Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Damhsa
/dəuɴsə/ go h-iondamhail, ach /dæ:wsə/ scaithtí
1.
daoine ag déanamh gluasachta áiride len a gcosa i gcó-imeacht le ceol. (Níor chuala mé rinnce air sin, cé go mbíonn súile, réaltóga agus eile ag rinnce, agus daoine freisin, ach gur olc é).
·
Níl aon-damhsa aige = níl sé indon aon-damhsa a dhéanamh
Níl damhsa ar bith aice. Cá bhfuigheadh sí damhsa anuas de thamhnóig shléibhe?
+
Thug sí an damhsa ó bhuaile léithe = nuair a bhíodh buailtí ann roimhe seo, bhíodh an-cháil orra faoi dhamhsa. Chruinnigheadh na mná ar fad in aon-áit amháin ag damhsa
D'eireochadh dhi. Thug sí an damhsa ó bhuaile léithe
TUILLEADH (4) ▼
B'ait í a máthair féin. Bhíodh sé ráidhte gur thug sí an damhsa ó bhuaile léithe
Mo chuach óg annsin thú! Thug tú an damhsa ó bhuaile leat, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort!
Faoi do chois é! Nar lagaidh Dia thú. Is tusa a thug an damhsa ó bhuaile leat ar chaoi ar bith agus ní h-iad an dream a mbíodh sé ráidhte leo
Píobairí a bhíodh ag dul thart fadó, agus chaithfeadh 'chuile dhuine a dhul amach ar lom an urláir ar a aghaidh féin: sin nó fear a dhul amach agus bean ar a [...]
2.
áit a mbíonn daoine ag damhsa.

Féach freisin

Damhsa in iontrálacha eile (50+)

 
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirre san deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaidh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán-oíche thall agus fás fuinnseóige aige, agus thosaigh sé ag gleáradh an dorais leis …
 
Sin feánach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? "Is gradha an saol é! Is gradha muis", adeir sé. "Cuimnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa, de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maoidheachtáil leo a dhul ann, agus mara dteighe, dar fia is cam a bhreathnós siad orra lár na mháireach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is gradha an saol e! Is gradha sin!
 
fios
Ná teirigh suas ag an damhsa sin anocht. Níl a fhios go té sin. Dhá mbeadh bléitheach ólta ag an ngrisc sin as L. ba bheag an tsuim a bheadh aca gléasadh buailte a thabhairt duit
 
Níl aon-damhsa agam ach bím ag pramsáil liom ar nós an chuid eile aca
 
Diabhal a leithide de fhrumsóg de bhean a chonnaic tú in do shaol ariamh. Níl luach leithphínne ag cur imní uirre ach damhsaí agus "routáil". Ní san aeríl a chaill sí ar chuma ar bith é
 
fág
Níor fhága an damhsa do chosa fós = tá tú indon damhsa a dhéanamh fós
+
Tá fíbín orra chuile phuinnte ag imeacht ag damhsa = macnas, súnás; deifir
TUILLEADH (1) ▼
Tá fíbín ceart air indiaidh damhsa = ag lorg damhsa
 
B'ait liom a bheith ag éisteacht leat ag iarraidh an tighe air, l'aghaidh damhsa! Badh colgach a' stiúir a chuirfeadh sé air fhéin miosaim (measaim).
+
'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht' (sean-fhocal).
TUILLEADH (5) ▼
Níor mhiste dhuit dhá mbeitheá gan buille 'bith a dheanamh, ach cuir an-chosamhlacht ort fhéin — 'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht tá fhios aghad.
Dheamhan's móide leithpighinn ruadh ag a' bhfear, ach go bhfuil sé an-fheistighthe, a's nach shin é 'mbíonn cailíní óga a iarraidh. 'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht', mar deireadh M. Bh. fadó.
Dheamhan ar mhiste duit, dhá mbeitheá gan aon-choisméig dhamhsa dhéanamh ariamh, ach leig goithtí ort fhéin, ar a dhul amach ar an urlár duit. 'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht'.
Dheamhan ceo ceirde aige, ach an oiread liomsa, marach na goithtí, ach nach shin é a dhóthain. 'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht'.
Muise dheamhan fios aige sin, céard a bhainea(nn)s de ghunna ach dhá leigean air féin, 'nuair a fhagha(nn)s sé daoine simplidhe le géilleadh dhó. 'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht.' Is cóir adeir an fear fadó fhéin.
 
Tá an-chóisir ag dul chuig an damhsa anocht.
 
Tá do dhíol bealaigh annsin agad le damhsa = réidhteach, fairsinge.
 
cúl
Dheamhan céilidhe ná damhsa a bhío(nn)s annseo anois, ach ceann fánach, agus is ar chúla téarmaí a bhío(nn)s a' corr-cheann sin fhéin. Saoghal imthighthe é!
 
beo 1
Níor bheo na gearrchaileadha, go bhfaghaidís cead a dhul chuig an gcéilidhe, ach sílim dhá mhéad fonn a bhí orra(b) a dhul ann, go raibh a dhá oiread fonn orrab a theacht as. Chuala mé nach damhsa a bhí ann, ach achrann
 
beos
Tháinic beodhas maith ann, deirimse leat, ar a' dá luath a's ar chuala sé cainnt ar a' damhsa.
 
Deir sé fhéin go bhfuil sé breoidhte, ach mise imbannaí gur beag a' bhreoiteacht a bheidheas air, má bhíonn aon-damhsa in aon-áit.
 
aer
Bhí sé ina dhamhsa go h-aer ann ar a theacht domsa.
 
buail
Tá muinntir a' phobail seo buailte d'uireasbha siamsa ná cuideachta a' bith, ach go mbuaile an diabhal i gcuinc an mhuiníl iad! Nuair a bhí áit damhsa acab, níorbh bheo iad gan a bheith a' troid a's ag achrann, go mb'éigean é a dhúnadh suas!"
 
ainm
Chuir sé 'ainm ar dhaoine a bheith ag a' damhsa, nach raibh ní ba goire dhó, ná tóin thiar Chonamara = dubhairt sé go raibh daoine ag a' damhsa, a bhí igceann thiar Chonamara, nuair a bhí an damhsa ar siubhal.
 
aire
Dhá dtugadh sé an oiread aire dhá ghnaithe, agus thug sé do cheol a's do dhamhsa, bhí rud eicínt dhá shlacht air indiu, fharrus mar tá sé, a' cur lá thairis.
+
amach
Ní dheacha mé treasna na troighe thar baile amach ag damhsa ná ceol ariamh.
TUILLEADH (2) ▼
Ní theigheadh gearrchaileadha a' bith thar baile amach, ag damhsaí roimhe seo, ach tá siad leigthe leo(b) fhéin ar fad anois.
Is olc na gnaithí atá ort, má theigheann tú thar baile amach i gcleitheamhnas píosa damhsa a leithide d'oidhche.
+
Tá sé bainte-amach 'un damhsa.
TUILLEADH (1) ▼
Ní aireocha tú uair a bhaint amach ag a' damhsa = ní bheidh tú ina dhiaidh ort fhéin, (ní chuirfe sé as do bhuille thú) uair a chaitheamh ag a' damhsa.
 
Má's aineoluidhe tú, is ar a chruadhchúis duit, teach a' damhsa a dheanamh amach.
+
Cé'n stróbh atá ort, nach n-eireochadh amach uair eicínt ag céilidhe nó 'damhsa, mar dhéanfadh do leithide a' bith.
TUILLEADH (1) ▼
Is fadó an lá nar eirigh sé amach cheana ag ceol ná damhsa.
+
anam
M'anam ag Dia, mara bhfuil sé in a dhamhsa annseo amuigh.
TUILLEADH (1) ▼
A phaidrín ba cheart dó bheith aige, a's é a' déanamh anama, i leaba a bheith ag imtheacht ag damhsaí.
 
anuas
Is mór atá sí anuas ar a' muinntir s'a(g)ainne, faoi nar iarradar chuig an damhsa í.
 
D'árduigh sé [leis] chuig a' damhsa é = thug sé (mheall sé) chuig a' damhsa
 
feoil
Ní bhfuair tú í le dhul ag damhsa léithe, ach nach bhfaca tú mise ag damhsa léithe agus nach raibh sé cho maith! An té nach bhfaghann an fheóil is mór is fiú dhó an eanraith!
 
Go deimhin ní damhsa atá aige ná tada dhá shórt, ach bíonn sé ag fiod-rinnce leis mar sin. Tá sé sách maith. Déanfaidh sé muide
 
flaisc
Bhí chuile chineál flaisc ann dhár chuala tú ariamh: fuigheall na bhfuigheall, dalladh óil ag an té a thogair é; damhsa agus amhráin agus go leor ban
 
Bhí fuireann mór ag an damhsa = scata, plód
+
fonn
Maróidh sé é féin le teann fonn damhsa
TUILLEADH (2) ▼
Is mór an fonn damhsa atá oraibh seachas a bhfuil san tír!
Dhá mbeitheá cho beag a fhonn damhsa agus atá mise, is fada go ngabhfá chúig mhíle ag damhsa
 
Ach le scéal fada a ghiorrú, sén féirín a bhí agam fhéin de bharr an damhsa, m'ordóig a bheith amuigh
 
Daimhsítear port le fonn agus port le mí-fhonn. Le mí-fhonn muis a bhí S. ag clascairt dhamhsa aréir. Changlódh sé táirní crú capaill le olc. Thug T. J. a chailín uaidh luath go maith san oíche
 
imigh
Nóra — Cé'n chaoi ar imthigh an damhsa aréir; Máire — D'imthigh sé go dona — sin é an chaoi ar imthigh sé. = ba droch-dhamhsa a bhí ann.
 
Tháinig daoine thar baile isteach chuig an damhsa = daoine nach as an mbaile seo iad; daoine as bailteachaí fharra's an baile a raibh an damhsa ann.
 
litir
"Leitir indiaidh an éag, damhsa a bheith in do dhiaidh; agus nar aithris mé mo scéilín fós duit" ("Nóra Ní Chonchubhair Bháin")
 
Tá sé ar chúl a chinn in aspuicil (oispidéal) annsiúd thíos anois len a chionfaillí fhéin. An oíche ba mheasa a shéid as aer, ní choinneódh fear agus píce istigh é, dhá mbeadh aon-dhamsa as seo go B. R. Tá luach na ndamhsaí aige anois: é tolgha le eitinn