Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
beann, binn
baininscneach
iolra: beanna
ní cloistear an tuiseal ainmneach beann di seo anois i nGaillimh; binn, nó bínn i gcónaí é. Sin é a fhearacht freisin ag binn, ciall 2 é. Ach beanna an tuiseal ainmneach iolra.
cloistear an -aibh ar Achréidh na Gaillimhe corruair sa tuiseal tabharthach iolra den fhocal seo agus focla mar é a chríochnaíos in ean, eann, ear, srl. ar na beannaibh, ar na fearaibh
1.
balla i gceann tí.
+
Thit binn an tí.
Tá binn an tí tugtha uaithi.
TUILLEADH (21) ▼
Thit brúisc den bhinn thoir aréir.
Níl beanna ar bith ar an teach sin ach gabháil éadain (fc. gabháil éadain)
Bíonn an chloch spideoige (nó an chloch phréacháin in áiteacha) ar bharr na binne.
Ar bharr na binne a bhíos críoch (seanfhocal)
Tá sciatháin na binne cam.
Tá sí curtha go binn aige (tuí)
Is gearr go mbí sí réidh anois: tá sé ag cur stráca na binne (tuíodóir)
Má thógann tú an chloch sciatháin atá ar éadan thiar na binne ó thuaidh agus í a chur ar éadan thoir na binne ó dheas, agus an chloch atá ar éadan thoir na binne ó dheas a chur ar éadan thiar na binne ó thuaidh, ní bheidh an díleá ar do chuid beithíoch níos mó (comhairle a thugadh "fear luibheannaí" do dhaoine a cheadaíodh é nuair a bhíodh díleá nó imeacht ar a gcuid beithíoch nó bó nó gamhain leo ar a chailleadh. Is minic a cuireadh an chomhairle seo i gcrích roimhe seo)
Tá braon anuas leis an mbinn thiar.
Tá an cruach mhóna go fraigh na binne.
Tá gleann leis an mbinn — log sa teach leis an mbinn
D'fhága sé gleann leis an mbinn ó dheas agus é ag tuíodóireacht.
Is gearr a chaitheadar le na beanna chor ar bith — ag déanamh na mbeann.
Is saor maith é go binn — tá sé ceart go leor ag déanamh an chuid eile den teach, ach má dhéanann sé an bhinn go maith, abair ansin gur deashaor é
Tá an bhinn ó dheas réidh aige anois go cloch spideoige.
Teach maolbheannach (.i. teach gabháil éadain) atá aige. Níl binn ar bith air.
Bhris gabháil éadain na binne thoir agus tháinig an teach isteach in aon bhrúisc amháin.
Is fada a chaith sé ag teanntú na binne agus fhóbair gur thit sí ina dhiaidh sin — ag cur tacaí fúithi.
Dhá gcuirtheá cupla cúrsa eile d'ardú ar na beanna, d'fhéadfá ceann slinne a chur air.
Is maith ard ó thalamh í círín (stuaic) na binne.
Tá an cíor tugtha uaidh (uaithi) leis an mbinn ó thuaidh.
2.
sliabh nó cnoc, go háirid ceann biorach nó círíneach. Is minic é in ainm áiteachaí: Beanna Beola, Binn Ghuaire, Binn Bhuí, Cluain na Binne srl.
+
Tá chaon bhinn sléibhe dhá bhfaca muid ann chomh hard leis an aer.
Tá sé ina chónaí thuas ar bhinn sléibhe.
TUILLEADH (11) ▼
Dhá mbeifeá ar an mbinn sléibhe sin thall ba haerach an áit a bheifeá.
Is rite an bhinn í sin (cnoc) — fuagraíonn sí gála.
Tá sé chomh láidir le binn sléibhe — an-láidir.
Bhí sé chuile orlach chomh héasca dhuit binn sléibhe a chorraí le é siúd a chorraí nuair a chuireas sé cosa i dtaca air fhéin.
Is geall le binn shléibhe é, ní bhainfeá filleadh ná feacadh as dá mbeadh gró agat ina éadan.
"Shiúil mise cnoic agus sléibhte agus beanna a bhí géar as a mbarr; Agus a lán bealaí eile nach bhféadaim, agus tá mo chroíse lag brúite ina lár" (sliocht as Neilí a Chailín Deas)
Shílfeá anois go bhfuil an bhinn sin géar as a barr ach dá mbeifeá thuas uirthi, tá sí ina leathnóig.
Tá an sneachta ag cothú ar bharr na binne le mí anois.
Bíonn slám ceo cónaithe ar mhullach na binne sin i gcónaí.
Is maith a bhíodar ar a maidí má d'éirigh leob an bhinn sin a ardú (a dhul go dtí n-a círín)
Tá binn de chnoc ann agus tá a barr ag scríobadh leis an aer.
3.
sciathán iarainn a bhíos ar shleán.
·
Bhris mé binn an tsleáin le cloich a bhí sa mbinse
Tá binn an tsleáin briste amach ón dúid
4.
corr, éadan, cúinne, geadáinín; féarach nó ceart féaraigh.
+
Fág binn den phluid agam.
Ní ligfeadh sé binn den phluid liom. Is beag nár préachadh mé i gcaitheamh na hoíche.
TUILLEADH (4) ▼
Bháfaí mé murach gur thug sí binn den tseál dom.
Tá an tSeamair Mhuire agat má thugann sí siúd binn den tseál duit (bean a mbeadh sé doiligh a dhul ag suirí léi.)
"Níor fhága sí agam ach binn den tsúsa agus d'fhága sí brúite mé le mo shaol" (as An Caisideach Bán)
Crap suas binn do ghúna nó beidh sé millte ag an draoib.
+
Is beag an baol a bheadh air binn den tseat a thabhairt duit ar an mbus. Ach chreidim nár mhór dhó fhéin a raibh aige agus an bleitheach a bhí lena ais.
Bain amach binn den stoilín dhe sin thall.
TUILLEADH (3) ▼
Tabhair dhom binn den stól.
Deasaigh isteach, agus lig binn den chathaoir agam (chugam)
Ba bheag an bhinn a bhí agamsa den leaba san áit a raibh triúr.
5.
adharc nó ceann.
·
Fia na mbeann — an fia beannach; fia adharcach
"Chuaigheadar ag fiach agus ag fionnscaradh, agus ba ghearr gur éirigh fia na mbeann rompub" (as seanscéal; tá an chiall seo den fhocal ionann is seargtha anois.)
+
Púca na mbeann — an púca adharcach; an diabhal
Ardóidh púca na mbeann leis thú.
TUILLEADH (1) ▼
Tiocfaidh púca na mbeann agus crochfaidh sé leis thú.
·
Fathach na gCúig Cheann, na gCúig mBeann agus na gCúig Muineál. (bíonn sé i gceist go minic i seanscéalta)
"Bhain sé na chúig cheann, na chúig bheann, agus na chúig mhuineál di" (as seanscéalta)
+
Píce dhá bheann, píce chúig bheann — píce dhá ladhar, píce chúig ladhar
Tá ceann de bheanna an phíce briste.
TUILLEADH (1) ▼
Tá beann den phíce camtha.
6.
tuilleamaí, faoi chomaoin; oibleagáid comaoin a chúiteamh.
+
Níl aon bheann (bhinn) agam ort — níl mé in do thuilleamaí; níor chuir tú aon chomaoin orm; níl orm aon chomaoin a chúiteamh leat; níl mé faoi bhois an chait agat; tá mé in ann agat; tá mé in m'fhear chomh maith leat.
Is beag an bheann atá aige ar do dhícheall — má dhéanann tú do dhícheall amach is amach fhéin, gheobhaidh sé an ceann is fhearr ort.
TUILLEADH (20) ▼
Cuireadh sé scéala isteach ormsa más breá leis. Is beag an bheann atá agamsa ar a dhícheall.
Níl beann an diabhail agamsa ort fhéin ná ar aon duine dhá mbaineann leat. Is gearr le dhul sibh san áit a mbeadh fir.
B'fhéidir go mbeadh beann agat air siúd má théann tú sa gceann sin leis — b'fhéidir go leagfadh sé siúd ort (go mbuailfeadh sé thú, nó go dtiocfadh sé anuas ort in do phosta nó in do cheann oibre srl.) má spreagann nó má shaighdeann tú é.
Cuirfidh mise faoi ndeara dhó go mbeidh beann aige orm aríst — tabharfaidh mise le n-inseacht dó go mbeidh faitíos aige romham aríst.
Sin é an fear nach raibh aon bheann aige ar aon duine má b'fhíor!
Tá brá gill air sin, agus an té a bhfuil, níl beann aige ar aon duine.
Déanadh sé a dhícheall: is beag é mo bheannsa air théis a dhíchill.
Bíonn beann ag an duine bocht ar chuile dhuine — bíonn sé faoi chomaoin ag chuile dhuine.
Níl binn aige siúd ar an rí más fíor dhó fhéin — tá sé neamhspleách neamhuireasach ar chuile dhuine.
An té a mbíonn díol a fhreastal aige, bíonn sé ar bheagán binn ar aon dhuine.
Cén bhinn atá agamsa ar Sh. Mh. má théann sé go dtí sin!
Tá beann agam ort go deimhin! (adéarfadh duine le duine eile a bheadh ag bagairt achrainn, dlí, nó díoltais air)
Dhá mbeadh a fhios agat a bhfuil de bheann agamsa ort! (adéarfaí freisin)
Is dona a frítheadh (nó a fágadh) mé má tá beann agam ortsa (adéarfadh duine le cur i gcéill go raibh sé neamhspleách ar dhuine eile)
Tá níos lú beann agam ort ná shíleanns tú.
Níl duine ar bith ann nach bhfuil beann aige ar dhuine eicínt.
Tá mé chomh beag a bheann air agus atá mé ar an bpáiste atá ag siúl an urláir ansin; tá mé beag an bheann air.
Níl aon chall dó aon bheann a bheith aige ar aon duine, arae tá an saol ag féithiú leis.
Is mór adéarfá leis gan aon bheann a bheith aige ar Mh. Mh., ach deir sé nach bhfuil aon bheann aige ar Ch. B. ach an oiread.
Tá beann ag chuile dhuine air siúd. Ní mór dhóibh sin nó mharódh sé iad.
7.
meas; taitneamh.
+
Dhá mbeadh beann aige ar dhuine, thabharfadh sé ól dó — dhá mbeadh meas aige ar dhuine, thabharfadh sé ól dó.
An té a bhfuil aon bheann aige air, chuirfeadh sé chuile chomaoin air.
TUILLEADH (8) ▼
Dhá mbeadh beann aige ort — ach is corrdhuine a bhfuil beann aige air — níl aon fhear sa tír is fiúntaí ná é.
Má tá beann aige uirthi, tá léithe. Déanfaidh sé rud ar bith atá ina chumhachta di.
Tá sé neamh-mhothaitheach anglánta leis an té nach bhfuil beann aige air, ach an té a bhfuil, ní dhúnfaidh sé a shúile air.
Dhá mbeadh beann ag S. L. ort, d'fhéadfá do rogha teanntáis a dhéanamh air, ach mura bhfuil, ní bheannódh sé sa mbóthar dhuit tada leis.
B'fhearr dhuit an t-áibhirseoir a tharraingt ort ná é má tá i dán is nach bhfuil beann aige ort, ach má tá, d'fhéadfá do rogha rud a rá leis agus ní chuirfeadh sé éileamh ná araoid ort.
Is beag duine a bhfuil beann ag an sagart sin air, ach an té a bhfuil, tá sé go maith dhó.
Is ait an fear é agus laghad an bheann is atá aige ar chuile dhuine.
Is mór an bheann a bhí ag daoine tamall air, agus féacha anois é.

Féach freisin

binn

beann in iontrálacha eile (42)

 
Bí ar bheagán faitís roimhe! Ar ndóigh ní beann atá agat air?
 
Tháinig an rosamh sin isteach den fharraige scaithín ó shin. Tá sé ag fearúint sa taobh amach anois. Tá caipín ar na Beanna Beola
 
Is gearr go dtéitear síos anois ag leagan binne ar na turlaigh sin síos. Tá greadadh féarlaigh orthu … Gheobhadh beithígh tiomsacht orthu ar feadh an tsamhraidh
 
ceal 1
Ní thiocfaidh mé anonn ná anall leis, ach déarfaidh mé suas leis an bpus aige. Cén bheann atá agam ar aon duine faoin bhfírinne. Déanadh sé a rogha ceal di, ach is gearr go gcloise sé uaimse é ar nós ar bith.
 
Dheamhan mórán comaoine a caitheadh linne ann le go mbeadh beann ar bith againn orthub — níor dearnadh an oiread oinigh orainne sa teach sin agus go mbeadh call dúinn tada a thabhairt do mhuintir an tí ina ómós.
 
Dar fia, dhá mba liom a dhul ann chor ar bith, i gcomhfhios a ghabhfainn ann agus ní i ngan fhios. Cén bheann a bheadh agam ar aon duine faoi?
 
Mura bhfuil aon chuntanós fhéin aige dhom, mh'anam gur beag sin agam, lá is nach bhfuil aon bheann agam air.
 
Má tá an bealach sin fhéin leis — agus is gránna an bealach é le duine — dhéanfadh sé soilíos ar bith don té a mbeadh aon bheann aige air.
 
beanna
Bhí an t-ádh ar mo haon agus a beanna a thabhairt léithe.
+
Ar bharr na binne a bhíonns críoch (seanfhocal) — ní bhíonn teach críochnaithe go mbí an chloch spideoige air. Is amhlaidh le chuile rud eile é: má fágtar oiread na fríde fhéin de rud gan chríochnú, beidh athshaothar agus tuilleadh anró air. Uime sin, má téitear ag déanamh an rud, is cóir bailchríoch a chur amach agus amach air, nó gan aon lúb ar lár a fhágáil ann.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an méid sin déanta, go lige Dia slán na daoine. Ar bharr na binne a bhíonns críoch, sea sin.
 
Tá sé crua cuisneach, agus gan beann aige ar fhuacht ná ar fhliuchán — tá sé cruachúiseach righin, agus ní miste leis faoi fhuacht ná faoi bháistigh.
 
beo 1
'Sé an duine is soilíosaí beo é don té a mbeidh aon bheann aige air.
 
buille
Níl buille bog ar bith ann ag déanamh margaidh, ach ní fhágann sin nach fear gnaíúil é. Chaithfeadh sé luach bó leat dhá mbeadh aon bheann aige ort.
 
Tá buinneán mór de chrann fuinseoige ag fás ag tóin na binne aige. Ceapaim gur mór an foscadh dhó é mura bhfuagraíonn sé an iomarca gála.
 
Bíodh an fheamainn aige! Cén bheann atá againn air? — téadh sé ag an diabhal; let him go to hell
 
Dheamhan cuid an fhiúntais fhéin a bhí agam. Ní thabharfainn deoir fhola le náire. Cén bhrí ach go raibh daoine ann a raibh beann agam orthu
 
fuil 1
Cén bheann atá againn orthu. Nach bhfuil muid fhéin chomh maith leosan, na sotairí. Mura bhfuil muid ard i gcuid, tá muid ard i bhfuil, tá sin
 
An airíonn tú an fhuaraíocht? Ach is beag an bheann atá agatsa air bail ó Dhia ort. Tá brabach ort (.i. saill; thú a bheith ramhar)
 
Is furasta leis sin daidhce a theacht air. Níl ort ach breathnú cam air agus tá sé éirithe ina choileachín agat. Má chuaigh leis muis an oíche faoi dheireadh, castar leis é. Ní túisce a bhí sé ina shuí ná bodach eile nach raibh aon bheann aige air: P. Ch. Sin é an buachaill aige
 
Deimhin is beag an bheann atá agam air
 
deis
Gabhfaidh mé don Ch. R. amárach má fhaighim deis ar bith. Tá bicycle aige seo thíos, ach fear a mbeadh beann mhór aige air a gheobhadh uaidh é. Is dóigh nach mbeidh aon bhus ag dul ann
 
diabhal 2
Bíodh an diabhal aige, agus an deamhan má thograíonn sé. Cén bheann atá agam air? Tá muis!
 
diaidh
An bhfuil a fhios agat an fear sin thuas ag T. Mh.: an luisneachán mór sin a bhfuil an chlaonfhéachaint ann agus a bhíos i gcónaí ag breathnú i ndiaidh a leicinn ort. Chreidim nach bhfuil aon neart aige air sin, gurb í an chlaonfhéachaint is ciontaí leis. Súile corr caimín a bhaist P. Ú. air: mar dhóigh dhe go bhfuil a shúile mar a bheadh maide corr caimín ann. Diabhal mé gur duine fáilí é sin, agus nach gcreidfeá ach chomh gnaíúil agus atá sé le duine ar bith a mbeadh aon bheann aige air
 
Ag dilleoireacht agus ag dilleoireacht a chaitheas sí a saol: ag dilleoireacht ag iarraidh a dhul ag damhsaí agus ag cuartaíocht. Mo léan géar, fuair sí amach an té a ligfeadh ag damhsaí í! Dhá gcasadh sí stuaic na binne bheadh an t-athair siúd aici scanraithe gur ardaithe leis ag saighdiúr a bheadh sí. Bhí an scanradh sin ag rith leis an dream sin ariamh
 
ding
Ní ghnóthódh an saol ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaíochta atá sí in ann an domhan as éadan a choinneáil géilliúnach di féin. Ar ndóigh ní raibh oileáinín ná carraig dúshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fostaithe aici. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirthi: ní bhainfeadh an diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith sa gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe ina dhiaidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag cúnamh. Bhearnaigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh ina dhiaidh sin
 
Níl dlíochtáil ag aon duine ort, agus cén bheann atá agat ar aon duine mar sin faoi do chuid féin
 
dochar
Ní dochar ar bith an méid sin a thabhairt in t'aghaidh. Mura rug sé thall ortsa i dteach an ósta, níl beann ar bith agat air
 
Má tá i ndán is go dtabharfar chun cúirte thusa, tóg M. Sin é an dlíodóir. Tá sé an-doghrainneach go deo sa gcúirt. Má tá i ndán is go mbeidh fear ag tabhairt fhianaise agus go gceisneoidh sé siúd é, cabálfaidh sé é dhá mhíle buíochas. 'Sé atá in ann. Freagróidh tú é siúd feicfidh tú féin air. Nó mura bhfreagraí, beidh sé in t'éadan go brách nó go dtuga sé amach as do chreatlaigh é. Siúd é an buachaill acu. Níl aon mhaith a bheith ag dul anonn ná anall leis. Má tá clár na fírinne agat, níl aon bheann agat air, ach mura bhfuil, tá sé in ann drochdhíol a thabhairt ort. Chonaic mé mac D. ansin thoir ag athrú dathannaí aige
 
Ná téadh muid ag brú ar an doicheall an ea. Dheamhan an mó ná dhá mbeadh an V2 cocáilte istigh aige orainn anois go bhfanadh muid uaidh. Cén bheann atá againn air faoina dhul tamall ar cuairt. Nach ligfeadh fear ar bith bulc gearrbhodaigh scaitheamh isteach ag déanamh airneáin. Mura mbeidh seisean ar nós gach duine, ní bhfaighidh sé féin mórán suaimhnis muis. Coinneofar corrmhéaróigín buailte ar an doras aige
 
domhan
Níl sé ó uachtar an domhain go dtí íochtar an domhain an té is fiúntaí ná é, an té a mbeadh aon bheann aige air
 
Ba bheag an bheann a bheadh acu sin ar an saol murach chomh drabhlásach agus a bhí siad fhéin. Bhí siopa ansin thoir ag a n-athair agus níl ní dhár dhealbh an ghrian nach bhfaightheá istigh faoina chaolachaí. Thug sé scoil agus foghlaim dóibh. Bhánaigh sé é féin dhá gcur ag coláistí agus ag ardscoileannaí. Chuaigh siad chun drabhláis: ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin, agus ar aer an tsaoil ó mhaidin go faoithin. Chuimil siad sop na geire dhó, agus chaith siad chuile sciúrtóg dhá raibh ar a fhaltanas. Ach bhí rud ar shon a gcuid drabhláis acu. Nuair a bhí a n-athair de dhroim tí acu, b'éigean an áit a dhíol, agus bhí siadsan ina gcleith uaidh sin amach. Ar chuala tú ariamh é, nuair a stopas an síol stopann an fuirseadh. Bhí siadsan gan pínn gan bonn uaidh sin amach. Ba ghearr gur ag imeacht ag súdaireacht ar fud na Gaillimhe a bhí siad: duine ar bith a thabharfadh luach pionta dóibh. Bhí sipín beag ag M. thíos i bP. an Ch., ach ba ghearr a bhain sé as. Ní raibh a fhios cé acu den bheirt — é féin nó a bhean – ba dhrabhlásaí a bhí. Ar ndóigh mo léan chuaigh sé i gcuingir leis an gceann ceart — iníon L. Uí C.
 
drad
Déarfaidh mise suas lena dhrad é. Cén bheann atá agam air?
 
dreas 1
Tá dreas fuaicht faighte agam le uair ansin thíos faoi chorr na binne ag éisteacht le C. ag cur caoi ar T. Dh.
 
Ní bhfaigheadh mo leithidese ach droimdhiúltú ón sagart sin. Ach bheadh gnaoi thairis sin aige ar an té a mbeadh beann aige air: an té a bheadh ag sacadh corrphunt isteach i gcúl a ghlaice anois agus aríst. Diabhal bréag nach maith spleách a bheadh sé leis an dream sin. Ach bíonn chuile shórt, adeir siad, ag luí ar an lagar
 
dubh- 5
Duine dubhghnaíúil é, an té a mbeidh aon bheann aige air, ach is duine sa gcéad é sin
 
duine
Beidh beann aige sin ar an duine mór i gcónaí, ach ní bheidh na daoine beaga ach sa ngearradh dhíobh aige
+
dóigh 1
Ní maith an dóigh d'fhear ar bith a shláinte a chailleadh le fánaíocht mar sin. Is mór adéarfá le duine a bheadh antlásach agus nach mbeadh aon bheann aige ar an drochlá, ach dheamhan neart a bhíos aige air go minic. Ach an té a thabharfas fliuchán agus amlua dó féin le siléig, is beag an scéal é, hé brí céard a éireos dó
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé sách gnaíúil ar dhóigh. Dheamhan fear níos gnaíúla le castáil dó i dteach ósta, an té a mbeadh aon bheann aige air. Ach creagaire corónta é le dhul ag déanamh margaidh leis
 
dóigh 2
Ar ndóigh is féidir leat do rogha rud a dhéanamh. Cén bheann atá agat ar aon duine
 
Is beag an bheann atá agamsa ar a dhúshlán. Oibríodh sé leis. Níl a fhios fós cé a phógfas Máire mar adeir an ceann eile
 
Níl tú ar an meath mhóir fós, arae ní dheachaigh na Beanna Beola faoi. Choíchin nó go gcuire muid iad sin fúinn, ní bheidh muid ar an muráite … Hó, anois … D'fhéadfá caitheamh amach nóiméad ar bith. Feicim a mullaigh