→
díreach
cam (50+)
Sin feánach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? "Is gradha an saol é! Is gradha muis", adeir sé. "Cuimnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa, de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maoidheachtáil leo a dhul ann, agus mara dteighe, dar fia is cam a bhreathnós siad orra lár na mháireach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is gradha an saol e! Is gradha sin!
→
froigisí
Ach cén sórt fruigisí atá sé [seo] thíos a chur ar an teach? … Rud l'aghaidh solais a thabhairt isteach ann! An n-éistfidh tú liom! Solas mar atá sna tithe i nGaillimh, nach bhfuil ort ach cnaipe a chasadh agus beidh sé lasta! Muise muise! San saol a tháinig sé! Agus nach raibh aige go dtí an bhliain cheana ach fáideógaí agus cam! Tá na caisleáin ag tuitim agus na carnaoilíochaí ag eirí inDomhnach!
Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfe mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an 'bpump', ag iarraidh bairillí uisce, a's neart uisce ar mo chuid talmhana fhéin, ach nach leagfaidís (na beithidhigh) smut air ingeall ar a' gcaile mhineoig. Ach is beag a' locht a bheidheas acu air, ar ball, nuair a theang(mh)óchas an tart tuille leobhtha.
→
cuntanós
Duine ar bith a bhfuil aon-phighinn sa mbeainnc siúd aige, tá contanás dó ann. Ara craithfear lámha leis a mhic ó, a's tá sé in a 'sir' annseo, a's in a 'sir' annsiúd. Ach má theigheann créatúr bocht isteach ann ag iarraidh 'trifle' ar áirleacan, is cam na streillí a chuirfeas siad orra(b) fhéin leis.
→
cóineas
Is mór an cham-srón-birín air nar deunadh (dearnadh) an droichead siod anuraídh, arae ba coimhneas mhór dó é, leis a' gcairt a's leis a' gcapall.
→
bannaí 1
Cuireadh bannaidhe ar a' té a bhí saor, a's dheamhan bannuidhe 'bith ar a' té bhí daor. Nach cam a' dlighe é?
+
→
bealach
Díol cam air, le bealach é a chasadh! = scread-mhaidne air a tháinic a leithide de bhealach; ba chóra dó a thidheacht bealach eicínt eile; is mór a' t-iongnadh go dtáinic sé a mhacsamhail de bhealach.
TUILLEADH (3) ▼
Díol cam air, an spriosáinín! Tá sé in ainm's a bheith a' chongnamh dhom le seachtmhain, ach is mó atá sé sa mbealach orm, go fada.
Is cam a' dlighe é! Buaileadh bannaí ar a' té a bhí saor, a's leigeadh amach an ceann a bhí as bealach, gan tada.
Díol cam air, mara deas é 'bhealach! = droch-rath air, mara gránna an faisean atá aige!
→
cuntas
Sin é fhéin an cunntas cam atá aige sin! (mar dhóigh dhe go ndéanadh an siopadóir cneamhaireacht ar na daoine a "thóigeadh" earraidhthe uaidh).
→
bocht 1
Chuirfinn geall gur beag a' mheas a bheadh aige anois, ar bheatha an duine bhoicht. Is cam a bhreathnóchadh sé ort déarfainn dá dtairgtheá 'scadán caoch', a's fataí tura dhó.
→
brogús
Bhí dhá bhrogús de dhá 'Ghaedhilgeoir' annseo, an bhliadhain cheana, a's ní fhéadfá breathnú cam orra(b) nach n-ionnsochaidís thú.
+
Cé'n cam srón birín atá air anois?
TUILLEADH (9) ▼
Tá cam-srón-birín dhá bhualadh aríst, nuair nach dtugtar cead a chinn dó.
Is mear a chuirfeá cam srón birín anois air, mura leige tú de'n chainnt sin.
Tá sé chomh h-íogmhar sin, a's má shíleann sé nach mbíonn modh ag duine dhó mar is ceart, go dtagann cam srón birín air, ar a' toirt.
Níl cló-stiúrtha a' bith air, ó mhaidin, pé'r bith cé'n cam srón birín, atá air.
Is ar éigin a bheannuigh sé dhom, indiu, hébrí cé'n cam srón birín atá chor a' bith air.
Ní mórán a chuirfeadh cam srón birín ar a' gceann céadna.
Caithfe sé go bhfuil cam srón birín eicínt air, a's é 'bheith ag imtheacht ar a' gceird sin.
Níl neart agad scóchas a' bith a chuir air, nach mbeidh cam srón birín air leat.
Miosaim (measaim) go bhfuil cam srón birín eicínt air, ó'n oidhche a raibh muid a' magadh faoi, annseo thíos.
→
agair
Mara n-ágruighe Dia an meadhchan cam uirre, bíodh sí buidheach (meadhchan cam = meadhchan uireasbhach)
→
buille
Shíl sé buille na feill a thabhairt dhom le cloich, ach thapuigh mise mo ghnaithe, arae chuir mé cor-cam ina láimh.
+
→
buinne 1
Na h-easnachaí a sáithtear sa talamh idtosach. Annsin cuirtear buinne béil air — h-ocht slata déag. Sin é buinne na h-ocht slata déag. Cuirtear aríst as a chíonn sin h-ocht slata déag eile. Sin é an buinne láir. Slat eile a sháith annsin le taobh 'chuile easna, go gcuirfeá h-ocht slata déag eile ann. Sin iad na slata táis. Tóigtear a' buinne táis leob, a's bíthear dhá bhfígheachán go mbíonn siad caithte. Buinne tónach a chuir air annsin. Nuair a bheadh sin réidh aghad, na slata a bheadh 'sna taobhannaí a leagan anonn a's anall air, a's na slata éadain 'fhigheachán orra(b) sin, go gcuirfeá an tóin air: i gciseoig, séard a chuirfeá buinne in uachtar ar a' gcaiseal leob sin. 'Séard é fígheachán a' chléibh — buinne h-ocht slata déag, fígheachán nó buinne cheithre shlat, fhigheachán dhá shlat. 'Sé fígheachán a' dá shlat, a' figheachán singil — níor mhór cheithre slat l'aghaidh buinne. Buinne cam a chuirtear ar chléibhín ime: árduigheann a' caoladóir taobh de'n chliabh roimh an taobh eile (Cuir síos ar fhigheachán a's ar bhuinní an chléibh, ó chaoladóir — S. Ó. C. é an sliocht réamhráidhte).
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhór dhuit a bheith in do chaoladóir mhaith, le cléibhín ime a dheanamh. Is deacair buinne cam an chléibhín ime a thógál.
→
bunastán
Díol cam air, an bunastáinín, nach gearr le dhul é = Scread mhaidne air, grioghóirín beag mar é, nach gearr a sheasfadh sé, dhá dtosuigheadh troid.
Is cam a bhreathn(óchth)aidhe ort ag a' scoil dhá labhr(uighth)eá Gaedhilge, shul ar thosuigh sí a' teacht amach an chéad uair.
→
ardaigh
Níl acmhúinn grinn a' bith aige. Níl ort ach breathnú cam air a's tá sé árduighthe ar a' bpuínnte.
→
fás 1
Díol cam uirre! Chuir sí as m'fhás bliana mé. Is beag nach dtáinig meirfean orm. Séard a thuig mé uaithe gurb é deaide a bhí buailte
→
faobhar
M'anam dhá fheabhas in do chainteóir tú go dtiúrfaidh sé siúd cor in aghaidh an choir, agus cam in aghaidh an chaim duit. Tá faobhar ar an dimheas aige siúd
→
fód
Seachain tú féin le fód an ladhair nó camfaidh tú an sleán leis. Chítear dhom gurb éard a theastódh uaitse sleán a mbeadh lann ann. Sin iad na goití atá tú a chur ort fhéin ar chaoi ar bith. Is mór m'fhaitíos nach ndéanfaidh tú aon-sleádóir maith choíchin
→
fiacail
Is cosúil gurb sheo artha mhagúil: "Artha a chuir Ún (Eon?) do Dhiarmaid; artha gan iarraidh gan achuiní: cúilfhiacail, cláirfhiacail, fiacail fhada cham, agus má tá doigheachaí ort nar fhana fiacail in do cheann"
→
daidhce
Is furasta leis sin daighce a theacht air. Níl ort ach breathnú cam air agus tá sé eirighthe in a choileaichín agad. Má chuaidh leis muis an oíche faoi dheire, castar leis é. Ní túisce a bhí sé in a shuidhe, ná bodach eile nach raibh aon-bheann aige air: P. Ch. Sin é an buachaill aige
B'fhéidir go bhfuil leabhra aca, ach 'mo choinsias má tá, ní le t'aghaidh-sa ná l'aghaidh aon-duine eile iad. Níl sé cruthuighthe ar an talamh indiu an té a thiubharfas ceann de na leabhra sin amach an dorus. Daoine daoitheamhla mar sin iad faoi'n rud atá aca. Ba deas ba mhian leo an rud a bheadh ag duine eile a fháil iad féin muis. Ach tá rud le déanamh leo: cor in aghaidh an chuir agus cam in aghaidh an chaim a thabhairt dóib
→
deaide
Is cam a bhreathnóchadh an bodach is deaide dhi uirre dhá dtugadh sí isteach an cleiteachán sin aige
→
deannóid
Badh é an lá ba bhreaghcha é a scal as aer ariamh. Tháinig sé in a chalm orra leath-cuain. Shíl muid gur thosuigh dionnóid bheag annsin, ach ní thiubharfá faoi deara ar an seol í. An chéad rud eile a dhearbhráthair mo chroidhe thú, chruthuigh an cuaifeach agus bhí an bád mar a bheadh caora a mbeadh an galra cam uirre. 'Sé Dia féin a bhí buidheach duinn an lá sin, nar cuireadh go tóin puill muid. Tá mé taithighthe ar an bhfairrge ó cuireadh bannlá de chóta orm, ach macsamhail na cuaifighe sin ní fhacaidh mé ariamh agus nar leigidh Dia go bhfeicfinn go bráth ach oiread. Níor fhan dionnóid ann ar an toirt aríst ach shílfeá gur istigh i bhfuirnís a bhí muid, bhí sé cho bruithte sin. Tabhair do leabhar go dtug muide rith cladaigh di cho tréan in Éirinn agus a bhí muid indan
→
deargán
'Sé a bhíodh ag na daoine ar fad fadó, an deargán sin. An uair a bhí mise ag eirghe thuas, níl lá ar bith nach mbíodh sé againn — scaithtí de'n bhliain. Ach h-eirigheadh as uiliog. Ní móide gur donaide na daoine sin ach oiread. Pébrí cé'n moladh a chloiseas tusa ag daoine ar an saoghal fadó, ní raibh aon-ghoir aige ar an saoghal atá ann anois. Tá na daoine ag fáil dalladh len ithe ar chaoi ar bith anois, ní hé sin do'n tsaoghal fadó é. Is cam a bhreathnóchadh fear oibre anois ort dhá dtairgtheá deargán dó le h-aghaidh a dhinnéir. Fadó féin 'ar ndú bhí rud aca thairis
+
→
deilín
Goirim agus caisricim thú! Tá deilín bainte agad as do mhéir anois. Ní fhéadfá gan sin a dhéanamh ort fhéin. Nach diabhaltach an cam srón birín a bhíos ort! Meireach ar eirigh dhuit anois, bheinnse do do léasadh an fhad agus a bhfaighinn (gheobhainn) teas in do chraiceann
TUILLEADH (1) ▼
"Micil Tom: boicín cam"!: má chaitheann tú i bhfad eile dhá rá déanfaidh tú deilín dhe
→
deis
An dóghadh ar chúl daoradh a chuir ó dheis muide trí h-uaire. Tá boc ag S. Mh. cho cam le cois deireadh cuit
→
deoir
Tapuigh na deora dubha má's leat fataí a bheith agad. Is mór an cam-srón-birín ar dhuine a dhul thar ghort agus a bhfeiscint isteach uaidh. Mo choinsias 's dar m'anam, chuir siad le gaoth na gcnoc mé annsin thuas ar maidin indé
→
Diarmaid
"Artha a chuir Úna do Dhiarmaid; artha gan iarraidh gan achuiní: cúilfhiacail, cláirfhiacail, fiacail fhada cham, Agus má tá doigheachaí fiacla ort, nár fhanaidh fiacail in do cheann" (leagan ar artha na ndoigheachaí fiacal. Níl a fhios cé hé an Diarmuid atá i gceist ann. Naomh eicínt is dóigh. Peadar atá i leagan eile)