Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochshaol
+
Rugadh é bliain an Drochshaoil (1847) (Tugtar an drochshaol go minic ar an nGorta, ach cé nach bhfuil an bhéim ar droch-, tá barróg ar an gcaint ann nach bhfuil i drochshaol mar ainm coitianta)
Cáid ó bhí an Drochshaol ann?
TUILLEADH (1) ▼
Aimsir an Drochshaoil a tharla sé sin

Féach freisin

saol

drochshaol in iontrálacha eile (5)

 
buille
Shíl Sasana bliain an drochshaoil' ('47) nach dtiocfadh aon bhuille sa mbéim i muintir na tíre seo lena luiseag aríst, ach breá go dtáinig ina dhiaidh sin, agus ná raibh maith ag Sasana dhá bharr!
 
Bóithrí Committee: bóithrí a rinneadh sa drochshaol le obair a thabhairt do na daoine.
 
fraigh
An bhfeiceann tú an chloich mhóir sin thoir a bhfuil fraigh eibhinn uirthi? Deir siad go raibh teach nó bothán eicínt ag sagart fúithi sin sa drochshaol
 
Níor chuala mé gur tógadh deachmaí anseo ariamh ach bhídís ansin thoir ar Dhúiche an Bh. Na ministéaraí a d'fhaigheadh iad sin nach iad. Dheamhan mórán a chuala mé ariamh fúthu. Tá siad sin caite suas le saol is aimsir … Ón drochshaol ab ea? Bail ó Dhia ort. Tá agus i bhfad roimhe. Rugadh m'athair — beannacht Dé lena anam — trí bliana roimh an Drochshaol (1846—1847) agus ní raibh siad ann lena linn. Cáid ó bhí Oíche na Stoirme Móire ann? … Céad bliain díreach. Bhuel is roimhe sin a bhí na deachmaí ann, más fada gearr roimhe é, sin rud nach feasach dom. Ach fiafraigh de Sh. Ó C. é. Sin é an fear a inseos na húdair dhuit … Tá aois mhór agamsa air, ach má tá féin, níl mé ach ar chosa bacóige lena ais. Tá údar aige faoi chuile shórt ón Díle
 
Is beag duine a bhí sa ruta seo ariamh ba déircí ná N. Th. Aimsir an drochshaoil adeir siad, nuair a bhí na daoine ag fáil bháis as éadan le ocras agus amhgar, ba é sin a choinnigh an cheathrú seo beo. D'fhaigheadh chomh maith le deich nduine fhichead beatha ann chuile lá