leag isteach
—
a.
+–
Tá gliúrach (gleorach) mhaith leagtha isteach aige = tá cuid mhaith ithte aige (féach "ithte")
Bhí cuid mhaith óil leagtha isteach aige = bhí cuid mhaith ólta aige.
TUILLEADH (6) ▼
Leag sé cuid mhaith isteach agus an t-achar a bhí sé ag ithe.
'Sé leagfadh isteach an t-arán.
Leag isteach anois a bhféadfa tú, mar b'fhéidir, gur fada arís go bhfaightheá é.
'Sé tá deas ar é ' leagan isteach = 'sé atá indon leagan ar an mbéile.
Bhí lán a bhuilg leagtha isteach aige.
Ní choinneochadh muileann Phalmer plúr leagtha isteach leis = ní bheadh a dhíol plúir i muileann Phalmer.
b.
+–
Leagfa mise isteach chuige anois, ach feadh mé bheith réidh = íosfa mise gliúrach (gleorach) mhaith anois, nuair a bheidheas mé réidh le dhul ag ithe.
Leag mé isteach (ch)uig an bhfeoil, ó b'annamh liom í a fhaghail = corr-uair a bhfaghaim feoil, agus nuair a fuair mé í, d'ith mé go h-amplúdhach í.
TUILLEADH (1) ▼
Má's arán te é, leagfa mise isteach chuige.
c.
+–
Leag sé isteach acu go binn = shéid sé fútha; shaghd sé iad; rinne sé bothae (bithéigheamh? = dóghadh mhagaidh) díob; d'ith sé nó d'ól sé a gcuid nó fuair sé bearradh maith orra (féach bearradh)
Is bocht nach leagfainn isteach acu, ó fuair mé an deis, mar is corr-uair a bhfuigheadh an cat bradach fhéin aon-bhrabach orra.
TUILLEADH (3) ▼
Má fhaghann sé buille bog ar bith ionnad, leagfa sé isteach chugad.
Ó fuair mé liom é, ar sheol na braiche, nach raibh sé chomh maith dhom leagan isteach chuige.
Bí san áirdeall, air nó leagfa sé isteach chugad. 'Sé atá deas air.
leag isteach in iontrálacha eile (29)
→
faitíos
Cuir an sceach san mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin, agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpuinnte. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claidhe thoir agus a dhul san iothlainn!
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uiliog air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh ruadh a thaithíos sé, pérbith cén sórt feithideach é
→
fálach
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thóigeál caite annsin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin. = bhí faitíos air go salóchaí an hata mara gcuirtí ar chaladh shábhála é
→
caidhfte
Tá caidhfte de laogh annsin thiar, a's dheamhan smut a leagfadh sé ar a chuid beatha. Nuair a thairg mé dhó é, 'séard a rinne sé é fhéin a chrupadh isteach i lúibinn a' chlaidhe.
→
ceas
Tá sé mór-thráthach, a's níl aon uair, dá dteigheann sé ag ithe, nach gcuireann sé ceas air fhéin, leis a' ngliúrach (ngleorach) a leaga(nn)s sé isteach.
→
bruach
Is olc a' fear é a' leagan bruachannaí. Cuireann sé an bruach isteach ar a' gclaise ceart go leor, ach ní mhínigheann sé na spreabannaí chor a' bith. Is cuma leis é, ach rith air, chomh maoilscríobach a's fhéadfas sé.
Cé'n ghoir a bheadh agamsa airgead a leagan tharm scáth a bhfuil de theacht isteach agam = chinnfeadh orm airgead a shábháil, mar tá mo thuarastal ro-bheag.
→
dairt
Deir tú leis a chaith curraintín istigh annseo indiu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timcheall ar an scéal. "Leag mé bosca bealadh a bhí le 'chur ar an gcarr indiu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor-meacan de'n teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dubhairt B. nachar chorruigh sí féin é. Agus níor goideadh é mar 'sé sin an fáth ní raibh aon-duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é." Tá aimhreas aige orainn, ach ní abróchadh sé in a dheidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é ins an oíche ambáireach. Leagfaidh mé ins an áit chéadna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt.
→
deachma
Bhfaca tú an searraichín crón atá aige. Níl ann ach na cheithre eite anois. Dhá mbronntaí ort é, ní leagfá bearna i gclaidhe len a leigean isteach in do gharrdha. Meastú beo céard atá air. Tugadh sé é siúd do'n deachma ar chuma ar bith. Maidir le go mbeidh aon-cheo dá bharr aige, ní bheidh
→
dealg
An uair a bhainfeá amach [dealg] ba cheart duit é a chaitheamh siar taobh cúl do chinn in aghaidh na tubaiste. Dá mbadh indán agus go mbadh tairnge a bheadh ann 'séard a bhí agad a dhéanamh leis é a chur isteach i bhfata fuar agus é a leagan ar an drisiúr. Dhéanfá an cleas céadna leis dá mbadh i gcrúib bó a bheadh sé
→
dearg 2
Seo píosa iarainn duit. Cuir isteach annsin i dteallach na ceártan é, agus dearg agus comhdhearg ach ná ruadhearg é, agus leag amach annseo agamsa ar an inneoin é, agus feicfidh tú féin air go ndéanfaidh mise fuireann deas cruithe dhuit l'aghaidh an chuit! = duine ag magadh faoi ghasúr
→
dearna
Leag sé na h-ocht bpunt isteach i gcroidhe mo dhearnann. "Tá tú as a Mh." adeirim féin. "Chuirfinn geall gurb é an ceannaidhe cluaise — Bh. — a cheannuigh é" adeir sé. "Bíodh sé agad" adeir Bh.
→
deasaigh
Is maith gasta a dheasóchadh sé isteach le pionta pórtair dá leagtaí in a mhiainis (fhiadhnuis) é, agus ní gasta ná a dheasóchadh sé suas le cúilfhionn mná
→
deil 1
An mar sin atá tú! Níor leag tú aon-láimh ar an bhfeac fós agus gur shíl mise go mbeadh deil agad ann faoi seo. Sílim go bhfuil drugal ort an láighe a chur isteach le faitíos roimh an Earrach. Do leithide de scrománach luath láidir!
→
dia 1
Ná raibh Dia le bádóirí anois, marar leagadh isteach chuca é! = cumadh go leor do na bádóirí
→
diaidh
Dhá dteagadh sé isteach idteach anois, agus dhá seasadh sé ar an taobh sin, tá sé d'fhaisean aige a bheith ag dul indiaidh a leathtaoibhe go bráth go mbeidh sé thall ar an taobh eile. Ní chuimnigheann sé air féin leis an bhfalrach a bhíos ann ag ceartú dhuit. Leag duine de na gearrbhodaigh an cíléirín roimhe i lár an teallaigh lá a raibh sé istigh annseo, agus níor airigh sé go bráthach é go dtáinic sé salach air, agus baineadh treascairt as, agus shíl mé go raibh sé basctha istigh ar an teallach againn, mar caitheadh anonn ins an gclúid thall é
Tá an capall sin aige an-dingliseach. Chonnaic mé annsin thuas í an lá faoi dheireadh. Chuaidh sé isteach go dtí í len a cuid a leagan aice, agus fhobair go spréachfadh sí. Maidir le eirghe in áirde bhí sé uirre; mo léan
→
dingthe
Cheannuigh mé hata breagh nuadh — luach punt — agus fébrí cé'n chaoi ar leag mé ar an "sate" le m'ais é, dheamhan easna de shean-chailleach nar tháinig isteach agus nar ghróig sí í féin síos in a mhullach. Ní fhaca tú carghas go dtí é. Bhí sé dingthe brúighte ar fad. Chinn orm ariamh a chumraidheacht féin a chur air in a dhiaidh sin. Is mór dhá fhonn a bhí orm, bíodh a fhios agad a dhul ag "blasteáil" na sean-mhná
→
diogáil
Níl fear ar bith is puinnteáilte ná é. Caithfidh sé seachtain anois ag cur díon ar an iothlainn sin, agus dhá díogáil agus dá sceacháil nó nach mbeidh bun-chleite isteach ná barr-chleite amach innte! Sé a chuaidh le P. Ch. ceart. 'Séard a bhí a dhéanamh anois an uair a bheadh sé réidh agus na claidhtheachaí biorruighthe aige, brúisc a leagan ann oíche eicínt agus asail T. a scaoileadh isteach innte. Bheadh ath-obair air annsin ag díogáil aríst
→
dlaoi
Is furasta coirce a bhaint a fhearacht seisean. Ní bheadh ar dhuine ach an dlaoi a leagan thairis gan glanadh ná piocadh ar bith. Ghabhfainn féin poll maith isteach ingarrdha coirce, lá ar an gcaoi sin.
Tá sé cho dúrainneach le aon-chríostuidhe dhá bhfaca mise ariamh. Má theigheann beithidheach thar claidhe isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam annseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aice ag dul imbradghail. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dteigheadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le 'chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheacha sí air-sean ach lá amháin. Bhí maol-bhearna leagtha igclaidhe Gharrdha an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tóigeál (tógáil) a thug siad uirre. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillighe é 'ar ndú'. Isteach léithe ar an gcoinnleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann an uair a rug sé uirre. Rinne sé a sheacht míle dicheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sáthach aigeanta. Anuas leis annseo in a theine bhruithte ag fuagairt foghlach agus dlighe orm féin de ghort an gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. 'Ar ndú' mar adeir an fear fadó bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach in a dhiaidh sin agus uiliog scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a leigean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon-nós, ach a bhfaghainn an té a thóigfeadh uaim í. Ach tá sé cho dúrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tanguigheadh (teangmhuigheadh) chor ar bith leis féin
→
drabhlás
Cuirfidh an drabhlás de dhruim seoil é nó is maith a bhéas sé ar a mhaidí. Chonnaic mé annsin thiar é an t-aonach cheana. Dhíol sé ceann beithidheach agus chuaidh siad isteach tigh Th. ag ól an bhéiréiste. Crochadh mé féin isteach. Leag sé páipéar chúig phunt ar an gcúnntar. "Ól dho'n teach" adeir sé. "Ní fhágfaidh mé an baile seo indiu go n-ólfaidh mé an phighinn bheag agus an phighinn mór de'n méid sin." "Bíodh splanc eicínt céille agad" adeirimse, ach ní raibh aon-mhaith dhom leis. Tá mé ag ceapadh nach taobh leis na chúig phunt a bheith caithte aige a bhí sé an uair a tháinig sé aniar
→
drisiúr
Leag isteach in íochtar an drisiúir é = an chuid íochtair (a mbíonn doirse air) de'n drisiúr
→
díle 1
Chonnaic mise saoghal a raibh an díle poitín annseo. Ní bheadh ort ach a dhul isteach i dteach ósta ar bith agus is túisce a leagfaí gloine fuisce ná gloine phórtair chugad. A Rí an bhFeart, nach hé an saoghal a d'imigh! Agus gan dubh na h-iongan de anois ins an tír
Dhá dhíocasaighe dhá bhfuil sé ag marbhú bradáin muis, is seacht ndíocasaighe dhá ól é. Ní túisce a bhéarfas sé ar a luach ná a fhágfas sé istigh tigh K. é. Sílim go leagann sé isteach ar fad ar aon-láimh amháin é agus an fhad agus a thiocfas sé teigheadh annsin
→
díon 1
Níl díon deor ins an gcaipín seo ach sin é an chuma a chuir mé orm féin agus mé dhá ceannacht. Bhí mé lá báistighe in G. agus mé in mo mhaoil. Is gearr go raibh mo chloigeann in a líbín. "Ceannóchaidh mé caipín" arsa mise liom féin. Isteach liom de mhaol mo mhainge ins an gcéad tsiopa ba túisce agam. "Leag anuas caipín agam" adeirimse. Leag. "Cé mhéad." "Trí scilleacha". Shín mé amach aice iad. Sin é a raibh de Bhéarla ná de Ghaedhilge ann, ach ní raibh mé féin anoir ar Á. Dh. L. an uair a bhí mo cheann in a líbín in ath-uair
→
dóigh 3
Tá tú dóighte {{= a lán cleis agus cluichí, bíonn "dóghadh" ionnta: sé sin duine a ghabhail, nó a fhastú, nó lámh a leagan air, agus cuirtear pionús ar an té sin annsin, nó caithfidh sé a dhul in áit an duine eile a dhóghas é, nó comhairtear puintí ins an gcluiche in a aghaidh. Cuirim i gcás "'bhFalach Bhíodhg". Is cluiche simplí é. Teigheann duine A. ar chúla leachta nó cloiche nó a leithide agus cromann sé síos agus a shúile clúduighthe aige, agus imigheann an chuid eile amach ar fud an ghiodáin, go dteighidh siad i bhfalach. Cho luath agus a fhuagróchas duine aca ar A. go bhfuil siad i bhfalach, nó a dhéanfas siad comhartha dhó, eireochaidh sé agus fágfaidh sé an daoradh (an áit a raibh A. cromta nó cloch in aice leis) dhá dtóruigheacht. De réir mar a bhéas sé ag dúiseacht an dreama eile as a n-áit faluighthe, leanfaidh sé iad le breith orra, nó láimh a leagan ar dhuine aca. Féachfaidh siadsan leis an daoradh a shroicheamhaint gan a ngabhail nó a "ndóghadh". An té a n-eireochaidh le A. lámh a leagan air nó a ghabhail, beidh an té sin "dóighte", agus caithfidh sé a dhul isteach agus cromadh ag an daoradh, mar a rinne A. an geábh roimhe sin, agus beidh cead a choise ag A. féin a dhul i bhfalach anois. Déantar geábh eile de'n chluiche ar an gcóir chéadna. Tá dóghadh in a lán cluichí agus siamsaí eile freisin. Leis an liathróid a déantar "an dóghadh" ins an gcluiche corr. Buailtear an té a bhíos in a rithte-reathach, leis an liathróid, agus bíonn sé dóighte. Tá dóghadh i bpúicín, i gclocha péire agus i gcluichí eile freisin
→
dúnáras
Is beag an dúnárus a bhéas air deirimse leat ag leagan a bhúrla nútaí (nótaí) isteach thíos ins an mbeainc. 'Sé an cainteoir é annsin. Agus mara bhfuil teanga bhlasta Bhéarla aige castar leis é. Bhí mé ag éisteacht leis lá a raibh mé ag íoc cíosa ann. Is fada go rabh a fhios agam gurb é a bhí ann chor ar bith. Uair annamh a chloisfeá a ghlór annseo.
→
dúrúch
Tá dúthruach ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claidhe amach as an ngarrdha indiu. As go bráth léithe síos an bóthar agus fhobair gur mharbhuigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaidhe T. Sh. agus chuir sí na beithidhigh thrín a chéile. Dheamhan comhnú a rinne sí annsin go ndeachaidh sí ins na cosa in áirde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar adtuaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag ionntú soir an bóthar marach go ndeachaidh mé roimpe agus a cur aníos go teach. Shíl mé idtosach gur dúthrúach dárach a bhí uirre ach dheamhan glaedh ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirre. Fuighleach a thug sé le déanamh dhom coinneál léithe ar an mbealach anuas, agus marach scuraichín le S. Mh. A., bheadh sí bailighthe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhichill. Sin í an diabhlánach agad. Bhí an dúthruach céadna anoir aríst uirre — ag rith, ag géimneach agus ag gabhail dhá tóin in áirde. Ach dar brigh an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóchaidh sí annsin go n-athruighidh sí béasa. [Dheamhan] greim le n-ithe a thug mé di ó shoin, ná cuid de ghreim. B'fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúthruach di. Mara mbainidh, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céadna