Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
leag isteach
a.
+
Tá gliúrach mhaith leagtha isteach aige — tá cuid mhaith ite aige (fc. ite)
Bhí cuid mhaith óil leagtha isteach aige — bhí cuid mhaith ólta aige
TUILLEADH (6) ▼
Leag sé cuid mhaith isteach agus an t-achar a bhí sé ag ithe
'Sé leagfadh isteach an t-arán
Leag isteach anois a bhféadfaidh tú, mar b'fhéidir gur fada arís go bhfaightheá é
'Sé atá deas ar é a leagan isteach — 'sé atá in ann leagan ar an mbéile
Bhí lán a bhoilg leagtha isteach aige
Ní choinneodh muileann Phalmer plúr leagtha isteach leis — ní bheadh a dhíol plúir i muileann Phalmer
b.
+
Leagfaidh mise isteach chuige anois ach feadh mé bheith réidh — íosfaidh mise gliúrach mhaith anois nuair a bheas mé réidh le dhul ag ithe
Leag mé isteach chuig an bhfeoil, ó b'annamh liom í a fháil — corruair a bhfaighim feoil, agus nuair a fuair mé í, d'ith mé go hamplúch í
TUILLEADH (1) ▼
Más arán te é, leagfaidh mise isteach chuige
c.
+
Leag sé isteach acu go binn — shéid sé fúthu; shaighid sé iad; rinne sé bothae (dóigh mhagaidh) díobh; d'ith sé nó d'ól sé a gcuid nó fuair sé bearradh maith orthu (fc. bearradh)
Is bocht nach leagfainn isteach acu ó fuair mé an deis, mar is corruair a bhfaigheadh an cat bradach fhéin aon bhrabach orthu
TUILLEADH (3) ▼
Má fhaigheann sé buille bog ar bith ionat, leagfaidh sé isteach chugat
Ó fuair mé liom é ar sheol na braiche, nach raibh sé chomh maith dhom leagan isteach chuige.
Bí san airdeall air nó leagfaidh sé isteach chugat. 'Sé atá deas air.

leag isteach in iontrálacha eile (30)

 
Cuir an sceach sa mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpointe. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claí thoir agus a dhul san iothlainn!
 
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uileag air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh rua a thaithíos sé, pé ar bith cén sórt feithideach é
 
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thógáil caite ansin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin — bhí faitíos air go salófaí an hata mura gcuirtí ar chaladh shábhála é
 
Tá caidhfte de lao ansin thiar agus dheamhan smut a leagfadh sé ar a chuid beatha. Nuair a thairg mé dhó é, séard a rinne sé é fhéin a chrapadh isteach i lúbainn an chlaí.
 
bruach
Is olc an fear é ag leagan bruachannaí. Cuireann sé an bruach isteach ar an gclaise ceart go leor, ach ní mhíníonn sé na spreabannaí chor ar bith. Is cuma leis é ach rith air chomh maolscríobach agus a fhéadfas sé.
 
An té a aireos sé sin buille adhartha chor ar bith, leagfaidh sé isteach chuige. 'Sé atá deas air.
+
Ná beireadh sé isteach ort nó leagfaidh sé thú — ná tabhair deis dhó breith isteach ort, nó má bheireann, leagfaidh sé thú
TUILLEADH (1) ▼
Má bheireann sé isteach ort, leagfaidh sé ort go binn — má bheireann sé isteach ort, tabharfaidh sé faoi na fabhraí go maith dhuit é (tabharfaidh sé fút)
 
Cén ghair a bheadh agamsa airgead a leagan tharam scáth a bhfuil de theacht isteach agam — chinnfeadh orm airgead a shábháil mar tá mo thuarastal róbheag
 
dairt
Deir tú leis a chaith coraintín istigh anseo inniu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timpeall ar an scéal. 'Leag mé bosca bealadh a bhí le a chur ar an gcarr inniu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor meacan den teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dúirt B. nár chorraigh sí féin é. Agus níor goideadh é, mar 'sé sin an fáth, ní raibh aon duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é.' Tá amhras aige orainn, ach ní abródh sé ina dhiaidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é san oíche amárach. Leagfaidh mé san áit chéanna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt
 
Bhfaca tú an searrachín crón atá aige. Níl ann ach na cheithre eite anois. Dhá mbronntaí ort é, ní leagfá bearna i gclaí lena ligean isteach in do gharraí. Meas tú beo céard atá air. Tugadh sé é siúd don deachma ar chuma ar bith. Maidir le go mbeidh aon cheo dá bharr aige, ní bheidh
 
dealg
Nuair a bhainfeá amach dealg ba cheart duit é a chaitheamh siar taobh cúl do chinn in aghaidh na tubaiste. Dá mba i ndán is go mba tairne a bheadh ann, séard a bhí agat a dhéanamh leis é a chur isteach i bhfata fuar agus é a leagan ar an drisiúr. Dhéanfá an cleas céanna leis dá mba i gcrúib bó a bheadh sé
 
dearg 2
Seo píosa iarainn duit. Cuir isteach ansin i dteallach na ceártan é, agus dearg agus comhdhearg ach ná ruadhearg é, agus leag amach anseo agamsa ar an inneoin é, agus feicfidh tú féin air go ndéanfaidh mise foireann deas cruife dhuit le aghaidh an chait! — duine ag magadh faoi ghasúr
 
dearna
Leag sé na hocht bpunt isteach i gcroí mo dhearnan. 'Tá tú as a Mh.,' adeirim féin. 'Chuirfinn geall gurb é an ceannaí cluaise — Bh. — a cheannaigh é,' adeir sé. 'Bíodh sé agat,' adeir Bh.
 
Is maith gasta a dheasódh sé isteach le pionta pórtair dá leagtaí ina mhínis (fhianais) é, agus ní gasta ná a dheasódh sé suas le cúileann mná
 
deil 1
An mar sin atá tú! Níor leag tú aon láimh ar an bhfeac fós agus gur shíl mise go mbeadh deil agat ann faoi seo. Sílim go bhfuil drogall ort an láí a chur isteach le faitíos roimh an earrach. Do leithide de scrománach luath láidir!
 
dia 1
Ná raibh Dia le bádóirí anois, murar leagadh isteach chucu é! — cumadh go leor do na bádóirí
 
diaidh
Dhá dteagadh sé isteach i dteach anois, agus dhá seasadh sé ar an taobh sin, tá sé d'fhaisean aige a bheith ag dul i ndiaidh a leataoibhe go brách go mbeidh sé thall ar an taobh eile. Ní chuimhníonn sé air féin leis an bhfalrach a bhíos ann ag ceartú dhuit. Leag duine de na gearrbhodaigh an cíléirín roimhe i lár an teallaigh lá a raibh sé istigh anseo, agus níor airigh sé go brách é go dtáinig sé salach air, agus baineadh treascairt as, agus shíl mé go raibh sé basctha istigh ar an teallach againn, mar caitheadh anonn sa gclúid thall é
 
Tá an capall sin aige an-dingliseach. Chonaic mé ansin thuas í an lá faoi dheireadh. Chuaigh sé isteach go dtí í lena cuid a leagan aici agus fhóbair go spréachfadh sí. Maidir le éirí in airde, bhí sé uirthi; mo léan
 
Cheannaigh mé hata breá nua — luach punt — agus fé brí cén chaoi ar leag mé ar an sate le m'ais é, dheamhan easna de sheanchailleach nár tháinig isteach agus nár ghróig sí í féin síos ina mhullach. Ní fhaca tú carghas go dtí é. Bhí sé dingthe brúite ar fad. Chinn orm ariamh a chumraíocht féin a chur air ina dhiaidh sin. Is mór dhá fhonn a bhí orm, bíodh a fhios agat, a dhul ag bleaisteáil na seanmhná
 
Níl fear ar bith is pointeáilte ná é. Caithfidh sé seachtain anois ag cur díon ar an iothlainn sin, agus dhá diogáil agus dá sceacháil nó nach mbeidh bunchleite isteach ná barrchleite amach inti! 'Sé a chuaigh le P. Ch. ceart. Séard a bhí a dhéanamh anois nuair a bheadh sé réidh agus na claíochaí biorraithe aige, brúisc a leagan ann oíche eicínt agus asail T. a scaoileadh isteach inti. Bheadh athobair air ansin ag diogáil aríst
 
dlaoi
Is furasta coirce a bhaint a fhearacht seisean. Ní bheadh ar dhuine ach an dlaoi a leagan thairis gan glanadh ná piocadh ar bith. Ghabhfainn féin poll maith isteach i ngarraí coirce lá ar an gcaoi sin
 
Tá sé chomh doghrainneach le aon Chríostaí dhá bhfaca mise ariamh. Má théann beithíoch thar claí isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam anseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aici ag dul i mbradaíl. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dtéadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheachaigh sí airsean ach lá amháin. Bhí maolbhearna leagtha i gclaí Gharraí an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tógáil a thug siad uirthi. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillí é ar ndóigh. Isteach léithe ar an gcoinleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann nuair a rug sé uirthi. Rinne sé a sheacht míle dícheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sách aigeanta. Anuas leis anseo ina thine bhruite ag fuagairt foghlach agus dlí orm féin de ghorta gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. Ar ndóigh, mar adeir an fear fadó, bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a ligean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon nós, ach a bhfaighinn an té a thógfadh uaim í. Ach tá sé chomh doghrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tangaíodh (teangmhaíodh) chor ar bith leis féin
 
Cuirfidh an drabhlás de dhroim seoil é nó is maith a bheas sé ar a mhaidí. Chonaic mé ansin thiar é an t-aonach cheana. Dhíol sé ceann beithíoch agus chuaigh siad isteach tigh Th. ag ól an bhéiréiste. Crochadh mé féin isteach. Leag sé páipéar chúig phunt ar an gcuntar. 'Ól dhon teach,' adeir sé. 'Ní fhágfaidh mé an baile seo inniu go n-ólfaidh mé an phínn bheag agus an phínn mór den méid sin.' 'Bíodh splanc eicínt céille agat,' adeirimse, ach ní raibh aon mhaith dhom leis. Tá mé ag ceapadh nach taobh leis na chúig phunt a bheith caite aige a bhí sé nuair a tháinig sé aniar
 
Leag isteach in íochtar an drisiúir é — an chuid íochtair (a mbíonn doirse air) den drisiúr
 
díle 1
Chonaic mise saol a raibh an díle poitín anseo. Ní bheadh ort ach a dhul isteach i dteach ósta ar bith agus is túisce a leagfaí gloine fuisce ná gloine phórtair chugat. A Rí an bhfeart, nach é an saol a d'imigh! Agus gan dubh na hiongan de anois sa tír
 
Dhá dhíocasaí dhá bhfuil sé ag marú bradáin muis, is seacht ndíocasaí dhá ól é. Ní túisce a bhéarfas sé ar a luach ná a fhágfas sé istigh tigh K. é. Sílim go leagann sé isteach ar fad ar aon láimh amháin é agus an fhad is a thiocfas sé téadh ansin
 
díon 1
Níl díon deor sa gcaipín seo ach sin é an chuma a chuir mé orm féin agus mé dhá ceannacht. Bhí mé lá báistí i nG. agus mé in mo mhaoil. Is gearr go raibh mo chloigeann ina líbín. 'Ceannóidh mé caipín,' arsa mise liom féin. Isteach liom de mhaoil mo mhainge sa gcéad tsiopa ba túisce agam. 'Leag anuas caipín agam,' adeirimse. Leag. 'Cé mhéad.' 'Trí scilleacha.' Shín mé amach aici iad. Sin é a raibh de Bhéarla ná de Ghaeilge ann, ach ní raibh mé féin anoir ar A. Dh. L. nuair a bhí mo cheann ina líbín in athuair
 
Is beag an dúnáras a bheas air deirimse leat ag leagan a bhurla nótaí isteach thíos sa mbainc. 'Sé an cainteoir é ansin. Agus mura bhfuil teanga bhlasta Bhéarla aige castar leis é. Bhí mé ag éisteacht leis lá a raibh mé ag íoc cíosa ann. Is fada go raibh a fhios agam gurb é a bhí ann chor ar bith. Uair annamh a chloisfeá a ghlór anseo
 
Tá dúrúch ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claí amach as an ngarraí inniu. As go brách léithe síos an bóthar agus fhóbair gur mharaigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaí T. Sh. agus chuir sí na beithígh thrína chéile. Dheamhan cónú a rinne sí ansin go ndeachaigh sí sna cosa in airde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar aduaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag iontú soir an bóthar murach go ndeachaigh mé roimpi agus a cur aníos go teach. Shíl mé i dtosach gur dúrúch dárach a bhí uirthi, ach dheamhan glae ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirthi. Fuílleach a thug sé le déanamh dhom coinneáil léithe ar an mbealach anuas, agus murach scorachín le S. Mh. A., bheadh sí bailithe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhíchill. Sin í an diabhlánach agat. Bhí an dúrúch céanna anoir aríst uirthi — ag rith, ag géimneach agus ag gabháil dhá tóin in airde. Ach dar brí an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóidh sí ansin go n-athraí sí béasa. Dheamhan greim le n-ithe a thug mé di ó shin, ná cuid de ghreim. B'fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúrúch di. Mura mbaine, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céanna