Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Damhsuigh, Daimhsigh
/dəiv′šī:ɴ/ is iondamhla, ach deirtear /dæv′šī:ɴ/, /dəuɴšī:ɴ/ freisin
briathar as damhsa
damhsa a dhéanamh.
+
Tara uait isteach go ndaimhsighidh muid a' (ar) bport
Dhaimhsigh mé mo phort agus chuaidh mé amach aríst
TUILLEADH (4) ▼
Daimhseochaidh muid port amháin (we will dance once) agus imeochaidh muid annsin
Th'éis an aois atá aige, is maith gasta a dhaimhseochadh sé sin a phort dhá bhfaghadh sé aon-ugach. 'Ar ndú' bhí dhá chroidhe aige sin
Daimhseochaidh mé "jig" daoib
Dhaimhsigh sé an bhoichteanacht (fc. boichteanacht)
+
Cas port go ndaimhsighidh mé
Cas amach strioncán ceoil aríst go dteigheamuid ag damhsa
TUILLEADH (6) ▼
Teirigh amach ag damhsa
Chuaidh siad amach ag damhsa
Is breagh croidheamhail uaidh é a dhaimhsiú
Dhaimhseochadh sé ar phláta = duine a bheadh go maith ag damhsa
Daimhsigh amach!; daimhsigh leat!
Dhaimhsigh sé gaedhealach é = duine a dhul amach ar a aghaidh féin agus ríl, corn phíopa nó "jig" a dhaimhsiú ar an sean-nós. Níl baint ar bith aige le na damhsaí a dtugtar damhsaí "gaedhealacha" orra anois

Féach freisin