Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubhscríb
ainmfhocal, baineann
fc. scríb
drochscríb; ruathar díobhálach; duine a leanacht de rún mísc nó místaid a dhéanamh air.
+
Thug sé dubhscríb ina dhiaidh. Dá mbeireadh sé air, dheamhan fata a changlódh sé lena mharthain. Dhéanfadh sé aon lá amháin dó
As go brách le P. agus thug J. dubhscríb ina dhiaidh agus an chroch aige lena mharú. Ach thug Dia do Ph. gur thug sé an eang uaidh. Níor labhair an bheirt le chéile ón lá sin go ndeachaigh siad i dtalamh. B'olc iad na cleis sin a bhíodh ar na tórraíochaí
TUILLEADH (4) ▼
Isteach liom ag déanamh aicearra má b'fhíor dhom féin, ach ba in é an t-aicearra a fhóbair a theacht daor orm. Bhí mé siúl liom de réir mo choise trasna na páirce agus gan fios na faillí agam, nuair a chonaic mé an tarbh. Chuir sé smut air féin agus thosaigh sé ag búiriúch. Thug mé féin do na boinn é, ach níor leis-sean ab fhaillí é: thug sé an dubhscríb in mo dhiaidh. Rinne mé féin ar mhaolbhearna ach chuaigh sé idir mé agus í …
Chuaigh mé de dhubhscríb ar a thóir ach thug sé na haobha uaim. Níor mhór dhó. Dá bhfaighinnse greim air, bheadh an tseamair Mhuire aige dhá dtugadh sé a chnámha slán uaim
Fuair sí a bhonn i ngarraí beag Mh. agus thug sí an dubhscríb soir, ach bhí sé gaibhte rófhada. Brocach Bh. Ní Ch. a thug sé air féin tá mé ag ceapadh. Chonaic mé an-taltúchán ag béal na brocaí agus anoir ar an gcnocán
Má ghníonn tú tada, tabharfaidh mé an dubhscríb in do dhiaidh, agus dá dtéiteá go deireadh an domhain béarfaidh mé ort

Féach freisin