Deaslámhach
—aidiacht
—
stuama; puinteáilte; gan aon-chiotghail ná mí-stuaim ag baint leis an duine; a bheith indon rudaí a dheasú.
+–
Tá mise in mo dhuine dheaslámhach. Deasuighim "bicycles" agus cluig
Duine deaslámhach é M. Bhfeiceann tú an chuinneoig sin? Bhí sí faoi scáinneadhachaí ar fad, agus thóig sé láimh as a cionn, agus dheamhan an deoir fhéin atá sí a leigean thríthe anois
TUILLEADH (5) ▼
Má chastar aon-duine deaslámhach an bealach, caithfidh mé an "watch" seo a 'sbáint dó. Rinne sí glugar annseo i mbliana, agus chinn sé orm í a chur ag imeacht ó shoin
Fear deaslámhach thusa bail ó Dhia ort! Diabhal mé go mb'fhéidir go mbeitheá in don caoi a chur ar an mbróig seo. Chinn sí orm féin. Tá sí caithte isteach go feire.
Tá sé sin deas-lámhach 'mo choinsias. Ní fheicfidh tú aon-chuileóigín chlúmhaighe ag imeacht ar a chuid éadaighe ní hé m'fhearacht féin é
Tá sé deaslámhach ar 'chuile chaoi. Ghléasfadh sé béilí cho maith le bean ar bith, agus 'sé a bhligheas na beithidhigh 'chuile lá 'sa mbliain. Casadh isteach ann mé oíche ins an áirneán seo caithte agus meastú cé'n cheird a bhí air?: ag cur an iarann ar a léine!
Thóigfeadh sé siúd lúib ar stoca cho maith le aon-bhean ins an tír. Ní deaslámhach go dtí é a mhic ó. Bhí sé ag déanamh gaisce annseo thoir anuiridh gurb é féin a chniotáil 'chuile phéire stocaí dhár chaith sé le cúig bhliana agus dheamhan asna de M. B., mar tá cúl a chainte leis, nachar thug piteoig air!
Deaslámhach in iontrálacha eile (1)
→
deil 2
Duine an-deaslámhach é le clár a dheil nó rud mar sin a dhéanamh ach é a bheith ar a mhian ceart agus dalladh tobac a bheith aige. Ach má bhíonn uireasa an tobac air, fan uaidh. Is fear le dúchas an uair sin é