Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daba
/dabə/
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra: dabaí (fc. freisin daibéad)
1.
dóid; daibéad; dairt bhog.
+
Tá an ithir thuas ar fad ina dhabaí de bharr na báistí
Ná bac leis an ngarraí siúd. Tá sé in a dhabaí uileag. Chuirfeadh sé cantal ort a bheith dhá chur
TUILLEADH (3) ▼
Dhéanfadh sé dúchan an tsaoil, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páí agam sa ngarraí sin thiar anuraidh, agus b'éigean dom a bheith ag fuagairt air chuile mhionóid, na dabaí móra righne siúd atá sa gcúl láir a mhionú. Dheamhan an láí fhéin a chuirfeadh sé thríob
Rug sé ar dhaba agus chaith sé liom é — dairt bhog créafóige nó mhóna
Buaileadh isteach ar an straois mé le daba de rud eicínt. Sin é an uair ar chroch mé fhéin mo sheolta liom
2.
spóla; canta.
a.
+
Tá daba eicínt aige seo suas sa maingín muis agus an deifir atá abhaile air — leota nó spóla feola
Má tá sé in ann an daba sin (feoil) a choinneáil leis féin i gcónaí, dheamhan cailleadh air. Amadán a bheadh ann dhá ndéanadh sé aon bhuille maitheasa agus fuíoll na bhfuíoll aige mar atá sé
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an-tóir aige ariamh fhéin ar an daba, ach ba bheag nár chuir sé a shúil thar a chuid inniu. Bhí a dhá shúil iontaithe ina cheann. Murach gur éirigh Dia leis an cnáimh a chur aniar, ní raibh an nóiméad féin moille air go mbeadh sé tachta
Ar an dá luath is ar thosaigh an tsiúite, dheamhan easna dhíom nach sciobann an daba den phláta agus haway liom. Déarfainn go mba diomdhach an bheirt a bhí iontu nuair ab éigean dóibh a mbéilí a ithe tur tar
Déan réiteach leis an im. Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil sé ar a ghainne anois. Is gearr a mhairfeas punt má chuireann tú daba mar sin ar chuile stiallóig
Cé a chaith an daba de cháca sin ag an madadh. Nár agraí Dia oraibh a bheith ag caitheamh aráin mar sin ag madraí agus chomh dona is atá an saol
b.
bríb; an oiread is a shásós duine faoi láthair.
+
Ná bac le tuiscint a bheith ag muintir na háite seo a dheartháir. Ní athróidh siad go brách fhad is choinneos an government daba leo
Cheannófá é sin le feaig agus is beag an rud é. Fear ar bith a chaithfeas daba aige sin, beidh sé leis ar sheol na braiche
TUILLEADH (4) ▼
Tá an sconmhíol atá ar an mbaile sin mar a bheadh madraí ann. Má chaitheann tú daba ag madadh, leanfaidh sé i dtigh diabhail thú. Sin é a fhearacht acu sin é. Tugann M. corrdhaba dhóibh, agus tá sé ina dhia beag acu a mhic ó
Tuilleadh diabhail acu anois. Coinníodh dabaí sách fada leo, ach beidh siad gan daba gan deoladh feasta. Sin é an gléas orthu
Ara tá chuile dhuine siar ansin ag fáil an daba eile sin — an dole — ar feadh na bliana uileag, agus is cuma leo sin sa diabhal, ach gan é sin a bhaint dóibh (díobh). Dhá mbaintí, bheidís réidh le K. gan mórán achair. Dheamhan mórán gnaoi ag cuid mhaith acu cheana féin air, ach tá siad i bhfaitíos faoin dole ina dhiaidh sin
Díogha ceart é sin agus chuile fhear ar a bhaile. Mhair siad sin ariamh ar dhabaí an tiarna sin a bhí i mbéal an dorais acu, agus tá a shliocht orthu: tá béasaí Shasana bealaithe isteach iontu, agus ní scarfaidh siad leo go luath

Féach freisin

daba in iontrálacha eile (9)

 
ceas
Fuair mise daba mairteola an tseachtain seo caite agus bhí sí ag fíniú. Níor chaith mé amach fós í fhéint a dtiocfadh aon cheannaí thart go gcuirinn ceas air léithe.
 
feoil
Fuair mé daba de mhairteoil bhán agus ní fhéadfainn béal a leagan uirthi. Chuirfeadh sí aghaidh mo ghoile aníos ar an toirt.
 
Tharraing sé amach daba muiceola agus dheamhan focal ar bith bréige a dhéanfas mé leat. Ba mhór an úis í! Bhí na cruimhe inti. Bhí go corpanta. Diabhal blas di siúd nach raibh seachtain fínithe. Chuir sé síos dá róstadh í, agus thosaigh sé dhá placadh, agus na cruimhe ag snámh ar fud an phláta. Déarfá go raibh coimpléasc aige sin! Ní fhéadfainn fhéin a bheith breathnú air! Chuirfinn mo liathachaí amach!
 
Leag sé anuas pláta tairteola a bhí ann thar oíche agus thosaigh sé dhá smailceadh agus daba aige i chaon láimh leis. Is aige atá an coimpléasc! Bhí mise chomh breoite agus nach bhféadfainn breathnú uirthi amháin
 
fód
Fód fiáin uileag atá sna garrantaí sin thuas ar bharr an bhaile. Bhí mise cheana dhá gcur ag S., agus dheamhan a raibh faoi fhód na láí ann ach dabaí móna. Chaithfeá an fód fíáin a bhaint iontu sin shula dteagadh na dasachaí aníos, agus é a chur amach ar an iomaire agus é a sceanadh agus a thaltú lena mhíniú. Níl aon mhaith dhuit ann mura gcuire tú gabháil ar chur bharr an bhaile. Tá an talamh breá sprusach anuas anseo.
 
Má choinníonn tú daba caite aige sin, beidh ómós duit, ach mura gcoinní, ní bhfaighidh tú uaidh ach an fhuarchúis. Mo leán géar thú!
 
deacair 2
I dteannta sioscadh istigh le bruach, caithfidh mé chuile mhíle fód dhá mbainfidh mé a shioscadh, a ghearradh amach leis an láí i dtosach. D'imigh an deabhac air, thar a bhfaca mise ariamh. Agus tá geadáin dó éasca go leor. Na dabaí feoil chapaill sin atá ann atá dhá dhéanamh
 
Fágadh sa donacht ariamh é, agus síleann sé anois go bhfuil leis ach daba ar bith a fháil — sa mbochtaineacht, san anró
 
dán
Níl i ndán athrú dóibh sin choíchin ná go deo nó go mbaintear na dabaí a chaith an government eile acu (chucu) dóibh (díobh); sin nó go dtuga an government seo dabaí níos fhearr dóibh