Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Beann: binn: bínn:
baininscneach
iolraidh, beanna.
Ní cloistear an tuiseal ainmneach beann di seo anois inGaillimh. Binn, nó bínn i gcomhnuidhe é. Sin é fhearacht freisin ag binn = cnoc é. Ach "beanna", an tuiseal ainmneach iolraidh.
cloistear an aibh ar Achréidh na Gaillimhe corr-uair sa tuiseal tabharthach iolraidh de'n fhocal seo a's focla mar é a chríochnuigheas in ean, eann, ear, etc. "ar na beannaibh, ar na fearaibh)
1.
balla i gceann tighe.
+
Thuit bínn a' tighe.
Tá bínn a' tighe tugtha uaithe.
TUILLEADH (21) ▼
Thuit brúisc de'n bhinn thoir aréir.
Níl beanna 'bith ar a' teach sin, ach gabhail éadain (féach gabhail éadain).
Bíonn an chloch spideoige (nó'n chloch phréacháin in áiteacha) ar bharr na binne.
'Ar bharr na binne bhíos críoch' (sean-fhocal).
Tá sciatháin na binne, cam.
Tá sí curtha go bínn aige (tuighe).
Is gearr go mbí sí réidh anois: tá sé 'cur stráca na binne. (tuigheadóir).
'Má thóigeann tú an chloch sciatháin atá ar éadan thiar na binne ó thuaidh, a’s í 'chuir ar éadan thoir na binne ó dheas, a's an chloch atá ar éadan thoir na binne ó dheas, a chuir ar éadan thiar na binne ó thuaidh, ní bheidh an díleághadh ar do chuid beithidheach níos mó' (Comhairle a thugadh "fear luibheannaí" do dhaoine a cheaduigheadh é, nuair a bhíodh díleághadh nó imtheacht ar a gcuid beithidheach nó bó nó gamhain leo ar a chailleadh. Is minic a cuireadh an chomhairle seo i gcrích roimhe seo).
Tá braon anuas leis a' mbinn thiar.
Tá’n cruach mhóna go frogh na binne.
Tá gleann leis a' mbínn = lag sa teach leis a' mbínn.
D’fhága sé gleann leis a' mbínn ó dheas, a's é 'tuigheadóireacht.
Is gearr a chaitheadar, le na beanna chor a' bith = a' deanamh na mbeann.
Is saor maith é, go bínn = tá sé ceart go leor a' deanamh an chuid eile de'n teach, ach má dhéanann sé an bhínn go maith, abair annsin, gur deagh-shaor é.
Tá'n bhinn ó dheas, réidh aige anois go cloch spideoige.
Teach maoil-bheannach (i.e. teach gabhail éadain) atá aige. Níl binn a' bith air.
Bhris gabhail éadain na binne thoir, a's tháinic a' teach isteach in aon-bhrúisc amháin.
Is fada a chaith sé a' teanntú na binne, a's fhobair gur thuit sí in a dheidh sin = a' cur tacaí fúithe.
Dhá gcuirtheá cupla cúrsa eile d'árdú ar na beanna, d'fhéadfa ceann slinne 'chuir air.
Is maith árd ó thalamh í círín (stuaic) na binne.
Tá’n cior tugtha uaidh uaithe leis a' mbínn ó thuaidh.
2.
cnoc. sliabh, nó cnoc, go h-áithrid ceann biorach nó círíneach. Is minic é in ainm áiteachaí: Beanna Beola, Bínn Ghuaire, Bínn Bhuidhe, Cluain na Binne etc.
+
Tá 'chaon bhinn sléibhe dhá bhfaca muid ann chomh h-árd leis an aer.
Tá sé in a chomhnuidhe thuas ar bhínn sléibhe.
TUILLEADH (11) ▼
Dhá mbeitheá ar an mbinn sléibhe sin thall, ba h-aerach an áit a bheitheá.
Is ruithte an bhínn í sin (cnoc). = fuagruigheann sí gála.
Tá sé chomh láidir le binn sléibhe = an-láidir.
Bhí sé 'chuile ordlach chomh h-éasca dhuit binn sléibhe a chorruighe le é siúd a chorruighe, nuair a chuireas sé cosa i dtaca air fhéin.
Is geall le binn shléibhe é, ní bhainfeá filleadh ná feacadh as dá mbeadh gró agad in' éadan.
'Shiubhail mise cnuic agus sléibhte a's beanna 'bhí géar as a mbarr; A's a lán bealaighe eile nach bhféadaim, a’s tá mo chroidhe-sa, lag brúighte in a lár (sliocht as "Néili a Chailín Deas")
Shílfeá anois go bhfuil an bhínn sin géar as a barr, ach dá mbeitheá thuas uirre, tá sí in a leathnóig.
Tá'n sneachta a' cothú ar bharr na binne le mí anois.
Bíonn slám ceo comhnuighthe ar mhullach na binne sin i gcomhnuidhe.
Is maith a bhíodar ar a maidí má d’eirigh leo(b) an bhínn sin a árdú (a dhul go dtí na círín).
Tá binn de chnoc ann, a's tá barr a' scríobadh leis an aer.
3.
sciathán iarainn a bhíos ar shleaghan.
·
Bhris mé binn a' tsleaghain le cloich a bhí sa mbínnse
Tá bínn a’ tsleaghain briste amach ó’n dúid
4.
corr, éadan, cúinne, giodáinín; féarach nó ceart féaraigh.
+
Fág bínn de'n phluid agam.
Ní leigfeadh sé binn de'n phluid liom. Is beag nar préachadh mé i gcaith(eamh) na h-oidhche.
TUILLEADH (4) ▼
Bháithfidhe mé marach gur thug sí binn de'n tseál dom.
Tá'n tSeamair Mhuire agad, má thugann sí siúd binn de'n tseál duit. (bean a mbeadh sé doiligh a dhul a' suirghe léi.)
'Níor fhága sí agam ach binn de'n tsúsa, a's d'fhága sí brúighte mé le mo shaoghal' (as an "gCaisideach Bán").
Crap suas binn do ghúna, nó beidh sé míllte ag a' draoib.
+
Is beag a' baol a bheadh air, binn de'n 'tseat' a thabhairt duit ar a' mbus. Ach chreidim, nar mhór dhó fhéin a raibh aige, a's an bléitheach a bhí len ais.
Bain amach bínn de'n stoilín dhe-sin thall.
TUILLEADH (3) ▼
Ta(bhai)r dhom binn de'n stól.
Deasuigh isteach, a's leig binn de'n chathaoir agham (chugam).
Ba bheag an bhinn a bhí agamsa de'n leaba sa'n áit a raibh triúr.
5.
adharc nó ceann.
·
Fiadh na mbeann = an fiadh beannach; fiadh adharcach.
'Chuadhadar a' fiadhach a's a' fionscaradh, a's ba ghearr gur eirigh fiadh na mbeann rompa(b). (as sean-scéal. Tá'n chiall seo de'n fhocal ionann's seirgthe anois.)
+
Púca na mbeann = an púca adharcach; an diabhal.
Árdócha púca na mbeann leis thú.
TUILLEADH (1) ▼
Tiocfa púca na mbeann, a's crochfa sé leis thú.
·
'Fathach na gCúig Cheann, na gCúig mBeann a's na gCúig Muineál. (bíonn sé i gceist go minic i sean-scéalta).
Bhain sé na chúig cheann, na chúig bheann, a's na chúig mhuineál di' (as sean-scéalta).
+
Píce dhá bheann, píce chúig bheann = píce dhá ladhar, píce chúig ladhar.
Tá ceann de bheanna an phíce briste.
TUILLEADH (1) ▼
Tá beann de'n phíce camta.
6.
tuilleamaidhe, faoi chumaoin; oibliogáid cumaoin a chúitiú.
+
Níl aon-bheann (bhínn) agam ort = níl mé in do thuilleamuidhe; níor chuir tú aon-chumaoin orm; níl orm aon-chumaoin a chúitiú leat; níl mé faoi bhois a chuit agad; tá mé indon agad; tá mé in m’fhear chomh maith leat.
Is beag a' bheann atá aige ar do dhícheall. = má dhéanann tú do dhicheall amach a's amach fhéin, gheobha sé an ceann is fhearr ort.
TUILLEADH (20) ▼
Cuireadh sé scéala isteach ormsa, má's breagh leis. Is beag a' bheann atá agamsa ar a dhicheall.
Níl beann a' diabhail agamsa ort fhéin ná ar aon-duine dhá mbaineann leat. Is gearr le dhul sib, san áit a mbeadh fir.
B’fhéidir go mbeadh beann agad air siúd, má theigheann tú sa gceann sin leis = b’fhéidir go leagfadh sé siúd ort (go mbuailfeadh sé thú, nó go dtiocfadh sé anuas ort in do phosta, nó in do cheann-oibre etc) má spreagann nó má shaghdann tú é.
Cuirfe mise faoi ndeara dhó, go mbeidh beann aige orm aríst. = tiubharfa mise len innseacht dó, go mbeidh faitchíos aige romham aríst.
Sin é an fear nach raibh aon-bheann aige ar aonduine má b’fhíor!
Tá bráigill air sin, a’s a’ té a bhfuil níl beann aige ar aonduine.
Déanadh sé a dhicheall: is beag é mo bheann-sa air, th'éis a dhichill.
Bíonn beann ag a' duine bocht ar 'chuile dhuine = bíonn sé faoi chumaoin ag chuile dhuine.
Níl bínn aige siúd ar a' Rí má's fíor dhó fhéin = tá sé neamh-spleadhach neamh-uireasbhach ar chuile dhuine.
An té 'mbíonn díol a fhreastal aige, bíonn sé ar bheagán bínn ar aon-dhuine.
Cé’n bhínn atá agamsa ar Sh. Mh. má theigheann sé go dtí sin!
Tá beann agam ort go deimhin! (adéarfadh duine le duine eile a bheadh a' bagairt achrainn, dlighe, nó díoghaltais air).
Dhá mbeadh fhios agad a bhfuil de bheann aghamsa ort! (adéarfaidhe freisin).
Is dona a frítheadh (nó a fágadh) mé má tá beann agham ortsa (adéarfadh duine le cur igcéill go raibh sé neamh-spleadhach ar dhuine eile).
Tá níos lugha beann agam ort ná shílea(nn)s tú.
Níl duine ar bith ann, nach bhfuil beann aige ar dhuine eicínt.
Tá mé chomh beag a' bheann air, a’s tá mé ar a' bpáiste atá a' siubhal an urláir annsin; tá mé beag-an-bheann air.
Níl aon-chall dó aon-bheann a bheith aige ar aon-duine, arae tá'n saoghal a' féithiú leis.
Is mór adéarfá leis gan aon-bheann a bheith aige ar Mh. Mh. ach deir sé nach bhfuil aon-bheann aige ar Ch. B. ach an oiread.
Tá beann ag 'chuile dhuine air siúd. Ní mór dhóibh sin, nó mharbhóchadh sé iad.
7.
meas; taithneamh.
+
Dhá mbeadh beann aige ar dhuine, thiubhradh sé ól dó = dhá mbeadh meas aige ar dhuine, thiubhradh sé ól dó.
An té 'bhfuil aon-bheann aige air, chuirfead sé 'chuile chumaoin air.
TUILLEADH (8) ▼
Dhá mbeadh beann aige ort — ach is corr-dhuine 'bhfuil beann aige air — níl aon fhear sa tír is fiuntaighe ná é.
Má tá beann aige uirre, tá léithe. Déanfa sé rud a' bith atá 'na chumhachta di.
Tá sé neam-mothui(gh)theach, anglánta leis a' té nach bhfuil beann aige air, ach a’ té a bhfuil, ní dhúinfe sé a shúile air.
Dhá mbeadh beann ag S. L. ort, d’fhéadfá do rogha teanntáis a dhéanamh air, ach mara bhfuil, ní bheannóchad sé sa mbóthar dhuit, tada leis.
B'fhearr dhuit a' t-aidhbheirseoir a tharraingt ort ná é, má tá indán’s nach bhfuil beann aige ort, ach má tá, d’fhéadfá do rogha rud a rádh leis, a's ní chuirfeadh sé éiliughadh ná araoid ort.
Is beag duine 'bhfuil beann ag a' sagart sin air, ach a' té a bhfuil, tá sé go maith dhó.
Is ait a' fear é, a's laghad a' bheann a's atá aige ar 'chuile dhuine.
Is mór a' bheann a bhí ag daoine tamall air, a's feacha anois é.

Féach freisin

binn

Beann in iontrálacha eile (41)

 
Bí ar bheagán faitiais roimhe! 'Ar ndó' ní beann atá agad air?
 
Tháinig an rosamh sin isteach den fhairrge scaithín ó shoin. Tá sé ag fearúint san taobh amach anois. Tá caipín ar na Beanna Beóla
 
Is gearr go dteighthear síos anois ag leagan binne ar na torlaigh sin síos. Tá greadadh féarlaigh orra … Gheobhadh beithigh tomsacht orra ar fea an tsamhraidh
 
ceal 1
Ní thiocfa mé anonn ná anall leis, ach déarfa mé suas leis a' bpus aige. Cé'n bheann atá agham ar aonduine faoi'n bhfírinne. Déanadh sé a rogha ceal di, ach 's gearr go gcloise sé uaimse é, ar nús (nós) a' bith.
 
Dheamhan mórán cumaoine a caitheadh linne ann, le go mbeadh beann a' bith againn orra(b) = níor dearnadh an oiread oinigh orainne sa teach sin, a's go mbeadh call dúinn tada a thabhairt do mhuinntir a' tighe in a ómós.
 
Dar fiadh, dhá mbadh liom a dhul ann chor a' bith, igcoimhfhios a ghabhfainn ann, a's ní i ngan-fhios. Cé'n bheann a bheadh agam ar aon-duine faoi?
 
Mara bhfuil aon-chontanás fhéin aige dhom mh'anam gur beag sin agham, lá's nach bhfuil aon-bheann agham air.
 
Má tá'n bealach sin fhéin leis — a's is gránna an bealach é le duine — dhéanfad sé soighleas a' bith, do'n té a mbeadh aon-bheann aige air.
 
beanna
Bhí an t-ádh ar mo h-aon a's a beanna a thabhairt léithe.
+
'Ar bharr na binne 'bhío(nn)s críoch' (sean-fhocal) = ní bhíonn teach críochnuighthe go mbí an chloch spideoige air. Is amhla le chuile rud eile é: má fágtar oiread na frighde fhéin de rud gan chríochnú, beidh ath-shaothar a's tuille anró air. Uime sin, má teightear a' déanamh an rud, is cóir bal chríoch a chur amach a's amach air, nó gan aon-lúb ar lár a fhágáil ann.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an méid sin déanta, go leige Dia slán na daoine. 'Ar bharr na binne a bhío(nn)s críoch', seadh sin.
 
Tá sé cruadh cuisneach, a's gan beann aige ar fhuacht ná ar fhliuchán = tá sé cruadhchúiseach roighin, a's ní miste leis faoi fhuacht ná faoi bháistigh.
 
beo 1
'Sé'n duine is soighleasaighe beo é, do'n té a mbeidh aon-bheann aige air.
 
buille
Níl buille bog a' bith ann, a' déanamh margaidh, ach ní fhágann sin, nach fear gnaoidheamhail é. Chaithfeadh sé luach bó leat, dhá mbeadh aon-bheann aige ort.
 
Tá buinneán mór de chrann fuinnseoige a' fás ag tóin na binne aige. Ceapaim gur mór a' fascadh dhó é, mara bhfuagruigheann sé an iomarca gála.
 
Bíodh an fheamainn aige! Cén bheann atá againn air? = teigheadh sé ag an diabhal; let him go to hell
 
Dheamhan cuid an fhiuntais fhéin a bhí agam. Ní thiúrfainn deóir fhola le náire. Cén bhrí ach go raibh daoine ann a raibh beann agam orra
 
fuil 1
Cén bheann atá againn orra. Nach bhfuil muid fhéin cho maith leo-san, na sotairí. Mara bhfuil muid árd i gcuid, tá muid árd i bhfuil, tá sin
 
An airíonn tú an fhuaraíocht? Ach is beag an bheann atá agadsa air bail ó Dhia ort. Tá brabach ort (.i. saill; thú a bheith reamhar)
 
Is furasta leis sin daighce a theacht air. Níl ort ach breathnú cam air agus tá sé eirighthe in a choileaichín agad. Má chuaidh leis muis an oíche faoi dheire, castar leis é. Ní túisce a bhí sé in a shuidhe, ná bodach eile nach raibh aon-bheann aige air: P. Ch. Sin é an buachaill aige
 
deis
Gabhfaidh mé do'n Ch. R. ambáireach má fhaghaim deis ar bith. Tá "bicycle" aige seo thíos, ach fear a mbeadh beann mhór aige air a gheobhfadh uaidh é. Is dóigh nach mbeidh aon-bhus ag dul ann
 
diabhal 2
Bíodh an diabhal aige, agus an deamhan má thograíonn sé. Cé'n bheann atá agam air? Tá muis!
 
diaidh
'Bhfuil a fhios agad an fear sin thuas ag T. Mh.: an luisneachán mór sin a bhfuil an chlaon-fhéachaint ann agus a bhíos i gcomhnaí ag breathnú indiaidh a leicinn ort. Chreidim nach bhfuil aon-neart aige air sin, gurb í an chlaon-fhéachaint is cionntaighe leis. Súile corr-cáimín a bhaist P. Ú. air: mar dhóigh dhe go bhfuil a shúile mar bheadh maide corr cáimín ann. Diabhal mé gur duine fáilidhe é sin, agus nach gcreidfeá ach cho gnaoidheamhail agus atá sé le duine ar bith a mbeadh aon-bheann aige air
 
Ag dilleoireacht agus ag dilleoireacht a chaitheas sí a saoghal: ag dilleoireacht ag iarraidh a dhul ag damhsaí agus ag cuartaidheacht. Mo léan géar, fuair sí amach an té a leigfeadh ag damhsaí í! Dhá gcasad sí stuaic na binne bheadh an t-athair siúd aice scanruighthe gur árduighthe leis ag saighdiúr a bheadh sí. Bhí an scanradh sin ag rith leis an dream sin ariamh
 
ding
Ní ghnothóchadh an saoghal ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaidheacht' atá sí indon an domhan as éadan a choinneál géilleamhnach di féin. 'Ar ndú ní raibh oileáinín ná carraig dubhshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fastuighthe aice. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirre: ní bhainfeadh an Diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith ins an gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe in a dheidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag congnamh. Bhearnuigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh in a dheidh sin
 
Níl dlíochtáil ag aonduine ort, agus cén bheann atá agad ar aonduine mar sin faoi do chuid féin
 
dochar
Ní dochar ar bith an méid sin a thabhairt in t'aghaidh. Mara rug sé thall ortsa i dteach an ósta níl beann ar bith agad air
 
Má tá indán agus go dtiubharfar 'un cúirte thusa tóig M. Sin é an dligheadóir. Tá sé an-dúrainneach go deo ins an gcúirt. Má tá indán agus go mbeidh fear ag tabhairt fhiadhnuise agus go gceisneochaidh sé siúd é, cabálfaidh sé é dhá mhíle buidheachas. 'Sé atá indon. Freagróchaidh tú é siúd feicfidh tú féin air. Nó mara bhfreagruighidh, beidh sé in t'éadan go bráth, nó go dtugaidh sé amach as do chreatalaigh é. Siúd é an buachaill aca. Níl aon-mhaith a bheith ag dul anonn ná anall leis. Má tá clár na fírinne agad, níl aon-bheann agad air, ach mara bhfuil, tá sé indon droch-dhíol a thabhairt ort. Chonnaic mé mac D. annsin thoir ag athrú dathannaí aige
 
Ná teigheadh muid ag brughadh ar an doicheall an eadh. Dheamhan an mó ná dhá mbeadh an V2 cocáilte istigh aige orainn anois go bhfanadh muid uaidh. Cé'n bheann atá againn air faoi'n a dhul tamall ar cuairt. Nach leigfeadh fear ar bith bulc gearrbhodaigh scathamh isteach ag déanamh áirneáin. Mara mbeidh seisean 'nós gach duine, ní bhfuighidh sé féin mórán suaimhnis muis. Coinneochthar corr-mhiaróigín (méaróigín) buailte ar an dorus aige
 
domhan
Níl sé ó uachtar an domhain go dtí íochtar an domhain an té is fiuntaighe ná é, an té a mbeadh aon-bheann aige air
 
Ba bheag an bheann a bheadh aca sin ar an saoghal marach cho drabhlásach agus a bhí siad fhéin. Bhí siopa annsin thoir ag a n-athair agus níl nídh dhar dhealbh an ghrian nach bhfuightheá istigh faoin a chaolachaí. Thug sé scoil agus foghluim dóibh. Bhánuigh sé é féin dhá gcur ag coláistí agus ag árd-scoileannaí. Chuaidh siad 'un dreabhláis: ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin, agus ar aer an tsaoghail ó mhaidin go faoithin. Chuimil siad sop na geirthe dhó, agus chaith siad 'chuile sciúrtóg dhá raibh ar a fhaltanas. Ach bhí rud ar shon a gcuid drabhláis aca. An uair a bhí a n-athair de dhruim tighe aca, b'éigin an áit a dhíol, agus bhí siad-san in a gcleith uaidh sin amach. Ar chuala tú ariamh é, an uair a stopas an síol stopann an fuirseadh. Bhí siad-san gan pighinn gan bonn uaidh sin amach. Ba ghearr gur ag imeacht ag súdaireacht ar fud na G. a bhí siad: duine ar bith a thiubharfadh luach pionta dóibh. Bhí sipín beag ag M. thíos i bP. an Ch., ach ba ghearr a bhain sé as. Ní raibh a fhios [cé] aca de'n bheirt — é féin nó a bhean ba dhrabhlásaighe a bhí. 'Ar ndú mo léan chuaidh sé i gcuingir leis an gceann ceart — inghean L. Uí C.
 
drad
Déarfaidh mise suas len a dhrad é. Cé'n bheann atá agam air?
 
dreas 1
Tá dreas fuaicht faighte agam le uair annsin thíos faoi chorr na binne ag éisteacht le C. ag cur caoi ar T. Dh.
 
Ní bhfuigheadh mo leithide-sa ach druim-dhiúltú ó'n sagart sin. Ach bheadh gnaoi thairis sin aige ar an té a mbeadh beann aige air: an té a bheadh ag sacadh corr-phunt isteach i gcúl a ghlaice anois agus aríst. Diabhal bréag nach maith spleádhach a bheadh sé leis an dream sin. Ach bíonn 'chuile shórt, adeir siad, ag luighe ar an lagar
 
dubh- 5
Duine dubh-ghnaíúil é, an té a mbeidh aon-bheann aige air, ach is duine san gcéad é sin
 
duine
Beidh beann aige sin ar an duine mór i gcomhnaí, ach ní bheidh na daoine beaga ach 'sa ngearradh-dhíob aige
+
dóigh 1
Ní maith an dóigh d'fhear ar bith a shláinte a chailleadh le fánaidheacht mar sin. Is mór adéarfá le duine a bheadh antlásach agus nach mbeadh aon-bheann aige ar an droch-lá, ach dheamhan neart a bhíos aige air go minic. Ach an té a thiubharfas fliuchán agus amluadh dó féin le siléig is beag an scéal é, hébrí céard a eireochas dó
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé sáthach gnaoidheamhail ar dhóigh. Dheamhan fear níos gnaoidheamhla le castáil dó i dteach ósta, an té a mbeadh aon-bheann aige air. Ach cneagaire corónta é le dhul ag déanamh margaidh leis.
 
dóigh 2
'Ar ndú' is féidir leat do rogha rud a dhéanamh. Cé'n bheann atá agad ar aonduine
 
Is beag an bheann atá agamsa ar a dhubhshlán. Oibrigheadh sé leis. Níl a fhios fós cé a phógfas Máire mar a deir an ceann eile.
 
Níl tú ar an bhfeath (meath?) mhóir fós, arae ní dheachaidh na Beanna Beola faoi. Choidhchin nó go gcuiridh muid iad sin fúinn, ní bheidh muid ar an muráite … Hó, anois … D'fhéadfá caitheamh amach nóiméad ar bith. Feicim a mullaigh