Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dóchas
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an dóchais
súil, muinín, tnúthán, ag ceapadh go dtarlódh rud áirid srl.
·
Tá dóchas agam go mbeidh an lá amárach go breá
Tá dóchas maith againn inniu air. Shílfeá go bhfuil iontú bisigh aige: roinnt ar chaoi ar bith
·
Níl aon dóchas le bheith ar mhóin i mbliana. Tá sé ag cothú na drochuaire rófhada.
Is beag an dóchas atá le bheith uirthi. Ag dul chun donachta atá sí