Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Teanntás (21)

 
Bhíodh muid an-fhaiteach fadó. Dhá bhfeiceadh muid póilí ná sagart ag teacht ghabhfadh muid thar claidhe nó go dteighdís tharainn. Tá teanntás thairis sin sna daoine anois
 
Níl faitíos a bháite air ar chuma ar bith agus an teanntás a níos sé ar an bhfarraige
 
fios
Níor mhaith liom fios a iarraidh ar aonduine faoi rud den tsórt sin, gan an-teanntás a bheith agam air
 
Rinne sí an-teanntás orm idtosach, ach shílfeá go bhfuil sí a' gabhail 'un coimhighthis liom le goirid pé'r bith cé'n fáth é.
 
baile
Dhá mbeinn ar mo bhealach abhaile, gheobhfainn duine eicínt a ndéanfainn teanntás air, le greim le n'ithe a thabhairt dom, ach 'fear gan airgead imbaile mór, is olc a' lón dó goile géar'.
 
beann
Dhá mbeadh beann ag S. L. ort, d’fhéadfá do rogha teanntáis a dhéanamh air, ach mara bhfuil, ní bheannóchad sé sa mbóthar dhuit, tada leis.
 
Ná déan iomarca teanntáis air, nó's in aithmhéala a bheidheas tú as a dheire.
 
buille
Breagh nar fhan sé uathab, a's ní fhéadfaidís an buille feill a thabhairt dó, ach níor bheo é, gan a bheith 'brughadh orra(b) a's a' déanamh teánntáis leo(b) má b'fhíor dhó fhéin. Is olc a chuaidh an teanntás dó as a dheire.
 
aire
Tabhair aire do do chois anois, agus ná déan aon-teanntás uirre, go snadhma na cnámha aríst = déarfaí cainnt de'n tsórt seo le fear a bhrisfeadh a leonfadh nó a chuirfeadh amach a chos; ná luigh ró-mhór ar do chois, nó ná leig do mheadhchan mórán uirre, go bhfása an dá chnámh ina chéile aríst.
 
amach
Is gearr amach ingaol chor a' bith uaim é, agus dheamhan thairis sin de theanntás a rinne mé ariamh leis, ina dheidh (dhiaidh) sin.
 
dochar
Tá buadh eicínt aige. Níl baoghal ar bith nach bhfuil. Níor fhiafruigh sé a dhath dhíom ach an oiread agus atá tusa a fhiafruighe dhíomsa, ach siubhal anall go dtí mé. "Annseo atá an dochar" adeir sé, go leath-fhánach agus rug sé ar na féitheacha faoi'n nglúin, agus bhain sé fáscadh asta. Chuir sé pian bheag orm, ach ba bheag an bhrígh í le h-ais an phian ghártha a bhíodh orm roimhe sin. "Teirigh abhaile" adeir sé. "Tá sí deasuighthe. Ná corruigh í go ceann trí seachtainí go snumaidh (snadhmaidh) sí ceart. Féadfaidh tú a bheith ag déanamh teanntáis uirre annsin i leabaidh a chéile." Sin é an fear a bhfuil an scil i gcnámha aige!
 
Níl roint punann ná dornán idir é féin ná an cliamhain anois. Measaim nach bhfuil siad an-gheal dhá chéile chor ar bith, ach go mbeannuigheann siad dhá chéile ar aontaighe agus ag teach an phobail. Ach ní dhéanann siad níos aoirde ná sin de theanntás ar a chéile, sílim
 
Bhí drugall orm aighneas ar bith a chur uirre thárla nachar labhair mé léithe ariamh. Níor mhairg ar bith dhuitse é: bhí tú indon teanntás a dhéanamh uirre
+
déan 1
Ní dhéanaim teanntás ar bith air (fc. teanntá[s])
TUILLEADH (1) ▼
Is deacair leis teanntás a dhéanamh ar aonduine
 
Sé'n diabhal dearg é mara bhfuil tú déanta ar an mbaile sin fós. Breagh nach mbrughann tú orra. Ní fhéadfaidh siad thú a ithe. Buail amach ar cuairt, agus déan teanntás orra. Chonnaic mise laetheamhail fáilidhe ariamh iad, ach tá an iomarca de'n phúcaidheacht ag siubhal leat féin ó a chaithfeas mé a rádh leat …
 
díol 2
Dá mbeadh mo dhíol teanntáis ionnam, bhrughfainn air, ach sin rud nach raibh ionnam ariamh as baile amach
 
dóigh 1
D'fhéachfadh sé len a theacht isteach dhá bhfaghadh sé an dóigh ach ní bhfuair. Ní raibh mé dhá iarraidh. Sháróchadh sé muid ceart críochnuighthe. Cé'n bhrígh, ach ní chuirfeadh an tubaiste ag imeacht é, ó a dhéanfas sé teanntás in áit
 
Déarfá le breathnú air nach bhfuil ann ach codladh in a dhúiseacht, agus nach bhfuil meabhair ar bith ann. Ach deir siad, ina dheidh sin go bhfuil éirim mhór ann nuair a bhainfeadh sé amach 'un cainte. Ach is beag duine a ndéanann sé teanntás ar bith air
 
Tá sé ag dul 'un teanntáis anois ar na daoine
 
Níl mé indon teanntás ar bith a dhéanamh uirre fós, agus marab fhuil ag Dia, tá faitíos orm nach mbeidh ach oiread. Mé féin is cionntaighe. Ní dheachaidh mé roimpe nuair a bhí agam a dhéanamh an lá ar chuir mé amach í, ba cheart dom a dhul ag fear cnámh léithe, ach bhí mé dhá chur ar an méir is fuide igcomhnaí ag ceapadh go dtiocfadh sí aice féin uaithe féin