Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
folach
ainmfhocal, fireann
fuaim a i gcónaí i leaba o. Níl folach ann.
1.
snáth, stiall, tointe, clúdach, cóiriú, feistiú.
+
Níl folach air — níl snáth éadaigh air; tá sé nocht; tá a chuid éadaigh ina cheirteachaí agus níl folach de na seacht n-éadaigh air
Chuaigh sé siar agus gan folach bríste ná hata air — bhí an hata stróicthe nó b'fhéidir caillte aige, agus an bríste ina liobair
TUILLEADH (11) ▼
Níor fhága sé folach léine orm nár stróic sé
Níl folach éadaigh orm ag na crígheannaí sin siar. Is iontu atá máithreach na ndriseachaí
Dheamhan tiomanta folach (stiall) de mo bhróga le chéile anois. Ba dona iad agus ar tharraing siad d'airgead
Nuair a bhí an streachailt (troid) thart ní raibh folach seaicéid ná léine air
Dheamhan folach beo den bhraillín sin thuas le chéile anois
Sin é é. Ná fág folach ort féin nach mbainfidh tú dhíot, agus téirigh síos i dtobán uisce bhoig agus nigh thú féin
"Bhí mise lá i Luimneach, agus tá cuimhne rímhaith agam; Dheamhan folach bríste a bhí síos ar mo chadairne … " (amhrán greannmhar dar tús na línte sin)
Ní raibh d'fholach air ach a léine — dhá chlúdú
Bhí sé gan folach (éadaigh) ó Dhia anuas air — bhí sé gan folach air ach an oiread leis an oíche ar rugadh é
Tá mé gan folach a bhaint dhíom le coicís ach ag síneadh cois na tine le daitheachaí. Mo dhiomú dóibh!
Tá mé gan folach bróige ná stoca — coisfirt ar bith
+
Tá sé ag imeacht agus gan folach an náire air — gan an oiread air agus a chlúdódh a ghnéas ó cheart, ach ní chiallaíonn sé ach nach raibh aon tsnáth éadaigh air, nó go raibh a chuid éadaigh ina ghioblachaí
Má mhaireann duit ar an macnas sin do d'únfairt fhéin amuigh i ngarrantaí agus is gearr nach mbeidh folach do náire ort
TUILLEADH (6) ▼
Ní fhaca mé aon fhear go hiomaí chomh feidheartha leis. Níl folach an náire air, níl sin
Caith dhíot na seanbhreacáin sin agus gabh suas agus cuir folach an náire ort féin. Ar ndóigh ní ghabhfá i láthair daoine le na ceirteacha sin. Dheamhan cuibheas ar bith ag fanacht ionat
Níl folach mo choise de chineál ar bith coisfirt agam anois. Más iad na miotáin féin iad, níl siad agam
Bíonn sí ag imeacht ansin ina hóinseachín agus cóitín beag uirthi nach bhfuil folach a tóna ann
Is deas iad mo phéire stocaí muis agus gan folach mo rúitín iontu. Céad slán don tsaol nach mbeadh duine i dtuilleamaí siopa ar bith. Ach na mná a dhéanfadh stocaí tá siad imithe
Deir sí nach féidir léithe folach a cinn de hata a fháil in áit ar bith. Tá an-bhuimbiléad de chloigeann uirthi go dearfa, bail agus beannú uirthi!
2.
a.
ceilt, caomhúint, taisce, a bheith ó léargas.
+
Chuir sí amach agam í agus dheamhan a raibh folach tóin na gloine inti. 'Crois Críost orainn,', adeirim féin, 'ní féidir go bhfuil leathghloine fuisce sa teirgéis sin?' Cén bhrí ach mo cheithre boinn a íoc uirthi — níor fholaigh an méid fuisce a cuireadh amach dó tóin na gloine
Ná cuir aon deoir ann anois. Folach tóin na gloine ar éigean. Is annamh a ólaim tada
TUILLEADH (6) ▼
Dhá bhfeictheá an streancáinín bainne a bhí ag an mbó: folach tóin an cheaintín. Sin é an méid
Teara leis anois. Folach na talúna ar éigean. Níl maith ar bith únfairt fheamainne a chur ar thalamh láidir mar sin. Ceobáinín beag
Cheannaigh sé seo thuas seala eile caorach inné. Tá folach na talúna aige anois ach is furasta dhó sin: folach dhá phóicín. Feicfidh tú dlí anois déarfainn, arae foghlóidh siad siúd a bhfuil istigh ar an mbaile
Meas tú an bhfuil folach na leabthan sa mbraillín sin? — an gclúdóidh sí an leaba
Níl folach do bhoise d'fhéar aige i mbliana
Chaith mé an lá thíos sa roinn siúd agus dheamhan folach an bhoird sin d'fheamainn a bhí agam dhá barr. Bhí sí in ainm is a bheith ina fás dhá bhliain, ach mo léan an fás!
b.
+
Níl a fhios agam cén folach a chuireas sibh ar an tae i gcónaí le nach mbíonn sé le fáil — taisce; a chur in áit nach bhfaighthí é
Cuir folach ar an airgead sin anois, nó má fhágann tú ar shleamchúis é, is gearr go mbeidh sé ardaithe leis aige siúd le aghaidh feaigs
TUILLEADH (3) ▼
Nach bocht nach ngoidfí uait í agus a fágáil ansin os comhair na tíre. Breá nár chuir tú folach uirthi (láí a goideadh)
M'anam nach mór dó folach thairis sin. Tá grifisc ag teacht ansin chuile oíche agus gheobhaidís amach an rud a bheadh faoi do chúlfhiacail
Cén chiall nach gcuireann sibh folach ar an rud nuair a bhíos sé agaibh agus gan a bheith ag imeacht agus bhur méar in bhur mbéal agaibh nuair a theastós sé
+
Nach ort atá an cur i bhfolach air — tá tú ag cur a lán anró nó trioblóide ort fhéin dhá chur i bhfolach
Is mór an cur i bhfolach a bhíos agaibh air. Breá nach bhfágann sibh in áit eicínt é a bhfeicfeadh na daoine é
TUILLEADH (4) ▼
Is maith an cur i bhfolach a dhéanfas tú air nó gheobhaidh siad siúd é. Níl tada ag gabháil uathu
Bhí an-chur i bhfolach ar an bpoitín. Chaith siad an oíche amuigh — anró nó aistreán mór dhá chur i bhfolach
Théis an cur i bhfolach a bhí air, ní raibh folach ar bith air ina dhiaidh sin — frítheadh easonóir dhá chur i bhfolach, ach ní raibh aon fholach den rath air arae b'fhurasta a fháil
Is agaibh atá an cur i bhfolach air. Cén dochar má fheictear fhéin é. Tá cás againn iontu why should ye hide it?
+
Rinne sé cur i bhfolach ansin ar na crainnte, agus dúirt sé leo a gcaitheamh — na rudaí a bheadh agat le crainnte a chaitheamh (clocha, soip srl.), a gcur in do ghlaic i riocht is nach bhfeicfí iad
Ní dhearna sé aon chur i bhfolach ar an crainnte. Chonaic mise an scian bheag i dtosach a chiotóige agus d'fhuagair mé tús láimh an dá chrann ar an gcarnán thoir
TUILLEADH (2) ▼
'Chuile chur i bhfolach bíonn trí ghabháil air,' adeir bean an chaiptín — ní thugtar an bhreith ar an gcéad chrann a chaitear. Ní mór na crainnte a chaitheamh trí huaire
Dheamhan gabháil ná gabháil a chonaic mise ar aon chur i bhfolach, ach aon ghabháil amháin. Tóg é nó fág é, agus sin é an ceart
·
'Sé cur an scolb i bhfolach a thugtar ar an tuí anseo — sraith tuí a leagan ar an teach agus corrscolb a chur anonn is anall inti agus róipíní rua lena fostú. Téann sraith eile os a cionn sin agus folaíonn sin na scoilb
Is fhearr an cur é sin uirthi ná an scolb i bhfolach
+
Cuir i bhfolach é sin
Chuir sé i bhfolach orm é
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé i bhfolach sa gcomhra
Bhí sé sin i bhfolach agam le mí
B'éigean dó a dhul i bhfolach ó na póilíos
D'fheicfeá ag rith i bhfolach i bpoill agus i bprochógaí iad chomh luath agus a chuala siad go raibh sé ag teacht
Ná bí ag iarraidh a dhul i bhfolach orm chor ar bith
Ní áit le dul i bhfolach é
Ní raibh d'fholach air ach dosáinín raithní — ní raibh dhá chlúdú; ní raibh dhá chur ó léargas ar an dream a bhí dhá thóraíocht
3.
+
Gabhfaidh muid ag déanamh folach bheag — spraoi gasúr i dteach; téann dream i bhfolach i ngach áit ar fud an tí agus caithfidh duine nach bhfaca cén áit a ndeachaigh siad i bhfolach a bhfáil amach. Folach bhíog nó folach na gcruach nó fológaí a thugtar air, más amuigh in iothlainn nó i ngarraí a dhéantar é
Bhí muid ag dul i bhfolach bhíog
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh mé i bhfolach bhíog air
Is geall le bulc gasúir sibh a bheadh ag déanamh folach na gcruach

Féach freisin

folach in iontrálacha eile (32)

 
feáin
Ní raibh fí ná feáin ar Mh. J. go dtéadh muid suas agus go dtógadh muid an fuisce. Chonaic sé dhá chur i bhfolach iad. Ba bheag an scrupall a bhí aige a ghoid uathu
 
'Sé an áit a raibh an folach (mála mór arbhair nó eile) aige thiar ar a cairín, i leaba é bheith faoina droim. An mbeadh maith ar bith a bheith ag caint!
 
Deir siad gur iompar sé folach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheáchain abhaile ón S. thrí chíocraí agus thrí bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndearna sé gníomh mar sin.
 
Sa mbéalóigín atá sa gcrígh dhriseachaí a chuaigh mé i bhfolach air.
 
Tá mo chuid éadaí millte. Dheamhan folach orm nach bhfuil faoi chuilíní súí. Agus tréigeann an t-éadach sin ar fad má nitear é, ach dheamhan an féidir lorg an tsúí a bhaint amach ar a mhalrait.
 
Sin é an chaint a bhí uirthi muise, gur thug sí luach deich bpunt de sheanéadaigh agus de sheanbhróga do bhean an tincéara. Dhá mba duine floscaithe mise, séard adéarfainn léithe, gurb í mo mháthair a choinnigh éadach uirthi nuair nach raibh folach aici le cur ar a craiceann. Ach tá na caisleáin ag titim agus na carn aoilíochaí ag éirí
+
D'fholaigh a brat seacht n-acraí — chlúdaigh sé seacht n-acraí; bhí seacht n-acraí faoi (brat Bhríde)
TUILLEADH (6) ▼
Tháinig sé isteach thar éis an aonaigh, agus d'fholaigh sé an bord le nútaí (nótaí) puint. Dhá mbeadh fear ann a bheadh sách luathlámhach b'fhurasta dhó luach an óil a bheith aige, arae ní aireodh sé cupla ceann aige ná uaidh!
Tá sé ag folach na sráide uilig le gaineamh — dá clúdú
Níor mhór dhuit an seanleasú sin anois a fholach le ceobáinín beag aoiligh. Dhéanfadh sin thú! Nuair a bhí an garraí sin curtha faoi dheireadh bhí a dhá dhóthain leasaithe air
Folaigh fúthu! — deirtear le duine é a bhíos ag roinnt chártaí, má choinníonn sé aghaidh na gcártaí chomh hardaithe agus gur léir do gach duine cé na cártaí atá gach imreoir eile a fháil; coinnigh a n-aghaidh síos (deirtear "bailigh fúthu" scaití, ach níl ann ach míthuiscint ar "folaigh")
Folaigh fúthu. Tá súil gabha i ndiaidh tairne aige seo thall ar gach cárta dá bhfuil ag dul amach
Tá a fhios agam go bhfuil an cíonán iontu seo gan a n-iontú chor ar bith. Chonaic mé ag teacht chugam sa déanamh é nuair nár fholaigh tú fúthu
 
das
Ghabhfadh na cearca i bhfolach ann lena raibh de dhasachaí air Lá Bealtaine. Tháinig an sioc ansin, agus shleabhac siad as éadan a chéile. Níor tháinig aon das ó shin
 
dearg 1
Chuaigh sé ag cur ceaig poitín i bhfolach agus meas tú nach é an taobh dearg den scraith a d'fhága sé leis. Is deacair a bheith ag iarraidh maitheasa air sin déarfá
 
Bhraith na póilíos an deatach. Ní féidir an deatach a chur i bhfolach. Sin é an buille. 'Sé an deatach i gcónaí a ghníos spíodóireacht ar fhear an phoitín
 
dia 1
An bhfeiceann tú iad seo thíos? Ba chrua an oíche í an oíche arú aréir le sioc, agus chodail siad ansin gan folach fúthu ná thartu ach an cábáinín sin. Is iomaí duine ag Dia ina dhiaidh sin
 
dia 2
Boislín broghach an tSathairn atá mise a dhéanamh. Dheamhan folach léine a bhí agam a chuirfinn le mo chraiceann amárach
 
domhain 2
Caitheann siad a dhul amach anois ar na criathraigh domhaine leis an bpoitín a chur i bhfolach. Poitín gan sásamh é
 
drad
Bhí cheithre fholach aici ansiúd ag dul thar drad le coirce. Ba dhalba an lear a bhí uirthi
 
Bíonn sé ag imeacht ina dhraíodóirín mar sin síos faoi chladaí i gcónaí, agus gabhfaidh sé i bhfolach má fheiceann sé aon duine ag déanamh air. Shílfeá gur fear luibheannaí é an deis a bhíos air
 
Is gearr an t-achar é as seo go B. Chuaigh mé síos leis an gcarr ann. Cheannaigh mé trí folaigh coirce le aghaidh síl. Thabharfá an leabhar go mba é an chéad scoth é, agus ba é freisin. Ach lá dubhfhliuch a bhí ann agus mé ag teacht abhaile leis sa gcarr. Faoi cheann trí nó ceathair de laethantaí, bhreathnaigh mé air agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Nár fhága mé seo mura raibh sé ag tosaí ag dreochan. Fhóbair go gcaillfí mé leis an gcantal
 
dris
Níl aon ghnaithe agat an t-aistreán sin a thabhairt ort féin. Má bheireann na driseachaí siúd ort, ní thabharfaidh tú folach de do cheirteachaí slán as choíchin. Más cam díreach an ród, 'sé an bóthar mór an t-aicearra, a mhic ó.
+
droim
Níl folach léine ar mo dhroim — tá mé nocht
TUILLEADH (3) ▼
Chonaic mise é sin ag imeacht agus gan folach léine ar a dhroim. Is maith postúil inniu é
Bhí an bheirt sínte síos ar dhroim na trá agus iad dhá n-únfairt féin sa ngaineamh agus gan folach orthu ach an oiread leis an oíche ar rugadh iad. Shílfeá go mba bheag an dochar dhá leithidí sin náire a bheith orthu, ach dheamhan náire muis, ná cuid de náire. Is feasach dóibh go maith nach n-aithneoidh na daoine iad
Thug na Black and Tans leo é sna lorries agus gan folach dhár dhealbh an ghrian air ach an oiread leis an oíche ar rugadh é, agus níor chónaigh siad gur fhága siad ar thrá an L. Bh. é agus an snáth feamainne ina mhullach. D'fhuagair siad ansin air éirí agus rith. Séard a bhí siad a iarraidh go gcaithfidís é. Ach dheamhan a chos a rithfeadh. Rinne sé a chríonnacht sa méid sin ar chaoi ar bith. Chroch siad leo aniar aríst é agus thug siad isteach sa mbeairic é, agus thosaigh siad dhá lascadh le beilteannaí. Níl a fhios cén spídiúlacht a thug siad dó. Tháinig sé amach as an mbeairic sin uair eicínt leis an deargmhaidin agus gan aon ribe dubh ina cheann de dhroim na hoíche … Is mór a chonaic é. Nár bheag an dochar dó. Ní bheadh tuilleadh beo chor ar bith dhá dtéidís thríd an oiread sin
 
Dhá bhfanadh sé sin go dtagadh an duilliúr ar an gcrann, diabhal mé go bhféadfadh sé a dhul i bhfolach thuas i gcrann agus nach bhfeicfí choíchin é
 
Seo é saol na dínáire ar chuma ar bith! Chonaic mé cluiche gearrchailí óga dhá n-únfairt féin thíos ar an trá ansin thíos an lá faoi dheireadh, agus gan folach orthu ach an oiread leis an oíche ar rugadh iad
 
Bhí mise istigh in éindí leis dhá cheannacht. Leag fear an tsiopa anuas cheithre ghiota agus thug sé roghain dúinn orthu. Aon phraghas amháin uileag a bhí siad. Dúirt sé go mba é an t-éadach buí ab fhearr a mbeadh caitheamh ann. Bhí sé an-chrua agus ní raibh aon chosúlacht air go dtréigfeadh sé. Ach ní raibh rud ar bith ag marú mo dhuine ach an ghalántacht. Cheannaigh sé an leamháinín scanraithe donn siúd, agus an chéad mhúr báistí a gheobhas sé ní bheidh folach dó nach mbeidh tréigthe anuas dhá chraiceann. Mar adeireadh P. N.: tabhair a roghain don bhodach agus tógfaidh sé an díogha. Is cuma leis é ach an chosúlacht a bheith ann
+
Chuaigh sé i bhfolach
TUILLEADH (1) ▼
Téirigh i bhfolach