Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Daba
/dabə/
ainm-fhocal, fireann
uimhir iolraidh: dabaí (fc. freisin daibéad)
1.
dóid; daibéad; dairt bhog.
+
Tá an ithir thuas ar fad in a dhabaí de bharr na báistighe
Ná bac leis an ngarrdha siúd. Tá sé in a dhabaí uiliog. Chuirfeadh sé cantal ort a bheith dhá chur
TUILLEADH (3) ▼
Dhéanfadh sé dubhachan an tsaoghail, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páighe agam 'sa ngarrdha sin thiar anuiridh, agus b'éigin dom a bheith ag fuagairt air 'chuile mhionnóid, na dabaí móra roighne siúd atá 'sa gcúl láir a mhionnú. Dheamhan an láighe fhéin a chuirfeadh sé thríob
Rug sé ar dhaba agus chaith sé liom é = dairt bhog creafóige nó mhóna
Buaileadh isteach ar an straois mé le daba de rud eicínt. Sin é an uair ar chroch mé fhéin mo sheolta liom
2.
spóla; cannda.
a.
+
Tá daba eicínt aige seo suas sa maingín muis agus an deifir atá abhaile air = leota nó spóla feola
Má tá sé indon an daba sin (feoil) a choinneál leis féin i gcomhnaí, dheamhan cailleadh air. Amadán a bheadh ann dhá ndéanadh sé aon-bhuille maitheasa agus fuigheall na bhfuigheall aige mar atá sé
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an-tóir aige ariamh fhéin ar an daba, ach ba bheag nachar chuir sé a shúil thar a chuid indiu. Bhí a dhá shúil ionntuighthe ina cheann. Marach gur eirigh Dia leis an cnáimh a chuir aniar, ní raibh an nóiméad féin moille air go mbeadh sé tachttha
Ar an dá luath agus ar thosuigh an tsiúite, dheamhan asna dhíom nach sciobann an daba de'n phláta agus "haway" liom. Déarfainn go mbadh diomdhach an bheirt a bhí ionnta nuair ab éigin dóibh a mbéilí a ithe tur tar
Déan réidhteach leis an ím. Nach bhfuil a fhios agad go bhfuil sé ar a ghainne anois. Is gearr a mhairfeas punt má chuireann tú daba mar sin ar 'chuile stiallóig
Cé a chaith an daba de cháca sin ag an madadh. Nar agruighidh Dia orraibh a bheith ag caitheamh aráin mar sin ag mádraí agus cho dona agus atá an saoghal
b.
bríb; an oiread agus a shásóchas duine faoi láthair.
+
Ná bac le tuiscint a bheith ag muintir na h-áite seo a dhearbhráthair. Ní athróchaidh siad go bráth 'fhad 's choinneochas an Government daba leo
Cheannóchthá é sin le "feaig" agus is beag an rud é. Fear ar bith a chaithfeas daba aige sin, beidh sé leis ar sheol na braiche
TUILLEADH (4) ▼
Tá an scoin-mhíol atá ar an mbaile sin mar bheadh mádraí ann. Má chaitheann tú daba ag madadh, leanfaidh sé i dtigh diabhail thú. Sin é a fhearacht aca sin é. Tugann M. corr-dhaba dhóib, agus tá sé ina dhia beag aca a mhic ó
Tuilleadh diabhail aca anois. Coinnigheadh dabaí sáthach fada leo, ach beidh siad gan daba gan deoladh feasta. Sin é an gléas orra
Ara tá chuile dhuine siar annsin ag fáil an daba eile sin — an Dole — ar feadh na bliana uiliog, agus is cuma leo sin sa diabhal, ach gan é sin a bhaint dóibh (díob). Dhá mbaintí, bheidís réidh le K. gan mórán achair. Dheamhan mórán gnaoi ag cuid mhaith aca cheana féin air, ach tá siad i bhfaitíos faoi'n "dole" in a dheidh sin
Díogha ceart é sin agus 'chuile fhear ar a bhaile. Mhair siad sin ariamh ar dhabaí an Tighearna sin a bhí i mbéal an dorais aca, agus tá a shliocht [orthu]: tá béasaí Shasana bealuighthe isteach ionnta, agus ní scarfaidh siad leo go luath

Féach freisin

Daba in iontrálacha eile (3)

 
dán
Níl indán athrú dóib sin choidhchin ná go deo nó go mbaintear na dabaí a chaith an "Government" eile aca (chuca) dóib (díob); sin nó go dtugaidh an "Government" seo dabaí níos fhearr dóib
 
deacair 2
I dteannta sioscadh istigh le bruach, caithfidh mé 'chuile mhíle fód dhá mbainfidh mé a shioscadh, a ghearradh amach leis an láighe i dtosach. D'imigh an deabhac air, thar a bhfaca mise ariamh. Agus tá giodáin dó éascaidh go leor. Na dabaí feoil chapaill sin atá ann, atá dhá dhéanamh
 
Fágadh san donacht ariamh é, agus síleann sé anois go bhfuil leis ach daba ar bith a fháil = san mboichteanacht, san anró