Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Léim
amhóg
+
Thug an capall léim leath-taobhach, go ndeacha sí ar cholbha an bhóthar agus gur chaith sí an marcach = léim de leath-taobh.
Níl aon locht ó neamh uirre (capall), ach go bhfuil léim leath-taoibhe innte.
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a bheidheas tú ar marcuigheacht uirre, fainic a dtiubharfadh sí léim leath-taobhach ort.
+
Imthigh leat de léim go dtí an siopa = ar an toirt.
D'imthigh sé de léim.
TUILLEADH (1) ▼
Beidh mé leat anois de léim, ach an braon tae seo ól.
·
Is maith an léim buláin í sin — nuair a thiubharfadh duine amhóg ghlan-easgartha, déarfaí é.
Is fada an léim buláin as seo go Baile Cliath = tá Baile Átha Cliath giota maith as an áit seo. (Léim Buláin — fuigheall seanchuis é seo, faoi dhuine a thárluigh an sluagh sidhe leo, agus a chuireadar ar marcuigheacht ar bhulán)
·
Tiocfa sí le léim amháin ó'n tarbh: beidh sí sáthach dortha (bó dhá [dáir])

Féach freisin

Léim in iontrálacha eile (50+)

 
Ní fuláir duit foighid a bheith agad. Ní dhéanfar de rith ná de léim mar sin é
 
colg
Ar a' dá luath a's a chonnaic an madadh é, chuir sé colg air fhéin, a's thug sé amhóg le na fhastú. Ach níor leis-sean (cat) ab fhaillighe é, chuaidh sé de léim ghlan-eascartha sa gcrann, a's anuas as sin ní thiocfadh sé, dhá gcaithteá leis, go maidin.
 
buille
Is beag adéarfadh chúig bhliadhna ó shoin, go mbuailfeadh sé aon-bhuille sa mbéim le na ló aríst, ach tá sé in a shean-léim anois chomh maith a's bhí sé aon-oidhche ná aon-lá ariamh.
 
Tá sé ina shean-léim aríst, aindeoin an ruaig thinnis a bhí air.
 
aire
Ní mórán call aire dhó; nach bhfuil sé ina shean-léim aríst.
+
airde 2
B'fhearr dhuinn a dhul a' caith(eamh) léim 'ar aoirde.
TUILLEADH (9) ▼
Bhí siad a' caith(eamh) léim ar aoirde.
Ní raibh léim ar aoirde 'bith ann.
Níl aon-ghoir agamsa air le (ag) léim ar aoirde.
Níl cinneadh 'bith leis a' caith(eamh) léim ar aoirde.
Is ait uaidh léim ar aoirde a chaith(eamh) (a ghlanadh).
Tá sé indon sé troighthe de léim ar aoirde a chaith(eamh).
Níl tolgán a' bith air, chúig troighthe de léim ar aoirde a ghlanadh.
Thug sé léim ar aoirde; chaith sé léim ar aoirde.
'Sé 'bhuach an léim ar aoirde.
 
ascar
Ghlac sí scéin eicínt ag droichead na gCnoc; thug sí léim leath-taoibhe gan aireachtáil, agus chuir sí 'nuas glan as ascar na diallaide mé.
 
Shíl cuid de na daoine go n-athróchadh sé an saoghal de rith a's de léim = d'aon-iarraidh amháin.
+
Ghlan sé an díoga de léim ghlan-ascartha.
TUILLEADH (1) ▼
Ar a' dá luath a's ar airigh mé an scafall a' sníomh fúm, thug mé léim ghlan-ascartha anonn, agus d'eirigh dia liom gur rug mé ar a' bpíopa — is maith a chuaidh mé as, nar marbhuigheadh mé. Bhí Dia in m'fhabhar.
 
Nuair a bhíodh muid ag feamnadh fadó, dhá dteightheá de léim den talamh ar an gcapall ar chúla na srathra, ba mhinic a bhainfeá léim rúitín aice
 
Tá sé cho hantlásach agus nach bhfuil breith aige ar thada nó go mbeidh sé déanta de rith agus de léim aige. Déanann sé foghail chorráin chuile bhliain, agus deir siad nach bhfuil foghail ar bith a chinnfeadh uirre
 
An té atá ag ceannacht uibheachaí, is minic a gheobhfas sé cuid nach mbeidh folláin. Ní móide go gcreidfeá mé faoi seo, ach an t-am a raibh mé i Sasana, fuair mé ubh le mo bhéilí lá ann, agus nuair a bhris mé í, deir tú leis an éan a léim agam (chugam) amach!
 
féith 1
Fear ar bith a chaith an léim sin, tá féith ó Scurach Ghlionnáin ann. Dar diagaí tá! = Scurach Ghlionnáin: rógaire reatha a bhí in áit a dtugtar Glionnán air, céad bliain ó shoin. De mhuintir Neachtain ba ea é sílim. Bhí scailp aige ann agus thárluíodh sé caoirigh agus beithigh goidhe go dtí í. Rinne sé a lán gaisce agus gníomhra a bhfuil cuimne fós orra i gCois Fharraige. Ag ionnsaí Bhalaclava i gCogadh an Chrimea a maruíodh é, measaim
 
Bhí sé buailte síos sgathamh annsin, ach tá sé in a shean-léim arís = bhí sé tamall tinn, ach tá biseach air arís, agus é indon siubhal thart agus a dhul is 'chuile áit.
 
fasair
Ag iarraidh fasair a dhéanamh a bhí sé de rith agus de léim, agus chuir sé an chrúib san scipéad. Nach maith a rugthas air in a dheidh sin!
 
Dar príosta bhí fuile faile faoi in ucht am dinnéir inniu: ag dul ag cur isteach coirce de dhá léim. Dúirt sé go ndéanadh sé an-lá. 'Ar ndú' mo chreach mhaidne, ní raibh ann ach an scalán sin
 
Shílfeá le breathnú air ag fódú an chéad-iomaire go ndéanfadh sé cat agus dá rioball de rith agus de léim. Ach ní dhéanann. Fuaraíonn sé san bpoll céanna a dtéann sé. Ní buan tréan, adeir siad agus ní den abhras an chéad-shnáth
 
Bhí bó annsin thoir ar an aonach agus nuair a chuaidh siad dhá bleaghán bhí an úgh cho rithte len a bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál in a dhiaidh sin. Chuaidh 'chuile dhuine di ach ba aon-mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannachthóir a bhí ann — agus chuaidh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuighe isteach ins na dalláin aice, mar dhóigh dhe go raibh siad tachttha … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid sineadhachaí a bhí an "demur" (marach, locht) chor ar bith. Fear sáthach símplí — bádóir as Conamara — a casadh timcheall ann ins an deire agus é ar a ghlas-mheisce. Ní thiubharfá deich triuf air len a fheiceál. Sáthach adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafruigh sé céard a bhí orra, agus h-innsigheadh dó. Bhí an ceannóchthair an uair seo in éadan na ndalláin aice. "Leig do na dalláin" adeir an bádóir. "Tá na dalláin cho "freeáilte" agus a bhíos mo pholláirí-sa, agus an bád ag tabhairt leath-bhord ins an ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach innseochaidh mise dhaoib céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus a lán uisce, árduigidh suas é ar áit árd eicínt. Tugaighidh an bhó len a ais. Coinnigidh annsin í. Scárdaigidh anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mara ndéanaidh an bairille sin, líonaigidh bairille eile, agus déanaigidh an cleas céadna. Nach mairg gan galún taosca an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál." Tugadh isteach i "ngárd" Sh. í. Tá a fhios agad an bairille árd siúd a raibh an "teaip" air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas len a thaobh, agus chuir siad an "teaip" ag rith. Leigeadh cho maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nar thosuigh an bhó ag tál an bhainne cho briosc agus dhá mbadh as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigin buicéad a chur fúithe de léim. "Anois" adeir an bádóir "ab iad na dalláin a bhí dúinte" agus "haway" leis isteach indorus cúil Bh. gur chuir cáthadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do "wireen"-sa ar ball?
 
danra
Nach hé a bhí dan(d)ra anois agus gur fhuagair sé orainn a dhul amach as na garranntaí breaca annsin thuas anuiridh, agus muid ag fiadhach ann. Cé'n bhrígh ach gan tada ionnta ach raithneach agus crígheannaí. M'anam gur fhuagair, agus gurb é a bhí Francuighthe freisin an uair nar fhága muid d'aon-léim iad … é siúd ag magadh! Is minic leis!
 
daol
Tá sé indon crochadóireacht leis ach an uair a bhuaileas daol de'n phian sin é nach flearr (fuláir) dó síneadh go n-imighidh sí aríst. InDomhnach tá sé indon creachlaoiseacha móra a dhéanamh tharéis a mbíonn d'éagnach aige. Bhuail sí an tseachtain seo caithte amuigh ins an ngarrdha é agus bhí sé ag dilleoireacht leo ag iarraidh orra a dhul i gcoinne an dochtúra, ach bhí sé ar a shean-léim aríst faoi cheann uair an chluig. An uair a thugas an reacht sin a sheal bíonn sé an-spleodrach aríst ar an toirt.
 
Ní cás dó é má tá sé ar a shean-léim aríst. Tá sé luath láidir bail ó Dhia agus ó Mhuire air, agus ní bhfuigheadh sé tolgán ar bith i rud fánach de'n tsórt sin. Ach diabhal mé an aos óg féin go gcaitheann siad deachma na sláinte a íoc freisin, cho maith le sean-riadairí mar mé féin arb é mo chrann é feasta choidhchin a bheith anshóighteach. Dheamhan a fhios agamsa nach goilleamhnaighe aríst an óige ar an saoghal seo ná na seandaoine
+
de
Mharaigh an chú an giorria de dhá léim
TUILLEADH (1) ▼
Scríobh an leitir de léim
 
D'eile céard iad ach dearg-bhréaga! Meas tusa an raibh fear ar bith ariamh acmhuinneach ar sheacht míle fairrge théachtuithe a chaitheamh de léim! Ach deir siad in a dheidh sin nach raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht in éindí ariamh
+
diaidh
Is diabhlaí an t-uathbhás a bhíos ort. Nach bhfuil a fhios agad go ndéanfaidh mé é, ach a mbeidh mé réidh go dtí é. Indiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin. Níl aon-tsástuigheacht agadsa ann mara ndéantar 'chuile shórt de léim
TUILLEADH (1) ▼
Sásuigh thú féin go maith anois agus ná bí in aithmhéala aríst. Má ghníonn tú an pósadh uair amháin, níl aon-scaoileadh indán duit mara scaoilidh an bás thú, 'sábhálaidh Dia sinn. Mar sin, breathnuigh romhat go maith. Deir siad gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh, agus go dtugann an duine dona dubh-léim. Má cheapann tú nach bhfeileann an bhean duit, fág 'do dhiaidh í. Sin é a bhfuil in a thimcheall
 
Chuaidh dinglis ann agus léim sé de'n stól. = cuireadh dinglis ann
 
dlús
Dar príocaí níor chuir mé aon-dlúthas fiafruighe dhó cé'n chaoi a raibh an t-athair: shíl mise go raibh sé ar a shean-léim le fada
 
do- 2
Sin é an chaoi a mbíonn an duine do-chomhairleach igcomhnaí. Ní bheidh sé sásta mara dtugaidh sé an dubh-léim.
 
dochar
An bhfaca tusa an dochtúr dubh? Thug S. Sh. amach é len a chuid tinneas droma a leigheas. Níor fhága sé snáth air, agus chuir sé ar a bhéal faoi ins an leabaidh é. D'innis S. Sh. dó cá raibh an dochar. "Annseo" arsa seisean agus bhuail sé a shean-dorna anuas ar an gcaoldruim air, agus chuir sé snamannaí (snadhmannaí) ins an leabaidh air. Ach cho luath agus a fuair S. a anáil leis, d'eirigh sé de léim chascartha agus fuair sé an píce. Bhí an dochtúr dubh leigthe leis féin agus níor mhór dó féin go raibh. Ní changlóchadh sé aon-fhata go bráth aríst!
 
doirg
Tá an sagart sin an-doirg. Mara mbeidh an rud de rith agus de léim aige, is maith éascaidh leis a dhul ag cur a chosa uaidh
+
dona
"Tugann an duine dona dubh-léim" (fc. dubhléim)
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an duine dona i gcomhnaí. Ní bhíonn breathnú siar ar bith aige ar an "gcois thínn", ach a mbíonn aige a chaitheamh de rith agus de léim
 
Is íontas donacht mar sin a theacht air de léim
 
dorú
An gcreidfeá gur mharbhuigh mise bromóig cheana le dorugha marbh i stupóig Charraig Mh. agus mé ar na mangaigh. Is do-chreidthe an scéal é ach mharbhuigheas. B'iongantaighe liom féin é ná an sneachta dearg. Fhobair dom rith chladaigh a thabhairt orm fhéin de léim ingeall air
 
Is beag an drabhlás atá chor ar bith ins an móin bháin sin le h-ais na cloch-mhóna. Cuirfidh tú síos greallach di ach bíonn sí dóighte de léim. 'Sé a bhfuil innte an lasadh sin
 
Dradaire ceart é sin. Níl aon-bhean aniar ó Cheann Léime nach bhfuil carra chainte curta aige uirre. Tá geis air gan aon-bhean a leigean thairis gan aighneas a chur uirre
 
Ní bhfuair tú tuairisc faoi áit ar bith a mbeadh aon-drántán ceoil ann anocht. Áit ar bith anois níos goire ná Ceann Léime a mbeadh sé thiubharfainn an tabhairt orm fhéin, da mbadh de shiubhal mo chos é!
 
driog
Rug sé annsin orm in aice an ailt. 'Sé a raibh ann go bhfeicfeá lorg ann agus níor tháinic deoir fhola. Ach mara dtáinig, bhí pian ann. Timcheall agus leath-uair in a dhiaidh sin d'airigh mé na driogannaí cráidhte ag snámh suas thrí mo láimh — suas go gualainn, agus níor fhan mothú ná arann i gcrobh mo láimhe. Chuir mé fios ar an dochtúr de léim. Níor mhór dhom féin gur chuir. Dhá bhfágainn leath-uair eile í adeir sé, bhí mo chnaipe déanta. Chaithfí an láimh a bhaint anuas ó'n ngualainn díom
 
Shílfeá gur duine an-drilleach í. Diabhal mé go raibh gacha le geit agus léim aice annsin ar an gcathaoir, agus go sílfeá go ngabhfadh sí d'amhóig thríd an bhfuinneoig puínte ar bith