léim
—
abhóg
+–
Thug an capall léim leataobhach go ndeachaigh sí ar cholbha an bhóthar agus gur chaith sí an marcach — léim de leataobh
Níl aon locht ó neamh uirthi (capall) ach go bhfuil léim leataoibhe inti
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a bheas tú ar marcaíocht uirthi, fainic a dtabharfadh sí léim leataobhach ort
+–
Imigh leat de léim go dtí an siopa — ar an toirt
D'imigh sé de léim
TUILLEADH (1) ▼
Beidh mé leat anois de léim, ach an braon tae seo a ól
·
Is maith an léim bulláin í sin — nuair a thabharfadh duine abhóg ghlanaoscartha, déarfaí é
Is fada an léim bulláin as seo go Baile Cliath — tá Baile Átha Cliath giota maith as an áit seo. (Léim Bulláin: fuíoll seanchais é seo, faoi dhuine a tharlaigh an slua sí leo agus a chuireadar ar marcaíocht ar bhullán)
·
Tiocfaidh sí le léim amháin ón tarbh: beidh sí sách dortha (bó dhá dáir)
Féach freisin
→
dubhléim
léim in iontrálacha eile (50+)
→
colg
Ar an dá luath is a chonaic an madadh é, chuir sé colg air fhéin agus thug sé abhóg lena fhostú. Ach níor leisean (cat) ab fhaillí é, chuaigh sé de léim ghlanoscartha sa gcrann, agus anuas as sin ní thiocfadh sé dhá gcaiteá leis go maidin.
+
→
airde 2
B'fhearr dhúinn a dhul ag caitheamh léim ar airde.
TUILLEADH (9) ▼
Bhí siad ag caitheamh léim ar airde.
Ní raibh léim ar airde ar bith ann.
Níl aon ghair agamsa air le ag léim ar airde.
Níl cinneadh ar bith leis ag caitheamh léim ar airde.
Is ait uaidh léim ar airde a chaitheamh (a ghlanadh)
Tá sé in ann sé troithe de léim ar airde a chaitheamh.
Níl tolgán ar bith air chúig troithe de léim ar airde a ghlanadh.
Thug sé léim ar airde; chaith sé léim ar airde.
'Sé a bhuach an léim ar airde.
→
ascar
Ghlac sí scéin eicínt ag droichead na gCnoc; thug sí léim leataoibhe gan aireachtáil, agus chuir sí anuas glan as ascar na diallaite mé
→
athraigh
Shíl cuid de na daoine go n-athródh sé an saol de rith is de léim — d'aon iarraidh amháin
+
Ghlan sé an díoga de léim ghlanoscartha.
TUILLEADH (1) ▼
Ar an dá luath agus ar airigh mé an scafall ag sníomh fúm, thug mé léim ghlan-oscartha anonn agus d'éirigh Dia liom gur rug mé ar an bpíopa — is maith a chuaigh mé as nár maraíodh mé. Bhí Dia in m'fhabhar.
Nuair a bhíodh muid ag feamnú fadó, dhá dtéiteá de léim den talamh ar an gcapall ar chúla na srathra, ba mhinic a bhainfeá léim rúitín aici
→
foghail
Tá sé chomh hantlásach agus nach bhfuil breith aige ar thada nó go mbeidh sé déanta de rith is de léim aige. Déanann sé foghail chorráin chuile bhliain, agus deir siad nach bhfuil foghail ar bith a chinnfeadh uirthi
→
folláin
An té atá ag ceannacht uibheachaí, is minic a gheobhas sé cuid nach mbeidh folláin. Ní móide go gcreidfeá mé faoi seo, ach an t-am a raibh mé i Sasana fuair mé ubh le mo bhéilí lá ann, agus nuair a bhris mé í, deir tú leis an éan a léim agam (chugam) amach!
→
féith 1
Fear ar bith a chaith an léim sin, tá féith ó Scorach Ghleannáin ann. Dar diagaí tá! Scorach Ghleannáin: rógaire reatha a bhí in áit a dtugtar Gleannán air, céad bliain ó shin. De mhuintir Neachtain ba ea é sílim. Bhí scailp aige ann agus tharlaíodh sé caoirigh agus beithígh goidte go dtí í. Rinne sé a lán gaisce agus gníomhra a bhfuil cuimhne fós orthu i gCois Fharraige. Ag ionsaí Bhalaclava i gCogadh an Chrimea a maraíodh é, measaim
→
fasair
Ag iarraidh fasair a dhéanamh a bhí sé de rith is de léim agus chuir sé an chrúib sa scipéad. Nach maith a rugthas air ina dhiaidh sin!
Dar príosta bhí fuile faile faoi in ucht am dinnéir inniu: ag dul ag cur isteach coirce de dhá léim. Dúirt sé go ndéanadh sé an-lá. Ar ndóigh mo chreach mhaidne, ní raibh ann ach an scalán sin
→
fuaraigh
Shílfeá le breathnú air ag fódú an chéad iomaire go ndéanfadh sé cat agus dá rioball de rith is de léim. Ach ní dhéanann. Fuaraíonn sé sa bpoll céanna a dtéann sé. Ní buan tréan, adeir siad, agus ní den abhras an chéad shnáth
→
dallán
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diomar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
→
danra
Nach é a bhí danra anois agus gur fhuagair sé orainn a dhul amach as na garrantaí breaca ansin thuas anuraidh agus muid ag fiach ann. Cén bhrí ach gan tada iontu ach raithneach agus crígheannaí. M'anam gur fhuagair, agus gurb é a bhí francaithe freisin nuair nár fhága muid d'aon léim iad … é siúd ag magadh! Is minic leis!
Deile céard iad ach deargbhréaga! Meas tusa an raibh fear ar bith ariamh acmhainneach ar sheacht míle farraige théachtaithe a chaitheamh de léim! Ach deir siad ina dhiaidh sin nach raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht in éindí ariamh
→
diaidh
Is diabhlaí an t-uafás a bhíos ort. Nach bhfuil a fhios agat go ndéanfaidh mé é ach a mbeidh mé réidh go dtí é. I ndiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin. Níl aon tsástaíocht agatsa ann mura ndéantar chuile shórt de léim
→
dochar
An bhfaca tusa an dochtúr dubh? Thug S. Sh. amach é lena chuid tinneas droma a leigheas. Níor fhága sé snáth air, agus chuir sé ar a bhéal faoi sa leaba é. D'inis S. Sh. dó cá raibh an dochar. 'Anseo,' arsa seisean, agus bhuail sé a sheandorna anuas ar an gcaoldroim air agus chuir sé snadhmannaí sa leaba air. Ach chomh luath agus a fuair S. a anáil leis, d'éirigh sé de léim choscartha agus fuair sé an píce. Bhí an dochtúr dubh ligthe leis féin agus níor mhór dó féin go raibh. Ní changlódh sé aon fhata go brách aríst!
→
doirg
Tá an sagart sin an-doirg. Mura mbeidh an rud de rith is de léim aige, is maith éasca leis a dhul ag cur a chosa uaidh
→
dona
Sin é an duine dona i gcónaí. Ní bhíonn breathnú siar ar bith aige ar an gcois thinn, ach a mbíonn aige a chaitheamh de rith is de léim
→
dorú
An gcreidfeá gur mharaigh mise bromóig cheana le dorú marbh i stopóig Charraig Mh. agus mé ar na mangaigh. Is dochreidte an scéal é ach mharaíos. B'iontaí liom féin é ná an sneachta dearg. Fhóbair dom rith chladaigh a thabhairt orm fhéin de léim i ngeall air
→
drabhlás
Is beag an drabhlás atá chor ar bith sa móin bháin sin le hais na clochmhóna. Cuirfidh tú síos greadlach di ach bíonn sí dóite de léim. 'Sé a bhfuil inti an lasadh sin
→
dradaire
Dradaire ceart é sin. Níl aon bhean aniar ó Cheann Léime nach bhfuil cara chainte curtha aige uirthi. Tá geis air gan aon bhean a ligean thairis gan aighneas a chur uirthi
→
drantán
Ní bhfuair tú tuairisc faoi áit ar bith a mbeadh aon drantán ceoil ann anocht. Áit ar bith anois níos gaire ná Ceann Léime a mbeadh sé, thabharfainn an tabhairt orm fhéin, dá mba de shiúl mo chos é!
→
driog
Rug sé ansin orm in aice an ailt. 'Sé a raibh ann go bhfeicfeá lorg ann agus níor tháinig deoir fhola. Ach mura dtáinig, bhí pian ann. Timpeall is leathuair ina dhiaidh sin d'airigh mé na driogannaí cráite ag snámh suas thrí mo láimh — suas go gualainn, agus níor fhan mothú ná arann i gcrobh mo láimhe. Chuir mé fios ar an dochtúr de léim. Níor mhór dhom féin gur chuir. Dhá bhfágainn leathuair eile í adeir sé, bhí mo chnaipe déanta. Chaithfí an láimh a bhaint anuas ón ngualainn díom
Shílfeá gur duine an-drithleach í. Diabhal mé go raibh gacha le geit agus léim aici ansin ar an gcathaoir, agus go sílfeá go ngabhfadh sí d'abhóig thríd an bhfuinneoig pointe ar bith
Cé leis an lao droiminn bhán atá ag scoitheadh claíochaí síos ansin. Ní hea ach is ginn é! Is beag an stró a bhí air a dhul de léim choscartha thar chlaí an bhóthair agamsa ansin thíos ar ball. Déarfainn gur maith a chuaigh a lacht dó ar chaoi ar bith, bail ó Dhia air!
B'fhearr liom a dhul ar chapall droimnochta uair ar bith ná a dhul i dtuilleamaí diallaite. Má théann scéin ar bith inti (sa gcapall), is mór an chontúirt í an diallait. Is maith nach mór duit a bheith in do mharcach le fanacht i ndiallait má thugann an capall léim leataoibhe. Tá a fhios agam é a mh'anam. Ach ar aon chor is mó go mór a thógfas an diallait duine ná an capall droimnochta. Is beag is ionann iad
→
dubh 2
Ní raibh a dhubh ná a dhath maitheasa ar a chuid muc thar mo chuidse, ach rinne sé a chríonnacht agus a ndíol de léim ar maidin. Sheas mise ó na ceannaitheoirí agus bhí a shliocht orm: dá liginn uaim ar an gcéad tairiscint iad, bhí agam. Ní dheachaigh mé fhoisceacht punt dó uaidh sin amach
→
dubh 3
Dar príosta muise ní dhubhóidh sé an oiread den chraiceann sin de rith is de léim mar a rinne sé leis an gcoinleach. Tá an craiceann siúd deacair. Bainfidh sé siar as é
→
dubhléim
Is mian leis chuile shórt a dhéanamh de léim. Fear gan foighid é. Sin a fhágas go dtugann sé an dubhléim i gcónaí
D'éireodh staic de bhradán leat le duántacht chomh réidh le bealach ar bith eile, dhá dtéiteá dhó mar is ceart. Ach tá daoine ann agus ní bhíonn a ndóthain foighde acu. Bíonn siad ró-uafásach. Ní mór leo a gcniogadh de rith is de léim. Bheadh sin deas go leor, dhá n-éiríodh leat a dhéanamh
+
→
déan 1
Tabharfaidh sé léim eile di. An bhfeiceann tú ag déanamh a shlaite aríst é
TUILLEADH (1) ▼
Thug an tarbh trí léim di, ach ní dhearna sé ach uair amháin í. Thug sí lao léithe mar sin féin
→
déanta
Is ait an mac é an saol gan doubt ar bith. Tá siad déanta lena bhás anocht, agus nach bhfuil sé ach arú aréir go deireanach ó chonaic mé ag caitheamh léim fhada ansin thíos é, agus má bhí féin, níor náire dhó sin. Ní raibh aon fhear ansin in ann a dhul fhoisceacht go mbeannaí Dia dhó