Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Damáisteach
aidiacht as damáiste.
docharach, díobhálach, místáideach, tugtharach do mhilleadh, do mhísc agus rl.
+
Is damáisteach an ruaig shlaghdáin í seo. Tá an tír buailte síos
Nachar dhamáisteach an cleas dó cead scuir a thabhairt dhá chuid gamhna mar sin agus a fhiosacht dó go ngabhfaidís i mbradghail. Ach ba chuma leis
TUILLEADH (1) ▼
Rud damáisteach é an poitín: fágann sé na daoine gan spré, ach breagh nach bhfanann muid uaidh. Ní chuireann sé aon-fhios orainn marach go dteigheann muid féin chuige, marach go dteigheann sin. Muid féin is measa

Féach freisin

Damáisteach in iontrálacha eile (1)

 
Uair ar bith a dteagann na liaganna sin air teigheann siad thríd go damáisteach. Ní bhíonn sé ar a chóir féin aríst go ceann leath-bhliana. An babhta deireadh a raibh siad air — dhá bhliain go h-am seo — bhí sé igcruth an tsagairt aca marach gur bhris siad