Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
damáisteach
aidiacht as damáiste
 dochrach, díobhálach, místaideach, tucarach do mhilleadh, do mhísc srl.
+
Is damáisteach an ruaig shlaghdáin í seo. Tá an tír buailte síos
Nár dhamáisteach an cleas dó cead scoir a thabhairt dhá chuid gamhna mar sin agus a fhiosacht dó go ngabhfaidís i mbradaíl. Ach ba chuma leis
TUILLEADH (1) ▼
Rud damáisteach é an poitín: fágann sé na daoine gan spré, ach breá nach bhfanann muid uaidh. Ní chuireann sé aon fhios orainn murach go dtéann muid féin chuige, murach go dtéann sin. Muid féin is measa

Féach freisin

damáisteach in iontrálacha eile (1)

 
Uair ar bith a dteagann na liaganna sin air, téann siad thríd go damáisteach. Ní bhíonn sé ar a chóir féin aríst go ceann leathbhliana. An babhta deiridh a raibh siad air — dhá bhliain go ham seo — bhí sé i gcruth an tsagairt acu murach gur bhris siad