Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

tóir (43)

 
fág
Cá bhfágfadh sé é. Duine de bhunú(s) Mhurcha na Sclaige! Ní fhéadfadh sé gan tóir a bheith aige ar an ól. Bhí sin san dualgas aige.
 
Chuir mé an madadh sa gcaora choideáin sin a bhí thuas i mbarr Sh. an lá faoi dheire, ach feicim thiar ar chuid (talamh) Mh. indiu í. Tá sí a' locadóireacht thart annsin le seachtmhain, agus is diabhluidhe mór a' t-iongnadh, nach dtagann aon-tóir uirre feasta.
 
Dheamhan mórán tóir' a bhío(nn)s ag na ceannachthóirí ar na céileogaí sin chor a' bith. D'fheicfeá iad dhá bhfágáil 'na ndiaidh ar aontaighe.
+
beo 1
'Tiocfa luing an óir; tiocfa an tóir 'na diaidh; Tiocfa coga an dá Ghall go h-Éirinn, agus is aoibhinn do'n té; 'bheidheas beo ina dhiaidh' (Rann tarngaireachta)
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon-bhróig beo, is lugha a dhéana(nn)s caitheamh ná'n cineál sin, agus is mór a tóir atá ag daoine 'na dhiaidh sin orra(b).
Is diabhaltaidhe an tóir atá ag an iasc beo ortsa fharras aonduine. Níl de leathrann agad ó mhaidin go faoithin ach iasc beo. Ó thárla nach bhfuil aon-dochar ann, tuige a mbíonn tú a' bodhrú na ndaoine a' cainnt air! Nach thú an sean-pháiste againn!
 
Níl aon-tóir ag na beithidhigh ar a' mbréinleach sin, ó thárla gur ar a' mbualtrach fhéin a d'fhás sé. (N)ach ní bheadh col a' bith acab leis, dhá bhfásadh sé ar bhualtrach capaill. Ar a' gcóir chéadna, ní bhíonn aon-chol ag a' gcapall leis a' mbréinleach a bheadh ar bhualtrach na bó, aindeoin nach leagfad sí smut ar a cuid fhéin.
 
aer
Nach iongantach a caitheadh na damh(n)saí in aer ar fad, agus a raibh de thóir orra(b) tamall = nach mór a' t-iongnadh gur leigeadh asta ar fad etc.
 
buille
Dhá mbeadh buille faoi thuairim a' bith agham, cé'n áit a bhfaighinn é, thiocfainn ar a thóir.
 
anam
Is mór a' t-iongnadh gur fhéad sé 'anam 'thabhairt leis chor a' bith, a's comh mór a's bhí siad sa tóir air.
 
anó
Is mór a' tóir atá ag an an-shógh ar a' mbaile céadna fharrus baile a' bith eile sa tír.
 
'Tiocfa long an óir; tiocfa an tóir 'na diaidh; tiocfa cogadh an dá Gháll go h-Éirinn, agus is aoibhinn do'n té bheidheas beo 'na diaidh' (rann tair(n)gearachta)
 
Báithte bheidheas tú ar ball. Ní hé athrú de chosamhlacht atá ort, a's an tóir atá ar shnámh agad.
 
Níl fátallaí ar bith is fhearr le cur Gaillimh ná thú fhéin bail ó Dhia ort! Tá an aithne mhór ort, agus tá tú indon neart bladair a choinneál le lucht na siopaí. Ní thiocfaidh tú abhaile agus do dhá láimh cho fada le chéile ar chuma ar bith = duine le dhul ar thóir tuitíní agus tobac
 
Níl tóir ar bith ar an imtheacht anois. Ní bhíodh siomsán ar bith ann fadó ach é = ní bhíodh tada eile i gceist.
 
ith
Níl aon tóir agam ar rud le n-ithe.
 
Bíonn an-tóir ag cuid de na daoine ar an móin fhaslaigh, ach ní thaithneódh sí liomsa. Bíonn sí an-sprosach, an-bhriosc
 
Bhí an-tóir ar an ól aige ach d'fhuaraigh sé as go mór le goirid
 
fuar 2
Tá an chaint dhá dhéanamh faoi, agus aithne air is chuile áit, ach is beag an mhaith dhó sin, más ar thóir mná atá sé. Is fuar an rud cliú gan tairbhe, adéarfadh na sean-daoine
 
daba
Bhí an-tóir aige ariamh fhéin ar an daba, ach ba bheag nachar chuir sé a shúil thar a chuid indiu. Bhí a dhá shúil ionntuighthe ina cheann. Marach gur eirigh Dia leis an cnáimh a chuir aniar, ní raibh an nóiméad féin moille air go mbeadh sé tachttha
+
Sin deargán. Bhíodh an-tóir ag daoine roimhe seo air, ach ní hé an oiread sin a mbíonn a bplé anois leis
TUILLEADH (1) ▼
Bhí tóir aca ariamh ar an gcnúasach chladaigh. Ní dheacha mé isteach ariamh ann nach mbeadh iascáin nó toit bháirnigh nó deargán thíos ann. Dar mo choinsias má bhíodh fhéin ba bheag an locht iad. Thiubharfainn mo dhá shúil anois ar rúainne deargáin dá mbeadh sé agam
 
Thug sé dioscán mór éisc as Gaillimh leis. Diabhal bréag nach dtug. Bhí tóir ar an annlann ariamh féin aige. Ní bheidh an turaidheacht aige nó is cinneamhaint air é
 
deis
Tá deiseannaí ar an saoghal anois ag aos óg nach raibh fadó ann. 'Sé'n chaoi a raibh sé fadó, ní raibh ann ach Meiriocá, ach ó a thosuigh an Ghaedhilge ag teacht amach, is iomdha duine a bhfuil posta ag eirghe leis dhá barr. Shílfeá nach mórán tóir ag cuid aca uirre in a dheidh sin agus uiliog
 
dia 2
Lomadh Luain agus marbhfháisc ar an asal sin, mara bhfuil lasctha aríst dó. Caithfear a dhul ar a thóir anois muis, faitíos na fálach thuas
 
Ins an saoghal a tháinic sé go bhfuil na diallaideachaí ag imeacht aríst. Tuilleadh diabhail aca anois, th'éis a raibh de thóir aca ar bhusannaí
+
Bhí sé sin an-santach idtosach ach tá sé an-tsiléigeach anois. Níor fhan tóir mhór ar bith aige ar an obair.
TUILLEADH (3) ▼
Chreidim go bhfuil sé th'éis an tae a dhiúltú ar fad. 'Ar ndú' diúltaighthe atá sé ag na daoine scáth a bhfuil le fáil dhe. An méid sin féin muis bíonn muid dúlaidhe aige … Bhí an-tóir aige-san air muis. Ní raibh ann ach "caith síos dhá bhlogam tae" 'chuile ré soluis
Is mó dhá fhonn atá orm na fataí a dhiúltú ar fad. Níl siad ag teacht liom. 'Chuile uair dhá n-ithim iad cuireann siad múisiam eicínt orm. Airighim cho trom ar mo chroidhe iad. Agus tá an-tóir go deo agam orra. Is cosamhail nach bhfeileann siad dom in a dheidh sin
Ní féidir gur dhiúltaigh tú an fiadhach ar fad th'éis a raibh de thóir agad air. Ab iad na coin a chuaidh in t'aghaidh nó ab é an tapa atá ag imeacht asad … D'eireochadh dhuit feasta choidhchin. Is furasta cur agad anois, ach an oiread liom féin
 
Íoc do chuid dlighteanais agus ná bí ag tuilleamaidhe le aonduine — le siopa, le póilí, le fear próiseannaí ná eile. Sin é adéarfainnse. Dheamhan duine a bhfaca mise tóir ar an dlighe ariamh aige, nach bhfuair a dhóthain dhó (dhe) ins an deire. Tá a dhonacht féin ins an dlighe i gcomhnuí
 
dlí
Ní fhaca mé aon-duine fós ariamh ag buadhachtáil tada ar an dlí dhá mhéad tóir dá mbeadh aige air
 
dol 1
Teagann dola leabhar chuige 'chuile sheachtain hébrí céard a dhéanas sé leo. Dhá mbeadh sé cho maith le Haraístatail, ní fhéadfadh sé an méid siúd leabhar a léigheamh. Is diabhaltaí go deo an tóir atá aige ar leabhra agus ar pháipéir. 'Sé an chéad-duine dhá chine é a raibh focal scoláireacht' in a phluic
 
droim
Bhí caoirigh againne muis thuas annsin ar dhruím an chnuic sin i gcaitheamh an tsneachta mhóir, agus dheamhan lá clóic' a bhí orra, nuair a chuadhthas ar a dtóir th'éis na cascairte. Nachar dhiabhaltaí an seasamh aca é!
 
dual 2
Gheobhaidh sé dual na druinne de'n chúirtéaracht shul a eireochas sé aisti. Nach aige atá an tóir uirre! Bhí buadhannaidheacht eicínt aca sin uiliog lena mná
 
Tá tú ar luirg na dubhchosaí! 'Sbainfidh mise dhuit anois í … Ní shin í go h-áirid. Sin sceamhachaí fia. Tá sí annseo thíos sna h-uláin. Bíonn an-tóir ag na strainséaraí uirre. Árdaíonn siad glac di leo i gcomhnaí nuair a bhíos siad annseo … An bhfeiceann tú anois í? Sin í anois an dubhchosach. Cheal nach mbíonn sí amuigh agaibhse chor ar bith? … Tá an iomarca fuaraíochta san aer amuigh annsin, agus na daoine ro-dhoraerach! Tá míneadas agus mánlacht i muintir Árann nach bhfuil sna slóchtaithe!
 
Chuaigh mé de dhubhscríb ar a thóir ach thug sé na h-aobha uaim. Níor mhór dhó. Dá bhfaghainnse greim air, bheadh an tseamair Mhuire aige, dhá dtugadh sé a chnámha slán uaim
 
déag
Céad slán do'n tsaoghal sin féin an uair a bhí muid in ar mbrithin (bithin — r. sciorrthach) óg. Bhí muid ins na déaga an uair sin. Shíl muid nach mbeadh muid in oirifeart go bráth, ag caitheamh píopa, ag ól, ag dul ag damhsaí. Is beag an tóir atá ar dhamhsaí indiu againn. Is amhlaidh é: 'nuair a chríonas an tslat, is deacair a sníomh in a gad …
 
díle 1
Crois críosta choisreacan Dé orainn. 'Ar ndú' ní amach ins an díle sin a ghabhfá. Má theigheann beidh tú in do líbín shul dhá bhéas tú ag ceann an bhóthair. Is diabhaltaí an tóir atá aige ar an mbáistigh i gcomhnuí
 
An uair a chuaidh mé isteach ann trathnóna ní raibh solus ná léargus ann ach díogarnach bheag a bhí ar an teine, agus 'sé'n áit a raibh sé féin sínte ó chluais go rioball ar an stól agus é in a shrann chodlata. Bhí sé amuigh aríst aréir ag déanamh aois díobhthaill. Is diabhluidhe an tóir atá aige ar na mná — 'chuile lá ariamh. 'Siad na mná a ghiorróchas leis mara bhfuil ag Dia
 
Ó a rinne tú Domhnall na Gréine anois dó (de), oibrigh ort agus déan "Cailín an Staicín Eorna" dhó. Críochnóchaidh sin faoi shlacht é. Is diabhlaí an tóir a bhí ar an ngráiscínteacht ariamh féin agad
 
Dheamhan a fhios agam nach fear thú a ghabhfadh in do bháicéara fós. Tá an-tóir ar an bhfuint agad
 
Tá a theanga ag dul amach thar a bhéal le tóir ar an bpórtar