Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
damhsa
/dəuɴsə/ go hiondúil, ach /dæ:wsə/ scaití
1.
daoine ag déanamh gluaiseachta áiride lena gcosa i gcomhimeacht le ceol. Níor chuala mé rince air sin, cé go mbíonn súile, réaltóga agus eile ag rince, agus daoine freisin, ach gur olc é.
·
Níl aon damhsa aige — níl sé in ann aon damhsa a dhéanamh
Níl damhsa ar bith aici. Cá bhfaigheadh sí damhsa anuas de thamhnóig shléibhe?
+
Thug sí an damhsa ó bhuaile léithe — nuair a bhíodh buailtí ann roimhe seo, bhíodh an-cháil orthu faoi dhamhsa. Chruinníodh na mná ar fad in aon áit amháin ag damhsa
D'éireodh dhi. Thug sí an damhsa ó bhuaile léithe
TUILLEADH (4) ▼
B'ait í a máthair féin. Bhíodh sé ráite gur thug sí an damhsa ó bhuaile léithe
Mo chuach óg ansin thú! Thug tú an damhsa ó bhuaile leat, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort!
Faoi do chois é! Nár laga Dia thú. Is tusa a thug an damhsa ó bhuaile leat ar chaoi ar bith agus ní hiad an dream a mbíodh sé ráite leo
Píobairí a bhíodh ag dul thart fadó, agus chaithfeadh chuile dhuine a dhul amach ar lom an urláir ar a aghaidh féin: sin nó fear a dhul amach agus bean ar a [...]
2.
áit a mbíonn daoine ag damhsa.

Féach freisin

damhsa in iontrálacha eile (50+)

 
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirthi sa deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaigh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán oíche thall agus fás fuinseoige aige, agus thosaigh sé ag gleadhradh an dorais leis …
 
Sin feadhnach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? 'Is groí an saol é! Is groí muis,' adeir sé. 'Cuimhnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maíochtáil leo a dhul ann, agus mura dté, dar fia is cam a bhreathnós siad orthu lá arna mhárach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is groí an saol e! Is groí sin!'
 
fios
Ná téirigh suas ag an damhsa sin anocht. Níl a fhios go té sin. Dhá mbeadh bleitheach ólta ag an ngrísc sin as L., ba bheag an tsuim a bheadh acu gléasadh buailte a thabhairt duit
+
Níl aon damhsa agam ach bím ag pramsáil liom ar nós an chuid eile acu
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ina fhramsáil dhamhsa ann
 
Diabhal a leithide de fhramsóg de bhean a chonaic tú in do shaol ariamh. Níl luach leithphínne ag cur imní uirthi ach damhsaí agus rabhaiteáil. Ní san aeraíl a chaill sí ar chuma ar bith é
 
fág
Níor fhága an damhsa do chosa fós — tá tú in ann damhsa a dhéanamh fós
 
Níor stop an damhsa nó gur fháinnigh lá
+
Tá fíbín orthu chuile phointe ag imeacht ag damhsa — macnas, súnás; deifir
TUILLEADH (1) ▼
Tá fíbín ceart air i ndiaidh damhsa — ag lorg damhsa
 
ceal 1
Caillfear thú cheal damhsaí.
 
B'ait liom a bheith ag éisteacht leat ag iarraidh an tí air le aghaidh damhsa! Ba colgach an stiúir a chuirfeadh sé air fhéin miosaim (measaim)
+
'Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht' (seanfhocal).
TUILLEADH (5) ▼
Níor mhiste dhuit dhá mbeifeá gan buille ar bith a dhéanamh ach cuir an-chosúlacht ort fhéin — dhá dtrian den damhsa an chosúlacht tá a fhios agat.
Dheamhan is móide leithphínn rua ag an bhfear ach go bhfuil sé an-fheistithe, agus nach in é a mbíonn cailíní óga a iarraidh. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht, mar adeireadh M. Bh. fadó.
Dheamhan ar mhiste duit dhá mbeifeá gan aon choisméig dhamhsa dhéanamh ariamh, ach lig goití ort fhéin ar a dhul amach ar an urlár duit. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht.
Dheamhan ceo ceirde aige ach an oiread liomsa murach na goití, ach nach in é a dhóthain. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht.
Muise dheamhan fios aige sin céard a bhaineanns de ghunna ach dhá ligean air féin, nuair a fhaigheanns sé daoine simplí le géilleadh dhó. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht. Is cóir adeir an fear fadó fhéin.
 
Tá an-chóisir ag dul chuig an damhsa anocht.
 
Tá do dhíol bealaigh ansin agat le damhsa — réiteach, fairsinge
 
cúl
Dheamhan céilí ná damhsa a bhíonns anseo anois ach ceann fánach, agus is ar chúla téarmaí a bhíonns an corrcheann sin fhéin. Saol imithe é!
+
beo 1
Níor bheo na gearrchailí go bhfaighidís cead a dhul chuig an gcéilí, ach sílim dhá mhéad fonn a bhí orthub a dhul ann, go raibh a dhá oiread fonn orthub a theacht as. Chuala mé nach damhsa a bhí ann ach achrann.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé atá beo ag damhsa.
 
beos
Tháinig beos maith ann deirimse leat, ar an dá luath agus ar chuala sé caint ar an damhsa.
 
Deir sé fhéin go bhfuil sé breoite, ach mise i mbannaí gur beag an bhreoiteacht a bheas air má bhíonn aon damhsa in aon áit.
 
aer
Bhí sé ina dhamhsa go haer ann ar a theacht domsa.
 
buail
Tá muintir an phobail seo buailte d'uireasa siamsa ná cuideachta ar bith ach go mbuaile an diabhal i gcinc an mhuiníl iad! Nuair a bhí áit damhsa acub, níorbh bheo iad gan a bheith ag troid agus ag achrann go mb'éigean é a dhúnadh suas!
 
ainm
Chuir sé ainm ar dhaoine a bheith ag an damhsa nach raibh ní ba gaire dhó ná tóin thiar Chonamara — dúirt sé go raibh daoine ag an damhsa a bhí i gceann thiar Chonamara nuair a bhí an damhsa ar siúl
 
aire
Dhá dtugadh sé an oiread aire dhá ghnaithe agus a thug sé do cheol agus do dhamhsa, bhí rud eicínt dhá shlacht air inniu tharas mar atá sé ag cur lá thairis.
+
amach
Ní dheachaigh mé trasna na troighe thar baile amach ag damhsa ná ceol ariamh.
TUILLEADH (2) ▼
Ní théadh gearrchailí ar bith thar baile amach ag damhsaí roimhe seo, ach tá siad ligthe leob fhéin ar fad anois.
Is olc na gnaithí atá ort má théann tú thar baile amach i gcleithiúnas píosa damhsa a leithide d'oíche.
+
Tá sé bainte amach chun damhsa.
TUILLEADH (1) ▼
Ní aireoidh tú uair a bhaint amach ag an damhsa — ní bheidh tú ina dhiaidh ort fhéin (ní chuirfidh sé as do bhuille thú), uair a chaitheamh ag an damhsa
 
Más aineolaí tú, is ar a chruachúis duit teach an damhsa a dhéanamh amach.
+
Cén stró atá ort nach n-éireodh amach uair eicínt ag céilí nó ag damhsa mar a dhéanfadh do leithide ar bith.
TUILLEADH (1) ▼
Is fadó an lá nár éirigh sé amach cheana ag ceol ná damhsa.
+
anam
M'anam ag Dia mura bhfuil sé ina dhamhsa anseo amuigh.
TUILLEADH (1) ▼
A phaidrín ba cheart dó bheith aige, agus é ag déanamh a anama, i leaba a bheith ag imeacht ag damhsaí.
 
anuas
Is mór atá sí anuas ar an muintir s'againne faoi nár iarradar chuig an damhsa í.
 
D'ardaigh sé leis chuig an damhsa é — thug sé (mheall sé) chuig an damhsa
 
feoil
Ní bhfuair tú í le dhul ag damhsa léithe, ach nach bhfaca tú mise ag damhsa léithe agus nach raibh sé chomh maith! An té nach bhfaigheann an fheoil, is mór is fiú dhó an anraith!
 
Go deimhin ní damhsa atá aige ná tada dhá shórt, ach bíonn sé ag fiodrince leis mar sin. Tá sé sách maith. Déanfaidh sé muide
 
flaisc
Bhí chuile chineál flaisc ann dhár chuala tú ariamh: fuíoll na bhfuíoll, dalladh óil ag an té a thogair é; damhsa agus amhráin agus go leor ban
 
Bhí foireann mór ag an damhsa — scata, plód
+
fonn
Maróidh sé é féin le teann fonn damhsa
TUILLEADH (2) ▼
Is mór an fonn damhsa atá oraibh seachas a bhfuil sa tír!
Dhá mbeifeá chomh beag a fhonn damhsa agus atá mise, is fada go ngabhfá chúig mhíle ag damhsa
 
Diabhal a leithide d’fhonóid a chuala tú ariamh agus a rinne sé faoi, i ngeall is go ndeachaigh P. bocht soir ag pramsáil dhamhsa ar na leacrachaí. Níl a fhios agam an mbeadh aon acmhainn aige fhéin dhá dtosaítí ag fonóid faoi
 
Ach le scéal fada a ghiorrú, 'sé an féirín a bhí agam fhéin de bharr an damhsa, m'ordóig a bheith amuigh