Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cine (30)

 
Ní raibh aon-bhealach múinte le aon-duine, dhá dtáinic ar a chine ariamh = ba daoine mío-mhúinte 'chuile dhuine dhá dhreám.
 
Fágadh de bheith ar an gcine daoine go gcaithfidís a gcuid aráin a bhealthú in allus a mailghí, ingeall gur ith Ádhamh a's Éabha ubhall na h-aithne i bPárrthas.
 
Meath do chine aríst a chimleacháinín! (Féach "meath", agus "cine").
 
Meath do chine aríst a chladhaire! Feiceamuist, buail fút mé!
 
buan
'Buachaillín suairc mé atá ar uaisle mo chine sa tír; A's bíonn daoine dhá luadh liom, nach go buan a bhío(nn)s grádh fir ag mnaoi' (sliocht as "Buachaillín Caol Árd é mo Ghrádh.")
 
ainm
Ná cainntigh in ainm amháin ar Sheán! — thug Seán a' ghnaoidheamhlacht abhaile leis, ní hé t'fhearachtsa é, a chine faoi chopóig = ní thiubharfa mé cead duit ainm Sheáin a tharraingt thrídh t'fhiacla: ba dual do Sheán a bheith gnaoidheamhail, geanamhail, ní hé sin duitse, nach bhfuil fhios cérab as ar tháinig do mhuinntir. (féach cine)
 
Is cine ainmneamhail iad Clann Dhonnchadha = tá foluidheacht i gCloinn Dhonnchadha
+
aníos
Ní mise cine chloigeann aníos chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Níl gaol ná dáimh agamsa le cine chloigeann aníos
 
"Scread chasta ort", adeir sé le T. "Gheobhainn ciall chuile dhuine a bheith ag déanamh gáisce as a chine ach thusa: cine faoi chupóig. Níl fréimh agadsa le aonduine
 
Chuaidh 'chuile dhuine de'n chine sin ins na céad-déaga le aois. An bhfeiceann tú an deirbhshiúr eile atá aice. Tá sí deich mbliana fichead ag tarraingt an phinsean agus is maith an mhaise dhi fós é.
 
Mo dheatach ort a stór, mara beag a thastuigheas hata uait! Ní raibh hata ar aonduine de do chine ariamh, agus rinne siad gnatha maith dhá fhuireasbhaidh freisin. Ach níl a fhios ag mná na beag-mhaitheasa cá suidhfidh siad ná cá seasfaidh siad le teann suimeamhlacht'
 
Níl deoruidhe an bhéil bheo de'n chine sin ins an tír anois = críostuidhe an bhéil bheo; mac na scine
 
ding
Dhá dteigheadh sé ag iarraidh bhótannaí anois, ba deacair a gcoinneál uaidh. Cine tréan iad a mhuíntir. Cá'il an áit ins an tír nach bhfuil gínn aca, agus iad ceannasach frén a chéile?
 
Goithtí beaga iad sin atá aice. Níl aon-lá ariamh nach deangmháilte mar sin a chonnaic muid 'chuile dhuine dhá dreám. Ba bheag dhá shlacht a bhí orra muis. Cine faoi chupóig!
 
dol 1
Teagann dola leabhar chuige 'chuile sheachtain hébrí céard a dhéanas sé leo. Dhá mbeadh sé cho maith le Haraístatail, ní fhéadfadh sé an méid siúd leabhar a léigheamh. Is diabhaltaí go deo an tóir atá aige ar leabhra agus ar pháipéir. 'Sé an chéad-duine dhá chine é a raibh focal scoláireacht' in a phluic
 
draoi
Bhí an draoi breacach de na Grialluiseacha ('gNiallghuis) ins an tír seo roimhe seo, ach ní fhaca tú aon-chine ariamh a ndeacha ídiú cho mór orra leo. Chuirfeá slat ar an bparáiste sílim indiu, agus ní bhfuightheá Grialluis istigh ann
 
dris
Bhí an cine céadna — Cloinn Mhac C. — in a ndris-chasáin ar mhuintir an bhaile seo ariamh. Ní raibh goir aca a dhul siar nach mbeidís eirighthe rómpa le dual na druinne a bhualadh orra, agus ar an gcóir chéadna dá dteighidís soir idir ord agus inneoin
 
Níl droch-mhúineadh ná oilbhéas ann, agus go deimhin sin é atá indán agus i ndúchas aige freisin. Níor tháinig drisín ná dreancán ar a chine ariamh
 
duine
Muis ní raibh ná aon-duine dhár tháinic ar a chine ariamh in a dhuine uasal. Daoine uaisle anuas de lota na gcearc! Ach dhá ndéanadh floscaidheacht dóib é, bhí siad indon cosa beaga a chur faoi na glasógaí
 
dáimh
Dhá dteigheadh sé le dáimh muis, mar sin a bhí aige a bheith. Ní raibh fear ar a chine nach raibh fabhtach
 
Rinne M. gíbliú (díbliú) ar gach agus ar bhain leis. Níor fhága sí aon-duine amháin dhá chine nachar bhain sí fogha agus easbaidh as. Is uirre a bhí stiúir na ropaireacht' dhá ríre
 
Bhíodh T. Ó. M. ag guairdeall ar fud na sléibhte ag déanamh dícheannadh ar mhná agus ar pháistí. Bhí sé ag imeacht in a rógaire reatha. An áit a bhfuigheadh sé an fear as baile, ní bhíodh scruball ar bith aige an bhean nó na páistí a chur dhá gcois, nó spídeamhlacht ar bith a gcuimhneochadh sé air a thabhairt dóibh. Deir siad gur casadh isteach i dteach in aice an L. é. Bhí an teach bán cé's moite de shean-bhean dona a bhí ann. Rug sé ar ghreideall a bhí ann, agus chuir sé ar an teine é, agus rug sé ar an tsean-bhean agus chuir sé síos dhá róstadh air í. Bhí an cine sin uiliog go dona …
 
díle 1
Sean-treibh ó'n Díle iad na C. annseo, ní h-ionann agus a chine-seisean — cine faoi chopóig. Chuala mise cur síos ag S. Ph. Sh. ar an dream sin ar fad.
+
Asna de'n tsean-dair iad na Flaithbhearta a mhic ó. Cine an-díonmhar a bhí ionnta scathamh. Ach bochtuigheadh iad ar nós cuid mhaith eile. Deir siad go raibh, agus go h-olc freisin. Chuala mé fear aniar ag cur caoi ar Fhlaithbheartach na h-Áirde — "Tadhg na Buile" …
TUILLEADH (1) ▼
Nach sonnda an mhaise dhó é a dhul ag tabhairt cine faoi chopóig ar aonduine — agus go mór-mhór ar an ngearrbhodach sin thar dhuine ar bith. Sílimse nach raibh macsamhail a "family" sin ins an tír scathamh. Bhí siad díonmhar deiseamhail, agus is mó an mhaith a rinne siad ar chuma ar bith ná an mhí-mhaith … A dhiabhail nach teann é ag caint, agus gurb iad díogha 'chuile dhíogha a mhuintir fhéin
+
Tháinic sé díreach ar a threibh; tháinic sé díreach ar a chine = teacht ar shliocht nó síolrú ó dhuine.
TUILLEADH (1) ▼
Tháinic sé sin díreach ar chine É. Mh. Cheal nachar chuala tú é ag déanamh gaisce as ariamh. M'anam go ndéanann an uair a bhíos aon-bhraon caithte aige
 
Tá baoghal air siúd é a innseacht duit. Shílfeá feasta choidhchin go mbeadh aithne thairis sin agad air. Cé'n uair a d'innis sé siúd aon-cheo d'aonduine a dhéanfadh leas dó. Ní raibh aon-duine ar a chine ariamh cho dúnárusach leis. Dhá mbeadh fios do shaoghail aige, ní chainteochadh sé air. Choinneochadh sé istigh faoi na mailí gruama siúd é.
 
téigh
Meath do chine aríst! Cá'id le dhul thú a characháinín dona na míol! Ní bheadh tolgán ar bith agam deichneabhar mar thú a chur in aer. Féach liom é go bhfeicidh tú!