Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cáil (50+)

 
Ní feasach do Sheán cáil an mac agus is rí-chuma leis. Cúl le abhras a thugas sé air i gcomhnaí
+
fios
Níl aon-bhlas d'fhios do labharha agad ach an oiread le mo thóin! Ba deas an scéal a tharraing tú anuas! Cuirfidh sí sin do cháil faoin tír
TUILLEADH (1) ▼
Ara cá bhfios domsa ó bhonnaíochaí an diabhail, cáil sé imithe. Ná bí do mo shárú faoi
 
Ghabhfainn ar farraige inniu dhá mbeadh fear fobhairne agam, ach sin é an buille. Cáil an fear fobhairne ab fhiú dhuit a thabhairt leat den bhaile seo. Níl a leithide ann
 
Cáil an bhróig atá ag freagairt di seo? = a leath-cheann nó a leath-bhróig eile?
 
fág
Ná bac leis sin anois. B'fhéidir go raibh sé bocht scathamh, ach más bocht a fríodh é, is saibhir a fágadh é. Deir siad gur fearr "seo é; seo é, ná cáil sé: cáil sé"
 
Níl a fhios agam a mbeidh a cuid gruaige cho fáinneach siúd aice nuair a bhéas sí scathamh i S. Gh. Bainfear obair aiste annsin. Dar fia is dona an mhalrait aice é, agus an cháil airgid atá uirre, a dhul ag pósadh isteach ar an mbaile sin
 
Th'anam ón riabhach é mar scéal, cáil do chíonán? … Fáinne óir ort! Ní raibh tú ariamh gan an choinneal nó a hábhar. Bhí tú tráthúil leis an gcíonán an uair sin ar chaoi ar bith
 
féar
Beidh an saol go maith fós ach foighid a bheith againn, adeir sé. Foighid! Fan beó a chapaill agus gheobhaidh tú féar! Níl a fhios aige sin cáil an bhróig ag luighe ar aonduine eile, agus is rí-chuma leis
 
Cén fíbín sin ort? Cáil do dheifir ag dul? = duine a d'fheicfeá agus forú air agus é splanncha ag dul in áit eicínt nó de bharr rud eicínt
 
ceal 1
Ní cheal a shaothruighthe atá ort-sa, a dhuine bhoicht, mara bhfagha tú braon óil. Shílfeá nach leigfeadh an náire dhuit a bheith ag imtheacht a' súdaireacht a's a' sclaibéaracht mar tá tú. Tá do cháil faoi'n tír.
 
Dhá gcuirtí amach é fhéin as seo taobh le cupán tae cosnochttha, chuirfeadh sé ar gcáil faoi'n tír.
 
baile
Chuaidh a cháil is 'chuile áit i bhfad ó bhaile.
 
breá
Tá'n cháil sin air, a's nach breagh, go n-éistfe daoine leis, in a dheidh sin.
 
Féachfa sé siúd na h-asnachaí aige, aindeoin a' cháil atá air.
+
airigh
Dheamhan lá ariamh, nach raibh sé de cháil ar an áit, go raibh "an rud" (nó'n taidhbhse) le'n aireachtáil ann.
TUILLEADH (1) ▼
Ní aireocha tú agad ná uait, cupla scilling, agus ní fiú dhuit droch-cháil a chuir amach duit fhéin, scáth luach deoch = ní chuirfe cupla scilling (luach deoch) mórán as duit, agus tá sé chomh maith dhuit iad a thabhairt uait, i riocht's nach dtiocfa cáil péisteánaigh amach duit.
 
araoid
Dhá dhonacht sa diabhal a gcáil, leigfidís thart gan araoid thú, ní hé sin do na baca(igh) eile é.
 
Cáil sé ag dul leis an láirín cheannfhionn?
 
Sín chéad-cheist a chuirfear ort: cáil t'fhiainise? Nach mbeidh tú in do ghamal annsin?
 
Níl a fhios agamsa cáil sé (asal ar iarraidh) marab é Fionnbheara a thug go Chnoc Meádha é
 
Cáil an fuireann se'agaibhse imithe? = an mhuinntir
 
Is maith atá a fhios aca (na busannaí) cáil an fátall. Teigheann siad an bóthar ó dheas anois th'éis go bhfuil timpeall mór ann. Ach san taobh sin is mó atá daoine. Ní fhágfaidh siad pínn ar bith ina ndiaidh nó is cinniúint orra é
 
fás 1
Cáil siad seo ag dul le na fásannaí? An bhfuil aonach ná margadh in áit ar bith?
 
Cáil an fíogach sin ag dul ru?
 
Má thagann sé siúd isteach oraibh agus sibh ar an gceird sin, ní chomhnó(cha) sé go gcuire sé a gcáil faoi'n tír = má thagann sé isteach sa teach, agus sibh ag plé leis an obair sin, cuirfe sé cáil na h-oibre sin amach oraí(bh) is 'chuile áit.
 
Tá sé in am agad rud eicínt a dhéanamh. Bhíomar ag leigean uisce isteach. Cáil do chíonán anois le lomadh? Buachaill a fhleascaigh! Fáinne óir ort annsin!
 
Tá do dhá dhíol floscaí agad ar fad. Má tá do chlann cho fíriúil sin, cáil an obair déanta aca. Tá dáréag agus píobaire agaibh ann, agus diabhal mé go bhfuil an oiread deargadh talúna déanta agamsa lib, agus mé aonraic
 
B'fhearr dhuit a dhul amach agus foradh a chur air seo anoir. Fiafruigh dhe, cáil sé ag triall
 
Chuaigh an domhnaíocht fámairí thart ó a tháinig bliain, pér bith cáil siad ag lonnú
 
fód
Dhá mbeadh a fhios ag duine cáil fód a mhíádh (fóidín an mhíádh) ní thaobhódh sé é = an áit a bhfuil an míádh in áirid dó
 
Cáil mo shlí-sa fiafraím díot? Tá mé ag coinneál snáth faoin bhfiacail, agus sách rite atá sé sin fhéin ag gabhail liom
 
fuar 2
Cén talamh atá aige anois, fiafraím díot? Eascaí fuara agus cíocraí. Cáil an talamh cuir?
 
Tá an roillig sin as compás ar fad. Níl a fhios ag aonduine cáil a dhuine fhéin curha inti anois. Tá mapa aige ach is mapa bréagach é. Tá sé sin ar nós an fhear fadó a chuaigh ag roinnt na talúna. Rinne sé fudar fadar dhó as a dheireadh.
 
daor 1
Níl sé leath cho dona agus atá a cháil. Dheamhan an leanann sé daoine ro-dhaor chor ar bith. Ach an té nach dtugann mórán trácht' dó, leagann sé air. An milleán sin air?
 
dearg 1
An bhfuil a fhios agad cén t-ainm a thug sé orm, ach bastard dearg (níl aon-bhaint aige sin le dath a chuid gruaige, a ghné craicinn ná eile). Cáil sé agam an stríopach nó go ngiorraí mé leis?
 
Théis a raibh de cháil uirre, is beag an deiseacht í. Ní thiubharfainn cnaipe gan chois uirre dhá mbeadh an braitín púdair siúd scríobtha di
 
'Ar ndú deirtear go bhfuil bruidhin ins an gcnocán sin diúltaigheamuide dhó. Diabhal lá ariamh ar aon-chor nach raibh cáil shidheamhail air. Is iomdha duine nach dtaithneochadh leo a dhul thairis ins an oíche asta féin
 
domhan
Tá a cháil ar fud an domhain is 'chuile áit anois
 
Ní fhaca mise aon-donacht déanta ariamh aige, th'éis an droch-cháil atá air. Ach an té a dteigheann cáil na mochóirí amach dó níor mhiste dhó dhá mbeadh sé gan eirghe go h-eadra
 
Cén chiall duit a bheith cho doréara sin as coinne strainséaraí. Is deas an cháil a thiúrfas siad ort aríst: go raibh tú ag sclamhaireacht ar fud an tighe agus ag géaraíocht ar t'athair agus ar do mháthair. Breá san tubaiste nach mbeadh foighid agad thairis sin
 
dris
Níor shíl muid tada a dhéanamh ar an mbaile ariamh nach mbeadh sé sin in a dhris chasáin i gcomhnuí romhainn. An uair a d'fhéach muid le na dá ghabhaltas a thabhairt d'aonduine amháin annseo, ba mhór leis go mbeadh an méid sin maitheasa orainn, agus chuaidh sé d'aon-úaim ag cur suas le P. a chuid féin a choinneál. Anois aríst an uair a bhí an tsean-bhean ag teacht againn, ba mhór leis na deich scilleacha duinn agus chuaidh sé siar do mhaol a mhainge le droch-cháil a thabhairt orainn di. Nar agruighidh Dia air é. Ní fhéadfadh muide a bheith buidheach dó ar chaoi ar bith.
 
Ghreamuigh sé dhó sin a bheith in a dhroch-dhíolaidhe. 'Ar ndú' bhí cáil na máthar i bhfad agus i ngearr. Bhíodh sí i gcomhnuí ag imeacht ag iarratas agus an té a thiubharfadh áird uirre ní dhéanfadh sí aon-díolaidheacht go bráth leis. Bhí sí uair annseo agus cíos ag teacht treasna uirre, agus tháinic sí aníos chugam agus mé ag obair ingarrdha na L. Thug mé chúig phunt di go dtí lá an aonaigh a bhí chugad, má b'fhíor di féin. Bhí airgead an uair sin ann in a shnáthmara le linn an Chogaidh. Tháinig lá an aonaigh agus d'imigh sé ach ní raibh aon-chaint ar mo chúig phunt. Chaith mé an tsíorraidheacht ag tuineadh léithe shul á fuair mé é. Bhí an mhaith bainte as faoi dheireadh, ag fanacht leis
 
Má ghníonn sé droichead de Bh. agus gan aon-chuireadh bainse a thabhairt di, reicfidh sí é. Cuirfidh sí a cháil faoi'n saoghal. Nach raibh sé cho maith dhó a h-iarraidh ar aon-nós
 
dréim
Ní theighim ag dréim chor ar bith leo anois. Fuair mé fuighleach dóib (díob). Nachar chuir siad mo cháil faoi'n tír! = i gcoidreamh, ag cuartaidheacht, ag caint agus rl.
 
dubh 3
An bhfuil aon-rath ort ag dubhachan (ag cur fhataí). B'fhearr dhuit cupla lá a thabhairt dom le garrdha Ú. Mh. Tá "an craiceann" siúd indon thú a chur ar do mhiotal. Ní ag tabhairt guth oibre ort atá mé chor ar bith, ach go bhfeicfidh mé cé'n gníomh atá ionnad le talamh, nó an bhfuil tú cho maith agus atá do cháil. Chuala mé ag muintir na M. nach raibh cinneadh leat ag dubhachan, agus dheamhan a bhfuil daor-bhasctha dhaom (dhíom) féin
 
Tá siad ag déanamh tighthe as éadan ann, agus gan cianóig dhár dhealbh an ghrian ag an dream atá ag dul a' comhnuidhe ionnta ach ag forcabhás ar an déirce sin (dole). Dream atá ar an scuir — poilitéaraí — ar fad atá ionnta. Diabhal mé gob (gurb) orra atá meas uiliog anois. Cuirfidh mé mo rogha geall leat gur túisce a gheobhfadh duine aca bean, ná fear a mbeadh cáil mhór air
 
díbir
Céard a chuir díbirt ar na fámuirí agus ar na Gaedhilgeoirí ach an droch-cháil sin a chuaidh amach de'n áit, tá cupla bliain ó shoin. Dheamhan aithne ar dhochtúirí nach raibh 'chuile dhuine ins an dá pharáiste ag dul ar na maidí de ghort an gharta
 
Bhí muid ag iarraidh cur faoi ndeara dó fanacht go mbeadh díogarnach lae féin ann, ach ní raibh aon-mhaith a bheith leis. Ghread sé leis i lár an mheán-oiche. Ní thiubharfainn an tabhairt sin orm féin an tráth sin d'oíche ar a dtug tonn ar thráigh: bóthar cho h-uaigneach agus a bhí le dhul aige-san. Dheamhan lá ariamh nach raibh cáil shidheamhail ar an mbóthar céadna. Ach ní bheadh seisean ach ag magadh faoi na rudaí sin
 
díol 2
Ní raibh díol na sochraide d'airgead aige féin aindeoin a raibh de cháil airgid amuigh air.