ní hé fearacht portach na bliana anuiridh é. Mise i mbannaí gur beag 'e leacógaí a dhéanfas an mhóin seo nuair a chaithfeas tú suas í, ach bhí na portaigh eile dubh-dhomhainn
Dar leat fhéin nachar cheart do'n dearg-laoch sin a bheith deacair. Ní fhaca mé mórán portach ar bith dhá mbeadh sé, deacair ná do-bhainte ariamh. Ach ní bheadh a fhios ag duine cé'n sórt móin atá aníos 'sna criathraigh domhainne seo
Talamh samha chaorach agus talamh dearg-laoigh atá suas annsin ar fad. Bheadh sé réasúnta marach an lobhadh bán, ach speireann sé sin na fataí i gcomhnaí ann. Lag-phuill saothruighthe is mó é 'ar ndú! Seadh talamh M. Ph. as éadan a chéile
Dhá bhféadthá gabhail dearg-laoigh a fháil, agus gan faice fraoigh a bheith thríd, bheadh sé mín bog aice le luighe air. Is gearr suas annsin chor ar bith is call duit a dhul le fuighleach dhó a fháil

Féach freisin

Dearg-laoch in iontrálacha eile (4)

 
danra
Diabhal bréag nach droch-phortaigh atá againn: dheamhan níos measa. Dearg-laoch agus feoil chapaill ar fad. Móin dhan(d)ra le baint í. Chuir mé mo bhundún amach anuiridh le portach nua a d'oscail mé ar an roínn. Marach leisce an mhagaidh d'fhágfainn annsin ins an míádh é th'éis a oscal
 
deacair 2
Ní portach deacair é an portach dearg-laoch siúd againn. Diabhal mé go bhfuil mé ag baint ceart maith dhó
 
Ní bhainfidh muid an portaichín ó thuaidh chor ar bith i mbliana. Tá sé lom-lán le dearg-laoch agus an charcair bhán sin, agus sháróchadh sé duine ag iarraidh ceart a bhaint dó (de). Fanadh sé annsin. Ní mór do'n deachma rud eicínt, mar adeireadh S. Dh. fadó. Bhaineadh S. Dh. a mbíodh de phortaigh ag gabhail leis 'chuile bhliain, ach dheamhan fód ar bith a thriomuigheadh dó mar nach dtugadh sé aon-ghiollaidheacht di. Ní dhéanadh sé ach a baint agus cead aice fanacht annsin agus triomú uaithe féin. An uair a bhíodh sí uiliog in a scaradh ar an bportach aige indeireadh bliana, agus 'chuile fhód eile ar phortaigh craptha, dá gcásuigheadh duine an mhóin le S. Dh. 'sé'n leath-fhocal a bhíodh aige i gcomhnuí: "ní mór do'n deachma rud eicínt". Ba ghroidhe an duine é S. Dh.
 
Ach a mbeiridh sé siar ar an áit dheacair agus ar an dearg-laoch rachaidh mise faoi dhuit go mbainfidh sin an díocas dó (de). Tá sé réidh go leor ag sleaghdóir carra mhóna a chur aníos in áit éascaidh ach is é an dearg-laoch agus "an fheoil chapaill" atá indan fear a chur ar a mhiotal. Chonnaic mise ins an bportach se'againn féin anuiridh é