deaslámhach
—aidiacht
—
stuama; pointeáilte; gan aon chiotaíl ná místuaim ag baint leis an duine; a bheith in ann rudaí a dheasú.
+–
Tá mise in mo dhuine dheaslámhach. Deasaím bicycles agus cloig
Duine deaslámhach é M. An bhfeiceann tú an chuinneoig sin? Bhí sí faoi scáiniúchaí ar fad, agus thóg sé láimh os a cionn agus dheamhan an deoir fhéin atá sí a ligean thríthi anois
TUILLEADH (5) ▼
Má chastar aon duine deaslámhach an bealach, caithfidh mé an watch seo a 'speáint dó. Rinne sí glugar anseo i mbliana agus chinn sé orm í a chur ag imeacht ó shin
Fear deaslámhach thusa bail ó Dhia ort! Diabhal mé go mb'fhéidir go mbeifeá in ann caoi a chur ar an mbróig seo. Chinn sí orm féin. Tá sí caite isteach go feire
Tá sé sin deaslámhach mo choinsias. Ní fheicfidh tú aon chuileoigín chlúmhaigh ag imeacht ar a chuid éadaí ní hé m'fhearacht féin é
Tá sé deaslámhach ar chuile chaoi. Ghléasfadh sé béilí chomh maith le bean ar bith, agus 'sé a bhlíos na beithígh chuile lá sa mbliain. Casadh isteach ann mé oíche san airneán seo caite agus meas tú cén cheird a bhí air? Ag cur an iarann ar a léine!
Thógfadh sé siúd lúib ar stoca chomh maith le aon bhean sa tír. Ní deaslámhach go dtí é a mhic ó. Bhí sé ag déanamh gaisce anseo thoir anuraidh gurb é féin a chniotáil chuile phéire stocaí dhár chaith sé le cúig bhliana agus dheamhan easna de M. B., mar tá cúl a chainte leis, nár thug piteoig air!
deaslámhach in iontrálacha eile (5)
→
fáideog
Tá muileann solais déanta aige ach níl sé ag féadachtáil an fháideoig a chur ann. Nach stuama an duine é? Bhí sé sin deaslámhach ariamh. Ní raibh ann ach é ag fáil ligean ar an rud, agus dhéanfadh sé féin aríst é
Níl ann ach fleascach mura ligeadh an mhisneach dó bualadh faoin méid sin! Más mé féin nach bhfuil deaslámhach chor ar bith, chuirfinn doras ar an gcró sin.
→
feire
Tá an tóin ag titim dhe mar tá an feire caite. Is deacair feire a chur i mbairille. Duine deaslámhach a dhéanfadh é. Tá ceird air sin
→
deil 2
Duine an-deaslámhach é le clár a dheil nó rud mar sin a dhéanamh ach é a bheith ar a mhian ceart agus dalladh tobac a bheith aige. Ach má bhíonn uireasa an tobac air, fan uaidh. Is fear le dúchas an uair sin é