Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
damhsaigh, daimhsigh
/dəiv′šī:ɴ/ is iondúla, ach deirtear /dæv′šī:ɴ/, /dəuɴšī:ɴ/ freisin
briathar as damhsa
damhsa a dhéanamh.
+
Teara uait isteach go ndamhsaí muid a (ár) bport
Dhamhsaigh mé mo phort agus chuaigh mé amach aríst
TUILLEADH (4) ▼
Damhsóidh muid port amháin (we will dance once) agus imeoidh muid ansin
Théis an aois atá aige, is maith gasta a dhamhsódh sé sin a phort dhá bhfaigheadh sé aon ugach. Ar ndóigh bhí dhá chroí aige sin
Damhsóidh mé jig daoibh
Dhamhsaigh sé an bhochtaineacht (fc. bochtaineacht)
+
Cas port go ndamhsaí mé
Cas amach streancán ceoil aríst go dté muid ag damhsa
TUILLEADH (6) ▼
Téirigh amach ag damhsa
Chuaigh siad amach ag damhsa
Is breá croíúil uaidh é a dhamhsú
Dhamhsódh sé ar phláta — duine a bheadh go maith ag damhsa
Damhsaigh amach!; damhsaigh leat!
Dhamhsaigh sé gaelach é — duine a dhul amach ar a aghaidh féin agus ríl, cornphíopa nó jig a dhamhsú ar an sean-nós. Níl baint ar bith aige le na damhsaí a dtugtar damhsaí gaelacha orthu anois

Féach freisin

damhsaigh in iontrálacha eile (50+)

 
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirthi sa deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaigh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán oíche thall agus fás fuinseoige aige, agus thosaigh sé ag gleadhradh an dorais leis …
 
Sin feadhnach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? 'Is groí an saol é! Is groí muis,' adeir sé. 'Cuimhnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maíochtáil leo a dhul ann, agus mura dté, dar fia is cam a bhreathnós siad orthu lá arna mhárach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is groí an saol e! Is groí sin!'
 
fios
Ná téirigh suas ag an damhsa sin anocht. Níl a fhios go té sin. Dhá mbeadh bleitheach ólta ag an ngrísc sin as L., ba bheag an tsuim a bheadh acu gléasadh buailte a thabhairt duit
 
Níl aon damhsa agam ach bím ag pramsáil liom ar nós an chuid eile acu
 
Diabhal a leithide de fhramsóg de bhean a chonaic tú in do shaol ariamh. Níl luach leithphínne ag cur imní uirthi ach damhsaí agus rabhaiteáil. Ní san aeraíl a chaill sí ar chuma ar bith é
 
fág
Níor fhága an damhsa do chosa fós — tá tú in ann damhsa a dhéanamh fós
 
Níor stop an damhsa nó gur fháinnigh lá
+
Tá fíbín orthu chuile phointe ag imeacht ag damhsa — macnas, súnás; deifir
TUILLEADH (1) ▼
Tá fíbín ceart air i ndiaidh damhsa — ag lorg damhsa
 
ceal 1
Caillfear thú cheal damhsaí.
 
B'ait liom a bheith ag éisteacht leat ag iarraidh an tí air le aghaidh damhsa! Ba colgach an stiúir a chuirfeadh sé air fhéin miosaim (measaim)
+
'Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht' (seanfhocal).
TUILLEADH (5) ▼
Níor mhiste dhuit dhá mbeifeá gan buille ar bith a dhéanamh ach cuir an-chosúlacht ort fhéin — dhá dtrian den damhsa an chosúlacht tá a fhios agat.
Dheamhan is móide leithphínn rua ag an bhfear ach go bhfuil sé an-fheistithe, agus nach in é a mbíonn cailíní óga a iarraidh. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht, mar adeireadh M. Bh. fadó.
Dheamhan ar mhiste duit dhá mbeifeá gan aon choisméig dhamhsa dhéanamh ariamh, ach lig goití ort fhéin ar a dhul amach ar an urlár duit. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht.
Dheamhan ceo ceirde aige ach an oiread liomsa murach na goití, ach nach in é a dhóthain. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht.
Muise dheamhan fios aige sin céard a bhaineanns de ghunna ach dhá ligean air féin, nuair a fhaigheanns sé daoine simplí le géilleadh dhó. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht. Is cóir adeir an fear fadó fhéin.
 
Tá an-chóisir ag dul chuig an damhsa anocht.
 
Tá do dhíol bealaigh ansin agat le damhsa — réiteach, fairsinge
 
cúl
Dheamhan céilí ná damhsa a bhíonns anseo anois ach ceann fánach, agus is ar chúla téarmaí a bhíonns an corrcheann sin fhéin. Saol imithe é!
+
beo 1
Níor bheo na gearrchailí go bhfaighidís cead a dhul chuig an gcéilí, ach sílim dhá mhéad fonn a bhí orthub a dhul ann, go raibh a dhá oiread fonn orthub a theacht as. Chuala mé nach damhsa a bhí ann ach achrann.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé atá beo ag damhsa.
 
beos
Tháinig beos maith ann deirimse leat, ar an dá luath agus ar chuala sé caint ar an damhsa.
 
Deir sé fhéin go bhfuil sé breoite, ach mise i mbannaí gur beag an bhreoiteacht a bheas air má bhíonn aon damhsa in aon áit.
 
buail
Tá muintir an phobail seo buailte d'uireasa siamsa ná cuideachta ar bith ach go mbuaile an diabhal i gcinc an mhuiníl iad! Nuair a bhí áit damhsa acub, níorbh bheo iad gan a bheith ag troid agus ag achrann go mb'éigean é a dhúnadh suas!
 
ainm
Chuir sé ainm ar dhaoine a bheith ag an damhsa nach raibh ní ba gaire dhó ná tóin thiar Chonamara — dúirt sé go raibh daoine ag an damhsa a bhí i gceann thiar Chonamara nuair a bhí an damhsa ar siúl
+
amach
Ní dheachaigh mé trasna na troighe thar baile amach ag damhsa ná ceol ariamh.
TUILLEADH (2) ▼
Ní théadh gearrchailí ar bith thar baile amach ag damhsaí roimhe seo, ach tá siad ligthe leob fhéin ar fad anois.
Is olc na gnaithí atá ort má théann tú thar baile amach i gcleithiúnas píosa damhsa a leithide d'oíche.
+
Tá sé bainte amach chun damhsa.
TUILLEADH (1) ▼
Ní aireoidh tú uair a bhaint amach ag an damhsa — ní bheidh tú ina dhiaidh ort fhéin (ní chuirfidh sé as do bhuille thú), uair a chaitheamh ag an damhsa
 
Más aineolaí tú, is ar a chruachúis duit teach an damhsa a dhéanamh amach.
+
Cén stró atá ort nach n-éireodh amach uair eicínt ag céilí nó ag damhsa mar a dhéanfadh do leithide ar bith.
TUILLEADH (1) ▼
Is fadó an lá nár éirigh sé amach cheana ag ceol ná damhsa.
 
anam
A phaidrín ba cheart dó bheith aige, agus é ag déanamh a anama, i leaba a bheith ag imeacht ag damhsaí.
 
anuas
Is mór atá sí anuas ar an muintir s'againne faoi nár iarradar chuig an damhsa í.
 
D'ardaigh sé leis chuig an damhsa é — thug sé (mheall sé) chuig an damhsa
 
feoil
Ní bhfuair tú í le dhul ag damhsa léithe, ach nach bhfaca tú mise ag damhsa léithe agus nach raibh sé chomh maith! An té nach bhfaigheann an fheoil, is mór is fiú dhó an anraith!
 
Go deimhin ní damhsa atá aige ná tada dhá shórt, ach bíonn sé ag fiodrince leis mar sin. Tá sé sách maith. Déanfaidh sé muide
 
flaisc
Bhí chuile chineál flaisc ann dhár chuala tú ariamh: fuíoll na bhfuíoll, dalladh óil ag an té a thogair é; damhsa agus amhráin agus go leor ban
 
Bhí foireann mór ag an damhsa — scata, plód
+
fonn
Maróidh sé é féin le teann fonn damhsa
TUILLEADH (2) ▼
Is mór an fonn damhsa atá oraibh seachas a bhfuil sa tír!
Dhá mbeifeá chomh beag a fhonn damhsa agus atá mise, is fada go ngabhfá chúig mhíle ag damhsa
 
Ach le scéal fada a ghiorrú, 'sé an féirín a bhí agam fhéin de bharr an damhsa, m'ordóig a bheith amuigh
+
Damhsaítear port le fonn agus port le mífhonn. Le mífhonn muis a bhí S. ag clascairt dhamhsa aréir. Changlódh sé tairní crú capaill le olc. Thug T. J. a chailín uaidh luath go maith san oíche
TUILLEADH (2) ▼
Má bhí mise ag gáire ní ó mo chroí é. Ba deacair dhom, agus mo chroí chomh dubh le gual ceártan. Damhsaítear port le fonn, agus port le mífhonn ar ndóigh
Is minic, go ndéana Dia grásta uirthi, san am a bhfuair Bríd bás a dtéinn síos ansin thíos chuile oíche ag déanamh cuideachta le na gearrbhodaigh. Diabhal neart a bhíodh agam air. Ag iarraidh an buaidhreamh a chaitheamh dhíom a bhínn. Is minic a dhamhsaítear port le mífhonn féin
 
imigh
Nóra — Cén chaoi ar imigh an damhsa aréir; Máire — D'imigh sé go dona — sin é an chaoi ar imigh sé. — ba drochdhamhsa a bhí ann
 
Tháinig daoine thar baile isteach chuig an damhsa — daoine nach as an mbaile seo iad; daoine as bailteachaí tharas an baile a raibh an damhsa ann